Ranníocaíochtaí creidiúnaithe árachais shóisialaigh
Réamhra
Más fostaí thú, baintear Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC) as do thuarastal gach seachtain. Is féidir le do ranníocaíochtaí ÁSPC don Chiste Árachais Shóisialaigh cuidiú leat cailiú d’íocaíochtaí árachais shóisialaigh, mar Sochar Cuardaitheora Poist agus Pinsean Stáit (Ranníocaíoch). Má tá tú as obair b’fhéidir nach mbeadh ranníocaíocht ÁSPC agat ach b’fhéidir go mbeifeá cáilithe le haghaidh ranníocaíocht chreidiúnaithe.
Is é atá i gceist le ranníocaíocht chreidiúnaithe árachais shóisialaigh ná ranníocaíocht a thugtar duit agus atá taifeadta ar do thaifead Árachais Shóisialaigh. Ligeann cuid de na ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh duit do ranníocaíochtaí íoctha agus creidiúnaithe a thabhairt le chéile chun cuidiú leat cáiliú le haghaidh íocaíocht árachais shóisialaigh.
Rialacha
Le bheith cáilithe le haghaidh creidmheasanna caithfidh go raibh tú ag obair agus gur íoc tú ar a laghad aon ranníocaíocht ÁSPC ag aicme ÁSPC A, B, C, D, E, nó H agus caithfidh gur íoc tú ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe i gceann amháin de cheachtar den dá bhliain chríochnaithe chánach. Mar shampla, má tá tú ag cur isteach ar ‘chreidmheasanna’ i 2023 caithfidh gur íoc tú ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe i 2022 nó i 2021. Má tá bearna ann de níos mó ná dhá bhliain chánach críochnaithe beidh ort bheith ag obair agus rannaíocaíochtaí a íoc go ceann 26 seachtaine eile sula mbeidh tú cáilithe le haghaidh ranníocaíochtaí creidiúnaithe.
Is iondúil go dtugtar creidmheasanna ag an ráta céanna leis an ranníocaíocht ÁSPC a íocadh go deireanach. Ní chuideoidh do chreidmheas leat ach cáiliú le haghaidh na híocaíochtaí árachais shóisialaigh atá oiriúnach do do ghrád ÁSPC. Mar shampla, má bhí do ranníocaíocht dheireanach ÁSPC ag aicme A, beidh do chuid ‘creidmheasanna’ ag aicme A ach má bhí do ranníocaíocht dheireanach ÁSPC ag aicme B beidh do creidmheasanna le haghaidh aicme B. Léigh anseo le níos mó faisnéise a fháil faoi aicmí árachais shóisialaigh agus na híocaíochtaí atá ar fáil i ngach aicme.
Creidmheasanna réamhiontrála nuair a thosaíonn tú ag obair
Nuair a thosóidh tú ag obair tabharfar creidmheasanna réamhiontrála duit go huathoibríoch. Is gnách go dtugtar na creidmheasanna seo uair amháin agus clúdaíonn siad thú ó thús na bliana cánach ina dtosaíonn tú ag obair, suas leis an bhfíordháta ar a dtosaíonn tú ag obair. Clúdaíonn na creidmheasanna tú don dá bhliain chánach ioncaim roimhe sin. A luaithe agus a bheidh tú ag obair do ‘creidmheasanna réamhiontrála’ cuidiú leat cáiliú le haghaidh na n-íocaíochtaí árachais shóisialaigh seo a leanas:
- Sochar Breoiteachta
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Cóireála
- Sochar Máithreachais
- Sochar Atharthachta
- Sochar do Thuismitheoirí
- Sochar Uchtála
- Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
Féadfaidh creidmheasanna réamhtrála cabhrú leat freisin le haghaidh an Phinsin Stáit (Ranníocach). Mar sin féin, ní chlúdaíonn na creaidmeasanna tú ach ó tús na bliana cánach ina dtosaíonn tú ag obair suas go dtí and dáta iarbhír a thosaíonn tú ag obair.
Creidmheasanna agus tú dífhostaithe
Faigheann tú creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú lán-dífhostaithe agus ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist. Is féidir leat leanúint de bheith ag fáil creidmheasanna má tá do theidlíocht ar Shochar Cuardaitheora Poist ídithe agat agus tú cáilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist .
Caithfidh go bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó curtha chun sochair agat i gceachtar den dá bhliain chánach dheireanacha le ‘creidmheasanna’ a fháil le Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá tú dífhostaithe ach mura bhfuil tu i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith agat is féidir leat síniú le haghaidh creidmheasanna má tá tú ar fáil agus in ann obair a dhéanamh.
Is féidir leat síniú i gcomhair creidmheasanna, mura bhfuil tú i dteideal íocaíochta leasa shóisialaigh nó más duine fásta cáilithe tú ar íocaíocht leasa shóisialaigh do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoirchomh fada agus go bhfuil tú:
- Dífhostaithe
- Ar fáil agus ábalta dul ag obair
- Ag cuardach oibre i ndáiríre
- Tar éis ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha nó creidiúnaithe agat sa dá bhliain cánach is déanaí
Is féidir leat síniú le haghaidh creidmheasanna chomh maith má bhíonn tú ar stailc ón obair. Caithfidh tú síniú le haghaidh creidmheasanna i d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Má tá tú dífhostaithe agus ag fáil creidmheasanna is féidir leat leanúint de bheith ag fáil creidmheasanna má bhíonn tú páirteach i gceann de na cúrsaí seo a leanas:
- Liúntas chun Filleadh ar an Oideachais (Dara agus Tríú Leibhéal)
- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)
- Cúrsaí Oiliúna FET/Cert/BIM/Teagasc
Má cháilíonn tú le haghaidh Scéim Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas i ndiaidh síniú i gcomhair creidmheasanna, glacann tú páirt ar bhonn neamhíocaíochta. Ciallaíonn sé nach bhfaighidh tú Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas seachtainiúil.
Creidmheasanna le linn tinnis
Damhtar creidmheasanna má bhíonn tú ag fáil Sochar Breoiteachta agus Sochar Easláinte. Is féidir leat creidmheasanna a fháil chomh maith le Sochar Díobhálacha Ceirde. Má ídíonn tú do theidlíocht ar Shochar Breoiteachta (SB) nó Sochar Díobhála Ceirde (SDC) agus má tá tú cáilithe ar Fhorlíonadh Éagumais ba cheart duit leanúint ar aghaidh le teastais mhíochaine a chur isteach lena chinntiú go leanfaidh tú de bheith ag fáil creidmheasanna. Má chuir tú iarratas isteach ar Shochar Breoiteachta nó ar Shochar Díobhála Ceirde agus níl tú cáilithe, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal fós creidmheas a fháil más amhlaidh go bhfuil ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe agat sa dá bhliain chánach dheireanacha.
Má bhíonn tú ag fáil Liúntas Míchumais cionn is go bhfuil do theidlíocht ar Shochar Breoiteachta ídithe agat, gheobhaidh tú ‘creidmheasanna’. Le ‘creidmheasanna’ a fháil le linn duit a bheith ar Liúntas Míchumais caithfidh go bhfuil ranníocaíochtaí íoctha nó curtha chun sochair agat sa dá bhliain roimhe sin. Is féidir le seirbhísigh phoiblí a éiríonn as obair mar gheall ar dhrochshláinte a dteidlíocht ar íocaíochtaí áirithe a chosaint trí theastais mhíochaine a sheoladh isteach uair amháin sa bhliain.
Is féidir leat leanúint ag fáil creidmheasanna le linn tinnis, má ghlacann tú páirt sa Scéim Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas.
Creidmheasanna do chúramóirí
Má éiríonn tú as obair le cúram a thabhairt do dhuine éigin agus má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra tabharfar creidmheasanna duit. Gheobhaidh tú creidmheasanna chomh maith mura bhfaigheann tú ceann de na híocaíochtaí seo ach tá tú ar saoire chúramóra ón obair. Má bhaineann tú úsáid as saoire chúramóra reachtach neamhíoctha, áfach, caithfidh tú iarraidh ar d’fhostaitheoir iarratas ar chreidmheasanna saoire cúramóra atá le fáil i mileog faisnéise SW49 de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí a líonadh, i ndiaidh duit filleadh ar obair.
Creidmheasanna agus déantóirí baile
Is féidir le Scéim na nDéantóirí Baile é a dhéanamh níos fusa do dhéantóirí baile cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocaíoch).
Má éiríonn tú as obair le haire a thabhairt do leanbh faoi bhun 12 bliana d’aois, nó leanbh míchumasaithe, nó duine fásta, is féidir leat creidmheasanna a fháil ón dáta a n-éiríonn tú as obair chuig deireadh na bliana ranníocaíochta seo. Má tá tú lasmuigh den saol oibre ar feadh na bliana iomláine rannaíocaíochta déantar neamhaird ar an mbliain iomlán maidir le measúnú don Phinsean Stáit (Ranníocaíoch).
I gcásanna áirithe is féidir daoine a bheith i dteideal creidmheasanna déantóirí baile má bhíonn siad ag comhroinnt oibre chun aire a thabhairt do leanbh faoi bhun 12 bliana d’aois, nó do leanbh nó duine fásta míchumasaithe.
Creidmheasanna mac léinn
Ní thugtar creidmheasanna mac léinn ach aon uair amháin agus is féidir leo tréimhsí san oideachas lánaimseartha a chlúdach. Le bheith cáilithe caithfidh sé go raibh tú ag obair agus go raibh ÁSPC grád A íoctha agat sular thosaigh tú ar an gcúrsa duit. Caithfidh gur thosaigh tú do chúrsa sular shroich tú 23 bliana d’aois amach agus sula ndeachaigh tú isteach i bhfostaíocht inárachais lánaimseartha. Cuireann tú iarratas isteach ar ‘chreidmheasanna’ mac léinn ag am céanna agus atá tú ag cur iarratais isteach ar íocaíocht árachais shóisialaigh. Is féidir Creidmheasanna Mic Léinn a úsáid le cabhrú leat cáiliú d’íocaíochtaí Gearrthéarmacha amháin (mar shampla, Sochar Breoiteachta agus Sochar Cuardaitheora Poist). Caithfidh tú dearbhú scríofa a chur ar fáil ón scoil nó ón gcoláiste ag rá go raibh tú i do mhac léinn ansin agus na dátaí a raibh tú ag freastal ann. B’fhéidir go mbeadh ort a thaispeáint go bhfuil fostaíocht lánaimseartha tosaithe agat chomh maith.
Creidmheasanna do shaoire mháithreachais, shaoire atharthachta, shaoire uchtála, shaoire thuismitheoireachta, Shochair Sláinte agus Sábháilteachta.
Tabharfar creidmheasanna duit go huathoibríoch agus tú ag fáil Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtála, Sochar do Thuismitheoirí nó Sochar Sláinte agus Sábháilteachta.
Má bhaineann tú úsáid as saoire máithreachais neamhíoctha reachtúil caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir iarratas ar chreidmheasanna saoire máithreachais atá le fáil i leabhrán faisnéise na Roinne Coimirce Sóisialaí SW 11 (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair. Ar an dóigh chéanna, má bhaineann tú úsáid as saoire uchtála neamhíoctha reachtúil caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir iarratas ar chreidmheasanna saoire uchtála atá le fáil i leabhrán faisnéise na Roinne Coimirce Sóisialaí SW 37 (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair.
Má ghlacann tú saoire tuismitheora, caithfidh d’fhostaitheoir teagmháil a dhéanamh le Rannóg na dTaifead den Roinn Coimirce Sóisialaí, ag sonrú na seachtainí nach raibh tú ag obair, ionas gur féidir leat ‘creidmheasanna’ a fháil don am seo - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Creidmheasanna d’oibrí deonach forbartha
Má chaitheann tú am mar oibrí deonach forbartha thar lear, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal ‘creidmheasanna’ a bheith agat as an am a chaitheann tú mar oibrí deonach forbartha thar lear suas le huasmhéid de chúig bliana. Léigh anseo le níos mó faisnéise a fháil faoi 'chreidmheasanna' d’oibrithe deonacha forbartha.
Creidmheasanna athraithe stádais
D'fhéadfá a bheith cáilithe le haghaidh creidmheasanna athraithe stádais má tá tú ag gabháil d'fhostaíocht inárachais faoi ÁSPC Aicme A agus má bhí do ranníocaíocht íoctha dheireanach ÁSPC déanta in Aicme B, C nó D. Ní chuirtear na creidmheasanna athraithe stádais seo san áireamh ach amháin le haghaidh Pinsean Stáit (Ranníocach).
Is féidir leat creidmheasanna athraithe stádais a fháil siar go dtí tús na bliana cánach inar thosaigh tú ag déanamh ranníocaíochtaí ÁSPC ar ráta Aicme A agus le haghaidh na bliana cánach roimhe sin.
D'fhéadfadh comhcheangal de ranníocaíochtaí ÁSPC in Aicme A agus ranníocaíochtaí ÁSPC in Aicmí B, C nó D cabhrú leat cáiliú le haghaidh Pinsean Stáit (Ranníocach) pro-rata d'árachas measctha amach anseo.
Conas iarratas a dhéanamh
Tugtar creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú ag fáil aon chinn de na híocaíochtaí seo a leanas:
- Sochar Breoiteachta
- Pinsean Easláinte
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtála
- Sochar do Thuismitheoirí
- Sochar Atharthachta
- Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
- Sochar Cúramóra
- Íocaíocht sochair do dhaoine 65 bliain d’aois
Creidmheasanna mac léinn
Cuireann tú isteach ar ‘chreidmheasanna’ mac léinn nuair a chuireann tú isteach ar íocaíocht árachais shóisialach.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Má bhíonn tú dífhostaithe nó ar stailc ba cheart duit síniú le haghaidh creidmheasanna ag do oifig áitiúil leasa shóisialaigh.
Le haghaidh creidmheasanna neamhíoctha saoire uchtála cuir iarratais
chuig:
Le haghaidh creidmheasanna shaoire mháithreachais íoctha cuir iarratais
isteach chuig:
Le haghaidh creidmheasanna saoire tuismitheora cuir iarratas chuig:
Do Scéim na nDéantóirí Baile cuir iarratais isteach chuig: