Déan obair dheonach le Faisnéis do Shaoránaigh

Déan obair dheonach le Faisnéis do Shaoránaigh

Bí i do bhall den fhoireann oibrithe deonacha a thacaíonn le baill foirne laistigh den tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun faisnéis, comhairle agus abhcóideacht a chur ar fáil don phobal. Cuidíonn Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh leis na mílte daoine maidir le hábhair éagsúla lena n-áirítear leas sóisialach, cearta fostaíochta, tithíocht agus inimirce.

Más maith leat bualadh le daoine, más mian leat a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann, agus má chreideann tú gur féidir leat seirbhísí agus cearta a mhíniú don phobal le friotal simplí, b’fhéidir go n-oirfeadh obair dheonach i d'ionad SFS áitiúil duit!

Breathnaigh ar an bhfíseán seo chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an taithí a bheidh agat agus tú i mbun oibre deonaí sa tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Cad é an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh?

Cuireann Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh (CISanna) seirbhísí aghaidh ar aghaidh ar fáil don phobal. Trí fhoireann oilte agus oibrithe deonacha, soláthraíonn SFSanna seirbhísí faisnéise, comhairle agus abhcóideachta saor in aisce, neamhchlaonta agus rúnda don phobal.

Le gach Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh cumhdaítear limistéar geografach agus seachadtar an tseirbhís trí líonra d’Ionaid um Fhaisnéis do Shaoránaigh (IFSnna). Tá ocht Seirbhís réigiúnacha aonair um Fhaisnéis do Shaoránaigh ann ar cuideachtaí iad faoi theorainn ráthaíochta agus ar carthanais chláraithe iad.

Cumhdaítear na réimsí seo a leanas leo: Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Theas, Tuaisceart Chonnacht agus Cúige Uladh, Cúige Laighean Thuaidh, Tuaisceart na Mumhan, Connacht Theas, Laighean Theas agus Deisceart na Mumhan, agus déanann siad freastar ar cheantair thuaithe agus ar cheantair uirbeacha araon.

Soláthraíonn SFSanna faisnéis maidir le hábhair éagsúla, lena n-áirítear;

  • Cearta fostaíochta
  • Tacaíocht ioncaim
  • Leas sóisialach
  • Cúrsaí teaghlaigh
  • Seirbhísí sláinte
  • Tithíocht
  • Oideachas
  • Inimirice

Tá sonraí ar an gcineál faisnéise agus comhairle a lorgaítear, ar an raon fiosrúchán agus imní a ardaíonn an pobal, agus ar na catagóirí agus treochtaí faisnéise is mó a thagann chun cinn gach bliain le fáil ar DataHub, suíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Má cheapann tú gur mhaith leat a bheith i do bhall den tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh mar oibrí deonach, iarrtar ort:

Má dhéanaim obair dheonach le Faisnéis do Shaoránaigh, cén obair a bheidh ar bun agam?

Tá raon leathan ról tairbheach d'oibrithe deonacha ag Faisnéis do Shaoránaigh, ar féidir leo a bheith éagsúil ó Ionad go hionad. Is iad na príomhréimsí ar féidir leat a bheith ag súil le hobair dheonach a dhéanamh iontu:

  • Eolas, comhairle agus tacaíocht cliant a sholáthar
  • Tacaíocht riaracháin
  • Fáiltiú agus seirbhís do chustaiméirí

Iarrfar ort glacadh le lá iomlán nó dhá leathlá sa tseachtain. Socraíonn gach SFS na huaireanta íosta in aghaidh na seachtaine a theastaíonn. Déanfaidh tú na nithe seo a leanas:

  • Oibriú mar chuid d’fhoireann le baill foirne agus oibrithe deonacha eile
  • Freagairt do raon leathan fiosrúchán ón bpobal
  • Páirt a ghlacadh in oiliúint leanúnach sna príomhréimsí seirbhísí agus cearta
  • An saineolas a fhorbairt chun na freagraí cearta a aimsiú agus an fhaisnéis sin a roinnt
  • Páirt a ghlacadh in athbhreithnithe cáilíochta rialta, nuair a bheidh an bainisteoir taobh leat agus tú ag seachadadh faisnéise don phobal
  • Córais agus bunachair shonraí ar líne a úsáid, agus mar sin de d’fhéadfadh leibhéal áirithe litearthachta ar ríomhairí a bheith ag teastáil

Stiúrthóir ar Bhord na nOibrithe Deonacha

Tá gach Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh faoi bhainistiú ag Bord Stiúrthóirí, ar oibrithe deonacha iad freisin. Is í feidhm foriomlán an bhoird maoirsiú a dhéanamh ar sholáthar na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh de réir Chomhaontú Seirbhíse (SLA) leis an maoinitheoir, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS).

Tá caighdeáin arda rialachais chorparáidigh i bhoird dheonacha SFS ríthábhachtach chun rannchuidiú dearfach a chinntiú i seachadadh seirbhísí faisnéise, comhairle agus abhcóideachta.

Breathnaigh ar an bhfíseán seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin taithí a bheidh agat le hobair dheonach mar bhall boird sa tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Na buntáistí a bhaineann le hobair dheonach

Ar do chuid ama agus do thiomantas, gheobhaidh tú na nithe seo a leanas mar chúiteamh:

  • Páirt ghníomhach a ghlacadh i do phobal agus rud éigin a thabhairt ar ais do do phobal
  • Leas a bhaint as na scileanna agus eolas atá agat
  • Scileanna agus eolas nua a fhoghlaim
  • Páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht a mbainfidh tú an-taitneamh as
  • Buaileadh le daoine úra
  • Oiliúint agus taithí tairbheach a fháil
  • Bheith i do shaoránach gníomhach
  • Difríocht dhearfach a dhéanamh

Cé na tréithe atá á lorg ag an Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh ó oibrithe deonacha

  • Díograis
  • Fonn foghlama
  • Dea-chaidreamh le daoine eile
  • Spreagadh
  • Tiomantas
  • Solúbthacht
  • A bheith ar fáil
  • A bheith ina imreoir foirne

Iarrann SFS bliain amháin seirbhíse ar a laghad ort, lena n-áirítear tréimhse phromhaidh.

Conas a dhéanaim iarratas ar bheith i m’oibrí deonach?

Ar dtús, seiceáil cad iad na seirbhísí atá ag earcú oibrithe deonacha faoi láthair.

Níl ort ansin ach an fhoirm iarratais a chomhlánú agus í a chur isteach mar a leagtar amach san fhógra mar le hobair dheonach.

Má theastaíonn tuilleadh sonraí uait sula ndéanfaidh tú d’intinn suas, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an ionad atá ag earcú.

Féadfaidh SFS iarrthóirí a chur ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh bunaithe ar an eolas atá i d’fhoirm iarratais. Cuirfear agallamh ar iarratasóirí chun a n-oiriúnacht don chineál seo oibre a mheas. Cuirfear toradh a n-iarratas in iúl do gach iarratasóir.

Tá beartas earcaíochta neamh-idirdhealaitheach ag SFS. Ní dhéanfar idirdhealú ar iarratasóirí bunaithe ar inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, reiligiún, aois, míchumas, cine, nó toisc gur den Lucht Siúil iad.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Márta 2024