Scéimeanna Tacaíochta Fostaíochta
-
Forbhreathnú ar na scéimeanna fostaíochta agus ar na tacaíochtaí eile a spreagann daoine a bhfuil íocaíocht dífhostaíochta nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á fháil acu chun fostaíocht a ghlacadh.
-
Soláthraíonn Scéim Náisiúnta Intéirneachta deiseanna thaithí oibre do dhaoine dífhostaithe -
Tugann an Scéim Fhostaíochta Pobail cabhair do dhaoine chun dul ar ais ag obair. Cuireann an scéim socrúcháin páirtaimseartha ar fáil i jabanna pobail áitiúla. -
Is tionscnamh socrúcháin oibre phobail é Tús do dhaoine dífhostaithe. Roghnaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí iad chuig rannpháirtíocht sa scéim.. -
Cabhraíonn an Clár le gnólachtaí pobail chun seirbhísí áitiúla dá bpobail agus fostaíocht do dhaoine dífhostaithe a chur ar fáil. -
Soláthraíonn an scéim phíolótach Bun-Ioncaim nua do na hEalaíona íocaíocht bhunúsach ioncaim de €325 sa tseachtain do 2,000 ealaíontóir incháilithe agus oibrí ealaíon cruthaitheach a roghnaítear go randamach chun páirt a ghlacadh. -
Tionscnamh atá in JobsPlus atá in ainm is fostóirí a spreagadh chun daoine atá dífhostaithe le fada a fhostú. Tá an dreasacht seo iníoctha gach mí i riaráistí, thar thréimhse 2 bhliain. -
Tugann an Clár Socrúcháin Taithí Oibre deis do dhaoine nach raibh post riamh acu nó a chaill a bpost taithí oibre a fháil. -
Is í aidhm na scéime Sóisialta Tuaithe ná fordheontas ioncaim a sholáthar d'fheirmeoirí agus iascairí in Éirinn atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar bhonn fadtéarmach.This document is in: Feirmeoireacht agus iascaireacht