Saoire mhaithreachais
- Réamhrá
- Oibriú i rith do thoirchis
- Saoire mháithreachais agus pá
- Do shaoire mháithreachais a ghlacadh
- Do shaoire mháithreachais a chur siar
- Conas iarratas a dhéanamh ar shaoire mháithreachais
- Saoire mháithreachais agus do chearta fostaíochta
- Cead eile do thuismitheoirí
- Filleadh ar an obair tar éis saoire mháithreachais
- Fadhbanna a bheith agat maidir le saoire mháithreachais a ghlacadh
- Eolas breise
- Cá háit a ndéanfaidh tú iarratas
Réamhrá
Mar fhostaí, tá an ceart agat saoire mháithreachais 26 seachtain a ghlacadh má éiríonn tú torrach. Tá an ceart agat freisin a fhaide le 16 seachtaine bhreise de shaoire mháithreachais a ghlacadh.
Is féidir leat an t-am seo ón obair a ghlacadh ó fhostaíocht lánaimseartha, ócáideach nó pháirtaimseartha. Is cuma cé chomh fada a bhí tú ag oibriú do d’fhostóir.
Caithfidh tú saoire mháithreachais ar a laghad 2 sheachtain a ghlacadh sula mbeidh do naíonán le tabhairt ar an saol, agus caithfidh tú saoire mháithreachais ar a laghad 4 seachtaine a ghlacadh i ndiaidh go dtugtar an naíonán ar an saol.
Má d’íoc tú dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC), tá tú i dteideal Sochar Máithreachais (ranníocaíochtaí féinfhostaíochta san áireamh) do na 26 seachtain de shaoire mháithreachais bhunúsach a fháil. Ní íoctar Sochar Máithreachais le linn saoire mháithreachais bhreise.
Is iad na dlíthe reachtaíochta a bhaineann leis an tsaoire seo na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais, 1994 agus 2004.
Oibriú i rith do thoirchis
An féidir liom am a ghlacadh saor chun cuairteanna leighis a thabhairt?
Is féidir leat am saor a ghlacadh fad a bhíonn tú torrach chun cuairteanna leighis a thabhairt a bhaineann leis an toircheas. Is féidir leat a mhéid ama a ghlacadh saor a theastaíonn uait chun na cuairteanna seo a thabhairt, an t-am san áireamh a theastaíonn chun taisteal go dtí agus ón gcoinne féin.
Caithfidh tú nóta a thabhairt do d’fhostóir ó do dhochtúir leis an toircheas a dheimhniú, agus fógra 2 sheachtain a thabhairt faoi do chuairteanna leighis. Ba cheart duit do chárta coinne a thaispeáint má iarrann d’fhostóir é a fheiceáil ag aon tráth i ndiaidh do chéad choinne.
Is féidir leat am a ghlacadh saor freisin chun cuairteanna leighis a thabhairt ar feadh a fhaide le 14 seachtaine i ndiaidh na breithe. Tá sé de cheart agat íocaíocht a fháil fad a bhíonn tú ag freastal ar na coinní seo, roimh and i ndiaidh na breithe.
An féidir liom am a ghlacadh saor chun freastal ar ranganna réamhbhreithe?
Is féidir leat am saor íoctha a ghlacadh ón obair chun freastal ar roinnt ranganna réamhbhreithe. Tá tú i dteideal freastal ar shraith amháin ranganna réamhbhreithe, seachas ar na 3 rang dheireanacha den tsraith. Is féidir le haithreacha am saor íoctha a ghlacadh ón obair chun freastal ar an 2 rang réamhbhreithe díreach roimh an mbreith.
Cathain is féidir liom dul ar saoire shláinte agus shábháilteachta
Ba cheart go dtabharfadh d’fhostóir faoi mheasúnuithe riosca ar leith nuair a bhíonn tú torrach, má thug tú naíonán ar an saol le déanaí nó má tú cothú cíche á dhéanamh agat. Ba cheart dóibh aon rioscaí a bhaint nó thú a aistriú amach uathu. Mura féidir na roghanna seo a ghlacadh, ba cheart dóibh saoire shláinte agus shábháilteachta ón obair a thabhairt duit. Má tá tú torrach, is féidir le saoire shláinte agus shábháilteachta leanúint go dtí go dtéann tú ar saoire mháithreachais.
Íoctar do ghnáthphá leat i rith na saoire sláinte agus sábháilteachta ar feadh na chéad trí seachtaine (21 lá). B’fhéidir go n-íocfaidh an RCS Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ina dhiaidh seo, ag brath ar do ranníocaíochtaí ÁSPC. Tugtar liosta ar láithreán gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta de Cheisteanna Coitianta faoi bheith Torrach ag an Obair.
Saoire mháithreachais agus pá
Leas sóisialach
B’fhéidir go mbeidh tú in ann Sochar Máithreachais a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat.
D’fhostóir
Níl ar fhostóirí mná a íoc, go ginearálta, a bhíonn ar saoire mháithreachais.
Ba cheart duit do chonradh fostaíochta a sheiceáil féachaint an bhfuil tú i dteideal pá agus ranníocaíochtaí pinsin ó d’fhostóir i do shaoire máithreachais.
D’fhéadfaí an ceart a bhronnadh ort i do chonradh pá a fháil ó d’fhostóir anuas ar Shochar Máithreachais fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais. Mar shampla, b’fhéidir go mbeidh d’fhostóir in ann an méid Sochar Máithreachais a fhaigheann tú a bhreisiú chun gurbh ionann é agus do ghnáthphá.
Cad a dhéantar le mo ranníocaíochtaí ÁSPC?
Nuair a bhíonn Sochar Máithreachais á fháil agat, gheobhaidh tú creidmheasanna ÁSPC go huathoibríoch. Le leanúint le creidmheasanna a fháil fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais bhreisithe neamhíoctha, caithfidh tú iarraidh ar d’fhostóir foirm iarratais ar chreidmheasanna saoire mháithreachais (pdf) a líonadh i ndiaidh go bhfilleann tú ar an obair.
Do shaoire mháithreachais a ghlacadh
Do shaoire mháithreachais a thosú
Caithfidh tú saoire mháithreachais ar a laghad 2 sheachtain a ghlacadh roimh dheireadh na seachtaine ina mbeidh do naíonán le tabhairt ar an saol. Caithfidh tú tús a chur le do shaoire mháithreachais ar an Luan roimh an tseachtain ina mbeidh do naíonán le tabhairt ar an saol, ar a dhéanaí.
Sampla
Tá naíonán Threasa le tabhairt ar an saol Dé Céadaoin, an 20 Deireadh Fómhair 2021. Is é an dáta is déanaí ba cheart di a saoire mháithreachais a thosú Dé Luain, an 11 Deireadh Fómhair 2021.
An féidir liom saoire mháithreachais bhreise a ghlacadh?
Is féidir leat saoire mháithreachais bhreise a ghlacadh ar feadh a fhaide le 16 seachtaine sa bhreis, a thosóidh díreach i ndiaidh dheireadh do shaoire máithreachais bunúsaí 26 seachtain. Ní íoctar Sochar Máithreachais le linn saoire mháithreachais bhreise agus níl ar d’fhostóir thú a íoc i rith na saoire máithreachais seo.
Marbh-bhreitheanna agus breitheanna anabaí
Má bhíonn tú thíos le marbh-bhreith nó breith anabaí tráth ar bith i ndiaidh an 24ú seachtain de thoircheas, tá tú i dteideal saoire mháithreachais iomlán a ghlacadh. Ciallaíonn seo gur féidir leat an tsaoire mháithreachais bhunúsach 26 seachtain agus saoire mháithreachais bhreise 16 seachtaine a ghlacadh. Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat, is féidir leat Sochar Máithreachais a fháil don tsaoire mháithreachais bhunúsach 26 seachtain.
Chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais i ndiaidh marbh-bhreithe nó breith anabaí, tá ort litir a sheoladh ó do dhochtúir leis an bhfoirm iarratais ar Shochar Máithreachais. Caithfear dáta ionchasach na breithe, dáta féin na breithe agus an méid seachtainí toirchis a lua sa litir.
Breitheanna réamhaibí
Má rugadh do naíonán roimh an dáta a bhíonn tú ceaptha tús a chur le saoire mháithreachais, is féidir leat saoire mháithreachais bhreise a ghlacadh. Tugtar saoire 26 seachtain duit, a thosaíonn ón lá a rugadh do naíonán, agus tugtar saoire bhreise duit don mhéid seachtainí idir dáta breithe féin do naíonáin agus an dáta a bheartaigh tú tús a chur le do shaoire mháithreachais. Íoctar Sochar Máithreachais do thréimhse iomlán na saoire máithreachais sínte seo.
Sampla – Rugadh ar do naíonán i seachtain 30
Bheartaigh Trish tús a chur lena saoire mháithreachais agus a Sochar Máithreachais ag seachtain 37 dá toircheas, arbh ionann sin agus 2 sheachtain roimh dheireadh na seachtaine ina raibh a naíonán le tabhairt ar an saol.
Rugadh a naíonán i seachtain 30 dá toircheas, áfach – 7 seachtaine sular bheartaigh sí dul ar saoire mháithreachais agus tosú le Sochar Máithreachais a fháil. Íocadh saoire mháithreachais léi do na 26 seachtain bhunúsach ón dáta breithe agus íocadh 7 seachtaine bhreise léi ag deireadh na 26 seachtain siúd. Mar sin, mhair saoire mháithreachais agus Sochar Máithreachais Trish go dtí go raibh a naíonán thart ar 33 seachtain d’aois.
An féidir le haithreacha dul ar saoire mháithreachais?
Is féidir le haithreacha (nó páirtnéir na máthar, nó i gcás uchtála, an tuismitheoir nach bhfuil ag dul ar saoire uchtaíoch) dul ar saoire atharthachta 2 sheachtain sna chéad 6 mhí i ndiaidh gur rugadh nó gur uchtaíodh an naíonán
Is féidir le haithreacha dul ar saoire mháithreachais má fhaigheann an mháthair bás laistigh de 40 seachtain i ndiaidh na breithe. Má fhaigheann sí bás laistigh de 24 seachtain, is féidir leis a roghnú an tsaoire mháithreachais bhreise 16 seachtaine a ghlacadh. Má fhaigheann an mháthair bás laistigh de 24 seachtain i ndiaidh na breithe, is féidir leis an athair dul ar saoire mháithreachais a fhaide le 40 seachtain i ndiaidh na breithe. Cuirtear tús leis an tsaoire laistigh de 7 lá i ndiaidh bhás na máthar.
Cad a tharlaíonn má éirím breoite fad a bhím ar saoire mháithreachais nó ar saoire mháithreachais bhreise?
Má fhaigheann tú breoite fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais, ní féidir leat do shaoire mháithreachais a chur siar agus é a ghlacadh tar éis go dtagann deireadh le do shaoire bhreoiteachta. Caithfear glacadh le saoire mháithreachais in aon bhloc leanúnach amháin.
Caitear le do shaoire ón obair mar gheall ar bhreoiteacht ar an mbealach céanna a chaitear le haon saoire bhreoiteachta eile ón obair ach níl tú i dteideal an chuid eile de do shaoire mháithreachais a ghlacadh i ndiaidh go dtagann deireadh le do shaoire mháithreachais.
Má éiríonn tú breoite fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais, is féidir leat iarraidh ar d’fhostóir an féidir leat deireadh a chur leis an tsaoire mháithreachais bhreise. Má chomhaontaíonn siad, caithfidh siad leat amhail atá tú ar saoire bhreoiteachta. B’fhéidir go gcáileoidh tú ansin do Shochar Breoiteachta. Ní féidir leat an chuid eile de do shaoire mháithreachais bhreise a ghlacadh níos déanaí – féach ‘Eolas breise ar shaoire mháithreachais a chur siar’ thíos.
Do shaoire mháithreachais a chur siar
An féidir liom saoire mháithreachais a chur siar má thugtar mo naíonán go dtí an t-ospidéal?
B’fhéidir go mbeidh tú in ann saoire mháithreachais a chur siar, nó moill a chur air, má thugtar do naíonán go dtí an t-ospidéal (a fhad agus nach bhfuil siad ach breoite).
Ba cheart duit iarraidh ar d’fhostóir más mian leat saoire mháithreachais (nó saoire mháithreachais bhreise) a chur siar agus filleadh ar an obair fad a bhíonn do naíonán san ospidéal. Tá an ceart ag d’fhostóir seo a dhiúltú.
Ní féidir le haithreacha nach bhfuil ar saoire mháithreachais é a chur siar.
Lena iarraidh go ndéantar do shaoire mháithreachais a chur siar, caithfidh gur ghlac tú ar a laghad 14 seachtaine de shaoire mháithreachais, 4 seachtaine i ndiaidh na breithe san áireamh. Is féidir leat filleadh ar an obair agus do shaoire mháithreachais a chur siar ar feadh a fhaide le 6 mhí.
Má chuireann tú do shaoire mháithreachais siar agus má fhilleann tú ar an obair go dtí go scaoiltear an naíonán ón ospidéal, is féidir leat fuílleach do shaoire a ghlacadh in aon bhloc amháin. Caithfear tús a chur leis an tsaoire laistigh de 7 lá i ndiaidh gur scaoileadh an naíonán ón ospidéal. Is féidir le d’fhostóir iarraidh ar an ospidéal lena dheimhniú i scríbhinn gur tugadh an naíonán chuig an ospidéal agus lena dheimhniú an dáta scaoilte ina dhiaidh sin.
Má chuireann tú do shaoire mháithreachais siar agus má fhilleann tú ar an obair, caithfidh tú scríobh chuig an RCS le hiad a chur ar an eolas agus cuirfidh siad do Shochar Máithreachais ar fionraí. Nuair a scaoiltear leis an naíonán, caithfidh do DG nó do dhochtúir ospidéil scríobh chuig an RCS le hiad a chur ar an eolas. Ba cheart go dtosófaí le Sochar Máithreachais a íoc leat arís ansin. Caithfear d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP) a thaispeáint ar na cáipéisí go léir a sheolann tú chuig an RCS.
Cad a tharlaíonn má éirím breoite fad a bhím ar saoire mháithreachais a cuireadh siar?
Má fhilleann tú ar an obair i ndiaidh do shaoire mháithreachais a chur siar agus má theastaíonn am saor ón obair uait ina dhiaidh sin mar gheall gur tháinig breoiteacht ort, tá dhá rogha ar fáil:
- Is féidir le d’fhostóir a mheas go bhfuil tú fillte ar saoire mháithreachais ar an gcéad lá a bhíonn tú as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht, nó
- Féadfaidh tú a roghnú do cheart chun an chuid eile de do shaoire mháithreachais a ghlacadh a thabhairt suas, chun go gcaitear leat amhail go bhfuil tú ar saoire bhreoiteachta.
Conas iarratas a dhéanamh ar shaoire mháithreachais
Saoire mháithreachais: Ba cheart duit iarratas a dhéanamh le d’fhostóir i scríbhinn ar a laghad 4 seachtaine sula mbeartaíonn tú tús a chur le saoire mháithreachais.
Sochar Máithreachais: Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais leis an Rannóg Sochair Máithreachais den RCS ar a laghad 6 seachtaine sula mbeartaíonn tú dul ar saoire mháithreachais.
Cé mhéid fógra is gá dom a thabhairt do m’fhostóir?
Caithfidh tú fógra scríofa 4 seachtaine, ar a laghad, a thabhairt do d’fhostóir go mbeartaíonn tú dul ar saoire mháithreachais agus caithfidh tú teastas dochtúra a sholáthar ina ndeimhnítear do thoircheas.
Caithfidh tú fógra scríofa 4 seachtaine, ar a laghad, a thabhairt freisin más mian leat dul ar saoire mháithreachais bhreise 16 seachtaine. Is féidir leat an dá fhógra seo a thabhairt ag an am céanna.
Breith luath
Má rugadh ar do naíonán breis agus 4 seachtaine roimh an dáta a bhí do naíonán ceaptha le tabhairt ar an saol, caithfidh tú d’fhostóir a chur ar an eolas i scríbhinn laistigh de 14 lá i ndiaidh na breithe. Ní gá aon fhógra eile a thabhairt.
Teastas dochtúra
Má luann do dhochtúir ar theastas dochtúra go gcaithfidh tú tús a chur le saoire mháithreachais ar chúiseanna leighis ag dáta níos luaithe ná mar a beartaíodh, cuirfear tús le do shaoire mháithreachais ar an dáta sin. Ní gá aon fhógra eile a thabhairt.
Saoire mháithreachais agus do chearta fostaíochta
Saoirí poiblí agus saoire bhliantúil
Go ginearálta, caitear leat faoi mar atá tú fostaithe fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais agus ar saoire mháithreachais bhreise. Ciallaíonn seo gur féidir leat leanúint le do theidlíocht do shaoire bhliantúil a mhéadú. Tá tú i dteideal saoire a fháil freisin d’aon saoirí poiblí a thagann aníos i rith do shaoire máithreachais (saoire mháithreachais bhreise san áireamh).
Dífhostú
Cosnaíonn an reachtaíocht mháithreachais thú ó dhífhostú éagórach. Má bhíonn díospóid agat le d’fhostóir maidir le cearta máithreachais, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Féach ‘Fadhbanna a bheith agat maidir le saoire mháithreachais a ghlacadh’ thíos.
Cead eile do thuismitheoirí
Tá saghsanna éagsúla de shaoire reachtúil ar fáil do thuismitheoirí. B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal an mhéid seo a leanas:
- Saoire thuismitheoireachta: Bronnann seo an ceart saoire neamhíoctha 26 seachtain a ghlacadh ón obair chun aire a thabhairt do leanaí faoi 12 bhliain d’aois
- Saoire atharthachta: Is féidir le tuismitheoirí nua (athair nó páirtnéir na máthar, de ghnáth, nó i gcás uchtála, an tuismitheoir nach bhfuil ag dul ar saoire uchtaíoch) dul ar saoire 2 sheachtain sna chéad 6 mhí i ndiaidh gur rugadh nó gur uchtaíodh an naíonán
- Saoire thuismitheora: Bronnann seo an ceart saoire 5 seachtaine a ghlacadh i rith chéad 2 bhliain de shaol linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh
- Saoire uchtaíoch: Bronntar seo ar thuismitheoir amháin den lánúin uchtála, nó ar thuismitheoir a bhfuil uchtáil á déanamh acu leo féin.
- Saoire force majeure: Bronntar seo ar dhaoine a dteastaíonn am saor ón obair uathu go práinneach mar gheall gur gortaíodh duine muinteartha nó go bhfuil duine muinteartha breoite
- Saoire chúramóra: Bronntar seo ar dhaoine a dteastaíonn am saor ón obair uathu chun cúram lánaimseartha a sholáthar do dhuine éigin óna dteastaíonn sé, ar feadh tamaill
Is féidir leat léargas ginearálta a fháil ar na saghsanna uile saoire inár gcáipéis ar shaoire atá ar fáil do thuismitheoirí.
Filleadh ar an obair tar éis saoire mháithreachais
Fógra faoi fhilleadh
Caithfidh tú fógra scríofa 4 seachtaine, ar a laghad, a thabhairt do d’fhostóir go mbeartaíonn tú filleadh ar an obair.
Mura sásaíonn tú na riachtanais fógra seo, b’fhéidir go mbainfear díot do chearta.
An féidir liom filleadh ar mo sheanphost i ndiaidh saoire mháithreachais?
Caitear leat faoi mar atá tú fostaithe fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais agus ar saoire mháithreachais bhreise. Ciallaíonn seo go bhfuil an ceart agat filleadh ar an bpost céanna leis an gconradh fostaíochta céanna. Má tá sé seo ródheacair lena shocrú, caithfidh d’fhostóir obair oiriúnach eile a sholáthar bunaithe ar théarmaí nach bhfuil ‘níos mífhabhraí’ ná téarmaí do sheanphoist.
Má tá feabhas tagtha ar phá nó ar choinníollacha eile fad a bhí tú ar saoire mháithreachais, ba cheart go gcuirfear na feabhsúcháin ar fáil duit nuair a fhilleann tú ar an obair.
Má dhéanann tú an cinneadh gan filleadh ar an obair i ndiaidh do tréimhse shaoire mháithreachais, caithfidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir ar an ngnáthbhealach, faoi mar a leagtar amach i do chonradh. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar fógra a thabhairt.
Cothú cíche san obair
B’fhéidir go mbeidh tú in ann roinnt ama a ghlacadh ón obair, nó níos lú uaireanta an chloig a oibriú, gan bheith thíos le caillteanas pá má bhíonn cothú cíche á dhéanamh agat. Bíonn seo i gceist ar feadh a fhaide le 26 seachtaine i ndiaidh bhreith do linbh.
Fadhbanna a bheith agat maidir le saoire mháithreachais a ghlacadh
Má tá gearán agat faoi do shaoire mháithreachais a ghlacadh, ba cheart duit é a thabhairt le fios do d’fhostóir ar dtús. Mura féidir leat an tsaincheist a réiteach go díreach le d’fhostóir, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).
Conas gearán a dhéanamh leis an CCÁO
Má tá díospóid agat faoi shaoire mháithreachais nó má dífhostaíodh thú maidir le toircheas nó saoire mháithreachais, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an CCÁO. Ba cheart duit an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid
Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an díospóid. Is féidir síneadh a fhaide le 6 mhí bhreise a chur leis an teorainn ama seo má bhí cúis réasúnta leis an moill.
Eolas breise
Má theastaíonn níos mó eolais uait faoi do chearta agus faoi shaoire mháithreachais, déan teagmháil le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Is féidir leat teacht ar níos mó eolais sa leabhrán Míniú ar do Chearta i leith Saoire Mháithreachais (pdf).