Do cheadúnas tiomána a athnuachan

Réamhrá

Ceanglaítear ort do cheadúnas tiomána a iompar leat i gcónaí agus tú ag tiomáint. Nuair a théann do cheadúnas tiomána in éag, caithfidh tú é a athnuachan más mian leat leanúint ar aghaidh ag tiomáint. Tugtar míniú sa doiciméad seo ar conas do cheadúnas tiomána a athnuachan.

Más rud é go ndéantar do cheadúnas a chailleadh, a ghoid nó a dhamáistiú, ba cheart duit ár ndoiciméad maidir le ceadúnas tiomána a cailleadh, a goideadh nó a damáistíodh a athsholáthar a léamh.

D’fhonn iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána, ní mór gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn. Meastar go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má bhíonn cónaí ort anseo go hiondúil ar feadh 185 lá i ngach bliain féilire ar a laghad mar gheall ar cheangal pearsanta agus ceirde.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre freagrach as ceadúnú tiománaithe agus bainistíonn an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána iarratais ar cheadúnais agus athnuachaintí. Féadfaidh tú do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne má tá Cárta Seirbhísí Poiblí agus cuntas fíoraithe MyGovID agat - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Nó is féidir cuairt a thabhairt ar ionad na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána chun do cheadúnas a athnuachan.

Rialacha

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána a athnuachan sa chás:

  • Go sealbhaíonn tú ceadúnas tiomána a rachaidh in éag laistigh de 3 mhí
  • Gur shealbhaigh tú ceadúnas tiomána a chuaigh in éag níos lú ná 10 mbliana ó shin

Más rud é go ndeachaigh do cheadúnas tiomána in éag 10 mbliana ó shin nó níos mó ná 10 mbliana ó shin, caithfidh tú Tástáil Teoirice Tiomána a chur i gcrích agus iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora ina dhiaidh sin.

Fad an cheadúnais

 
Tréimhse an Cheadúnais Tiomána Catagóirí Ceadúnais
10 mbliana Grúpa 1 - Gluaisrothair, Gluaisteáin agus Tarracóirí
5 bliana Grúpa 2 - Busanna, Trucailí agus Feithiclí Altacha

Deimhneoidh d’aois agus do dhea-shláinte an fad ar féidir an ceadúnas a eisiúint dó.

 
Aois Téarma an Cheadúnais
Faoi 65 bliain Ceadúnas 10 mbliana ar a fhaide * - Gluaisteáin agus Gluaisrothair, nó

Ceadúnas 5 bliana ar a fhaide * - Trucailí agus Busanna

65-71 bliain Ceadúnas a éagfaidh ag deireadh an lae roimh do bhreithlá 75 bliain, ar a dhéanaí. tabhair faoi deara, le do thoil, áfach, go mairfidh aon chatagóirí ghrúpa 2 (trucailí agus busanna) ar feadh fad uasta cúig bliana a d’fhéadfadh éag sula mbaineann an tiománaí 75 bliain d’aois amach.
72-74 bliain Ceadúnas 3 bliana
75 bliain nó níos sine Ceadúnas 3 bliana nó ceadúnas 1 bhliain (faoi réir deimhniúchán inniúlachta tiomána a eisíonn do dhochtúir)

*Is féidir ceadúnas bliana nó trí bliana a eisiúint nuair nach féidir ceadúnas téarma níos faide a cheadú ar chúiseanna leighis.

Is í an aois atá i gceist d’aois ar dháta an iarratais.

Rataí

Ó mhí Eanáir 2013, tá an costas ar cheadúnais tiomána mar seo a leanas:

  • Tá €55 ar cheadúnas tiomána deich mbliana
  • Tá €55 ar cheadúnas tiomána busanna nó trucailí cúig bliana
  • Tá €35 ar cheadúnas tiomána trí bliana
  • Tá €0 ar cheadúnas tiomána bliana

Is féidir le tiománaithe atá os cionn 70 bliain d’aois a gceadúnas tiomána a athnuachan saor in aisce.

Tá faisnéis faoi fhoirmeacha inghlactha íocaíochta ar fáil ar an bhfoirm iarratais.

Conas iarratas a dhéanamh

Iarratais ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne má tá Cárta Seirbhísí Poiblí agus cuntas fíoraithe MyGovID agat. Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil freisin:

  • Cruthúnas ar do sheoladh dátaithe laistigh de na 6 mhí dheireanacha má tá do sheoladh difriúil leis an gceann a chuir tú ar fáil nuair a fuair tú do Chárta Seirbhísí Poiblí
  • Cruthúnas go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn mura saoránach AE nó LEE tú
  • Foirm thuairisce leighis más gá
  • Táille iarratais €55 (mura bhfuil tú 70 bliain d’aois nó os a chionn)

Iarratas aghaidh ar aghaidh a dhéanamh

Mura féidir leat do cheadúnas a athnuachan ar líne, beidh ort iarratas a dhéanamh in ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána agus tú i láthair go pearsanta. Caithfidh tú coinne a chur in áirithe chun freastal ar ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Ní gá duit grianghraif a sholáthar le d’iarratas ionas go ndéanfar do ghrianghraf agus do shíniú a thaifeadadh go digiteach.

Ní gá duit foirm iarratais a chur isteach a thuilleadh. Féach nótaí treorach ar iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Tiomána agus Iarratas a Dhéanamh ar Cheadúnas Foghlaimeora ar ndls.ie.

Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat agus do cheadúnas tiomána á athnuachan agat:

  • Do cheadúnas tiomána reatha nó is déanaí. Má tá do cheadúnas caillte, goidte nó damáistithe ní mór duit aitheantas grianghraf bailí a thabhairt leat freisin.
  • Cruthúnas ar d’uimhir PSP
  • An táille chuí - féach ‘Rátaí’ thuas
  • Cruthúnas go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn mura saoránach AE nó LEE tú
  • Cruthúnas ar sheoladh baile, dátaithe laistigh de na 6 mhí dheireanacha ag teastáil mura bhfuil do sheoladh reatha taifeadta ar do chead caillte, goidte nó damáistithe agus tá sé difriúil leis an gceann a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí má rinne agus nuair a rinne tú iarratas ar Chárta Seirbhísí Poiblí
  • Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána, más gá (féach thíos)
  • Foirm Thuairisce Radharc Súl um Cheadúnas Tiomána, más gá (féach thíos)

Foirm thuairisce liachta

Beidh Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána ag teastáil uait má tá iarratas á dhéanamh agat ar chatagóirí ceadúnais tiomána C, C1, D, D1, CE, C1E, DE nó D1E (busanna agus trucailí), ach amháin má chuir tú tuairisc liachta ar fáil roimhe seo atá fós infheidhmithe.

Beidh Foirm Thuairisce Liachta um Cheadúnas Tiomána uait má tá iarratas á dhéanamh agat ar chatagóirí ceadúnais tiomána AM, A1, A2, A, B, BE nó W (gluaisrothair, gluaisteáin agus feithiclí oibre) má tá míchumas nó riocht ar leith ort (féach an fhoirm iarratais. ).

Má tá tú 75 bliain d’aois nó níos sine, beidh deimhniú oiriúnachta chun tiomáint ó do dhochtúir ag teastáil uait chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas 3 bliana/ 1 bhliain. Is féidir an treoir maidir le dea-shláinte chun tiomáint (pdf) a léamh.

Is féidir an fhoirm thuairisce leighis (pdf) a íoslódáil (ní mór é a phriontáil cúl le cúl ar leathanach amháin). Ba chóir do liachleachtóir cláraithe do scrúdú leighis a dhéanamh agus ansin an fhoirm a chomhlánú. Ní mór duit an dearbhú ar an bhfoirm thuairisce leighis a shíniú i láthair an lia-chleachtóra cláraithe. Ní mór é a chur isteach laistigh de mhí amháin ó dháta an scrúdaithe leighis.

Foirm thuairisce ar radharc na súl

Go ginearálta, tuairisceofar aon saincheisteanna radharc na súl san Fhoirm Thuairisce Leighis um Cheadúnas Tiomána. É sin ráite, beidh Foirm Thuairisce ar Radharc Súl um Cheadúnais Tiomána ag teastáil uait mura bhfuil spéaclaí nó lionsaí tadhaill ag teastáil uait a thuilleadh chun tiomáint (mar shampla, má bhí máinliacht súl léasair ort). Is féidir an fhoirm thuairisce radharc na súl (pdf) a íoslódáil (ní mór leathanach 1 & 2 a phriontáil cúl le cúl ar aon leathanach amháin). Tá sé ar fáil freisin ó ionaid de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Ní mór an fhoirm seo a chur isteach laistigh de mhí amháin ó dháta a comhlánaithe.

Treoirlínte folláine leighis agus bileoga eolais sláinte

Is féidir treoirlínte folláine leighis agus foirmeacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Tá bileoga eolais sláinte agus tiomána le fáil ann freisin. Tá eolas sna bileoga chun cabhrú le tiománaithe a bhfuil riochtaí leighis agus riochtaí eile orthu.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athnuachan ar líne má tá Cárta Seirbhísí Poiblí agus cuntas fíoraithe MyGovID agat. Nó is féidir iarratas a dhéanamh agus tú i láthair go pearsanta i gceann de na hIonaid de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS).- féach ‘Iarratas aghaidh ar aghaidh a dhéanamh’ thuas. Caithfidh tú coinne a chur in áirithe ar líne. Níl aon seirbhís siúil isteach ar fáil.

eolas maidir le ceadúnas tiomána a athnuachan ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie

Seirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Po Box 858
Southside Delivery Office
Corcaigh
Éire

Teil: 0818 700 800
Láithreán Gréasáin: https://www.ndls.ie/
R-phost: info@ndls.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2024