Cártaí leighis

Réamhrá

Má tá cárta leighis agat a d’eisigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), is féidir leat seirbhísí áirithe sláinte a fháil saor in aisce. Cumhdaítear do chéile nó do pháirtnéir agus do leanaí cleithiúnacha, de ghnáth, don réimse céanna seirbhísí sláinte freisin.

Is féidir le duine ar bith a bhfuil ‘gnáthchónaí’ in Éirinn orthu iarratas a dhéanamh ar chárta leighis. Ciallaíonn seo go bhfuil cónaí ort in Éirinn agus go bhfuil sé ar intinn agat cónaí anseo ar feadh bliain amháin, ar a laghad.

Caithfidh d’ioncam seachtainiúil a bheith faoi bhun méid áirithe i leith do lín tí chun cáiliú do chárta leighis. Cuirtear ioncam airgid thirim, coigilteas, infheistíochtaí agus réadmhaoin (seachas d’áit chónaithe féin) san áireamh sa tástáil mhaoine.

Má tá tú ag teacht go hÉirinn ón Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal cárta leighis a fháil láithreach bonn. Tá foirm iarratais (pdf) ar chárta leighis speisialta do dhaoine ón Úcráin ar fáil. Tá an fhoirm iarratais seo ar chárta leighis ar fáil freisin san Úcráinis (pdf) agus sa Rúisis (pdf).

Cártaí cuairte DG: Mura gcáilíonn tú do chárta leighis ar bhunúis ioncaim, b’fhéidir go gcáileoidh tú do chárta cuairte DG a fháil.

Cén seirbhísí sláinte is gnách a chumhdaítear?

Má tá cárta leighis agat, tá tú i dteideal an méid seo a leanas a fháil:

  • Seirbhísí DG (dochtúir teaghlaigh) saor in aisce, seirbhísí lasmuigh d’uaireanta ina measc
  • Drugaí agus cógais ordaithe — gearrtar roinnt táillí oidis
  • Seirbhísí ospidéil phoiblí othar cónaitheach, seirbhísí othar seachtrach agus fearais leighis
  • Seirbhísí fiaclóireachta, optúla agus cluaise
  • Seirbhísí máithreachais agus cúraim naíonán
  • Roinnt seirbhísí cúraim phearsanta agus cúraim shóisialta, mar shampla, altranas sláinte poiblí, seirbhísí oibre sóisialta agus seirbhísí cúraim pobail eile
  • Comhairleoireacht ghearrthéarmach do dheacrachtaí síceolaíocha idir éadrom agus measartha, trí úsáid a bhaint as Comhairleoireacht sa tSeirbhís Cúraim Phríomhúil
  • Deontas airgid thirim máithreachais €10.16 ar bhreith gach linbh (déan iarratas le d’Oifig Sláinte Áitiúil)

Sochair eile

Íocann sealbhóirí cárta leighis an Muirear Sóisialta Uilíoch ar a n-ioncam má sháraíonn sé teorainn na díolúine, ach bíonn ráta laghdaithe i gceist. B’fhéidir go mbeidh sealbhóirí cárta leighis díolmhaithe freisin ó tháillí iompair scoile agus táillí scrúduithe Stáit a íoc i scoileanna dara leibhéal a chistítear go poiblí. D’fhéadfadh cabhair airgeadais a bheith ar fáil freisin le leabhair scoile a cheannach i scoileanna áirithe.

Rialacha

Tástáil mhaoine

Cuirtear d’ioncam iomlán san áireamh, de ghnáth, sa tástáil mhaoine don chárta leighis.

Tá treoirlínte éagsúla ann don tástáil mhaoine ag brath ar d’aois:

  • Rialacha maidir leis an tástáil mhaoine do dhaoine níos óige ná 70 bliain d’aois
  • Rialacha maidir leis an tástáil mhaoine do dhaoine níos sine ná 70 bliain d’aois

Bunaítear an mheasúnacht ar lánúin do chuspóirí cárta leighis ar aois an duine níos sine.

Cárta lánroghnach

Má tá d’ioncam os cionn na teorann, b’fhéidir go mbeidh tú in ann cárta leighis a fháil go fóill dá n-eascródh cruatan airgeadais as do chúinsí mura mbeadh ceann agat. Tugtar cárta leighis lánroghnach air seo, amanna.

Is ionann an próiseas iarratais don chárta leighis lánroghnach agus an próiseas don chárta leighis ar a ndéantar tástáil mhaoine, ach ba cheart duit eolas a chur san áireamh faoi chostais leighis do theaghlaigh i d’iarratas.

Daoine idir 16 agus 25 bliain d’aois, mic léinn san áireamh

Má tá tú idir 16 agus 25 bliain d’aois agus má tá tú spleách ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir, tá tú incháilithe do chárta leighis má tá cárta leighis ag do thuismitheoir nó do chaomhnóir. (Ní hamhlaidh an cás má sháraíonn a n-ioncam teorainn na tástála maoine agus má tá cárta leighis lánroghnach acu.) Má tá tú curtha san áireamh ar chárta do theaghlaigh cheana féin, seolfaimid do chárta féin chugat nuair a bhaineann tú 16 bliana d’aois amach.

Má chónaíonn tú le do thuismitheoir nó do chaomhnóir agus má tá ioncam agat atá os cionn theorainn an chárta leighis do dhuine singil a chónaíonn lena dteaghlach, meastar go bhfuil tú neamhspleách ó thaobh cúrsaí airgeadais de agus bíonn an ghnáth-thástáil mhaoine i gceist.

Mura bhfuil tú ag cónaí le nó ag brath ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir, meastar go bhfuil tú neamhspleách ó thaobh cúrsaí airgeadais de, gan aird ar ioncam, agus measúnaítear d’iarratas trí úsáid a bhaint as an tástáil mhaoine chaighdeánach.

Liúntas Cúraim Baile

Má tá leanbh agat a bhfuil Liúntas Cúraim Baile á fháil agat dó/di, bíonn an leanbh incháilithe chun cárta leighis a fháil gan tástáil mhaoine a dhéanamh.

Mura bhfuil cárta leighis nó cárta cuairte DG ag an leanbh, is féidir leat an leanbh a chlárú do chárta leighis ar líne nó foirm chlárúcháin a íoslódáil (pdf)

Má tá cárta leighis nó cárta cuairte DG ag an leanbh cheana féin, ní gá duit clárú; déanfar iad a chlárú go huathoibríoch do chárta leighis

Daoine a d’fhéadfadh cáiliú gan tástáil mhaoine

  • Iad siúd a bhfuil teidlíocht AE (an tAontas Eorpach) acu — féach 'Eolas breise' thíos
  • Leanaí faoi 18 mbliana d’aois ar a ndearnadh diagóisiú ailse le 5 bliana anuas
  • Daoine a ndearna an druga Tailídimíd difear dóibh
  • Mná a ndearnadh simfiseatóime orthu
  • Daoine a chónaíonn i gcóiríocht soláthair dhírigh
  • Leanaí i gcúram altrama
  • Mná a chónaigh in institiúidí áirithe

I ndiaidh gur eisíodh do chárta

Má thagann athrú ar do chúinsí, caithfidh tú FSS a chur ar an eolas mar gheall go bhféadfadh nach bhfuil tú incháilithe a thuilleadh. Mar shampla, má thagann athrú ar d’ioncam nó ar chúinsí do theaghlaigh, caithfidh tú an tAonad Cláraithe Cliant a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir — féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos. Déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar do chárta.

Athbhreithnithe

Iarrfaidh FSS ort go tréimhsiúil le do chúinsí a dheimhniú trí fhoirm athbhreithnithe ar líne a líonadh. Mura soláthraíonn tú an t-eolas a iarrann siad, ní féidir d’iarratas a athmheasúnú agus b’fhéidir nach n-eiseofar do chárta arís.

Má theastaíonn foirm pháipéir uait, seachas an fhoirm athbhreithnithe ar líne, líon agus seol Foirm Iarratais ar Chárta Leighis agus Cárta Cuairte DG MC1 (pdf). Má tá tú níos sine ná 70 bliain d’aois, áireofar leis an bhfógra athbhreithnithe a fhaigheann tú foirm is féidir leat a úsáid in ionad na foirme athbhreithnithe.

Má líonann tú an fhoirm athbhreithnithe faoin dáta a thugtar ach má leanann an próiseas athbhreithnithe i ndiaidh dháta éagtha do chárta, is féidir bailíocht an chárta a shíneadh chun gur féidir leat leanúint le hé a úsáid fad a bhíonn an t-athbhreithniú ar siúl. Tá an síneadh ar bhonn mí ar mhí agus moltar duit, mar sin, teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cláraithe Cliant lena dheimhniú gur síneadh do chárta agus go leanann sé de bheith bailí.

Filleadh ar an obair

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat ar feadh bliana nó níos faide agus má fhilleann tú ar an obair, b’fhéidir go mbeidh tú in ann do chárta leighis a choimeád ar feadh 3 bliana. Beidh ort iarratas nua ar chárta leighis a sheoladh ar aghaidh ina luaitear go bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar an mbunús seo. Féadfaidh daoine muinteartha cleithiúnacha cáiliú chun a gcárta a choimeád, fiú má bhíonn siad dífhostaithe i rith na tréimhse 3 bliana seo.

Is féidir le daoine a ghlacann páirt i scéimeanna áirithe rialtais a gcártaí leighis a choimeád fad a bhíonn siad páirteach sa scéim. Féach na treoirlínte measúnaithe (pdf) chun teacht ar an liosta scéimeanna.

Má bhogann tú

Is féidir leat do chárta leighis a úsáid ar feadh a mhéid le 3 mhí má tá cónaí ort go sealadach i gceantar eile. Sa chás seo, is féidir leat freastal ar aon Dochtúir Teaghlaigh sa cheantar atá rannpháirteach sa scéim cártaí leighis. Má tá tú le bheith as baile níos faide ná 3 mhí, ní gá duit iarratas a dhéanamh arís ar Chárta Leighis nua. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Sláinte Áitiúil, áit a gcuirfear ar an eolas thú faoi na dochtúirí teaghlaigh atá ag cleachtadh i do cheantar nua.

Má tá do DG á athrú agat, líonann tú Foirm Athraithe Dochtúra (pdf), agus tugann tú sonraí faoin dochtúir nua. Tá an fhoirm ar fáil ar líne nó trí ghlaoch a chur ar Ghlaoch Áitiúil 0818 22 44 78.

Conas iarratas a dhéanamh ar chárta leighis

Má bhíonn aon cheisteanna agat sula seolann tú d’iarratas, is féidir leat glaoch ar Ghlaoch Áitiúil 0818 22 44 78, déan teagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil, nó seol ríomhphost chuig clientregistration@hse.ie.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar chárta leighis ar mymedicalcard.ie. Seo an modh is tapúla leis an gcárta a fháil.

Mar rogha air sin, is féidir leat foirm iarratais ar chárta leighis a íoslódáil:

  • Foirm Iarratais ar Chárta Leighis agus Cárta Cuairte DG MC1 (pdf)
  • Foirm Iarratais ar Chárta Leighis agus Cárta Cuairte DG - Daoine 70 Bliain d’Aois agus Níos Sine MC1(a) (pdf) má tá tú níos sine ná 70

Is féidir leat an fhoirm iarratais agus a liosta DGanna rannpháirteacha a fháil freisin ó d’ionad sláinte áitiúil nó d’Oifig Sláinte Áitiúil do do cheantar.

Seolann tú an fhoirm ar ais chuig an Aonad Cláraithe Cliant, anuas ar aon cháipéisí a theastaíonn. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar líne is féidir leat grianghraif, scanadh nó fótachóipeanna de na buncháipéisí atá sonraithe ar an bhfoirm a uaslódáil.

Is féidir leat dul chun cinn d’iarratas ar chárta leighis a rianú ar láithreán gréasáin FSS.

Iarratas a dhéanamh má tá tú idir 16 agus 25 bliain d’aois.

Má tá tú idir 16 agus 25 bliain d’aois agus má tá tú spleách ó thaobh cúrsaí airgeadais de ar do thuismitheoirí nó caomhnóirí, caithfidh tú d’fhoirm iarratais féin ar chárta leighis a sheoladh isteach agus caithfidh do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí iarratas a dhéanamh freisin. Seol an dá iarratas le chéile.

Má tá tú idir 16 agus 25 bliain d’aois agus má tá tú neamhspleách ó thaobh cúrsaí airgeadais de, caithfidh tú d’fhoirm iarratais féin ar chárta leighis (pdf) a líonadh.

Dochtúir a roghnú

Má dhéanann tú iarratas ar líne, déanfar teagmháil leis an dochtúir a roghnaigh tú chun glacadh leat mar othar cárta leighis.

Má dhéanann tú iarratas trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais chlóite, is féidir leat glaoch ar an DG a roghnaigh tú ón liosta dochtúirí rannpháirteacha. De ghnáth, caithfidh an DG a roghnaíonn tú a bheith laistigh de 7 míle ón áit a gcónaíonn tú. Má chomhaontaíonn an DG le glacadh leat mar othar le haghaidh seirbhísí DG cárta leighis, is féidir leat an fhoirm a sheoladh chucu lena síniú. Má dhiúltaíonn 3 DG thú, is féidir leat seo a lua ar d’iarratas, sonraí san áireamh faoi na dochtúirí, agus sannfaidh FSS dochtúir duit.

Má bhí tú i d’othar cárta leighis le 6 mhí anuas agus más mian leat an DG céanna a bheith agat, is féidir leat úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais pháipéir agus sin a lua ar an bhfoirm.

Naíonán a chur le do chárta

Más sealbhóir cárta leighis thú agus má bheireann tú ar leanbh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta don naíonán má tá Sochar Linbh á fháil agat don leanbh. Chun iarratas a dhéanamh, seol nóta cumhdaigh, le d’ainm, seoladh, uimhir ghutháin, Uimhir PSP agus sonraí cárta leighis agus cuir fótachóip san áireamh de theastas breithe agus Uimhir PSP an linbh. Féach thíos chun teacht ar shonraí teagmhála.

Leanaí dá n-íoctar Liúntas Cúraim Baile

I gcás linbh nach bhfuil cárta leighis nó cárta cuairte DG acu, is féidir leat an leanbh a chlárú do chárta leighis ar líne nó foirm chlárúcháin a íoslódáil (pdf).

Má tá cárta leighis nó cárta cuairte DG ag an leanbh cheana féin, ní gá duit clárú; déanfar iad a chlárú go huathoibríoch do chárta leighis.

Leanaí a ndearnadh diagnóisiú ailse orthu

Is féidir le leanaí níos óige ná 18 mbliana d’aois ar a ndearnadh diagóisiú ailse le 5 bliana anuas cárta leighis a fháil gan tástáil mhaoine. Ní theastaíonn eolas faoi ioncam ón bhfoirm iarratais ach teastaíonn tuairisc liachta. Is féidir leat Foirm Iarratais ar an gCárta Leighis do Leanaí faoi 18 mBliana d’Aois, Foirm MC1(b) (pdf) a íoslódáil.

Achomhairc

Más rud é gur diúltaíodh cárta leighis duit agus mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, is féidir leat iarraidh go ndéanfar athbhreithniú air. Seans go bhfuil do chúinsí athraithe nó b’fhéidir gur fhág tú faisnéis ábhartha éigin ar iarraidh ón mbuniarratas. Mura bhfuil tú sásta leis an athbhreithniú féadfaidh tú achomharc a dhéanamh leis an Oifig Achomhairc i do Limistéar FSS. Beidh na sonraí teagmhála i do litir diúltaithe freisin. Déanfaidh an Oifig Achomharc athmheasúnú ar d’iarratas. Tabharfaidh foireann FSS faoi seo nach raibh baint acu le cinneadh a dhéanamh ar do bhuniarratas.

Cá ndéanfaidh mé iarratas ar chárta leighis?

An tAonad Cláraithe Cliant

Bosca oifig phoist 11745
Fionnghlaise
Baile Átha Cliath 11

Teil: (051) 595 129
Lóghlao: 0818 22 44 78
Facs: (01) 834 3589
Láithreán Gréasáin: http://www.medicalcard.ie

None

Eolas breise

Treoirlínte measúnaithe

D’fhoilsigh FSS treoirlínte measúnaithe d’iarratais ar chárta leighis (pdf).

Tá nuashonrú ar fáil freisin ar na treoirlínte measúnaithe do chártaí leighis agus do chártaí cuairte DG i rith phaindéim an Choróinvíris (pdf).

Teidlíocht faoi Rialacháin an AE

Má tá pinsean slándála sóisialaí á fháil agat ó thír eile san AE, an LEE (an Limistéar Eorpach Eacnamaíochta) nó an Eilvéis, nó má tá tú ag oibriú agus má tá árachas sóisialach á íoc agat i gceann de na tíortha seo, b’fhéidir go gcáileoidh tú do chárta leighis faoi rialacha an AE má bhíonn gnáthchónaí ort in Éirinn.

Caithfidh nach bhfuil tú faoi réir reachtaíocht slándála sóisialaí na hÉireann. Ciallaíonn seo go gcaithfidh nach bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh ranníocach Éireannach á fáil agat ná go bhfuil tú ag oibriú in Éirinn agus bheith faoi dhliteanas ÁSPC a íoc.

Má tá cónaí ort in Éirinn agus más cleithiúnaí le pinsinéir thú atá i dteideal faoi rialacháin an AE, nó más cleithiúnaí thú le duine atá ag oibriú i dtír eile atá cumhdaithe ag na Rialacháin, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe do chárta leighis. Caithfidh nach bhfuil tú faoi réir reachtaíocht slándála sóisialaí na hÉireann (i gcás cleithiúnaithe linbh, baineann an riail seo leis an gcéile nó an duine a thugann aire dóibh).

B’fhéidir go gcáileofar oibrithe ar phostú agus a gcleithiúnaithe don chárta leighis. Oibrithe iad seo atá fostaithe i dtír eile atá cumhdaithe ag na Rialacháin ach a gcuireann a bhfostóirí iad chun oibriú in Éirinn ar feadh tréimhse theoranta.

Féach na treoirlínte measúnaithe (pdf) chun teacht ar eolas breise faoi theidlíocht faoi Rialacháin an AE.

Le hiarratas a dhéanamh, seolann tú an fhoirm iarratais ar chárta leighis agus cuireann tú foirm ábhartha E nó S san áireamh. Eisítear foirm E nó S i do thír agus deimhníonn sé go bhfuil tú rannpháirteach i scéim árachais sláinte i dtír eile an AE/an LEE nó san Eilvéis. Má dheimhníonn do thír go bhfuil tú i dteideal cúram sláinte a fháil anseo, ní gá duit tabhairt faoi mheasúnú airgeadais.

Teidlíocht an RA

B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal cárta leighis a fháil gan tástáil mhaoine a fháil má bhíonn gnáthchónaí ort in Éirinn agus:

  • Má tá pinsean slándála sóisialaí á fháil agat ón Ríocht Aontaithe, nó
  • Má tá tú ag oibriú agus má tá árachas sóisialach á íoc agat sa Ríocht Aontaithe.

Caithfidh nach bhfuil tú faoi réir reachtaíocht slándála sóisialaí na hÉireann. Ciallaíonn seo:

  • Caithfidh nach bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh ranníocach á fáil agat, nó
  • Caithfidh go bhfuil tú ag oibriú in Éirinn agus caithfidh go bhfuil tú faoi dhliteanas ÁSPC a íoc

Má eisíodh cárta leighis duit faoi rialacháin an AE sular fhág an RA an AE, leanann an cárta a bheith bailí.

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le Glaoch Áitiúil 0818 22 44 78 nó seol ríomhphost chuig clientregistration@hse.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Iúil 2023