Vacsaíní do COVID-19

Réamhrá

Cógais iad vacsaíní COVID-19 ar cheart dóibh cosaint a thabhairt duit ó bhreoiteacht thromchúiseach de bharr COVID-19. Cabhraíonn siad le do chorp é féin a chosaint in aghaidh an víris.

Nuair a thugtar vacsaín duit, tugtar vacsaíniú air seo. Cuireann FSS eolas ginearálta ar fáil ar vacsaíní agus vacsaíniú in Éirinn.

Tá vacsaín COVID-19 saor in aisce. Ní féidir leat é a fháil go príobháideach.

Ceadaíodh roinnt vacsaíní COVID-19 lena n-úsáid in Éirinn. Is féidir leat eolas breise a fháil ar na vacsaíní ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Tugtar go leor de na vacsaíní in dhá dháileog ar leith, cúpla seachtain óna chéile. Tugtar an chéad bhabhta de vacsaíniú air seo. Tá teanndáileog ar fáil freisin. Is féidir leat é seo a fháil i ndiaidh gur críochnaíodh do chéad bhabhta vacsaínithe.

Is féidir le roinnt daoine an dara teanndáileog a fháil, féach ‘Cathain teanndáileoga COVID-19 a fháil’ thíos.

Conas vacsaín COVID-19 a fháil

Is féidir le gach duine atá 5 bliana d’aois agus níos sine vacsaín COVID-19 a fháil.

Má bhí COVID-19 ort le déanaí, ba cheart duit fanacht ar a laghad 4 seachtaine ón dáta a bhain tú toradh dearfach tástála COVID-19 amach sula bhfaigheann tú dáileog 1 nó dáileog 2.

Chun vacsaín COVID-19 a fháil, is féidir leat:

  • Coinne a chur in áirithe ag ionad vacsaínithe
  • Coinne a chur in áirithe le cógaslann rannpháirteach (do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine)
  • Dul go dtí clinic siúil isteach vacsaínithe
  • Clárú ar líne (do do chéad dáileog amháin – tugtar dáileog 1 air)
  • Clárú ar an nguthán: 1800 700 700

Nuair a fhaigheann tú do dhara dáileog de vacsaín COVID-19

Is féidir leat do dhara dáileog vacsaín COVID-19 a fháil – ar a dtugtar dáileog 2 – má tá do vacsaíniú le fáil agat agus má tá cruthúnas agat go bhfuair tú do chéad dáileog, mar shampla, do chárta taifid vacsaínithe. Is cuma cá bhfuair tú do chéad dáileog, fiú má fuair tú vacsaíniú i dtír eile.

Is féidir vacsaín éagsúil a thairiscint duit do do dhara dáileog. Is féidir leat léamh faoi do chéad agus dara dáileog agus cén vacsaíní COVID-19 atá faofa in Éirinn.

Conas vacsaín teanndáileoige a fháil

Is féidir leat do chéad teanndáileog a fháil anois má tá tú 12 bliain d’aois nó níos sine nó má tá tú idir 5 agus 11 bhliain d’aois agus má tá córas imdhíonachta lag agat.

Is féidir leat an dara teanndáileog a fháil anois sna cásanna seo a leanas:

  • Tá tú 50 bliain d’aois nó níos sine
  • Tá tú torrach (tar éis 16 seachtaine)
  • Is oibrí cúraim sláinte thú - tabhair leat d’aitheantas oibre nó litir leat mar chruthúnas fostaíochta

Má tá tú 12 bhliain d’aois nó níos sine, is féidir leat an dara teanndáileog a fháil anois sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá córas imdhíonachta lag agat (tá tú imdhíon-lagaithe nó imdhíon-sochta)
  • Má tá riocht ort a chuireann i mbaol breoiteacht thromchúiseach thú de bharr COVID-19
  • Má tá tú ag cónaí in áis cúraim fhadtéarmaigh - tabharfar an teanndáileog san áis sin

Chun teanndáileog a fháil, is féidir leat:

  • Dul go dtí clinic siúil isteach teanndáileoige
  • Coinne a chur in áirithe ag cógaslann rannpháirteach
  • Coinne a chur in áirithe ag clinic do d’aoisghrúpa
  • Glaoch ar HSELive chun coinne a fháil ar 1800 700 700
  • Tá vacsaíní á dtabhairt ag roinnt DGanna freisin dá n-othair

Má tá do leanbh idir 5 agus 11 bhliain d’aois agus má tá córas imdhíonachta lag acu, déanfar teagmháil leat le coinne do do leanbh. Ní gá duit aon rud a dhéanamh.

Má fuair tú vacsaín i dtír eile, is féidir leat glaoch ar HSELive ar 1800 700 700 chun coinne do theanndáileog a fháil.

Má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine agus mura bhfuil cónaí ort i gcúram cónaithe, tabharfar cuireadh duit do vacsaín a fháil ó do DG. Atreoraíonn roinnt DGanna othair go hionad vacsaínithe.

An tríú teanndáileog

Ó Dheireadh Fómhair, cuirfear tríú teanndáileoga ar tairiscint do dhaoine:

  • 65 bliain d’aois agus níos sine
  • 12 bhliain d’aois agus níos sine a bhfuil córas imdhíonachta lag acu

Cathain teanndáileoga COVID-19 a fháil

I ndiaidh do chéad bhabhta de vacsaíniú Covid-19, tá ort fanacht ar a laghad 4 mhí sula bhfaigheann tú do chéad teanndáileog.

Beidh ort fanacht ar a laghad 4 mhí tar éis do chéad teanndáileog sula bhfaighidh tú do dhara teanndáileog.

Is féidir leat dáta do vacsaínithe dheireanaigh a sheiceáil ar do dheimhniú digiteach COVID.

Má bhí COVID-19 ort i ndiaidh do chéad bhabhta de vacsaíniú nó ó fuair tú do theanndáileog dheireanach, tá ort fanacht ar a laghad 4 mhí ón uair a bhain tú toradh dearfach tástála amach nó ón uair a thosaigh do chomharthaí ag teacht ort sula bhfaigheann tú do chéad teanndáileog eile.

Is féidir leat foirm ar líne a líonadh le do choinne a chur siar.

Córas imdhíonachta lag (imdhíon-lagaithe)

Má tá córas imdhíonachta lag (imdhíon-sochta nó imdhíon-lagaithe) agat, is féidir dáileog bhreise vacsaíne a thairiscint duit. Is féidir leat níos mó a léamh faoi dháileog bhreise vacsaín COVID-19 agus nuair is gá duit í a fháil.

Má tá tú 5 bliana d’aois nó níos sine agus má tá córas imdhíonachta lag agat, is féidir leat do chéad teanndáileog a fháil tar éis duit do theanndáileog bhreise a fháil. Is féidir le do DG nó do chomhairleach ospidéil a mholadh freisin go nglacann tú leis an dara dáileog má tá córas imdhíonachta lag agat.

Is féidir leat léamh faoi dháileoga vacsaíne molta do dhaoine ag a bhfuil córas imdhíonachta lag

Do vacsaín a fháil sa bhaile

Mura féidir leat d’áit chónaithe a fhágáil ar chúiseanna leighis, is féidir le do DG a shocrú go dtabharfar vacsaín nó teanndáileog duit sa bhaile. Mura bhfuil DG agat, glaoigh ar Líne Chabhrach COVID-19 ar shaorghlao 1800 700 700 chun comhairle a fháil. Má fuair tú do vacsaín COVID-19 sa bhaile an uair dheireanach, déanfaidh FSS teagmháil leat chun do chéad vacsaín nó teanndáileog a fháil sa bhaile arís.

Vacsaín agus teanndáileog COVID-19 do leanaí

Má tá breis agus leanbh amháin agat a bhfuil vacsaín nó teanndáileog á fáil acu, caithfidh tú coinne a chur in áirithe do gach leanbh.

Caithfidh leanaí freastal ar a gcoinne le duine fásta. Más féidir, ba cheart go mbeadh tuismitheoir nó caomhnóir dlíthiúil an linbh ann le toiliú a thabhairt.

Má insítear do vacsaíneoir nach dtugann tuismitheoir nó caomhnóir amháin toiliú go dtugtar vacsaín nó teanndáileog don leanbh, níor cheart an vacsaín nó an teanndáileog a thabhairt.

Is féidir leat eolas ó FSS a léamh chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh faoi vacsaíniú do do leanbh.

Má tá riachtanais bhreise ag do leanbh, is féidir leat glaoch ar HSELive ar Shaorghlao 1800 700 700 leis an méid seo a leanas a shocrú:

  • Níos mó ama ag a gcoinne
  • Am coinne níos ciúine ina bhfuil níos lú daoine

Toircheas agus vacsaín COVID-19

Is féidir leat vacsaín agus teanndáileog COVID-19 a fháil i rith toirchis, má tá iarracht á déanamh agat éirí torrach agus fad a bhíonn cothú cíche á dhéanamh agat.

Má tá tú torrach le 16 seachtaine anuas, ar a laghad, agus mura bhfuil vacsaín teanndáileoige faighte agat cheana féin le linn do thoirchis reatha, is féidir leat an dara teanndáileog a fháil.

Dul go dtí clinic siúil isteach vacsaínithe nó teanndáileoige

Is féidir leat freastal ar chlinic siúil isteach má tá siad ar oscailt do d’aoisghrúpa. Seiceáil an méid is gá duit a thabhairt leat chuig an gclinic vacsaínithe.

Mura bhfuil uimhir PSP agat, is féidir leat vacsaíniú a fháil fós féin. Beidh ort cruthúnas maidir le do sheoladh a thabhairt leat.

Má chláraigh tú cheana féin ar líne agus má tá tú ag feitheamh le coinne do do chéad dáileog vacsaíne in ionad vacsaínithe, is féidir leat freastal ar chlinic siúil isteach ina ionad sin.

Má fhaigheann tú do chéad dáileog i gclinic siúil isteach, gheobhaidh tú teachtaireacht téacs ina bhfuil sonraí coinne do do dhara dáileog ag ionad vacsaínithe atá níos gaire do d’áit chónaithe. Is féidir leat coinne a chur in áirithe ar líne freisin do do dhara dáileog ag clinic vacsaínithe nó freastal ar aon chlinic siúil isteach nuair a bhíonn siad ar oscailt.

Cad a tharlóidh má chealaím nó mura bhfreastalaím ar choinne vacsaíne?

Mura féidir leat freastal ar do choinne vacsaíne, seol an focal ‘Nua’ mar fhreagairt do theachtaireacht téacs do choinne. Seolfar teachtaireacht eile téacs chugat ina mbeidh sonraí faoi do choinne nua. Ní féidir leat do choinne a athsceidealú ach faoi dhó.

Má chailleann tú coinne, tabharfar ceann nua go huathoibríoch duit. Má chailleann tú 3 choinne, ní fhaigheann tú aon choinní eile go huathoibríoch. Tá ort glaoch ar HSELive ar Shaorghlao 1800 700 700 le hiarraidh ar choinne nua.

Má fuair tú coinne teanndáileoige agus más mian leat í a chealú agus dul go clinic siúil isteach nó cógaslann ina ionad, freagair an téacs leis an bhfocal ‘DIÚLTAIGH.'

I ndiaidh vacsaín nó teanndáileog COVID-19 a fháil

Is féidir leat Deimhniú Digiteach COVID an AE (an DDC) nuashonraithe a fháil tar éis duit vacsaíniú nó teanndáileog COVID-19 a fháil.

I ndiaidh go ndéantar thú a vacsaíniú, ba cheart duit leanúint ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí maidir le conas stop a chur le scaipeadh COVID-19 in áiteanna poiblí. Mar shampla, scaradh sóisialta, cumhdach aghaidhe a chaitheamh agus do lámha a ní i gceart.

Má tá comharthaí COVID-19 ort, ba cheart duit féinaonrú a dhéanamh.

Má rinneadh thú a vacsaíniú lasmuigh d’Éirinn

Meastar go bhfuil tú go hiomlán vacsaínithe má tugadh vacsaín COVID-19 duit a mholann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (an EDS) nó atá ceadaithe ag:

  • An tÚdarás Bia agus Drugaí (an FDA)
  • An Ghníomhaireacht Rialála Táirgí Cógas agus Cúraim Sláinte (an MHRA)

Má fuair tú do chéad dáileog vacsaíne i dtír eile, is féidir leat do dhara dáileog a fháil in Éirinn. Caithfidh tú fianaise a thaispeáint go bhfuair tú do chéad dáileog vacsaíne i dtír eile. Mura bhfuil do vacsaín ceadaithe ag an FDA nó an MHRA, nó mura molann an EDS é, cuirfear cúrsa iomlán de vacsaín cheadaithe na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (an GLE) ar tairiscint duit in Éirinn.

Eolas breise

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi vacsaín COVID-19 ar láithreán gréasáin FSS.

Más úsáideoir bodhar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann thú agus má theastaíonn ateangaire uait chun labhairt le gníomhaire Líne Chabhrach COVID-19 FSS, is féidir leat úsáid a bhaint as Seirbhís Ateangaireachta Cianda na hÉireann (IRIS). Tá físeáin Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) a mhíníonn vacsaín COVID-19 ar fáil ar láithreán gréasáin FSS.

Is féidir leat eolas a léamh agus amharc ar fhíseáin i dteangacha éagsúla faoi COVID-19 agus na vacsaíní éagsúla ar láithreán gréasáin FSS.

Taispeántar ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (an GLE) na vacsaíní a seoladh ar aghaidh lena gceadú san Aontas Eorpach (an AE) agus an chéim den phróiseas atá bainte amach acu. Is féidir leat amharc ar an nuacht is déanaí ón GLE agus príomhfhíricí maidir le vacsaíní COVID-19 ag na naisc seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Deireadh Fómhair 2022