Féin-aonrú do COVID-19

Réamhrá

Is éard a chiallaíonn féin-aonrú ná fanacht sa bhaile agus teagmháil le daoine eile a sheachaint go hiomlán.

Ní gá a thuilleadh srian a chur ar do chuid gluaiseachtaí, ach caithfidh tú féin-aonrú a dhéanamh má thagann comharthaí ort nó má thástálann tú dearfach le haghaidh COVID-19.

Má tá tú i mbaol ard ó COVID-19, ba cheart leanúint de chomhairle sláinte poiblí a leanúint chun tú féin a chosaint ó COVID-19 agus bain úsáid as do bhreithiúnas féin le fanacht sábháilte in áiteanna poiblí agus in áiteanna plódaithe.

Cathain is gá dom féin-aonrú a dhéanamh?

Ní mór duit féin-aonrú a dhéanamh má tá comharthaí COVID-19 ort nó má fhaigheann tú toradh dearfach ó thástáil COVID-19 (tástáil PCR nó tástáil antaigine).

An gá dom tástáil a fháil le haghaidh COVID-19?

Ní gá don chuid is mó de dhaoine tástáil a fháil a thuilleadh. Inseoidh do dhochtúir teaghlaigh nó oibrí cúraim sláinte duit más gá tástáil a dhéanamh.

Cá fhad a dhéanfaidh mé féin-aonrú?

Má fuair tú toradh dearfach ar thástáil do COVID-19 (tástáil PCR nó tástáil antaigin), ba cheart duit fanacht sa bhaile ar feadh 5 lá ón uair a thosaigh do chuid comharthaí ar dtús. Mura bhfuil comharthaí ar bith ort, fan sa bhaile ar feadh 5 lá ó dháta do thástála. Is féidir leat an baile a fhágáil tar éis 5 lá má tá do chuid comharthaí imithe go hiomlán nó den chuid is mó le 48 uair an chloig anuas.

Ba cheart féin-aonrú a dhéanamh a luaithe agus a thógann tú comharthaí COVID-19 faoi deara nó a fhaigheann tú toradh dearfach ar thástáil COVID-19 (tástáil PCR nó tástáil antaigine thástáil).

Má tá comharthaí COVID-19 ort agus má fuair tú toradh diúltach ar thástáil PCR nó ar thástáil antaigine nó mura ndearna tú tástáil ach tá comharthaí ort, ba cheart féin-aonrú a dhéanamh go dtí 48 uair an chloig tar éis deireadh do chomharthaí.

Má tá COVID-19 ar do leanbh

Má fuair leanbh toradh dearfach ar thástáil COVID-19 nó má tá comharthaí air/uirthi, ní mór dó/di féin-aonrú a dhéanamh go dtí gur fíor an dá ráiteas seo leanas:

  • Ní raibh teocht ard nó comharthaí eile air/uirthi le 48 uair an chloig anuas
  • Tháinig na comharthaí air/uirthi 3 lá ó shin

Dlúth-theagmhálaithe gan chomharthaí

Más dlúth-theagmhálaí tú de dhuine a bhfuil COVID-19 air/uirthi, bí ag faire amach do chomharthaí COVID-19. Ní gá do dhluth-theagmhálaithe nach bhfuil comharthaí COVID-19 orthu féin-aonrú a dhéanamh ná a ngluaiseachtaí a shrianadh.

Má bhí tú i ndlúth-theagmháil le duine ar a bhfuil COVID-19, tusa ní gá tástáil a dhéanamh le haghaidh COVID-19.

Conas féin-aonrú a dhéanamh

Ba cheart fanacht sa bhaile agus teagmháil le daoine eile a sheachaint go hiomlán.

Má tá COVID-19 ort agus coinne chun vacsaín nó teanndáileog COVID-19 a fháil sceidealaithe agat, ba cheart duit é seo a chur siar go dtí go dtiocfaidh tú chugat féin arís. Seiceáil cé chomh fada is ceart duit fanacht chun do vacsaín a fháil tar éis COVID-19 a bheith ort.

Cad a dhéanfaidh mé tar éis féin-aonrú a dhéanamh?

Nuair a thagann deireadh leis an bhféin-aonrú tar éis 5 lá, ba cheart teagmháil a sheachaint le daoine atá i mbaol ard ó COVID-19 ar feadh 5 lá eile (10 lá tar éis tástáil dhearfach).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2023