Tástáil le haghaidh COVID-19

Réamhrá

Tá dhá bhealach le tástáil le haghaidh COVID-19:

  • Tástáil PCR (Tástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise) arna déanamh ag oibrí cúram sláinte in ospidéal, dochtúir teaghlaigh nó cuideachta phríobháideach. Seolann siad na samplaí chuig saotharlann ina ndéantar tástáil orthu le haghaidh COVID-19
  • Tástáil antaigine - is tástáil í tástáil antaigin is féidir a dhéanamh sa bhaile tú féin. Ní gá an sampla tástála a chur chuig saotharlann agus de ghnáth faightear na torthaí i gceann 15 nóiméad. Tá tástálacha antaigine níos tapúla ná tástálacha PCR ach níl siad chomh hiontaofa leo. I gcásanna áirithe, seans nach mbraitheann siad an víreas. Is féidir tástálacha antaigine a cheannach i gcógaslanna agus in ollmhargaí.

Ní féidir tástáil PCR a chur in áirithe ná tástáil antaigin a ordú ar líne a thuilleadh trí FSS.

An bhfuil tástáil COVID-19 ag teastáil uaim?

Ní gá tástáil COVID-19 a dhéanamh mura dtugann do dhochtúir teaghlaigh nó oibrí cúram sláinte in ospidéal comhairle duit é a dhéanamh. Socróidh siad sin tástáil duit sa chás sin.

Léigh faoi cad ba cheart duit a dhéanamh má tá comharthaí COVID-19 ort.

Ba cheart dul i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh má tá comharthaí COVID-19 ort agus bunriocht a chuireann i mbaol níos airde na géarbhreoiteachta ó COVID-19 tú.

Is féidir tástálacha antaigine a cheannach sa chuid is mó de chógaslanna agus in go leor ollmhargaí más mian leat tástáil a dhéanamh.

treoracha curtha ar fáil ag FSS maidir le conas tástáil antaigine a dhéanamh sa bhaile agus físeán maidir le conas tástáil antaigine a dhéanamh le leanbh.

Oibrithe cúraim sláinte agus tástáil COVID-19

eolas faoi thástáil le haghaidh oibrithe cúraim sláinte curtha ar fáil ag FSS.

An féidir liom tástáil COVID-19 a fháil ar chúiseanna taistil?

Níl tástálacha COVID-19 ar chúiseanna taistil thar lear ar fáil sa chóras sláinte poiblí. Ní ghlacfaidh aerlínte le toradh tástála FSS le haghaidh taistil. Má theastaíonn litir uait le haghaidh taistil, ní mór tástáil dhiúltach a fháil ó chuideachta phríobháideach.

Tástáil PCR a fháil ó Dhochtúir Teaghlaigh

Ní dhéanfaidh do dhochtúir teaghlaigh tú a chur chuig ionad tástála PCR a thuilleadh.

Más othar leochaileach tú, féadfaidh do dhochtúir teaghlaigh tú a thástáil le haghaidh COVID-19 ina c(h)linic féin. Má tá cárta leighis nó cárta cuairte dochtúra agat, beidh sé seo saor in aisce. Más othar príobháideach tú, beidh ort táille a íoc.

Má tá comharthaí COVID-19 agat, ná téigh chuig clinic do dhochtúra. Ba chóir glaoch a chur ar do dhochtúir teaghlaigh má athraíonn d’anáil nó má éiríonn sé deacair anáil, nó má théann do chasacht in olcas.

Torthaí tástála Covid-19

Tugtar míniú ar shuíomh gréasáin FSS ar thorthaí do thástála. Is féidir a léamh thíos cad atá le déanamh má fhaigheann tú toradh dearfach nó toradh diúltach.

Torthaí dearfach ar thástáil Covid-19

Má fhaigheann tú toradh dearfach ar thástáil PCR nó tástáil antaigine, ba cheart na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Féin-aonrú (fanacht i do sheomra) ar feadh 5 lá
  • Masc aghaidhe leighis nó análaitheora a chaitheamh ar feadh 10 lá má bhíonn ort a bheith thart ar dhaoine eile

Má fhaigheann tú toradh dearfach ar thástáil antaigine, ní mór duit é a thuairisciú ar shuíomh gréasáin FSS.

Toradh diúltach ar thástáil Covid-19

Má tá comharthaí COVID-19 ort agus má fhaigheann tú toradh diúltach ar thástáil antaigine nó PCR, ba cheart duit féin-aonrú a dhéanamh go dtí nach mbeidh comharthaí ar bith ort le 48 uair a chloig anuas.

Ní chiallaíonn toradh diúltach ar thástáil PCR nó antaigine nach raibh COVID-19 ort riamh. Ní chiallaíonn sé ach nach bhfuarthas an víreas ar an sampla a tógadh.

Má fhaigheann tú toradh diúltach ar thástáil antaigin, is féidir do thoradh diúltach ar thástáil antaigine a thuairisciú ar líne.

Leanaí agus tástáil COVID-19

I bhformhór cásanna, ní gá leanaí a thástáil le haghaidh COVID-19. Ní mholtar tástálacha antaigine le haghaidh leanaí faoi bhun 4 bliana d’aois.

Má dhéanann do leanbh tástáil dhearfach le haghaidh COVID-19, ba chóir dó/di fanacht sa bhaile ar feadh 3 lá iomlána ón lá ar thosaigh a siomptóim agus teagmháil le daoine eile a sheachaint

Is féidir féachaint ar fhíseán ó FSS maidir le conas tástáil antaigine a úsáid le leanaí.

Seiceáil cathain is ceart do leanbh a choinneáil sa bhaile ón scoil nó ó chúram leanaí agus cathain is féidir leo filleadh tar éis aonrú a dhéanamh.

Má tá comharthaí COVID-19 ar do leanbh nó má fhaigheann sé/sí toradh dearfach ar thástáil, is féidir leat léamh anseo faoi aire a thabhairt do leanaí óga nach féidir leo aonrú a dhéanamh.

Tuilleadh eolais

B'fhéidir go mbeidh ort a chruthú gur tháinig tú ar ais ó COVID-19 nó go raibh tú vacsaínithe le haghaidh COVID-19 más mian leat taisteal thar lear.

Ní féidir leat Teastas Digiteach COVID (CCD) a fháil a thuilleadh. Mar sin féin, tabharfaidh FSS fianaise duit fós maidir le do vacsaíniú COVID-19 tar éis duit a bheith vacsaínithe.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi theastais vacsaínithe COVID-19, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin HSE nó glaoigh ar HSElive ar 1800 700 700.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Lúnasa 2023