Plean chun maireachtála le COVID-19

Srianta reatha COVID-19

Tá deireadh tagtha le gach srian COVID-19.

Ba cheart duit leanúint ag féinaonrú má tá siomptóim de COVID-19 ort. Moltar duit masc aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte.

Ní gá a thuilleadh cruthúnas vacsaínithe nó téarnaimh a thaispeáint chun taisteal go hÉirinn. Ní chaithfidh tú an Fhoirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú ach an oiread.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Márta 2023