Saoire Thuismitheora

Réamhrá

Bronnann saoire thuismitheora ar gach tuismitheoir saoire 7 seachtaine a ghlacadh i rith chéad 2 bhliain de shaol linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh.

Bíonn tréimhse na saoire mar an gcéanna i gcás breitheanna iolracha, mar shampla, má shaolaítear cúpla duit nó má dhéanann tú beirt leanaí nó níos mó a uchtáil ag an am céanna.

B’fhéidir go gcáileoidh tú d’íocaíocht ar a dtugtar Sochar Tuismitheora i rith saoire thuismitheora. Cuirtear saoire thuismitheora ar fáil d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Íoctar Sochar Tuismitheora fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora ón obair má d’íoc tú dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC). Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh go díreach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) ar Shochar Tuismitheora ar a laghad 6 seachtaine sula mbeartaítear dul ar saoire thuismitheora.

Tabhair faoi deara, le do thoil, níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora, cé gur féidir le roinnt fostóirí do shaoire thuismitheora ‘a bhreisiú’. Má cháilítear thú do Shochar Tuismitheora, gheobhaidh tú €274 gach seachtain.

Athruithe ar an Saoire Thuismitheoireachta ón Iúil 2022

Ó Iúil 2022:

  • Tiocfaidh méadú ar shaoire thuismitheora aníos ó 5 seachtaine go 7 seachtaine i gcás leanaí a rugadh nó a uchtaíodh ó Iúil 2022
  • Is féidir leat an 2 sheachtain bhreise de shaoire thuismitheora a éileamh má tá do leanbh níos óige ná 2 bhliain d’aois an 1 Iúil 2022 nó má cuireadh do leanbh a uchtaíodh faoi chúram do theaghlaigh níos lú ná 2 bhliain ó shin an 1 Iúil 2022
  • Caithfidh tú an tsaoire bhreise a ghlacadh ar bhreithlá dhá bhliain do linbh nó laistigh de 2 bhliain tar éis an tsocrúcháin uchtála
  • Tháinig méadú ar Shochar Tuismitheora aníos ó 5 seachtaine go 7 seachtaine do gach tuismitheoir (má cháileoidh tú)

Ní bheidh tuismitheoirí leanaí a rugadh idir Samhain 2019 agus Iúil 2020 incháilithe don 2 sheachtain.

An difríocht idir saoirethuismitheora agus sochar tuismitheora

Ligeann saoire thuismitheoireachta do thuismitheoirí saoire neamhíoctha ón obair a ghlacadh le ham a chaitheamh agus aire á tabhairt acu dá leanaí. Is féidir leis an mbeirt tuismitheoirí a fhaide le 26 seachtain de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh ón 1 Meán Fómhair 2020. Is féidir leat eolas breise a fháil faoi shaoire thuismitheoireachta.

Tá saoire thuismitheora go sonrach do thuismitheoirí i rith chéad 2 bhliain linbh.

Tá saoire atharthachta go sonrach do thuismitheoirí nua i rith chéad 6 bhliain linbh.

Is iad na teidlíochtaí reachtúla eile atá ar fáil do thuismitheoirí saoire mháithreachais agus saoire uchtaíoch.

Mínítear sa tábla seo na difríochtaí idir na saghsanna saoire do thuismitheoirí.

Saoire Cé a fhaigheann í? Cé chomh fada a mhairfidh sí? An íoctar í?
Saoire mháithreachais Fostaithe baineanna 26 seachtain agus suas le 16 seachtaine neamhíoctha Íoctar, íoctar Sochar Máithreachais ar feadh 26 seachtain
Saoire uchtaíoch Bronntar í ar thuismitheoir amháin den lánúin uchtála, nó ar thuismitheoir a bhfuil uchtáil á déanamh acu leo féin 24 seachtain agus a fhaide le 16 seachtaine neamhíoctha Íoctar, íoctar Sochar Uchtaíoch ar feadh 24 seachtain
Saoire atharthachta Tuismitheoirí nua leanaí níos óige ná 6 mhí d’aois (athair nó páirtnéir na máthar, de ghnáth, nó i gcás uchtála, an tuismitheoir nach bhfuil ag dul ar saoire uchtaíoch) 2 seachtain Íoctar, íoctar Sochar Atharthachta ar feadh 2 sheachtain
Saoire thuismitheoireachta Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí níos óige ná 12 26 seachtain Ní íoctar í
Saoire thuismitheora

Tuismitheoirí leanaí faoi 2 bhliain d’aois

Tuismitheoirí leanaí a uchtaíodh sa chéad 2 bhliain de shocrúchán an linbh

7 seachtaine ón 1 Iúil 2022

Íoctar, íoctar Sochar Tuismitheora ar feadh 7 seachtaine

Rialacha faoi shaoire thuismitheora

Is í an reachtaíocht a rialaíonn saoire thuismitheora an tAcht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019, arna leasú.

Caithfidh tú critéir áirithe a shásamh le bheith incháilithe saoire thuismitheora a ghlacadh. Caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Bheith i do thuismitheoir ábhartha – féach ‘Cé ar féidir leo saoire thuismitheora a ghlacadh?’ thíos:
  • An tsaoire a ghlacadh laistigh de 104 seachtain (2 bhliain) i ndiaidh go saolaítear an leanbh nó, i gcás uchtála, ón dáta a cuirtear an leanbh faoi do chúram (dáta an tsocrúcháin)
  • Caithfidh tú fógra 6 seachtaine, ar a laghad, a thabhairt do d’fhostóir

Ní fhoráiltear sa reachtaíocht ach don teidlíocht íosta do shaoire thuismitheora. B’fhéidir go mbronntar níos mó ceart i do chonradh fostaíochta.

Cé ar féidir leo saoire thuismitheora a ghlacadh?

Is féidir le tuismitheoirí ábhartha saoire thuismitheora a ghlacadh do leanaí incháilithe. Is ionann tuismitheoir ábhartha agus duine de na daoine seo a leanas:

  • Tuismitheoir an linbh
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir thuismitheoir an linbh
  • Tuismitheoir linbh dheontóirghinte, faoi mar a fhoráiltear faoi alt 5 den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015
  • Tuismitheoir nó tuismitheoirí uchtála linbh
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó céile thuismitheoir uchtála an linbh (mura ndearna na tuismitheoirí comhuchtáil)

Conas is féidir liom saoire thuismitheora a ghlacadh?

Is féidir leat an tsaoire seo a ghlacadh mar:

  • Tréimhse leanúnach amháin 7 seachtaine de shaoire, nó
  • Tréimhsí ar leith nach giorra ná seachtain amháin

Ní féidir saoire thuismitheora a aistriú idir tuismitheoirí – seachas i gcúinsí sonraithe, cosúil le bás duine de na tuismitheoirí.

Cé mhéid a íocfar liom i rith saoire thuismitheora?

Má tá do dhóthain ranníocaíochtaí ASPC íoctha agat, gheobhaidh tú Sochar Cúramóra seachtainiúil €274 sa tseachtain. Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) é seo. Níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora. Íocann roinnt fostóirí do phá nó déanann siad do phá a bhreisiú i rith thréimhse na saoire – leagtar seo amach i do chonradh fostaíochta.

Rialacha eile le haghaidh saoire thuismitheora

  • Caitear leat faoi mar atá tú fostaithe fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora (agus ar gach saghas eile de shaoire reachtúil do thuismitheoirí). Tá tú i dteideal filleadh ar do phost tar éis saoire thuismitheora.
  • Saoire bhliantúil – is féidir le saoire bhliantúil dul i méid fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora.
  • Saoirí poiblí – tá tú i dteideal aon saoirí poiblí a fháil a thagann aníos fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora.
  • Ranníocaíochtaí ÁSPC – is féidir leat ranníocaíochtaí ÁSPC a chuirtear do shochar a fháil fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora.

An féidir liom mo shaoire thuismitheoireachta a roinnt le mo pháirtí?

Tá teidlíocht chothrom ar leith ag an mbeirt tuismitheoirí do shaoire thuismitheora. Ní féidir leat do theidlíocht a aistriú chuig do pháirtnéir.

Nuair a fhaigheann tuismitheoir amháin bás, bíonn an tuismitheoir marthanach i dteideal saoire a fháil don mhéid saoire nár ghlac an tuismitheoir a fuair bás óna dteidlíocht 7 seachtaine (tugtar saoire thuismitheora aistrithe air seo).

Conas iarratas a dhéanamh ar shaoirethuismitherora

Caithfidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir sular féidir leat saoire thuismitheora a ghlacadh.

Caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • D’fhógra a thabhairt i scríbhinn
  • Fógra a thabhairt do d’fhostóir ar a laghad 6 seachtaine sula mbíonn an tsaoire le tosú
  • An dáta tosaithe, an bealach a ghlacfar an tsaoire agus cé chomh fada a mhairfidh an tsaoire a chur san áireamh

Chun teacht ar eolas breise faoi do chearta fostaíochta, déan teagmháil le Seirbhís Faisnéise agus do Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre - féach 'Cá ndéanfaidh mé iarratas?' thíos.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi Shochar Tuismitheora.

An féidir le m’fhostóir m’iarraidh ar shaoire thuismitheora a dhiúltú?

Ní féidir le d’fhostóir saoire thuismitheora a dhiúltú ach mura bhfuil tú i dteideal í a ghlacadh.

Is féidir le d’fhostóir do shaoire thuismitheora a chur siar ar feadh a fhaide le 12 sheachtain. D’fhéadfadh d’fhostóir do shaoire a chur siar ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Athruithe séasúracha ar an méid oibre
  • Níl aon oibrí ionaid ar fáil chun tabhairt do chuid oibre
  • Cineál do dhualgas
  • An líon fostaithe eile a bhfuil saoire thuismitheora á glacadh acu
  • Aon cheisteanna eile

Má sháraím an tréimhse cháilitheachta 2 bhliain i ngeall gur cuireadh mo shaoire thuismitheora siar

Ní féidir ach síneadh 12 sheachtain, ar a fhaide, a chur leis an tréimhse cháilitheachta do shaoire thuismitheora (a fhaide le 2ra breithlá linbh) i gcúinsí inar dhiúltaigh fostóir na dátaí bunúla laistigh den tréimhse 2 bhliain ar chúiseanna gnó.

Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh ar shaoire thuismitheora agus ar Shochar Tuismitheora do dhátaí lasmuigh den tréimhse cháilitheachta 2 bhliain, caithfidh tú cáipéisíocht tacaíochta a sheoladh ar aghaidh, deimhniú ó d’fhostóir san áireamh, ina sonraítear an chúis a diúltaíodh na dátaí bunúla, agus ina ndeimhnítear gur aontaigh d’fhostóir leis na dátaí leasaithe leat.

Conas gearán a dhéanamh?

Cosnaítear thú in aghaidh pionósú agus dífhostú éagórach i ngeall ar do chearta faoin reachtaíocht um shaoire thuismitheora a éileamh.

Is féidir leis an bhfostaí nó an fostóir díospóidí faoi shaoire thuismitheora a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an t-ábhar díospóide nó gearáin.

Caithfidh tú úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne atá ar fáil ag workplacerelations.ie. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit sa chás amháin go bhfuil cúis réasúnach ann a chuir cosc ort an gearán a dhéanamh laistigh den ghnáth-thréimhse ama.

Cá ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg an tSochair Thuismitheoir

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024