Tuismitheoireacht i d'aonar

Réamhrá

Is féidir go bhfuil tú i do thuismitheoir aonair mar gheall ar chúinsí éagsúla.

Is cuma cén chúis atá leis, tá raon sochar agus teidlíochtaí a bhféadfadh tú a bheith i dteideal a fháil, ag brath ar do dhálaí. Lena chois sin, tá saincheisteanna tábhachtacha dlí ar chóir duit a bheith ar an eolas fúthu a théann i bhfeidhm ar thuismitheoirí aonair.

Sochair do thuismitheoirí i bhfostaíocht

Saoire mháithreachais agus sochar máithreachais

Má tá tú ag obair, is cuma cé chomh fada agus a bhí tú ag obair, tá tú i dteideal saoire mháithreachais a ghlacadh ar feadh tréimhse bhunúsach 26 seachtaine. Ní mór 2 sheachtain ar a laghad a thógáil roimh dheireadh na seachtaine ina bhfuiltear ag súil le breith do linbh agus ceithre seachtaine ar a laghad ina dhiaidh sin. D’fhéadfá cáiliú le haghaidh Sochar Máithreachais má tá tú i bhfostaíocht inárachais suas go dtí an chéad lá de do shaoire mháithreachais, agus má tá líon áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat.

Saoire mháithreachais bhreise (gan phá)

Féadfaidh tú suas le 16 seachtaine breise de shaoire mháithreachais bhreise a thógáil díreach tar éis deireadh do shaoire mháithreachais. Is minic a thagraítear don tsaoire mháithreachais bhreise seo mar ‘shaoire mháithreachais gan phá’ toisc nach bhfuil tú clúdaithe ag Sochar Máithreachais agus ní gá d’fhostóir tú a íoc. Gheobhaidh tú creidmheas árachais shóisialaigh (ÁSPC) do gach seachtain de shaoire neamhíoctha a ghlacann tú.

Saoire uchtaíoch

Soláthraíonn saoire uchtaíoch 24 seachtaine de shaoire ón obair do thuismitheoir amháin den lánúin uchtála nó do thuismitheoir atá ag uchtú as a stuam féin. Tosaíonn na 24 seachtaine ón dáta a chuirtear an leanbh faoi do chúram. Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat d’fhéadfá Sochar Uchtaáoch a fháil. Tá sé ar fáil d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe araon.

Féadfaidh tú suas le 16 seachtaine breise de shaoire uchtaíoch gan phá a ghlacadh, ach ní féidir leat Sochar Uchtaíoch a éileamh ar feadh na seachtainí breise seo.

Saoire thuismitheoireachta

Nuair a fhilleann tú ar an obair b’fhéidir go mbeidh tú in ann saoire thuismitheoireachta a ghlacadh. Tá an bheirt tuismitheoir i dteideal 26 seachtaine de shaoire thuismitheoireachta a ghlacadh do gach leanbh incháilithe. Ní mór duit saoire thuismitheoireachta a ghlacadh roimh 12ú breithlá do linbh. Tá saoire thuismitheoireachta gan phá. Go ginearálta, caithfidh tú a bheith ag obair do d’fhostóir ar feadh bliana sular féidir leat saoire thuismitheoireachta a ghlacadh.

Saoire thuismitheoireachta agus Sochar Tuismitheora

Teidlíocht reachtúil do thuismitheoirí atá ag obair is ea Saoire thuismitheoireachta. Ligeann an tsaoire íoctha do thuismitheoirí níos mó ama a chaitheamh lena leanbh nó lena leanbh uchtaithe le linn na chéad 2 bhliain. Íoctar Sochar Tuismitheora agus tú ar saoire tuismitheora ón obair má tá go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) agat.

Ón 1 Lúnasa 2024, méadaítear an Sochar Tuismitheora ó 7 seachtaine go 9 seachtaine. Baineann an 2 sheachtain bhreise le leanaí atá faoi 2 bhliain d’aois an 1 Lúnasa 2024 agus le leanaí uchtála a cuireadh lena dteaghlach ar feadh níos lú ná 2 bhliain ar 1 Lúnasa 2024.

Saoire ar chúiseanna cúram leighis

Ón 3 Iúil 2023, féadfaidh tú saoire gan phá a ghlacadh más gá duit am saor a ghlacadh ón obair chun déileáil le cúram leighis do do leanbh nó do dhuine ábhartha eile. Féadfaidh tú suas le 5 lá saoire a ghlacadh le haghaidh cúram leighis in aon 12 mhí as a chéile. Léigh tuilleadh faoi shaoire gan phá do chúram leighis.

Bás tuismitheora

D’fhéadfadh go mbeadh aithreacha i dteideal saoire mháithreachaissaoire uchtaíoch má fhaigheann an mháthair bás. Braitheann líon na seachtainí is féidir leat a ghlacadh mar shaoire ar cé mhéad seachtain tar éis na breithe a fhaigheann an mháthair bás. Tosaíonn an tsaoire laistigh de 7 lá ó bhás na máthar.

Mura bhfuil 2 sheachtain de shaoire atharthachta glactha agat cheana féin, féadfaidh tú é a ghlacadh ag deireadh na saoire máithreachais nó na saoire uchtaíoch seo.

Má fhaigheann an tuismitheoir atá i dteideal saoire atharthachta bás, d’fhéadfadh an tuismitheoir a mhaireann a shaoire atharthachta. a úsáid. Má tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Atharthachta.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Más tuismitheoir aonair tú d’fhéadfá cáiliú le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe. Ón 4 Meitheamh 2024, níl íocaíochtaí cothabhála leanaí san áireamh sa tástáil acmhainne d'íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh. Mar sin féin, má tá tú ag fáil cothabhála nach cothabháil leanaí í, leanfar de bheith faoi réir tástála acmhainne.

Sochar Linbh iníoctha do gach leanbh faoi 16 bliana d’aois, nó faoi 18 mbliana d’aois má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha nó má tá míchumas air/uirthi. Ón 1 Bealtaine 2024, leathnaítear Sochar Linbh chuig leanaí 18 mbliana d’aois atá in oideachas lánaimseartha nó atá faoi mhíchumas go dtí a 19ú breithlá. Ní dhéantar tástáil acmhainne ar Shochar Linbh.

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora do thuismitheoirí atá ag tógáil leanaí gan tacaíocht ó pháirtí. Tá sé iníoctha le tuismitheoir singil, le baintreach/baintreach fir/páirtnéir sibhialta marthanach, le céile/páirtnéir sibhialta príosúnaigh, le duine idirscartha nó colscartha, le duine ar neamhníodh a phósadh/páirtnéireacht shibhialta nó a bhfuil a pháirtnéireacht shibhialta díscaoilte.

Is liúntas seachtainiúil é Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach a íoctar le daoine nach bhfuil dóthain ioncaim acu chun freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a dteaghlach. Mura bhfuil ioncam ar bith agat, d’fhéadfá a bheith i dteideal an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh bhunúsach (SWA). Má tá d’ioncam seachtainiúil faoi bhun ráta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh do mhéid do theaghlaigh, féadfar íocaíocht a dhéanamh chun d’ioncam a thabhairt suas go dtí an ráta cuí den Liúntas Leasa Forlíontach.

Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin í an Íocaíocht Teaghlaigh Oibre (WFP) d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu. Tacaíonn sé le daoine atá ar phá íseal. Ní mór leanbh amháin ar a laghad a bheith agat a chónaíonn leat de ghnáth nó a dtugann tú tacaíocht airgeadais dóibh. D’fhéadfá a bheith i dteideal WFP sa bhreis ar d’Íocaíocht Teaghlaigh AontuismitheoraPinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach).

D’fhéadfá a bheith i dteideal do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) má tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat féin nó ag do chéile nach maireann. Faoin Scéim um Shochar Díobhálacha Ceirde, d’fhéadfadh Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a bheith iníoctha má tharla an bás de bharr gortú ceirde nó galair nó timpiste agus tú ag taisteal díreach chuig an obair nó ón obair.

Cothabháil

Tá freagracht dhlíthiúil ar an mbeirt chéile agus ar aon leanaí cleithiúnacha a chothabháil de réir a n-acmhainní. Tá tuismitheoirí idirscartha nó colscartha freagrach as cothabháil a gcuid leanaí agus d’fhéadfadh freagrachtaí cothabhála a bheith orthu i leith a chéile, ag brath ar théarmaí an idirscartha nó an cholscartha.

Lena chois sin, tá oibleagáid de réir an dlí ar pháirtnéirí sibhialta a chéile agus aon leanaí cleithiúnacha a chothabháil de réir a n-acmhainní agus d’fhéadfadh freagrachtaí cothabhála a bheith orthu i leith a chéile má dhíscaoiltear an pháirtnéireacht shibhialta, ag brath ar théarmaí an lánscoir.

Níl freagracht airgeadais i leith a chéile ar thuismitheoirí atá ag maireachtáil i bhfochair a chéileach ach tá sé de fhreagracht ar an mbeirt tuismitheoirí a gcuid leanaí a chothabháil. Tá freagracht airgeadais i leith an linbh ar chomhchónaitheoir atá ina chaomhnóir ar leanbh a pháirtí, nó ar an leanbh a bhfuil cúram laethúil an linbh air/uirthi.

Ón 4 Meitheamh 2024, níl íocaíochtaí cothabhála leanaí san áireamh sa tástáil acmhainne d'íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh. Mar sin féin, má tá tú ag fáil cothabhála nach cothabháil leanaí í, leanfar de bheith faoi réir tástála acmhainne. Mar shampla, déanfar tástáil mhaoine ar aon chothabháil céile a gheobhaidh tú.

Má thagann deireadh le caidreamh comhchónaithe, d’fhéadfadh go mbeadh ceart agat chun cothabhála faoin scéim cúitimh do lánúineacha atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile .

Is féidir leat faisnéise a fháil faoi chothabháil anseo. Lena chois sin, tá eolas ann faoin gcaoi a ndéantar cothabháil a mheasúnú le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus conas a théann cothabháil i bhfeidhm ar do cháin.

Cánachas

Is creidmheas cánach é an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (SPCCC) do dhaoine atá ag tabhairt aire do leanaí ina n-aonar. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014. Tháinig sé in ionad an Chreidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora.

Más baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach thú, féadfaidh tú creidmheas cánach pearsanta méadaithe a éileamh. Braitheann méid an chreidmheasa cánach ar cibé an bhfuil leanaí cleithiúnacha agat nó nach bhfuil agus cathain a fuair do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi cháin i mbliain an bháis agus na blianta i ndiaidh báis.

Tá eolas ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcaoi a gcaitear ó thaobh cánach le baintreacha fir agus páirtnéirí sibhialta marthanacha. Caitear le páirtnéirí sibhialta marthanacha mar an gcéanna le baintreacha nó baintreacha fir chun críocha cánach.

Caomhnóireacht

Tugann cearta caomhnóireachta teidlíocht do thuismitheoir linbh cinntí tábhachtacha a dhéanamh maidir leis an leanbh sin, mar shampla, cinntí faoi reiligiún an linbh, faoi oideachas, faoi chóireáil leighis agus faoin áit ina gcónaíonn an leanbh. Tá stádas caomhnóireachta uathoibríoch ag gach máthair, is cuma má tá siad pósta nó neamhphósta, i ndáil lena leanaí, mura gcuireann siad an leanbh suas lena uchtáil.

Tá cearta caomhnóireachta uathoibríocha ag aithreacha atá pósta le máthair a leanaí freisin. Mar sin féin, níl cearta caomhnóireachta uathoibríocha ag athair nach bhfuil pósta le máthair a linbh nó a leanaí maidir leis an leanbh nó na leanaí sin. Faigh tuilleadh faisnéise faoi chaomhnóireacht anseo. Ba chóir do mháithreacha ar caomhnóirí aonair iad uacht a dhéanamh chun caomhnóirí a leanaí a cheapadh i gcás a mbáis féin.

Caomhnóireacht shealadach

Más tuismitheoir aonair tú, ceadaíonn caomhnóireacht shealadach duit duine fásta eile a ainmniú ar feadh tréimhse ghairid chun aire a thabhairt do do leanbh má éiríonn tú go dona tinn agus mura mbíonn tú in ann aire a thabhairt do do leanbh.

Ní mór duit foirm speisialta a chomhlánú chun caomhnóir sealadach a ainmniú (PDF), inar féidir leat do mhianta a leagan amach maidir le teorainneacha ar bith ar an gcaomhnóir sealadach. Ní mór don duine ainmnithe ansin iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche mura féidir leat do ról tuismitheora a chomhlíonadh mar gheall ar bhreoiteacht thromchúiseach.

Cúram gaoil

I gcásanna áirithe, féadfaidh seantuismitheoirí, gaolta eile nó cara teaghlaigh cúram lánaimseartha leanaí agus daoine óga a ghlacadh, nuair nach mbíonn tuismitheoirí in ann aire a thabhairt dóibh. Uaireanta tugtar cúram gaoil air seo. Bíonn go leor socruithe maidir le cúraim ag gaolta neamhfhoirmiúil murab ionann agus cúram altrama ag gaolta, ar socrú foirmiúil é. Ag brath ar an gcaoi a gcruthaítear do theaghlach gaolta, tá bealaí éagsúla ann chun do chaidreamh dlíthiúil leis na leanaí agus na daoine óga atá faoi do chúram a dhaingniú.

Cúram agus rochtain

Tagraíonn coimeád do chúram laethúil, do chónaitheacht agus do thógáil leanaí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Cónaíonn na leanaí go buan leis an tuismitheoir a bhfuil cúram aige/aici agus tugtar rochtain don tuismitheoir eile ar na leanaí ag amanna comhaontaithe, lena n-áirítear rochtain thar oíche. Is féidir le tuismitheoirí leanúint de chomhchoimeád a bheith acu ar a gcuid leanaí tar éis idirscartha nó colscartha agus is féidir leis na leanaí an méid céanna ama a chaitheamh le gach tuismitheoir más féidir leis na tuismitheoirí é seo a chomhaontú agus é a shocrú.

Is éard atá i gceist le rochtain ná ceart an linbh teagmháil dhíreach a choinneáil leis an tuismitheoir nach bhfuil cónaí orthu leo. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis an leanbh fanacht thar oíche ó am go chéile, gach dara deireadh seachtaine nó le linn laethanta saoire scoile agus don tuismitheoir agus don leanbh dul ar saoire le chéile.

Nuair a scarann tuismitheoirí linbh agus nach féidir leo teacht ar aontú maidir le coimeád an linbh, déanann an chúirt cinneadh. Uaireanta, máthair neamhphósta is caomhnóir aonair linbh a rugadh lasmuigh den phósadh. Mar sin féin, ní gá go mbeadh caomhnóireacht ag an athair chun go mbeadh sé in ann iarratas a dhéanamh ar rochtain nó ar chúram.

Tuilleadh eolais

Clann Amhain

8 Coke Lane
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 662 9212
Lóghlao: 0818 66 22 12
Láithreán Gréasáin: https://onefamily.ie/

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

28 North Great Georges Street
Dublin 1
Ireland

Teil: +353 (01) 670 0120
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.treoir.ie/contact-contact.php

An tSeirbhís Chúirteanna

Seirbhís do Chustaiméirí

Teach an Fhionnuisce
15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://www.courts.ie/

Kinship Care Ireland

Teil: 087 1487124
Láithreán Gréasáin: https://www.kinshipcare.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.kinshipcare.ie/contact/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Samhain 2024