Ag dul ar scor in Éirinn mar eisimirceach Éireannach atá ag filleadh

Réamhrá

Filleann go leor saoránach Éireannach atá ina gcónaí thar lear ar Éirinn chun dul ar scor. Idir phinsin agus cearta cónaithe, cúram sláinte agus tithíocht, tugann an doiciméad seo breac-chuntas ar na príomhcheisteanna agus ar na praiticiúlachtaí a chaithfidh tú a mheas chun a chinntiú go n-aistreoidh tú abhaile gan fadhb.

Cad í an aois scoir in Éirinn?

Níl aon aois scoir shocraithe ann do dhaoine in Éirinn. Más fostaí thú, áfach, leagfar amach d’aois scoir i do chonradh fostaíochta. Is é 65 an aois scoir is gnách i gconarthaí fostaíochta.

Chun iarratas a dhéanamh ar phinsean Stáit na hÉireann, caithfidh tú a bheith 66 bliana d’aois nó níos sine. Le haghaidh tuilleadh eolais ar phinsin, féach thíos.

An féidir liom mo theaghlach a thabhairt liom?

Níl sé de cheart ag gach duine teacht agus cónaí in Éirinn. Braitheann ceart do bhall teaghlaigh chun cónaí anseo ar a náisiúntacht agus ar a gcaidreamh leat.

Cá mbeidh mé i mo chónaí?

Má tá sé ar intinn agat filleadh ar Éirinn chun dul ar scor, beidh ort áit éigin a fháil le cónaí ann.

Ag ceannach tí

Ag brath ar do staid airgeadais, b’fhéidir go mbeidh tú in ann teach a cheannach. Má tá teach á cheannach agat, tá scéimeanna tithíochta agus deontais ar fáil freisin, lena n-áirítear an scéim um chúnamh tithíochta do dhaoine scothaosta chun riocht do thí a fheabhsú. Léigh tuilleadh faoi na céimeanna maidir le teach a cheannach.

Teach a ghlacadh ar cíos

Mura rogha é ceannach, b’fhéidir go smaoineofá ar theach a ghlacadh ar cíos. Léigh tuilleadh faoi na rudaí atá le machnamh agus tú ag lorg cóiríochta ar cíos príobháideach.

Tithíocht shóisialta

Má fhilleann tú abhaile go hÉirinn agus má bhíonn deacracht agat cíos a íoc nó cóiríocht oiriúnach a cheannach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta ón Stát. Beidh ort áit éigin a bheith agat le maireachtáil idir an dá linn, fiú más le cairde nó le teaghlaigh é.

Déanfar d’iarratas ar thithíocht shóisialta a mheas bunaithe ar do stádas cónaitheachta, d’incháilitheacht, do riachtanas agus infhaighteacht sa cheantar ar mhaith leat cónaí ann. Beidh ort nasc áitiúil leis an gceantar seo a léiriú freisin.

Má éiríonn le d’iarratas cuirfear tú ar liosta feithimh tithíochta sóisialta. Nuair a bheidh tú ar an liosta seo, féadfaidh tú áit a lorg le glacadh ar cíos agus an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) a fháil chun cabhrú leat leis an gcostas seo.

Safe Home Ireland agus tithíocht d’eisimircigh scothaosta Éireannacha

Más eisimirceach scothaosta, a rugadh in Éirinn, agus atá i do chónaí thar lear, agus más mhaith leat filleadh ar Éirinn, ach níl tú in ann cóiríocht a sholáthar duit féin, b’fhéidir go mbeidh Safe Home Ireland in ann cabhrú leat cóiríocht a fháil sula bhfillfidh tú. Faigh tuilleadh eolais faoin gcúnamh tithíochta a sholáthraíonn Safe Home Ireland.

Tuilleadh eolais agus cóiríocht éigeandála

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar ár leathanach Treoir maidir le tacaíochtaí tithíochta d’eisimircigh Éireannacha atá ag filleadh, a chuimsíonn eolas faoi chóiríocht éigeandála agus conas is féidir le daoine atá gan dídean an tacaíocht seo a fháil.

An féidir liom pinsean Stáit a fháil?

Más féidir, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar phinsean Stáit na hÉireann, bíodh sé Ranníocach nó Neamhranníocach, 3 mhí ar a laghad sula sroicheann tú aois an phinsin (66 bliana).

Pinsean Stáit (Ranníocach)

Íoctar an Pinsean Stáit (Ranníocach) le daoine ó 66 bliana d’aois a bhfuil dóthain ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Pá (ÁSPC) acu chun a bheith incháilithe. Ní dhéantar tástáil acmhainne air agus d’fhéadfadh go mbeadh ioncam eile agat mar shampla phinsean pearsanta nó ceirde agus go bhfaighidh tú pinsean ranníocach fós. Cosúil le gach ioncam eile, gearrtar cáin ar an bpinsean seo, ach ní dócha go n-íocfaidh tú cáin más é an t-aon fhoinse ioncaim atá agat.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an bpinsean seo agus tú fós thar lear.

Pinsean Stáit (Neamhranníocach)

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) do dhaoine atá 66 bliana d’aois agus níos sine, agus nach gcáilíonn do Phinsean Stáit (Ranníocach), nó nach gcáilíonn siad ach do phinsean ranníocach ar ráta laghdaithe bunaithe ar a stair árachais shóisialta. Caithfidh tú tástáil acmhainne a shásamh agus gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn chun cáiliú.

Caithfidh tú a bheith i do chónaí in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar an bpinsean seo.

Do ranníocaíochtaí árachais shóisialta ó thar lear a comhcheangail

Má d’oibrigh tú i níos mó ná tír AE/LEE amháin, nó i dtír a bhfuil Comhaontú Slándála Sóisialta Déthaobhach ag Éirinn léi, mar shampla an Astráil, Ceanada agus na Stáit Aontaithe, ansin is féidir do thréimhsí árachais a chomhcheangal le hárachas Éireannach le feiceáil an gcáilíonn tú do phinsean ó gach tír.

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi ranníocaíochtaí árachais shóisialta ó thar lear a chomhcheangail. Má tá pinsean á fháil agat faoi Rialacháin an AE nó faoi Chomhaontú Déthaobhach, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Phacáiste Sochair Teaghlaigh freisin.

Méadú ar an íocaíocht do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí

Má tá pinsean Stáit á fháil agat, féadfaidh tú méadú a fháil d’aosach cleithiúnach mar shampla céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir. Tugtar Méadú ar Aosach Cáilithe (IQA) air seo. D’fhéadfá a bheith i dteideal éileamh a dhéanamh d’aon chleithiúnaithe leanaí freisin.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar phinsean nó ar aon chineál eile sochair Stáit in Éirinn, beidh uimhir Phearsanta Seirbhíse Phoiblí (uimhir PSP) ag teastáil uait. Is uimhir aitheantais phearsanta uathúil í an uimhir seo atá riachtanach chun iarratas a dhéanamh ar shochair agus ar sheirbhísí Stáit in Éirinn.

Beidh ort an fhoirm iarratais ábhartha a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an seoladh ábhartha le fianaise dhoiciméadach de réir mar is gá. Tá foirmeacha ar fáil ó d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh, ó d’oifig phoist nó d’Ionad Eolais do Shaoránaigh.

Is féidir leat mioneolas a fháil faoi na rialacháin lena rialaítear rochtain ar phinsin in Éirinn sa chatagóir pinsean ar ár Láithreán Gréasáin.

Cad iad na sochair Stáit eile is féidir liom a fháil?

D’fhéadfá a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar shochair eile in Éirinn.

Má tá pinsean Stáit na hÉireann á fháil agat, d’fhéadfadh go mbeadh tú i dteideal:

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na sochair bhreise atá ar fáil le Pinsean Stáit Ranníocach agus Neamhranníocach.

Íocaíocht Breosla Geimhridh RA

Má fhaigheann tú pinsean stáit ón RA agus má tá cónaí ort in Éirinn, d’fhéadfá a bheith in ann Íocaíocht Breosla Geimhridh na RA a éileamh.

Cáilíonn tú don íocaíocht má:

  • Bhog tú go hÉirinn roimh an 1 Eanáir 2021
  • Rugadh roimh 26 Meán Fómhair 1956 thú
  • Tá nasc fíor agus leordhóthanach agat leis an RA, mar shampla, bhí tú i do chónaí nó ag obair sa RA roimhe seo

Cuirtear Íocaíocht Breosla Geimhridh na RA san áireamh sa tástáil acmhainne don Liúntas Breosla in Éirinn.

Cad iad na seirbhísí sláinte a bhfuil mé i dteideal a fháil?

Tá seirbhísí príobháideacha agus sláinte poiblí ar fáil in Éirinn.

Seirbhísí sláinte poiblí

Tacaíonn an Stát le seirbhísí poiblí agus tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as seirbhísí sláinte poiblí a sholáthar. Tá tú clúdaithe ag seirbhísí sláinte poiblí má bhí tú i do chónaí in Éirinn ar feadh bliain amháin ar a laghad nó má tá sé ar intinn agat cónaí anseo ar feadh bliain amháin ar a laghad. Tugtar gnáthchónaí in Éirinn air seo. Léigh tuilleadh faoi rochtain a fháil ar chúram sláinte nuair a fhilleann tú ar Éirinn.

Cártaí leighis agus cártaí cuairte Dochtúirí Teaghlaigh

Ag brath ar d’ioncam, ar d’aois agus ar do staid d’fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh cárta leighis a ligeann duit rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte poiblí áirithe saor in aisce.

Mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh cárta leighis, d’fhéadfá a bheith cáilithe le haghaidh cárta cuairte Dochtúra Teaghlaigh. Ligeann siad seo duit cuairt a thabhairt ar do dhochtúir saor in aisce. Arís beidh d’incháilitheacht ag brath ar d’aois, ar d’ioncam agus ar do staid.

Seirbhísí sláinte príobháideacha.

Soláthraíonn gairmithe sláinte aonair nó cuideachtaí cúram sláinte na seirbhísí sláinte príobháideacha. De ghnáth íocann tú costas iomlán na seirbhísí sláinte príobháideacha mura bhfuil árachas sláinte príobháideach agat. Chun cabhair a fháil chun comparáid a dhéanamh idir cuideachta árachais sláinte príobháidigh, bain úsáid as Uirlis Comparáide Árachais Sláinte an Údaráis Árachais Sláinte.

Conas a thaistealóidh mé timpeall?

go leor bealaí ann le taisteal timpeall nuair a fhilleann tú ar Éirinn, lena n-áirítear iompar poiblí, tiomáint, rothaíocht, tacsaithe agus go leor eile.

Tiomáint

Aithnítear ceadúnais tiomána iomlána ó gach ballstát eile den AE (agus roinnt tíortha eile) le húsáid in Éirinn. B’fhéidir go mbeidh tú in ann do cheadúnas tiomána a aistriú go ceann Éireannach. Is í d’aois an príomhfhachtóir maidir le cá fhad a eiseofar do cheadúnas. Léigh tuilleadh faoi na rialacha maidir le fad an cheadúnais.

Más mian leat do charr a thabhairt go hÉirinn ní mór duit a bheith ar an eolas faoi charr a iompórtáil agus na himpleachtaí do Cháin Clárúcháin Feithicle (CCF).

Pas Saorthaistil

Má tá tú os cionn 66 bliana d’aois agus ag maireachtáil go buan in Éirinn tá tú i dteideal taisteal saor in aisce ar bus phoiblí agus iarnróid faoin Scéim Saorthaistil. Cáilíonn daoine áirithe faoi 66 bliana d’aois freisin.

Tá seirbhísí iompair phoiblí éagsúil timpeall na tíre, mar sin beidh na seirbhísí atá ar fáil duit ag brath ar an áit ina gcónaíonn tú.

An féidir liom obair?

Níl uasteorainn aoise i bhformhór na reachtaíochta a phléann le cosaint fostaithe in Éirinn. Ciallaíonn sé seo má tá tú ag obair agus tú ar scor, tá na cearta fostaíochta céanna agat agus atá ag gach duine eile. Má shocraíonn tú oibriú go páirtaimseartha, féadfaidh tú eolas a fháil ar chearta fostaíochta oibrithe páirtaimseartha.

Má tá tú faoi 66 bliana d’aois, b’fhéidir go mbeidh tú in ann roinnt oibre páirtaimseartha a dhéanamh agus do theidlíocht ar chuid de do Shochair Cuardaitheora Poist nó do Liúntas Cuardaitheora Poist a choinneáil. Má tá aon íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, áfach, seachas an Pinsean Stáit (Ranníocach)Pinsean Baintreach, Pinsean Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta a mhaireann (Ranníocach), féadfaidh obair tionchar a imirt ar do theidlíocht.

An mbeidh orm cáin a íoc?

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn ní mór duit eolas a bheith agat faoi chónaí chun críocha cánach. Tá sainmhíniú sonrach ar chónaí chun críocha cánach ann ag brath ar an méid laethanta a chaitheann tú sa tír gach bliain.

Cáin ar do chuid earraí

Má tá tú ag filleadh ar Éirinn ar feadh tréimhse fada, beidh ort do chuid earraí a sheoladh abhaile agus b’fhéidir go mbeidh ort cánacha áirithe iompórtála a íoc ar do chuid earraí. Léigh tuilleadh faoi na cánacha a d’fhéadfadh a bheith ort a íoc agus do chuid earraí á seoladh ar ais go hÉirinn.

Pinsin agus faoiseamh cánach

Is féidir leat eolas a fháil faoi chreidmheasanna agus faoisimh chánach ioncaim agus faoin gcaoi a ngearrtar cáin ar phinsin.

Tá roinnt socruithe cánach speisialta ann do dhaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine agus tá faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh costais leighis áirithe lena n-áirítear costais tí altranais.

Cáin ar do choigilteas

Baintear Cáin Choinneála Úis Taisce (DIRT) ón ús a íocann tú ar choigilteas i mbainc, i gcumainn foirgníochta, srl. Tarlaíonn sé seo cibé an mbeifeá faoi dhliteanas cánach de ghnáth nó nach mbeifeá. Má tá tú 65 bliana d’aois nó níos sine nó má tá do chéile nó do pháirtí sibhialta 65 bliana d’aois nó níos sine, nó má tá tú faoi éagumas buan, b’fhéidir nach mbeidh tú faoi dhliteanas DIRT má tá tú díolmhaithe ó cháin ioncaim.

Cáin do dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine

Má tá tú 65 bliana d’aois nó níos sine, caithfidh tú cáin ioncaim a íoc ar an ngnáthbhealach. Mar sin féin, tá teorainneacha díolúine cánach agus roinnt creidmheasanna cánach breise ar fáil do dhaoine 65 bliana d’aois nó níos sine. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Creidmheasanna cánach agus faoisimh cánach do dhaoine aosta.

Cad mar gheall ar thacaíochtaí eile?

Tá go leor eagraíochtaí ann a thugann tacaíochtaí do dhaoine ar scor, lena n-áirítear scor gníomhach, feachtasaíocht agus tacaíocht do dhaoine scothaosta (cúramóirí san áireamh).

Aimsigh an raon eagraíochtaí atá ar fáil in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Aibreán 2023