Feithicil a iompórtáil isteach go hÉirinn

Réamhrá

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn, is féidir leat an cinneadh a dhéanamh d’fheithicil a thabhairt leat. Tá ort an fheithicil a chlárú in Éirinn agus b’fhéidir go mbeidh ort táillí agus cánacha breise a íoc.

Má chónaíonn tú in Éirinn agus má dhéanann tú an cinneadh gluaisteán a cheannach ó thír eile, ba cheart duit na costais bhreise go léir a sheiceáil a bhaineann leis an bhfeithicil a chlárú agus cáin a íoc air in Éirinn.

Tugtar treoir duit ar an leathanach seo faoi na céimeanna atá i gceist chun feithicil a thabhairt isteach go hÉirinn má tá sé á dhéanamh agat féin, seachas trí úsáid a bhaint as déileálaí gluaisteán.

Saghsanna feithiclí

Is iomaí saghas éagsúil feithiclí innealta atá ann. Ar mhaithe le Clárúchán Feithicle, is éard is ‘feithicil faoi thiomáint mheicniúil’:

•Feithicil a dearadh d’úsáid bóthair

•Feithicil atá á cumhachtú ag bealach meicniúil nó leictreach (nó meascán den dá rud)

Seo a leanas saghsanna ‘feithiclí faoi thiomáint mheicniúil’ agus a gcatagóir CCF:

 
Rangú feithicle Catagóir CCF
Gach Gluaisteán, SUVanna san áireamh

Mionbhus lena mhéid le 10 suíochán

 

A
Feithiclí tráchtála, cosúil le veaineanna agus trucailí a mhéid le 3.5 tonna ar meáchan B
Feithiclí tráchtála, cosúil le veaineanna agus trucailí níos mó ná 3.5 tonna ar meáchan

Tarracóirí

Busanna ina bhfuil níos mó ná 10 suíochán

 

C
Feithiclí iompair tógála bóthair

Otharcharranna agus innill dóiteáin

 

D
Gluaisrothair M

Is féidir roinnt saghsanna feithiclí a rangú mar ‘faoi thiomáint mheicniúil’ ar mhaithe le CCF, ag brath ar thosca áirithe.

Tá rothair leictreacha nó scútair faoi chumhacht chadhnra ‘faoi thiomáint mheicniúil’ más féidir leo gluaiseacht gan bheith ort iad a throitheánú nó a scútáil. Mura n-oibríonn an chumhacht ach i ndiaidh go ndearna tú an scútar nó an rothar a ghluaiseacht trí é a throitheánú nó a scútáil, níl sé ‘faoi thiomáint mheicniúil’.

Feithicil a iompórtáil ón RíochtAontaithe

Má dhéanann tú an cinneadh gluaisteán nua nó athláimhe a cheannach ón Ríocht Aontaithe go díreach (seachas trí dhéileálaí Éireannach), bíonn ort táillí breise a íoc.

Tá ort an méid seo a leanas a íoc:

•Dleacht chustam má tá an fheithicil ag teacht i dtír ón mBreatain Mhór (féach ‘Dearbhuithe agus dleachtanna Custam’ thíos).

•CCF nuair atá an fheithicil cláraithe (mura bhfuil sé díolmhaithe)

•CBL ar gach gluaisteán nua, agus ar ghluaisteáin athláimhe a iompórtáladh ón mBreatain Mhór (feithiclí san áireamh a iompórtáladh go Tuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór).

Má tá feithicil á ceannach agat ó Thuaisceart Éireann a bhí cláraithe roimhe seo sa Bhreatain Mhór, ba cheart duit a chinntiú go bhfaigheann tú cáipéisí lena thaispeáint gur íocadh dleachtanna custam nuair a tugadh an fheithicil isteach go Tuaisceart Éireann.

Dearbhuithe agus dleachtanna custam

Is féidir earraí de bhunadh an RA a easpórtáil, faoin gcomhaontú trádála idir an RA agus an AE, chuig an AE (Éire ina measc) gan dleachtanna nó taraifí custam a ghearradh orthu. Ach is casta na rialacha maidir le tír thionscnaimh agus féadfaidh fiú feithiclí nua a ceannaíodh ón mBreatain Mhór a bheith faoi dhliteanas táillí custam, mar shampla, má iompórtáladh an fheithicil isteach sa Bhreatain Mhór ó thír eile sular díoladh iad.

Leantar ag caitheamh le Tuaisceart Éireann mar chuid den AE faoin gcomhaontú trádála. Ciallaíonn seo go bhfuil ar fheithiclí a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann dul trí chóras custam agus go mb’fhéidir go mbeidh dleachtanna custam le gearradh orthu.

Má iompórtálann tú feithicil ón mBreatain Mhór, caithfidh tú dearbhú custam a dhéanamh. B’fhéidir go mbeidh ort dleacht chustam a íoc sna cásanna seo a leanas:

•Más é an RA tír thionscnaimh na feithicle, ní gá duit dleacht chustam a íoc más feithicil nua í. Gearrtar táillí custam ar gach feithicil athláimhe a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór.

•Más é an AE nó tríú tír tír thionscnaimh na feithicle(mar shampla an tSeapáin nó SAM)

Má cheannaíonn tú feithicil ó Thuaisceart Éireann, ní gá duit dearbhú custam a dhéanamh. Ach caithfidh cruthúnas a bheith agat go ndearnadh dearbhú custam nuair a tháinig an fheithicil isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór (más infheidhme).

Táille chustam a íoc

Caithfidh tú an táille chustam a íoc ag an tráth a thagann an fheithicil isteach in Éirinn ón mBreatain Mhór. Ciallaíonn seo gur gá duit an fheithicil a dhearbhú le custaim nuair a iontrálann tú Éire nó Tuaisceart Éireann ag calafort an bháid farantóireachta. Má tá an gluaisteán á iompórtáil agat trí úsáid a bhaint as cuideachta loingseoireachta, ba cheart don cuideachta loingseoireachta an dearbhú agus an táille chustam a shocrú.

Is féidir leat faoiseamh ó chustaim a éileamh má tá d’áit chónaithe á haistriú agat go hÉirinn ón Ríocht Aontaithe agus má bhí úsáid á baint agat as an bhfeithicil ar feadh níos mó ná 6 mhí sa Ríocht Aontaithe sular aistrigh tú go hÉirinn.

CBL

Tá ort CBL a íoc ar gach gluaisteán athláimhe agus nua a iompórtáiltear ón mBreatain Mhór. Má cheannaíonn tú gluaisteán i dTuaisceart Éireann, níl ort CBL a íoc in Éirinn ach ar ghluaisteáin nua. D’fhéadfadh táille bhreise CBL a bheith le híoc mura ndearnadh an fheithicil a iompórtáil i gceart ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann.

Is féidir leat faoiseamh ó CBL a éileamh má tá d’áit chónaithe á haistriú agat go hÉirinn ón Ríocht Aontaithe agus má bhí úsáid á baint agat as an bhfeithicil ar feadh níos mó ná 6 mhí sa Ríocht Aontaithe sular aistrigh tú go hÉirinn.

CCF agus clárúchán

Tá ort d’fheithicil a chlárú in Éirinn laistigh de 30 lá. Tá ort Cáin Chláraithe Feithiclí a íoc mura bhfuil an fheithicil díolmhaithe.

Cláraíonn tú an fheithicil ag ionad Tástála Náisiúnta Carranna (an SNTC). Tá ort coinne a chur in áirithe ar líne nó trí ghlaoch ar 01-4135975. Sula nglacann tú d’fheithicil lena clárú, caithfidh tú an deimhniú comhréireachta a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a thagann tú i láthair chun an fheithicil a chlárú, ba cheart duit na cáipéisí seo a leanas a bheith agat:

•Foirm Dhearbhaithe líonta d’fheithicil nua a chlárú nó d’fheithicil athláimhe a chlárú

•Foirm VRTVPD2 Sonraí Ceannaigh Feithicle líonta más feithicil d’úsáid phríobháideach (úsáid neamhthráchtála) é

•Deimhniú comhréireachta (d’fheithiclí nua)

•Sonrasc ar a bhfuil an dáta ceannaigh á thaispeáint go soiléir

•Cruthúnas maidir le d’ainm agus do sheoladh

•Cruthúnas maidir le d’aitheantas

•Cruthúnas maidir le d’uimhir PSP

•Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú díolúine má tá díolúine ó CCF á héileamh agat

Má iompórtáladh an fheithicil ó Thuaisceart Éireann agus má tá dáta ar do shonrasc breis agus 30 lá roimh do choinne, caithfidh tú sonraí a bheith agat ón áit ar stóráladh an fheithicil. Má iompórtáladh an fheithicil go Tuaisceart Éireann ón AE, caithfidh tú na sonraí loingseoireachta a bheith agat a thaispeánann an dáta a tháinig an fheithicil i dtír. Má iompórtáladh an fheithicil ón mBreatain Mhór, nó ó thír eile neamh-AE, teastaíonn ‘an uimhir riaracháin shingil’ agus an dáta a d’eisigh Custaim é ag an bpointe iontrála uait.

Is féidir leat do phlátaí clárúcháin a cheannach ag an ionad tástála agus an CCF a íoc atá dlite.

Mótarcháin, an SNTC agus árachas

Tá ort mótarcháin a íoc agus b’fhéidir go mbeidh ar an bhfeithicil deimhniú Tástála Náisiúnta Carranna a bheith aige. Caithfidh tú mótarárachas a bheith agat chun tiomáint in Éirinn.

Feithicil a iompórtáil ón AE

Má tá gluaisteán á iompórtáil agat ón AE, tá ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

•An fheithicil a chlárú

•CCF a íoc murach go bhfuil tú díolmhaithe

•CBL a íoc murach go bhfuil an fheithicil díolmhaithe

•Mótarcháin a íoc

•Mótarárachas a fháil

CBL

Má tá gluaisteán nua á iompórtáil agat ó thír eile an AE, tá ort CBL (Cáin Bhreisluacha) a íoc, nuair a bhíonn an gluaisteán á chlárú agat, de ghnáth. Ciallaíonn gluaisteán nua gluaisteán a bhí á úsáid ar feadh 6 mhí, ar a fhaide, nó a thaistil 6,000 ciliméadar nó níos lú. Mar shampla:

•Tá an fheithicil 5 mhí d’aois agus thaistil sé 8,000 km - is féidir CBL a ghearradh air

•Tá an fheithicil 7 mí d’aois agus thaistil sé 5,000 km - is féidir CBL a ghearradh air

•Tá an fheithicil 7 mí d’aois agus thaistil sé 8,000 km - ní féidir CBL a ghearradh air

Tá an CBL le híoc fiú nuair a d’íoc tú CBL sa tír eile.

An SNTC

Má tá an fheithicil 4 bliana d’aois nó níos sine, caithfidh an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna tástáil a dhéanamh air. Is féidir leat úsáid a bhaint as Deimhniú Ródacmhainneachta an AE in Éirinn go dtí go n-éagfaidh sé. Tá tástáil an SNTC le déanamh ar d’fheithicil nuair a éagann do Dheimhniú.

Feithicil a iompórtáil ó áitlasmuigh den AE

Má tá gluaisteán á iompórtáil agat ó áit lasmuigh den AE, tá ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

•Dleacht chustam a íoc

•An fheithicil a chlárú

•CCF a íoc murach go bhfuil tú díolmhaithe

•CBL a íoc murach go bhfuil an fheithicil díolmhaithe

•Mótarcháin a íoc

•Mótarárachas a fháil

Caithfear muirear custam a íoc nuair a iontrálann an fheithicil an AE (Éire ina measc) nó Tuaisceart Éireann.

Má tá an fheithicil 4 bliana d’aois nó níos sine, caithfidh an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna tástáil a dhéanamh air. Má tá Deimhniú reatha Ródacmhainneachta AE ag an bhfeithicil, is féidir an t-am atá fanta ar an deimhniú a aithint in Éirinn. Ciallaíonn seo nach mbeidh ort tabhairt faoi TNG, go dtí go n-éagann do dheimhniú.

Cáin Chláraithe Feithiclí

Cáin atá i gceist le Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) nach mór duit a íoc nuair a chláraíonn tú d’fheithicil den chéad uair in Éirinn. Má rinne tú feithicil a iompórtáil, caithfidh tú CCF a íoc agus deimhniú clárúcháin na feithicle a fháil a léiríonn gur íoc tú CCF. Má bhíonn moill ort d’fheithicil a chlárú nó Cáin Chláraithe Feithiclí a íoc, tá ort pionós a íoc. D’fhéadfaí d’fheithicil a urghabháil freisin.

Caithfidh tú an gluaisteán a chlárú agus an CCF a íoc ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (an SNTC). Scrúdaíonn an cigire do ghluaisteán lena chinntiú go bhfuil an CCF ceart á íoc agat. I gcás gluaisteán agus veaineanna beaga, bunaítear méid an CCF ar chéatadán den phraghas miondíola molta, na cánacha go léir san áireamh. Tugtar Praghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO) ar an bpraghas seo. Is féidir leat meastachán a fháil ar an méid CCF atá le híoc ó Chóras Fiosrúchán ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá treoir maidir le CCF ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim ina dtugtar liosta de cheisteanna coitianta faoi CCF in Éirinn.

Má bhraitheann tú go bhfuil an iomarca á ghearradh ort, is féidir leat é a achomharc leis na Coimisinéirí Ioncaim trí úsáid a bhaint as an nós imeachta achomhairc CCF.

Conas d’fheithicil a chlárú

Caithfidh tú coinne a chur in áirithe leis an SNTC laistigh de 7 lá i ndiaidh gur iontráil do ghluaisteán Éire agus caithfidh tú an próiseas clárúcháin a thabhairt chun críche laistigh de 30 lá i ndiaidh don ghluaisteán an tír a iontráil.

Caithfidh deimhniú comhréireachta leictreonach (R-DC) a bheith ag d’fheithicil sula gcláraítear é. Mura bhfuil ach leagan páipéir agat de do R-DC, caithfidh tú na sonraí a ionchur de láimh ar chóras na gCoimisinéirí Ioncaim.

Caithfidh tú Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (uimhir PSP), cruthúnas aitheantais (mar shampla, do phas nó ceadúnas tiomána) agus cáipéisí sonraithe eile a bheith agat chun an CCF a chlárú agus a íoc. Tá liosta de na cáipéisí a theastaíonn ar revenue.ie. Caithfidh gur féidir leat a bheith in ann an Uimhir Aitheantais Feithicle (an uimhir VIN, tugtar an uimhir fonnaidh air seo, amanna) a aimsiú don chigire feithicle nuair a thugann tú an fheithicil i láthair le haghaidh cigireachta.

A luaithe a cláraíodh an fheithicil agus a íocadh an CCF, gheobhaidh tú:

•Fáltas maidir leis an CCF a íocadh ar a léirítear an uimhir chláraithe a sannadh do do ghluaisteán. Caithfidh tú an uimhir chláraithe a thaispeáint laistigh de 3 lá. Is féidir leat plátaí clárúcháin feithicle a fháil ó ionad an SNTC nó aon déileálaí oiriúintí mótarfheithiclí.

•Foirm RF100 atá le húsáid nuair a dhéanann tú iarratas chun mótarcháin a íoc. Chun mótarcháin a íoc, beidh ort an gluaisteán a árachú agus do shonraí árachais a bheith agat. Is féidir leat mótarcháin a íoc ar líne ag motortax.ie nó ag Oifig Mótarchánach d’údaráis áitiúil. I ndiaidh duit an mhótarcháin a íoc, eiseoidh an Roinn Iompair an Deimhniú Cláraithe Feithicle duit.

Plátaí clárúcháin feithicle

Nuair a chláraíonn tú agus nuair a íocann tú an CCF, sannfar uimhir chláraithe do do ghluaisteán. Caithfidh tú an uimhir chláraithe a thaispeáint laistigh de 3 lá. Tá cion á dhéanamh agat má theipeann ort an uimhir chláraithe nua a thaispeáint agus is féidir leis an nGarda Síochána fíneáil a ghearradh ort. Is féidir leat plátaí clárúcháin feithicle a fháil ó ionad an SNTC nó aon déileálaí oiriúintí mótarfheithiclí.

Díolúintí ó CCF

Tá faoiseamh agus díolúintí éagsúla ann ó CCF. Fiú mura bhfuil ort CCF a íoc, caithfidh tú d’fheithicil a chlárú go fóill nuair a thugann tú é go hÉirinn. Is féidir leat teacht ar eolas ar fhaoiseamh agus díolúintí ó CCF, agus laghdú ar CCF d’fheithiclí leictreacha áirithe ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Áit chónaithe a aistriú: Má tá tú ag bogadh chun cónaí in Éirinn, caithfidh tú riachtanais áirithe a shásamh maidir le d’fheithicil agus do chónaitheacht anseo agus thar lear nuair a dhéanann tú iarratas ar dhíolúine ó CCF. Féadfaidh tú teacht ar eolas faoi cathain iarratas a dhéanamh ar dhíolúine, an fhianaise a theastaíonn uait agus na foirmeacha iarratais i mbileog na gCoimisinéirí Ioncaim, Aistriú Cónaitheachta.

Díolúintí sealadacha: I gcásanna áirithe, is féidir le duine neamhchónaitheach feithiclí a cláraíodh thar lear a iompórtáil isteach go hÉirinn go sealadach gan CCF a íoc nó gan an fheithicil a chlárú. Féadfaidh tú teacht ar eolas ar Dhíolúintí Sealadacha d’Fheithiclí a Cláraíodh Thar Lear ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Má tá tú ag bogadh go hÉirinn agus má tá tú ina measc siúd atá díolmhaithe ó CCF a íoc, ní féidir leat d’fheithicil a dhíol ar feadh breis agus 12 mhí i ndiaidh gur cláraíodh an fheithicil. Má tá ort CCF a íoc, is féidir leat d’fheithicil a dhíol anseo ansin in Éirinn nuair is mian leat, a luaithe a cláraíodh é.

Má bhíonn ceist agat faoi dhíolúintí CCF, achomhairc nó aistriú cónaitheachta, tugtar sonraí teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim anseo.

An scéim aisíocaíochta easpórtála

Má tá gluaisteán á bhaint nó á easpórtáil go buan agat ó Éirinn, b’fhéidir go mbeidh tú in ann aisíocaíocht an CCF a éileamh a íocadh roimhe seo. Tá eolas faoin Scéim Aisíocaíochta Easpórtála agus foirmeacha éilimh ar fáil ar revenue.ie.

Rátaí CCF

Tá Cáin Chlárúcháin Feithicle (CCF) bunaithe ar Phraghas Díola Margaidh Oscailte (PDMO) na feithicle. Braitheann an PMDO ar luach an mhargaidh, méid an innill, bliain, múnla agus bail ródacmhainneachta na feithicle.

Tar éis don chigireacht a bheith déanta ar an bhfeithicil, ríomhann na Coimisinéirí Ioncaim an ráta Cáin Chláraithe Feithiclí. Bailíonn an SNTC an Cháin Chláraithe Feithiclí thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat íoc le dréacht bainc (atá iníoctha le Applus Car Testing Service), cárta dochair nó cárta creidmheasa.

Tá CCF do ghluaisteáin (Catagóir A) bunaithe ar leibhéal na n-astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) ón ngluaisteán agus, ar astaíochtaí ocsaíd nítrigine (NOx) an ghluaisteáin ón 1 Eanáir 2020

Táille CO2 d’fheithiclí Chatagóir A

 
Leibhéil astaíochtaí CO2 Rátaí CCF  
0-50 gram in aghaidh an chiliméadair 7% den PDMO (€140, ar a laghad)  
50-80 gram in aghaidh an chiliméadair 9% den PDMO (€180, ar a laghad)  
80-85 gram in aghaidh an chiliméadair 9.75% den PDMO (€195, ar a laghad)  
85-90 gram in aghaidh an chiliméadair 10.5% den PDMO (€210, ar a laghad)  
90-95 gram in aghaidh an chiliméadair 11.25% den PDMO (€225, ar a laghad)  
95-100 gram in aghaidh an chiliméadair 12% den PDMO (€240, ar a laghad)  
100-105 gram in aghaidh an chiliméadair 12.75% den PDMO (€255, ar a laghad)  
105-110 gram in aghaidh an chiliméadair 13.5% den PDMO (€270, ar a laghad)  
110-115 gram in aghaidh an chiliméadair 15.25% den PDMO (€305, ar a laghad)  
115-120 gram in aghaidh an chiliméadair 16% den PDMO (€320, ar a laghad)  
120-125 gram in aghaidh an chiliméadair 16.75% den PDMO (€335, ar a laghad)  
125-130 gram in aghaidh an chiliméadair 17.5% den PDMO (€350, ar a laghad)  
130-135 gram in aghaidh an chiliméadair 19.25% den PDMO (€385, ar a laghad)  
135-140 gram in aghaidh an chiliméadair 20% den PDMO (€400, ar a laghad)  
140-145 gram in aghaidh an chiliméadair 21.25% den PDMO (€430, ar a laghad)  
145-150 gram in aghaidh an chiliméadair 25% den PDMO (€500, ar a laghad)  
150-155 gram in aghaidh an chiliméadair 27.5% den PDMO (€500, ar a laghad)  
155-170 gram in aghaidh an chiliméadair 30% den PDMO (€600, ar a laghad)  
170-190 gram in aghaidh an chiliméadair 35% den PDMO (€700, ar a laghad)  
Níos mó ná 190 gram in aghaidh an chiliméadair 41% den PDMO (€820, ar a laghad)  

Gearrtar táille Ocsaíde de Nítrigin (NOx) anuas ar na táillí reatha CO2 mar chuid den CCF atá le híoc.

Tá ort fianaise a thabhairt maidir le hastaíochtaí NOx na feithicle chun an clárú a thabhairt chun críche. Mura dtugann tú an t-eolas seo, gearrfar bunráta ort.

Ríomhtar an táille NOx de réir an tábla seo a leanas:

 
Astaíochtaí NOx (NOx an mg/ciliméadar NOx nó an mg/kWh) An méid atá le híoc an mg/ciliméadar nó an mg/kWh
An chéad 0-40 mg/ciliméadar nó mg/kWh €5
An chéad 40 mg/ciliméadar nó mg/kWh ina dhiaidh sin a mhéid le 80 mg/ciliméadar nó mg/kWh €15
An chuid eile os cionn 80 mg/km nó mg/kWh €25

Mura bhfuil dóthain eolais agat faoi na hastaíochtaí NOx, gearrfar na rátaí uasta seo a leanas:

•Feithiclí díosail: €4,850

•Gach feithicil eile: €600

Rátaí Cáin Chláraithe Feithiclí maidir le gach catagóir eile

 
Catagói

R

Feithicil Ráta CCF    
  Feithiclí tráchtála, a dearadh agus a tógadh chun earraí a iompar agus nach troime ná 3.5 tonna 13.3% den PDMO (faoi réir €125, ar a laghad)    
C Feithiclí eile cosúil le tarracóirí, veaineanna móra, leoraithe, gluaisteáin seanré (níos sine ná 25 bliain), mionbhusanna (12 shuíochán paisinéara, ar a laghad) Bunráta €200    
  Mótarcharbháin/veaineanna campála 13.3% den PDMO    
  Feithiclí leictreacha*** Faoiseamh a mhéid le €5,000 ó CCF ag brath ar aois an Gluaisrothair leictreacha*** Díolúine ó CCF go dtí an 31 Nollaig
    ghluaisteáin maidir le sraith áirithe feithiclí táirgthe go dtí an 31 Nollaig 2023   2023

***Tá feithicil/gluaisrothar leictreach faoi thiomáint mótair leictrigh amháin.

Sonraí teagmhála

Má bhíonn ceist agat faoi dhíolúintí CCF, achomhairc nó aistriú cónaitheachta, tugtar sonraí teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Samhain 2023