Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)

Réamhrá

Is eard atá sa Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach), ná íocaíocht seachtainiúil don fhear céile, don bhean chéile nó do pháirtneir sibhialta de dhuine éagtha. Tugadh an Pinsean Baintrí/Baintrí Fir (Ranníocach) ar an íocaíocht seo roimhe seo. Ní mór duit nó do chéile/do pháirtnéir sibhialta éagtha dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith aige/aici.

Chun cáiliú ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir nó do pháirtnéir sibhialta a mhaireann, agus ní féidir leat a bheith in aontíos le duine eile.

Má tá tú colscartha agus dá mbeifeá i dteideal Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh(Ranníocach) dá bhfanfá pósta, coimeádann tú do theidlíocht Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil.

Má tá do chomhpháirtíocht sibhialta tar éis díscaoileadh agus dá mbeifeá i dteideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil dá bhfanfá sa pháirtíocht sibhialta, coimeádann tú do theidlíocht Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil.

Íoctar an pinsean seo is cuma cén t-ioncam eile atá agat.

Ó 27 Nollaig 2013 ardóidh an líon ranníocaíochtaí íoctha riachtanacha ó 156 go 260 ranníocaíochtaí. Is féidir leat Ceisteanna Coitianta léamh faoi na hathruithe ar gov.ie.

Rialacha

Béidh tú cáilithe le haghaidh Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) má bhí do chéile/pháirtnéir sibhialta básaithe ag fáil ceachtar den dá phinsean seo Pinsin Stáit (Ranníocach), agus íocaíocht don chéile/pháirtnéir sibhialta cleithiúnach san áireamh (nó bheadh an íocaíocht sin i gceist ach amháin go raibh an céile/páirtnéir sibhialta ag fáil Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach), Pinsean na nDallLiúntas Cúramóra).

Muna raibh do chás amhlaidh, ní mór duit ansin dóthain íocaíochtaí ÁSPC a bheith agat.

Ranníocaíochtaí árachais sóisialta (ÁSPC)

Le bheith ina theideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) ní mór duit nó do do chéile/páirtnéir sibhialta básaithe méid áirid ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith agaibh. Is ar íocaíochtaí ÁSPC duine amháin a dhéantar an méid áirid sin a chomhaireamh - ní féidir ranníocaíochtaí na beirte a chur le chéile leis an líon ceart a dhéanamh suas. Ní mór na ranníocaíochtaí ar fad a bheith déanta roimh bhás an chéile/páirtnéara sibhialta.

Comhraíonn nach mór chuile ranníocaíocht ÁSPC don phinsean seo, ranníocaíochtaí a dhéanann seirbhísigh poiblí agus daoine atá féin-fhostaithe fiú.

Ní mór duit nó do chéile/páirtnéir sibhialta

  • Ar a laghad 260 ranníocaíocht íoctha (íoctha go dtí an dáta a bhfuair do chéile/do pháirtnéir sibhialta bás nó roimh do 66ú lá breithe, cibé acu is luaithe). Ó 27 Nollaig 2013 ardóidh an líon ranníocaíochtaí íoctha riachtanacha ó 156 go 260 ranníocaíochtaí.

Agus

  • 39 ranníocaíocht sa mhéan sa 3 bhliain nó sa 5 bhliain roimh bás an chéile/páirtnéir sibhialta nó roimh dó/dí aois an phisin a bhaint amach (66)

  • Ar a laghad 24 ranníocaíocht bliantúil sa mheán a bheith agat ón gcéad bhliain a d'íoc tú árachas go dtí bliain an bháis nó an bhliain gur bhain tú aois an phinsin amach. Má bhaintear úsáid an an meán seo beidh tú i dteideal bunphinsin le meán de 24, teastóidh meán de 48 íocaíocht sa bhliain leis an bpinsean iomlán a fháil.

Ranníocaíochtaí íoctha i mball stáit eile den Aontais Eorpaigh

Má bhí tú ar fostú inárachaithe roimhe i dtír atá clúdaithe faoi Rialacháin an AE nó i dtír lena bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éire agus d’íoc tú ranníocaíocht amháin ráta iomlán ÁSPC ar a laghad in Éirinn, is féidir leat do thaifead árachais sa tír sin a chur le do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC Éireannacha chun cabhrú leat cáiliú le haghaidh Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach).

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thar lear a chur le chéile.

Ioncam eile

Ós rud é gur pinsean ranníocach atá i gceist anseo is féidir leat ioncam eile a bheith agat ó fhoinse ar bith eile agus fós a bheith i dteideal an phinsin seo. Ioncam incháinithe atá ann. Muna bhfuil d'ioncam agat ach é ní dóigh go mbeidh aon dliteanas cánach ort.

Ní féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil ag an am céanna le Pinsin Stáit (Ranníocach). Má tá tú i dteideal dhá íocaíocht a fháil, íocfar leat an méid níos airde. Más mian leat an méid níos ísle a fháil, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos).

Fad

Is féidir an pinsean a fháil an fhad agus atá tú i do bhaintreach (fir nó mná) nó páirtnéir sibhialta marthanach. Má athphósann tú nó má bhíonn tú i do chónaí le páirtí mar fhear agus bean, níl tú i dteideal an phinsin níos mó.

Is féidir méadú a fháil ar leanbh cáilithe mar chuid den phinsean - íoctar méadú an fhad agus atá páiste faoi 18 agus suas go sroicheann sé/sí 22 má tá sé/sí ag freastal ar oideachas lán-aimseartha.

Íocaíochtaí eile do dhaoine ar bhaintreach agus páirtnéirí sibhialta marthanacha

Faoin Scéim Gortaithe Ceirde is féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoc má bhásaigh an céile de bharr timpiste nó galair cheirde.

Daoine a bhfuil Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) dhá fháil acu tá siad i dteideal seirbhísí breise ar nós Pacáiste Sochar Teaghlaigh má shásaíonn siad na gnáthchoinníollacha. Daoine atá 60 nó ós a cionn, nuair a chailltear an céile/páirtnéir sibhialta atá ag fáil na seirbhísí in aisce coinníonn siad na seirbhísí sin fiú muna bhfuileadar ag sásamh an ghnáthriail aoise.

Rataí

Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) 2024

Ranníocaíochtaí

Faoi 66

66 bliana d'aois nó níos sine

Méadú do leanbh cáilithe

48 ranníocaíocht nó níos mó

€237.50

€277.30

 

€46 Leanbh faoi 12 blian d'aois

€54 Leanbh 12 blian d'aois agus níos sine

36-47 ranníocaíochtaí

€233.90

€271.90

24-35 ranníocaíochtaí

€231.20

€265.50

D'fhéadfadh sé gur ráta laghduithe a bheadh le n-íoc leat muna bhfuil na ranníocaíochtaí ar fad a theastaíonn agat.

Conas Iirratas a dhéanamh

Ba chóir duit an fhoirm iarratais Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a íoslódáil agus a chomhlánú. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó oifigí an phoist.

Is féidir éilimh dhéanacha ar Phinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Pháirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a shiardhátú go ceann 6 mhí ar a mhéad. I gcásanna áirithe d'fhéadfaí éileamh a shiardhátú níos sia siar ná sé mhí:

  • Faisnéis mhícheart á sholáthar ag an Roinn nó
  • Do éagumas tinneas nó easláinte

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Oifig Sheirbhísí Pinsin

Oifig Sheirbhísí Pinsin
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Sligo
Ireland

Teil: 0818 200 400

Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil, Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024