Ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal

Réamhrá

Tá socruithe slándála sóisalaí ag Éirinn le tíortha eile mar a cheadaítear tú do ranníocaíochtaí árachais sóisialaí a íoctar in Éirinn a chomhcheangal le do ranníocaíochtaí árachais sóisialaí a íoctar i dtír eile. Is féidir leis seo a chuidiú leat le bheith incháilithe do íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn.

Is feidir socruithe slándála sóisialaí atá ag Éirinn le tíortha eile a roinnt go leathan ina ndá ghrúpa:

  • Tíortha ata clúdaithe ag rialacháin an Aontais Eorpaigh (AE)/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)
  • Tíortha lena bhfuil Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn.

Rialacha

Tíortha clúdaithe ag Rialacháin AE/LEE

Tá forálacha slándála sóisialaí ann i ndlí an AE le níos mó ná 30 bliain. Tá siad i Rialacháin (CEE) Uimhreacha 883/2004 agus 987/2009 ina n-ionad.

Is iad na tíortha AE/LEE atá clúdaithe ag na Rialacháin seo ná: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe (lasmuigh d'Oileáin Mhuir nIocht).

Tá Rialacháin AE/LEE a bhaineann le slándáil shóisialta infheidhmithe leis na daoine a leanas go ginearálta:

  • Náisiúnaigh na dtíortha atá cumhdaithe ag na rialacháin, atá nó a bhí faoi árachas i gceann de na tíortha seo, agus a ndaoine muinteartha.
  • Daoine a bhfuil stádas daoine nó dídeanaithe gan stát acu atá nó a bhí faoi árachas in aon cheann de na tíortha seo atá cumhdaithe ag na rialacháin, agus a ndaoine muinteartha.
  • Náisiúnaigh tíortha neamh-AE á chónaíonn go dlíthiúil i gcríoch den AE, a bhog idir tíortha atá cumhdaithe ag na rialacháin agus a ndaoine muinteartha.

Más rud é gur oibrigh tú in Éirinn agus i gceann nó níos mó de stait an AE cuirfear do ranníocaíochtaí árachais sóisialta ó gach stát an AE le do ranníocaíochtaí árachais sóisalta in Éirinn le cuidiú leat a bheith incháilithe do cheann de na híocaíochtaí leasa sóisialta atá liostaithe thíos. I gcás íocaíochtaí áirithe (mar shampla, Sochar Chuardaitheora Poist, Sochar Chuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe, Sochar Tinnis, Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta) caithfidh do ranníocaíocht árachais sóisialaigh is déanaí bheith íoctha in Éirinn.:

An méid a íocann gach tír

Má cháilíonn tú le híocaíocht leasa sóisialta ar bhonn ranníocaíochtaí comhcheangailte ó stáit eile, íocann gach stát cion de d'íocaíocht leasa sóisialta.

Tíortha lena bhfuil Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn

Is socruithe sainiúla iad Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha idir tíortha rannpháirteacha a cheadaíonn daoine le bogadh idir tíortha agus a chosnaíonn a dteidlíochtaí pinsin. Tá Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn le:

  • An Ostair
  • Ceanada
  • Quebec
  • An Astráil
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá
  • An Nua-Shéalainn
  • Poblacht na Cóiré
  • An tSeapáin
  • An Ostair

Athchuireadh Socrú Slándála Sóisialaí Déthaobhach na hÉireann leis An Eilvéis go príomha ag Rialacháin an AE.
Is iad na sochair atá clúdaithe ag socruithe slándála sóisialaí déthaobhacha ná:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)

Is í an ábharthacht is mó atá ag na socruithe slándála sóisialaí déthaobhacha ná do phinsinéirí a dtéann ar scor chuig Éirinn tar éis dóibh bheith ag obair i gceann de na tíortha liostaithe thuas.

Má tháinig tú ó thír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinn, beidh do chearta pinsin ón tír eile cosanta nuair a bhogann tú chuig Éirinn. Is féidir pinsean a bheith agat óÉirinn agus ó cheann amhain nó ó gach ceann de na tíortha eile. Féadtar go mbeidh tú ábalta do chuntais árachais ó Éirinn agus ón tír eile a chomhcheangal le bheith incháilithe le Pinsean Stáit (Ranníocach).

Conas iarratas a dhéanamh

Nuair atá foirm iarratais ar íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn á líonadh nó á comhlánadh agat, tá rannán san fhoirm iarratais a iarrann cé acu an raibh tú riamh i bhfostaíocht i dtír eile an AE seachas Éire. Maidir le híocaíochtaí fadtéarmacha iarrfar cé acu an raibh tú riamh i bhfostaíocht i dtír an AE nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinn.

Iarrfar an fhaisnéis a leanas ort:

  • An tír a d'oibrigh tú ann
  • Ainm agus seoladh an fhostaitheora ansin
  • Na dátaí a d'oibrigh tú ansin
  • Agus d'Uimhir Slándála Sóisialaí ansin

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Chun íocaíocht leasa sóisialta a éileamh ba chóir duit an fhoirm chuí a líonadh agus í a chur ar ais chuig An Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte priontáilte ar an fhoirm iarratais.

Tá tuilleadh eolais faoi do chuntas árachais sóisialta in Éirinn ar fáil ó:

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

Tuilleadh eolais

An dóigh a dhéantar do ranníocaíochtaí árachais sóisialta ó stáiteile a ríomh

Más rud é gur oibrigh tú i stát eile an AE nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn féadtar go gcuideódh na ranníocaíochtaí arachais sóisialta a d'íoc tú ansin leat bheith incháilithe d'íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn.

Rialacháin an AE

Faoi rialacháin an AE, go hairithe Rialachán CEE Uimh. 883/2004 (pdf) (1408/71 roimhe seo), ba chóir go ndéanfaí teidlíochtaí a thógtar i stát amháin an AE a aithint agus teidlíochtaí sochair á ríomh i stát eile.

Ba chóir go dtabharfaí foirmeacha U1 (E301 roimhe seo) agus E104 nuair a fhágann tú tír an AE ina raibh tú ag obair. Tá na foirmeacha seo ar fáil ag an ghníomhaireacht slándála sóisialaí ábhartha sa tír óna dtagann tú agus soláthraíonn siad sonraí faoi do chuntas árachais sóisialta. Tá Foirm E104 riachtanach má chuireann tú iarratas isteach ar shochar tinnis agus tá Foirm U1 riachtanach ar chúiseanna sochair dífhostaíochta.

Mar shampla, má tá iarratas á chur isteach agat le haghaidh sochair tinnis, seol cóip de d'fhoirm E104 le d'iarratas ar Shochair Tinnis. Déanfaidh sé próiseáil d'iarratais a luathú. Muna bhfuil foirm U1 agat ó na tíortha ábhartha AE a d'oibrigh tú iontu, nuair a luann tú na tíortha eile a d'oibrigh tú iontú ar d'fhoirm iarratais gheobhaidh An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí na sonraí ábhartha duit.

Sula dtiocfaidh tú chuig Éirinn, ba chóir duit seiceáil leis an oifig slándala sóisialaí áitiúil sa tír ina bhfuil tú ag obair maidir leis na doiciméid chuí le tabhairt leat.

Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha

Ní chlúdóidh ranníocaíochtaí a íocadh i stáit lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinnach amháin íocaíochtaí fadtéarmacha áirithe mar, an Pinsean Stáit (Ranníocach), an Pinsean Easláine, an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) agus Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach).

Ba chóir go raibh tú i bhfostaíocht inárachais le seachtain amháin ar a laghad in Éirinn chun socrú déthaobhach a bheith infheidhmithe agus (seachas i gcás Íocaíochta Chaomhóra (Ranníocach)) ba chóir íoslíon de 52 seachtain inríofa faoi reachtaíocht na hÉireann a bheith agat. Ma chuireann tú isteach ar cheann de na híocaíochtaí slándála sóisialaí thuasluaite in Éirinn agus má chuireann tú i d'fhoirm iarratais gur oibrigh tú i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn déanfaidh An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí na rudaí a leanas:

  • Ma tá ranníocaíochtaí slándála sóisialaí go leor agat chun uas-íocaíocht a fháil íocfaidh an Roinn sin agus cuirfidh sí tús, ar do shonsa, le héileamh sa tír eile ina raibh tú ag obair.
  • Muna bhfuilI ranníocaíochtaí slándála sóisialaí go leor agat iarrfaidh an Roinn ar do chuntas árachais sóisialta ón tír eile le cuidiú leat bheith incháilithe le haghaidh íocaíochta árachais sóisialta in Éirinn agus cuirfidh sí tús, ar do shonsa, le héileamh sa tír eile ina raibh tú ag obair.

Ciallaíonn sé seo gur féidir leat níos mó ná íocaíocht amháin a fháil; is féidir leat íocaíocht a fháil in Éirinn agus íocaíocht ó thír eile.

Déantar ráta an phinsin nó na híocaíochta, nuair atá ranníocaíochtaí arachais i dtír eile á gcomhcheangal le ranníocaíochtaí in Éirinn, a ríomh mar a leanas:

Céim 1:
Déantar do phinsean barúlach a ríomh. Is é an pinsean barúlach ná ráta an phinsin Éireannaigh a bheadh iníoctha dá ndéanfaí plé le do ranníocaíochtaí árachais sóisialta go léir, in Éirinn agus lasmuigh d'Éirinn ar aon, mar ranníocaíochtaí Éireannacha. Le teacht ar líon na ranníocaíochtaí bliantúla ar an meán, déantar do ranníocaíochtaí Éireannacha agus do ranníocaíochtaí ináirithe neamh-Éireannacha a chur le chéile agus iad a roinnt ansin faoi líon na mblianta (is é sin le rá líon na mblianta ó d’íoc tú árachas sóisialta den chéad uair go deireadh na bliana cánach sular shroich tú aois an phinsin (66)).

Céim 2:
Cuirtear an fhoirmle a leanas i bhfeidhm ansin.
(A x B)/C
A = ráta barúlach an phinsin. (féach céim 1 chun ráta barúlach an phinsin a ríomh.)
B = líon na ranníocaíochtaí Éireannacha.
C = líon iomlán na ranníocaíochtaí (Éireannacha agus coimhthíocha)

Nóta:
Sna socruithe leis An Ostair, An Astráil, Ceanada, Quebec agua an RA, (mar atá faoi reachtaíocht an AE), nuair a íocadh níos lú ná 52 ranníocaíocht sa tír eile agus nach ndámhtar pinsean sa tír sin, dámhtar an pinsean Éireannach ar shuim an dá chuntais árachais gan cur i bhfeidhm na rialach pro-rata.

Ríomhtar ranníocaíochtaí le haghaidh Pinsin Easláinte ar bhealach difriúil - féach 'Pinsean Easláine' thíos.

Pinsean Easláine

In Airteagal 44-49 de Rialachán CEE Uimh. 883/2004 (pdf) leagtar amach conas a ríomhtar ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch le haghaidh Pinsean Easláine.

Déantar gach tír AE a rangú mar thír ‘Cineál A’ nó ‘Cineál B’, ag brath ar conas a ríomhtar pinsin sa tír sin. Tá liosta de thíortha Cineál A agus Cineal B ar welfare.ie. Is tír Cineál A í Éire.

Má d'oibrigh tú in Éirinn agus i dtír Cineál A eile, is í an tír inar tharla d'éagumas chun oibre agus d’easláine, an tír a íocann an Pinsean Easláine iomlán leat.

Má d'oibrigh tú in Éirinn agus i dtír Cineál B, nó i dtír a bhfuil Comhaontú Leasa Shóisialaigh Déthaobhach aici le hÉirinn, déanfar do phinsean a ríomh ar bhonn prorata. Íocann gach tír páirtphinsean leat, ag brath ar do thaifead ranníocaíochta sa tír. Ríomhtar an ráta ag baint úsáide as an bhfoirmle seo a leanas:

(A / B) x C

A = líon na ranníocaíochtaí Éireannacha

B = ranníocaíochtaí iomlána (líon na ranníocaíochtaí Éireannacha + líon na ranníocaíochtaí lasmuigh d'Éirinn)

C = ráta Pinsin Easláine phearsanta reatha

I gcás ina bhfuil Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) iníoctha freisin, íocfar é seo chomh maith ar bhonn prorata.

Ní mór duit 52 ranníocaíocht nó creidmheas ar a laghad a bheith agat in Éirinn le ranníocaíocht íoctha amháin ar a laghad mar cheann díobh seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Samhain 2019