Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)

Réamhrá

Is íocaíocht sheachtainiúil é Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) ón Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) a íoctar le daoine a chailleann a bhféinfhostaíocht.

Mura gcáilíonn tú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) d'fhéadfá cáiliú le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist.

Rialacha maidir le Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)

Chun cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) ní mór duit:

  • A bheith idir 18 agus 66 bliana d'aois
  • Gan a bheith féinfhostaithe a thuilleadh. Caithfidh d'fhéinfhostaíocht a bheith caillte agat go neamhdheonach agus gan mar gheall ar dhúnadh sealadach nó séasúrach.
  • A bheith dífhostaithe (is féidir leat obair mar fhostaí ar feadh suas le 3 lá sa tseachtain)
  • A bheith in ann obair a dhéanamh
  • A bheith ar fáil le haghaidh agus ag lorg obair lánaimseartha go fíor
  • Go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialta (ÁSPC) a bheith agat

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na coinníollacha chun íocaíocht cuardaitheora poist a fháil agus faoi na seirbhísí fostaíochta a chuireann DSP ar fáil do chuardaitheoirí poist.

Ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC)

Chun cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe), ní mór duit ÁSPC Aicme S a íoc. Is í Aicme S an rannaíocht a íocann daoine féinfhostaithe. Is féidir le ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme A nó H cabhrú leat cáiliú freisin.

Chun cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) teastaíonn uait:

  • Ar a laghad 156 seachtain de ranníocaíochtaí Aicme S nó 104 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme A nó H ó thosaigh tú ag obair den chéad uair
  • 52 seachtain de ranníocaíochtaí Aicme S íoctha sa bhliain chánach ábhartha. Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán deiridh roimh an mbliain ina ndéantar d'éileamh. Mar sin, i gcás éileamh a rinneadh in 2024, is é 2022 an bhliain chánach ábhartha.

Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) agus obair

Chun Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a fháil ní mór duit deireadh a chur le gach gníomhaíocht féinfhostaíochta. Mar sin féin, is féidir leat oibriú mar fhostaí ar feadh suas le 3 lá sa tseachtain agus Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a fháil.

Má tá tú ag obair ar feadh cuid de sheachtain, beidh d'íocaíocht bunaithe ar sheachtain íocaíochta 5 lá. Ciallaíonn sé seo go ndéantar an cúigiú cuid de ghnáthráta an tSochair Cuadaitheora Poist (Féinfhostaithe) a asbhaint gach lá a bhfuil tú fostaithe. Mar shampla, má fhaigheann tú obair pháirtaimseartha ar feadh 2 lá, gheobhaidh tú 3/5 den ghnáthráta don tseachtain sin agus gheobhaidh tú obair pháirtaimseartha ar feadh 3 lá, gheobhaidh tú 2/5ú den ghnáthráta don tseachtain. Ní mór duit a bheith dífhostaithe fós ar feadh 4 lá ar a laghad as 7 chun Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a éileamh. Is féidir leat Ceisteanna Coitianta faoin tseachtain oibre 5 lá a léamh ar welfare.ie.

Tá díolúine ó chuid de na rialacha maidir le comhraiceoirí dóiteáin ar áirithíocht. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi obair agus Sochar Cuardaitheora Poist.

Cá fhad is féidir liom Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a fháil?

Íoctar Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) ar feadh 9 mí (39 seachtaine) do dhaoine a bhfuil 260 nó níos mó de ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S acu. Íoctar é ar feadh 6 mhí (26 seachtain) do dhaoine a bhfuil níos lú ná 260 ranníocaíocht ÁSPC Aicme S íoctha acu.

Tá roinnt forálacha speisialta ann do chuardaitheoirí poist scothaosta. Is féidir go leanfar le daoine atá os cionn 65 atá ag éileamh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a íoc go dtí a 66ú lá breithe fiú má tá a n-éileamh le bheith críochnaithe roimh an dáta sin

Do SCP (Féinfhostaithe)
Líon na ranníocaíochtaí Fad on éilimh
260 nó níos mó 39 seachtaine (9 mí)
Níos lú ná 260 26 seachtaine (6 mí)

Athcháiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)

Is féidir leat athcháiliú arís le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe):

  • Má tá do theidlíocht iomlán um Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) úsáidthe agat (9 nó 6 mhí)
  • Mura bhfuil Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) éilithe agat ar feadh 12 mhí ar a laghad
  • Má tá 52 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí Aicme S íoctha agat ó tháinig deireadh le d'éileamh um Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe).

Éilimh a nascadh

Má éilíonn tú Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) ar feadh tréimhse, má dhúnann tú an -téileamh agus ansin má éilíonn tú arís é laistigh de 26 seachtain, d’fhéadfadh sé go mbeadh d'éileamh nasctha leis an éileamh níos luaithe. Ciallaíonn sé seo nach gcaitfear le d'éileamh mar éileamh nua agus:

  • Leantar ar aghaidh leis an iomlán carnaithe de laethanta ón éileamh roimhe seo (mar shampla, má tá 100 lá caite agat as do theidlíocht iomlán de 234 lá tá 134 lá fágtha agat ar d'éileamh)
  • Is é an ráta an ráta céanna is iníoctha ar an éileamh roimhe seo, mura bhfuil méadú buiséideach nó athrú ar chúinsí teaghlaigh (mar shampla leanbh cleithiúnach nua).

Dícháiliú

D'fhéadfá a bheith dícháilithe ó Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a fháil ar feadh 9 seachtaine má fuair tú airgead as do ghnó a dhíol nó a dhiúscairt do ghnó de bhreis ar mhéid atá leagtha amach ag an DSP.

Mic Léinn

Chun Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a fháil, ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad agus caithfidh tú a bheith imithe ón scoil ar feadh 3 mhí.

Ní féidir le mic léinn tríú leibhéal Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a éileamh agus iad i mbun staidéar lánaimseartha. Baineann an dícháiliú seo freisin le tréimhsí saoire an tsamhraidh idir blianta acadúla.

Ráta Sochair Chuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)

Ráta seachatiniúil om Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) 2024

Meántuilleamh seachtainiúil

Uasráta pearsanta

Ráta do dhuine fásta cáilithe

Méadú do leanbh cáilithe

€300 nó níos mó

€232

€154

€46 Leanbh faoi 12 blian d'aois

€54 Leanbh 12 blian d'aois agus níos sine

€220-€299.99

€181.70

€150-€219.99

€149.60

€99.70

 Níos lú ná €150

€104.10

Faigheann tú ráta pearsanta agus d'fhéadfá méadú a fháil do dhuine fásta cleithiúnach agus do leanbh chleithiúnach. Ní dhéanann do mheántuilleamh seachtainiúil difear don mhéid a fhaigheann tú do leanbh cleithiúnach.

Méan-tuilleamh seachtainiúil

Déantar rátaí Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a chéimniú de réir do thuilleamh sa bhliain chánach ábhartha. Is ionann do mheántuilleamh seachtainiúil agus d'ioncam seachtainiúil comhlán sa bhliain chánach ábhartha roinnte ag líon na ranníocaíochtaí Aicme S a íocadh sa bhliain sin.

Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán deiridh roimh an mbliain ina ndéantar d'éileamh. Mar shampla, má éilíonn tú Sochar Cuardaitheora Poist in 2024 is í an bhliain chánach ábhartha ná 2022. Mura gcáilíonn tú ach le haghaidh íocaíochta laghdaithe, d’fhéadfadh sé a bheith níos tairbhiúla duit Liúntas Cuardaitheora Poist a éileamh in ionad Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe).

Rátaí pionóis

Is féidir do íocaíocht a laghdú má dhiúltaíonn tú nó má theipeann ort freastal ar chruinnithe a iarrann an DSP freastal orthu nó má dhiúltaíonn tú nó má theipeann ort páirt a ghlacadh i scéim tacaíochta fostaíochta, i dtaithí oibre nó in oiliúint chuí. Is féidir tuilleadh eilaos a fháil faoi smachtbhannaí as gan coinníollacha do íocaíocht cuardaitheora poist a chomhlíonadh.

Íocaíocht a fháil

Íoctar Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) go díreach gach seachtain isteach i do chuntas bainc.

Is féidir Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) leat d'íocaíocht a bhailiú go seachtainiúil ón oifig phoist is gaire duit.

D’fhéadfadh baill foirne atá ag obair san oifig phoist d’aitheantas grianghraif a lorg sula dtugann siad d'íocaíocht duit. Seo a leanas aitheantais grianghraif bailí:

Cáin ar Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)

Tá Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) incháinithe.

Sochair bhreise

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) á fháil agat, d'fhéadfá a bheith i dteideal:

  • Forlíonadh Cíosa - íocaíocht faoin scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.
  • Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua - liúntas chun cabhrú le costas éide agus coisbhirt do leanaí atá ag freastal ar scoil.
  • Cárta leighis - má tá d'ioncam faoi bhun méid áirithe, d'fhéadfá cárta leighis a fháil.

Ní cháilíonn tú don Phacáiste Sochar Teaghlaigh nó do Shaorthaisteal le Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe).

Conas iarratas a dhéanamh ar hochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe)

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) an chéad lá a éiríonn tú dífhostaithe. Is féidir leat d'iarratas comhlánaithe um Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) (UP1) (pdf) a thabhairt leat nó í a chur sa phost.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le síniú den chéad uair.

Má cheapann tú gur diúltaíodh Sochar Cuardaitheora Poist go héagórach duit is féidir leat achomharc a lorg ar an gcinneadh

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) le d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024