An cháin a ghearrtar ar dhaoine féinfhostaithe

Réamhrá

Má dhéantar duine féinfhostaithe díot, caithfidh tú clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mar dhuine féinfhostaithe. Íocann tú cáin ar na brabúis a chruthaíonn tú ó do ghnólacht agus ar aon ioncam eile atá agat.

Má íocann tú aon cháin atá dlite uait go déanach, gearrfar ús ort ón dáta dlite go dtí an dáta ar a bhfaighfear an íocaíocht uait.

Rialacha

Mar dhuine féinfhostaithe, íocann tú cáin ioncaim faoin gcóras féinmheasúnaithe, uair sa bhliain. Is éard atá i gceist le féinmheasúnú ná nuair a bhíonn tú freagrach as do mheasúnú féin a dhéanamh ar an gcáin atá le híoc.

Íocann tú Réamhcháin (meastachán ar an gcáin atá le híoc do do bhliain reatha trádála) an 31 Deireadh Fómhair gach bliain nó roimhe sin agus déanann tú tuairisceán cánach don bhliain roimhe sin tráth nach déanaí ná 31 Deireadh Fómhair. Má thuairiscíonn tú do thuairisceán cánach ar líne trí úsáid a bhaint as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), is gnách go mbíonn an spriocdháta beagán níos déanaí.

Mar shampla, má ghabhann do bhliain chuntasaíochta ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig gach bliain, íocann tú Réamhcháin don 2023 faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, bunaithe ar mheastachán ar do dhliteanas maidir don bhliain iomlán. Déanann tú tuairisceán cánach don bhliain 2022, ag an am céanna, agus íocann tú aon cháin atá le híoc go fóill don bhliain sin. Tá tú i dteideal na gnáthchreidmheasanna agus an gnáthfhaoiseamh a fháil.

Is féidir leat Creidmheas Cánach ar Cháin Ioncaim Thuillte €1,775 a éileamh don bhliain 2023 (ba é an méid in 2022 €1,700). Má cháilíonn tú freisin, áfach, don Chreidmheas Cánach d’Fhostaithe (tugadh creidmheas cánach ÍMAT air roimhe seo), ní féidir le luach iomlán na gcreidmheasanna seo a bheith níos mó ná luach an Chreidmheasa Cánach d’Fhostaithe.

Caithfidh tú taifid chearta a choimeád, lena n-áirítear:

  • Gach ceannach agus díolacháin earraí agus seirbhísí, agus
  • Gach suim a fuarthas agus gach suim a íocadh amach

Caithfidh tú taifid tacaíochta a choimeád (mar shampla, sonraisc, ráitis bhainc agus chumann foirgníochta, duillí seic agus fáltais). Ní gá duit iad a sheoladh ar aghaidh go dtí na Coimisinéirí Ioncaim, ach caithfidh tú iad a choimeád sa chás go ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim iniúchadh.

Is féidir leat costais áirithe ghnó a éileamh in aghaidh cánach. I measc roinnt samplaí, tá an méid seo a leanas:

  • Earraí a cheannach a athdhíol
  • Cíos
  • Rátaí
  • Deisiúcháin
  • Soilsiú agus téamh
  • Costais reatha feithiclí nó innealra a úsáidtear sa ghnólacht
  • Táillí cuntasaíochta
  • Ús a íocadh ar iasachtaí gnó
  • Íocaíochtaí léasaithe ar fheithiclí nó ar innealra a úsáidtear sa ghnólacht
  • Ranníocaíochtaí le do phinsean pearsanta (a mhéid le teorainneacha áirithe).

Má tá tú ag oibriú as baile, b’fhéidir go mbeidh tú in ann sciar de na billí tí a éileamh, cosúil leis an nguthán, téamh, soilsiú agus leathanbhanda.

Is féidir leat teacht ar eolas breise ar fhéinfhostaíocht in treoir na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le féinmheasúnú, lena n-áirítear eolas faoi conas do thuairisceán cánach a líonadh agus spriocdhátaí tábhachtacha. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas ar fáil freisin ar chlárú do cháin agus faoi na costais ghnó is féidir leat a éileamh in aghaidh ioncaim. Is féidir le hoifig áitiúil na Coimisinéirí Ioncaim cabhrú leat freisin má bhíonn aon cheisteanna agat.

Fochonraitheoirí: Más fochonraitheoir féinfhostaithe thú a oibríonn i dtógáil, foraoiseacht nó próiseáil feola, tá eolas mionsonraithe ar fáil faoi Cháin Chonarthaí Iomchuí ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Muirear Sóisialta Uilíoch, ÁSPC agus CBL

MSU: Caithfidh tú an Muirear Sóisialta Uilíoch (an MSU) a íoc más mó d’ollioncam ná €13,000 i mbliain.

Gearrtar muirear breise 3% ar aon ioncam féinfhostaithe níos mó ná €100,000. Ciallaíonn seo go n-íocann daoine féinfhostaithe MSU 11%, ar an iomlán, ar aon ioncam níos mó ná €100,000. Ní bhaineann an MSU le leas sóisialach ná lena mhacasamhail d’íocaíochtaí. Íocann tú do MSU le d’íocaíocht réamhchánach.

ÁSPC: Íocann daoine féinfhostaithe ÁSPC Aicme S ar a n-ioncam.

Cáin Bhreisluacha (CBL)

Caithfidh tú clárú do Cháin Bhreisluacha (CBL) más mó, nó más dóchúil gur mó, do láimhdeachas bliantúil ná €75,000 le haghaidh soláthar earraí nó €37,500 le haghaidh soláthar seirbhíse. Mar thrádálaí, íocann tú CBL ar earraí agus seirbhísí a soláthraíodh don ghnólacht agus gearrann tú CBL ar earraí agus seirbhísí a sholáthair an gnólacht. Caithfear an difríocht idir an CBL a ghearr tú agus an CBL a gearradh ort a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Má sháraíonn an méid CBL a d’íoc tú an CBL a ghearr tú, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an barrachas. Cinntíonn seo go n-íocann an custaiméir deiridh, seachas an gnólacht, CBL.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas ar fáil ar conas CBL a chur i gcuntas agus a íoc.

Féinmheasúnú

Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit clárú d’fhéinmheasúnú. Is féidir leat eolas breise a léamh faoin méid a theastaíonn chun féinmheasúnú a dhéanamh.

Caithfidh tú féin (nó gníomhaire) do thuairisceán cáin ioncaim a dhéanamh agus féinmheasúnú a dhéanamh ar do dhliteanas cánach don bhliain roimhe sin. Is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

Má chláraigh tú d’fhéinmheasúnú ó 2015 ar aghaidh, tá ort tuairisciú agus íoc ar líne.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas breise agus fístreoracha ar fáil ar do thuairisceán cánach a thuairisciú.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim Treoir maidir le Tuairisceáin Chánach Íoc agus Tuairiscigh ar fáil freisin.

Má úsáideann tú ROS le do thuairisceán cánach a dhéanamh ar líne, déanfaidh sé d’fhéinmheasúnú a ríomh bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn tú. Féadfaidh tú a roghnú chun glacadh leis an ríomh seo nó d’fhéinmheasúnú féin a ionchur.

Má úsáideann tú Foirm 11, áirítear leis mír féinmheasúnaithe nach mór duitse (nó do ghníomhaire) a líonadh agus a shíniú. Má thuairiscíonn tú an tuairisceán cánach páipéir go luath, roimh an 31 Lúnasa, líonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an mhír féinmheasúnaithe thar do cheann.

Bearta COVID-19

Fiachas a thrádstóráil

D’fhéadfaí roinnt fiachas cánach neamhíoctha mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chur siar nó a thrádstóráil.

Gearrtar ús 0% ar fhiachais a rinneadh a thrádstóráil ar feadh thréimhse na trádstórála. Aontaítear le socrú céimnithe íocaíochta i ndiaidh go dtagann deireadh leis an tréimhse agus gearrtar ús 3% ón tráth seo.

Is féidir leat eolas breise a fháil i Leabhrán Eolais ar Fhiachas Cánach a Thrádstóráil (pdf) de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Faoiseamh ó chaillteanas cáin ioncaim do dhaoine féinfhostaithe

Tugadh faoiseamh sealadach ó cháin ioncaim isteach do dhaoine féinfhostaithe a ghnóthaigh brabúis in 2019 ach a rinne caillteanas in 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19.

D’fhéadfadh daoine féinfhostaithe a gcaillteanais 2020 (agus liúntas caipitil áirithe nár úsáid siad) a chur siar agus a asbhaint óna mbrabúis don bhliain 2019, chun an méid cáin ioncaim a ghearrtar ar na brabúis siúd a laghdú. Is é an méid uasta is féidir a chur siar €25,000.

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim treoir ar fáil maidir le faoiseamh cánach do dhaoine féinfhostaithe agus conas iarratas a dhéanamh (pdf).

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Iúil 2023