Seicliosta: faisnéis do dhaoine féinfhostaithe

Réamhrá

Má tá tú féinfhostaithe agus má tháinig laghdú ar an ngnó agus ar d’ioncam, féadfaidh tú na naisc agus na liostaí thíos a úsáid chun do chuid teidlíochtaí a sheiceáil.

Tá naisc sna teidil sa cholún ar chlé i ngach mír le doiciméid ghinearálta faoin ábhar, agus tá naisc sa cholún ar dheis le sonraí faoi íocaíochtaí nó faoi sheirbhísí sonracha.

Gnó a chur ar bun

Tugann Chun bheith féinfhostaithe agus Gnó a chur ar bun léargas fairsing duit ar na tosca a bhíonn i gceist agus gnó á chur ar bun, lena n-áirítear faisnéis ar na saghsanna fostaíochta, cáin, ÁSPC, saincheisteanna dlí agus foinsí tacaíochta.

Tacaíochtaí do dhaoine dífhostaithe

Liúntas Fiontraíocht um Fhilleadh ar Obair

Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach

Fadhbanna le féinfhostaíocht

Mura bhfuil dóthain á thuilleamh agat a thuilleadh ó fhéinfhostaíocht, nó má tá ar do ghnólacht dúnadh, féadfaidh tú cáiliú le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh. Ní gá duit díchlárú de bheith féinfhostaithe chun íocaíocht a fháil.

Íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil

Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) (do dhaoine ag a bhfuil ranníocaíochtaí leordhóthanacha ÁSPC)

Liúntas Cuardaitheora Poist

Ag éileamh do chleithiúnaí aosaigh

Ag éileamh do chleithiúnaí linbh

Síniú den chéad uair

An Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh

Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla agus Phráinneacha

Do thaifead árachais shóisialta a choimeád

Bheith i do ranníocóir deonach

Síniú le haghaidh creidmheasanna (i roinnt cásanna, d’fhéadfadh go mbeadh daoine féinfhostaithe in ann síniú le haghaidh creidmheasanó ranníocaíochtaí ÁSPC)

Airgead agus fiachas

Creidmheas a fháil

microfinanceireland.ie dírithe ar ghnólachtaí beaga agus tá faisnéis faoina ngnólacht a mhaoiniú nó a chistiú á lorg acu.

Má tá agat gnólacht beag nó meánach agus má dhiúltaítear d'iarratas ar chreidmheas, d’fhéadfadh go mbeifeá in ann iarratas a dhéanamh chuig an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa d'fhonn go ndéanfar athbhreithniú ar do chás.

An bhfuilim féinfhostaithe i ndáiríre?

Ag filleadh ar oideachas nó ar obair

Foinsí eile faisnéise

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Eanáir 2022