Sochar Cuardaitheora Poist

Cad is Sochar Cuardaitheora Poist ann?

Is íocaíocht sheachtainiúil é Sochar Cuardaitheora Poist ón Roinn Coimirce Sóisialaí do dhaoine atá as obair agus atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC). Mura gcáilíonn tú chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil, d’fhéadfá cáiliú chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.

Tugann Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) ioncam do dhaoine féinfhostaithe nach bhfuil ag gabháil d’fhéinfhostaíocht a thuilleadh.

Conas cáiliú chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil

Chun cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) ní mór duit a bheith faoi bhun 66 bliain d’aois agus:

  • A bheith dífhostaithe (ní mór duit a bheith dífhostaithe go hiomlán nó dífhostaithe ar a laghad ar feadh 4 lá as 7)
  • A bheith tar éis cuid mhór de d’fhostaíochta a chailliúint agus mar thoradh air sin, a bheith dífhostaithe ar feadh 4 lá as 7 ar a laghad
  • A bheith in ann obair a dhéanamh
  • A bheith ar fáil chun obair lánaimseartha a dhéanamh agus a bheith ag lorg oibre dáiríre
  • Go leor ranníocaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith agat

Is féidir tuilleadh a léamh faoi na coinníollacha chun íocaíocht cuardaitheora poist a fháil agus faoi na seirbhísí fostaíochta a thairgeann an Roinn Coimirce Sóisialaí do chuardaitheoirí poist.

Sochar Cuardaitheora Poist agus obair

Chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil ní mór duit a bheith dífhostaithe, nó lá amháin fostaíochta ar a laghad a bheith caillte agat agus mar thoradh air sin, a bheith dífhostaithe ar feadh 4 lá as 7 lá ar a laghad. Féadfaidh tú leanúint le Sochar Cuardaitheora Poist a fháil mura bhfuil tú in ann ach obair pháirtaimseartha nó ócáideach a fháil.

Sa chás go bhfuil faighteoir Sochair Cuardaitheora Poist ag obair ar feadh cuid den tseachtain, beidh a dteidlíocht bunaithe ar sheachtain íocaíochta 5 lá. Ciallaíonn sé seo go n-asbhaintear aon chúigiú de ghnáthráta an tSochair Cuardaitheora Poist do gach lá a bhfuil duine fostaithe. Má fhaigheann siad obair pháirtaimseartha ar feadh 2 lá, gheobhaidh siad trí chúigiú den ghnáth-Shochar Cuardaitheora Poist don tseachtain sin agus má fhaigheann siad obair pháirtaimseartha ar feadh 3 lá, gheobhaidh siad dhá chúigiú den ghnáthráta Sochar Cuardaitheora Poist don tseachtain. Ní mór duit a bheith fós dífhostaithe ar feadh ar a laghad 4 lá as 7 chun Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh.

Tá díolúine ó chuid de na rialacha i gcás comhraiceoirí dóiteáin ar coimeád.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi chúrsaí oibre agus Sochar Cuardaitheora Poist.

Má tá SCP á fháil agat is féidir úsáid a bhaint as an Réríomhán um Thairbhe na Fostaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí chun cabhrú leat na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le dul i mbun oibre lánaimseartha a mheas. Ríomhann an Réríomhán an méid iomlán a gheofá as obair lánaimseartha a ghlacadh (lena n-áirítear Íocaíocht Teaghlaigh Oibre má bhaineann) agus cuireann sé é seo i gcomparáid le d’íocaíocht cuardaitheora poist (Forlíonadh Cíosa san áireamh).

Cailliúint fostaíochta

Chun bheith cáilithe chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil, caithfidh go bhfuil méid mór fostaíochta caillte agat in aon tréimhse 7 lá i ndiaidh a chéile, (tá oibrithe ócáideacha agus comhraiceoirí dóiteáin ar coimeád nach bhfuil aon fhostaíocht eile acu díolmhaithe ón riail seo). Ciallaíonn sé seo go bhfuil ar a laghad lá amháin fostaíochta caillte agat agus mar thoradh air sin, go bhfuil tú dífhostaithe ar feadh 4 lá ar a laghad as 7 lá. Ní mór gur laghdaíodh do thuilleamh freisin mar gheall ar an gcailliúint fostaíochta.

Toircheas agus Sochar Cuardaitheora Poist

Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis na rialacha a bhaineann le mná atá ag iompar clainne thart ar am na breithe. Is féidir tuilleadh a léamh inár ndoiciméad maidir le toircheas agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC)

Chun cáiliú le haghaidh Sochair Cuardaitheora Poist, ní mór ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme A, H nó P a íoc. Is é Aicme A an ceann a íocann formhór na bhfostaithe san earnáil phríobháideach. Is é aicme H a íocann saighdiúirí, cúltacairí agus altraí sealadacha airm nach gcáilíonn do Shochar Cuardaitheora Poist go dtí go mbíonn an t-arm fágtha acu. Chun cáiliú, is gá go bhfuil:

  • Ar a laghad 104 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme A, H nó P íoctha nó ar a laghad 156 ranníocaíocht ÁSPC Aicme S ó thosaigh tú ag obair ar dtús

Agus

  • 39 seachtain de ÁSPC Aicme A, H nó P íoctha nó curtha chun sochair sa bhliain chánach ábhartha (ní mór íosmhéid 13 seachtaine a bheith ina ranníocaíochtaí íoctha*)

  • 26 seachtain de ÁSPC Aicme A, H nó P íoctha sa bhliain chánach ábhartha agus 26 seachtaine d’ÁSPC íoctha sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha.

*Mura bhfuil 13 ranníocaíocht íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha, ní mór duit 13 ranníocaíocht a bheith íoctha agat in aon cheann de na blianta seo a leanas:

  • An 2 bhliain chánach roimh an mbliain chánach ábhartha
  • An bhliain chánach iomlán dheireanach
  • An bhliain chánach reatha.

Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán is deireanaí sular bhain tú 66 bliain d’aois amach. Mar shampla, i gcás éileamh atá á dhéanamh in 2024, is é 2022 an bhliain chánach ábhartha.

Tá roinnt cúinsí ann inar féidir ranníocaíochtaí creidiúnaithe a dhámhachtain ort. Mar shampla, tugtar creidiúintí réamhiontrála nuair a thosaíonn tú ar fhostaíocht den chéad uair i do shaol oibre. Ní féidir cáiliú le haghaidh Sochair Cuardaitheora Poist, áfach, ach amháin nuair a bhíonn 104 ranníocaíocht Aicme A, H nó P nó ar a laghad 156 ranníocaíocht Aicme S íoctha agat. Déantar creidiúintí a dhámhachtain freisin agus tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe, lena n-áirítear Sochar Cuardaitheora Poist (ar choinníoll go bhfuil sé ar feadh 6 lá), Sochar Breoiteachta agus, i gcásanna áirithe, Liúntas Cuardaitheora Poist.

Cuirfear ranníocaíochtaí a d’íoc tú i mballstáit eile den AE/LEE le do ranníocaíochtaí Éireannacha. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Shochar Cuardaitheora Poist agus má theastaíonn na ranníocaíochtaí a íocadh i mballstát eile de chuid an AE/LEE uait chun cabhrú leat cáiliú, caithfidh gur íocadh do ranníocaíocht dheireanach in Éirinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo faoi ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thar lear a chur le chéile

Faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005 tá dualgas ar fhostóirí gach fostaí a chlárú le haghaidh ÁSPC. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo inár ndoiciméad maidir le dualgas an fhostóra árachas sóisialta a íoc.

Dícháiliú

D’fhéadfaí tú a dhícháiliú ó Shochar Cuardaitheora Poist a fháil ar feadh 9 seachtaine sna cásanna seo a leanas:

  • Má d’fhág tú obair go deonach agus gan cúis réasúnta
  • Má chaill tú do phost trí mhí-iompar
  • Má dhiúltaigh tú do thairiscint fostaíochta eile nó oiliúint oiriúnach - más rud é go raibh tú ar ráta pionóis de Shochar Cuardaitheora Poist ar feadh 21 lá ar a laghad
  • Má tá tú faoi bhun 55 bliain d'aois agus ag fáil íocaíochta iomarcaíochta de bhreis ar €50,000. Braithfidh fad cruinn do dhícháilithe (suas le 9 seachtaine) ar mhéid na híocaíochta iomarcaíochta a fuair tú.

Iomarcaíocht

Má tá tú faoi bhun 55 bliain d'aois agus má fhaigheann tú íocaíocht iomarcaíochta atá níos mó ná €50,000, tá tú dícháilithe ó Shochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar feadh tréimhse áirithe ama. Léiríonn an tábla thíos cé chomh fada agus is féidir le duine a bheith dícháilithe. Déantar aon tréimhse dhícháilithe a dhealú ó do theidlíocht iomlán ar Shochar Cuardaitheora Poist. Mar sin, má tá tú dícháilithe ar feadh 3 seachtaine (is é sin íocaíocht 18 lá) tosaíonn d’éileamh ar Shochar Cuardaitheora Poist ar an 19ú lá.

Méid na híocaíochta iomarcaíochta Tréimhse an dícháilithe
€50,000.01 - €55,000 1 seachtain
€55,000.01 - €60,000 2 seachtain
€60,000.01 - €65,000 3 seachtain
€65,000.01 - €70,000 4 seachtain
€70,000.01 - €75,000 5 seachtain
€75,000.01 - €80,000 6 seachtain
€80,000.01 - €85,000 7 seachtain
€85,000.01 - €90,000 8 seachtain
€90,000.01 and over 9 seachtain

Cá fhad a íoctar Sochar Cuardaitheora Poist?

Íoctar Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh 9 mí (234 lá) do dhaoine a bhfuil 260 ranníocaíocht íoctha ÁSPC Aicme A, H nó P nó níos mó acu. Íoctar é ar feadh 6 mhí (156 lá) do dhaoine a bhfuil níos lú ná 260 ranníocaíocht íoctha ÁSPC Aicme A, H nó P acu.

Tá roinnt forálacha speisialta ann do chuardaitheoirí poist níos sine.

I gcás éilitheoirí nua SCP ón 4 Aibreán 2013 i leith
Líon na ranníocaíochtaí Fad uasta an éilimh ar SCP
260 nó níos mó 234 lá (9 mhí)
Níos lú ná 260 156 lá (6 mhí)

Athcháiliú chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil

Is féidir cáiliú le haghaidh Sochair Cuardaitheora Poist an athuair sna cásanna seo a leanas:

  • D’úsáid tú do theidlíocht iomlán ar Shochar Cuardaitheora Poist (9 mí nó 6 mhí)

agus

  • Tá 13 ranníocaíocht ÁSPC íoctha le haghaidh 13 seachtaine ar a laghad (ní féidir na ranníocaíochtaí seo a áireamh ach amháin tar éis duit 156 lá (6 mhí) de Shochar Cuardaitheora Poist a éileamh)

Má tá tú ag obair agus ag éileamh Sochair Cuardaitheora Poist (oibrithe gearr-ama córasacha agus oibrithe páirtaimseartha), áfach, ní féidir leanúint ar aghaidh le d’éileamh ar Shochar Cuardaitheora Poist nuair a bheidh sé go léir úsáidte toisc go gcaithfidh go bhfuil tú tar éis méid mór fostaíochta a chailliúint chun athcháiliú chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil (ach amháin gur oibrí ócáideach tú).

Má chaill tú do phost, beidh tú tar éis méid mór fostaíochta a chailliúint. Más oibrí páirtaimseartha nó córasach gearr-ama tú, breathnóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí ar do phatrún fostaíochta le 13 seachtaine anuas nó le tréimhse ionadaíoch eile le fáil amach an bhfuil tú tar éis méid mór fostaíochta a chailliúint.

Mar shampla, má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat agus má tá tú ag obair 3 lá in aghaidh na seachtaine mar oibrí gearr-ama córasach nó mar oibrí páirtaimseartha, agus mura bhfuil athrú tagtha ar do phatrún fostaíochta le linn d’éilimh ar Shochar Cuardaitheora Poist, ní bheidh aon chaillteanas suntasach i gceist ó thaobh fostaíochta de agus ní cháileoidh tú arís le haghaidh Sochair Cuardaitheora Poist nuair a bheidh d’éileamh go léir úsáidte. Mar sin féin, má thagann deireadh le d’éileamh ar Shochar Cuardaitheora Poist agus má laghdaítear do sheachtain oibre 3 lá go seachtain 2 lá ansin, beidh caillteanas suntasach fostaíochta i gceist agus féadfaidh tú a bheith cáilithe arís le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist.

Éilimh a nascadh

Má éilíonn tú Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh tréimhse, deireadh a chur le d’éileamh ansin agus Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh arís laistigh de 26 seachtain, seans go ndéanfar d’éileamh a nascadh leis an gcéad éileamh a rinne tú. Ciallaíonn sé seo nach gcaitear le d’éileamh mar éileamh nua agus:

  • Ní gá duit fanacht ar feadh 3 lá roimh d’íocaíocht a fháil
  • Leantar ar aghaidh le líon carnach na laethanta ón éileamh roimhe seo (mar sin, mar shampla, má d’úsáid tú 100 lá de do theidlíocht iomlán ar Shochar Cuardaitheora Poist (234 lá) tá 134 lá fágtha agat ar d’éileamh)
  • Is é an ráta Sochair Cuardaitheora Poist is iníoctha ná an ráta céanna agus a bhí ar an éileamh roimhe seo, ach amháin má tá méadú nó athrú tagtha ar chúinsí airgeadais an teaghlaigh (leanbh cleithiúnaí nua mar shampla).

Mura nascann d’éileamh ar Shochar Cuardaitheora Poist le héileamh roimhe seo, caitear leis mar éileamh nua. Caithfidh tú fanacht 3 lá roimh íocaíocht a fháil agus tosaíonn iomlán carnach do laethanta ón gcéad lá íocaíochta.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi éilimh a nascadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le nascadh le scéim eile (amhail Sochar Breoiteachta) agus nascadh le héileamh roimhe sin ar Shochar Cuardaitheora Poist trí scéim eile nó trí thréimhse a caitheadh ar oiliúint nó ar scéim fostaíochta.

Fostaíocht nó oiliúint ghearrthéarmach

Feidhmíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí córas mear do dhaoine a chuireann deireadh lena Sochar Cuardaitheora Poist chun dul i mbun oibre ar feadh tréimhse ghearr (suas le 12 seachtain) nó chun dul ar ghearrchúrsa oiliúna (suas le 12 seachtain). Cinntíonn sé seo go gcuirtear d’íocaíocht i bhfeidhm arís gan mhoill. Tá sé tábhachtach go gcuireann tú in iúl do d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil roimh ré go bhfuil tú ag dul i mbun oibre nó oiliúna. Is féidir d’ Fhorlíonadh Cíosa a chur ar fionraí ar feadh suas le 12 sheachtain freisin.

Ráta Sochair Cuardaitheora Poist

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist an chéad lá a thagann tú chun bheith dífhostaithe. Tá sé tábhachtach iarratas a dhéanamh ar an gcéad lá a thagann tú chun bheith dífhostaithe mar ní bhfaighidh tú íocaíocht as an gcéad 3 lá de d’éileamh.

Ráta seachtainiúil Sochair Cuardaitheora Poist 2024

Meántuilleamh seachtainiúil

Uasráta pearsanta

Méadú do chleithiúnaí fásta

Méadú do leanbh cleithiúnach

Níos lú ná €150

€104.10

 

€99.70

Leanbh faoi 12 blian d'aois

€46 (ráta iomlán) ,€23 (leath-ráta)

Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine

€54 (ráta iomlán), €27 (leath-ráta)

€150-€219.99

€149.60

€220-299.99

€181.70

€300 nó níos mó

€232

€154

Faigheann tú ráta pearsanta agus b’fhéidir go bhfaighidh tú méadú i leith cleithiúnaí aosaigh agus leanbh cleithiúnach (féach thíos). Ní chuireann do mheántuilleamh seachtainiúil isteach ar an méid a fhaigheann tú do leanbh cleithiúnaí.

Meántuilleamh seachtainiúil

Tá rátaí Sochar Cuardaitheora Poist céimnithe de réir do thuillimh sa bhliain chánach ábhartha. Is ionann do mheántuilleamh seachtainiúil agus d’olltuilleamh bliantúil ó fhostaíocht roinnte ar líon na ranníocaíochtaí íoctha Aicme A, H nó P sa bhliain chánach ábhartha.

Is í an bhliain chánach ábhartha ná 2 bhliain roimh bhliain d’éilimh. Mar shampla, má dhéantar éileamh ar Shochar Cuardaitheora Poist in 2024, is í 2022 an bhliain chánach ábhartha. Mura gcáilíonn tú ach d’íocaíocht laghdaithe Sochair Cuardaitheora Poist, d’fhéadfadh go mbeadh sé níos fearr duit éileamh a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist in ionad Sochair Cuardaitheora Poist.

Mura raibh aon tuilleamh ón obair agat ach má fuair tú PUP in 2021, comhlíonfaidh tú an meánriachtanas tuillimh sheachtainiúil agus gheobhaidh tú an t-uasráta den Sochar Cuardaitheora Poist. Mar sin féin, má bhí tuilleamh agat ón obair in 2021, ríomhfar do mheántuilleamh seachtainiúil trí d'olltuilleamh bliantúil a roinnt ar líon na ranníocaíochtaí íoctha.

Rátaí pionóis

Is féidir d’íocaíocht a laghdú mura bhfreastalaíonn tú ar chruinnithe arna n-iarraidh ag an Roinn Coimirce Roinn nó mura nglacann tú páirt i scéim tacaíochta fostaíochta, taithí oibre nó oiliúint iomchuí. Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad smachtbhannaí mura gcloítear le coinníollacha d’íocaíochta cuardaitheora poist.

Éileamh ar Shochar Cuardaitheora Poist a dhéanamh i leith cleithiúnaithe

Má tá do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir i gcleithiúnas ort nó má tá sé ar ioncam íseal, d’fhéadfá méadú ar d’íocaíocht a éileamh ar a s(h)on. Tugtar Méadú i leith Aosach Cáilithe ar an méadú seo. Má tá do chleithiúnaí aosaigh ag tuilleamh €100 nó níos lú, gheobhaidh tú uasráta an mhéadaithe ina leith. Má tá sé nó sí ag tuilleamh idir €100 agus €310 gheobhaidh tú ráta laghdaithe den mhéadú. Má tá d’aosach cleithiúnach ag tuilleamh sa bhreis ar €310, ní bhfaighidh tú Méadú i leith Aosach Cáilithe.

Is féidir féachaint anseo ar ár ndoiciméid maidir le héileamh a dhéanamh i leith cleithiúnaí aosaigh agus Sochar Cuardaitheora Poist agus obair. Má tá leanaí cleithiúnacha agat, b'fhéidir go mbeidh tú in ann méadú ar d'íocaíocht a éileamh ar a son.

Íocaíocht a fháil

Féadfaidh tú d’íocaíocht Sochair Cuardaitheora Poist a bhailiú ón Oifig an Phoist is gaire duit.

Caithfidh tú aitheantas fótagrafach a thaispeáint chun d’íocaíocht a bhailiú. Meastar na cineálacha aitheantais fhótagrafaigh seo a leanas mar aitheantas fótagrafach bailí:

  • Cárta Seirbhísí Poiblí
  • Ceadúnas tiomána
  • Pas
  • Cead Cónaithe in Éirinn nó cárta GNIB

Féadfaidh baill foirne atá ag obair in oifig an phoist iarraidh ort d’aitheantais fótaghrafach a fheiceáil sula dtabharfar tú d’íocaíocht duit.

Cáin ar Shochar Cuardaitheora Poist

Tá Sochar Cuardaitheora Poist inchurtha faoi cháin. Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat toisc go bhfuil do ghnáthsheachtain oibre laghdaithe go sealadach (obair ghearr-ama chórasach) áfach, ní ghearrtar cáin ar do Shochar Cuardaitheora Poist. Má tá tú ag obair go páirtaimseartha agus ag fáil Sochair Cuardaitheora Poist do na laethanta nach bhfuil tú fostaithe, beidh do Shochar Cuardaitheora Poist inchurtha faoi cháin. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo faoi chánachas ar Shochar Cuardaitheora Poist agus faoi chánachas SCP ar oibrithe córasacha gearr-ama.

Sochair bhreise

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, seans go bhfuil tú i dteideal na nithe seo a leanas:

  • Forlíonadh Cíosa - íocaíocht faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.
  • Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil - liúntas chun cuidiú le costas éide agus bróga coisbhirt do leanaí atá ag freastal ar scoil
  • Cárta leighis - má tá d’ioncam faoi leibhéal áirithe, d’fhéadfá cárta leighis a fháil.

Ní cháilíonn tú chun an Pacáiste Sochair Teaghlaigh nó Saorthaisteal a fháil le Liúntas Cuardaitheora Poist.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist an chéad lá a thagann tú chun bheith dífhostaithe. Ní íoctar Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh na chéad 3 lá a bhfuil tú dífhostaithe (is ionann na chéad 3 lá agus 3 lá ar bith i dtréimhse 7 lá as a chéile, i.e. ní gá gur 3 lá as a chéile iad).

Má tá tú dífhostaithe don dara uair laistigh de 26 seachtain ó d’íocaíocht Sochar Cuardaitheora Poist deiridh, ní dhéileálfar le d’iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist mar éileamh nua agus ní gá 3 lá neamhíoctha eile a bheith agat. Féach ‘Éilimh a nascadh’ thuas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoi shíniú ar an mBeochlár den chéad uair.

Má cheapann tú gur diúltaíodh Sochar Cuardaitheora Poist duit go héagórach, is féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh .

Iarratais ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar Shochar Cuardaitheora Poist ar mywelfare.ie. Tar éis duit logáil isteach, lorgófar roinnt faisnéise pearsanta agus airgeadais, chomh maith le sonraí maidir le do stair fostaíochta, oiliúna agus oideachais. Iarrfar ort freisin na doiciméid tacaíochta atá ag teastáil a uaslódáil nó a chur isteach tríd an bpost.

Ní mór cuntas MyGovID a bheith agat chun iarratas ar líne a dhéanamh.

Faigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar líne chun íocaíochtaí agus seirbhísí leasa shóisialaigh a fháil.

Iarratais ar pháipéar

Más é seo an chéad uair duit iarratas a dhéanamh, ní mór an fhoirm UP 1 a chomhlánú. Is féidir foirm iarratais ar Shochar Cuardaitheora Poist a fháil i d’ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Má tá éileamh á dhéanamh agat an athuair (níos lú ná 6 mhí ó d’éileamh deiridh), ba cheart an fhoirm fUP6 (pdf) a chomhlánú. Tá foirmeacha iarratais ar fáil freisin ó d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Beidh doiciméid áirithe ag teastáil chun iarratas á dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist: Mura bhfuil na doiciméid seo agat, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar aon nós agus iad a chur ar fáil ar ball. Is fiú cuimhneamh má bhíonn moill i gceist iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist, go bhfuil seans ann go gcaillfidh tú do theidlíochtaí iomlána.

Féadfaidh tú cabhair a fháil maidir le d’fhoirm iarratais a chomhlánú ag d’Ionad Intreo, d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó Ionad Faisnéise do Shaoránaigh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist

Ba cheart iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Iarratais ar líne

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar Shochar Cuardaitheora Poist ar MyWelfare.ie.

Tuilleadh eolais

Athrú ar Fhad an tSochair Cuardaitheora Poist

Tháinig laghdú 3 mhí ar ré an tSochair Cuardaitheora Poist le héifeacht ón 3 Aibreán 2013. I gcás daoine a bhfuil 260 ranníocaíocht ÁSPC nó níos mó íoctha acu, laghdaíodh é ó 12 mhí (312 lá) go 9 mí (234 lá). I gcás daoine a bhfuil níos lú ná 260 ranníocaíocht ÁSPC íoctha acu, laghdaíodh é ó 9 mí (234 lá) go 6 mhí (156 lá). Ní dhearnadh aon difear d’éilitheoirí a bhí Sochar Cuardaitheora Poist á fháil acu ar feadh 6 mhí nó ní b’fhaide ar an 3 Aibreán 2013 (nó 3 mhí do dhaoine a raibh líon ní ba lú ná 260 ranníocaíocht acu) (féach an tábla thíos).

I gcás daoine atá ag éileamh SCP cheana féin ar nó roimh 3 Aibreán 2013
Líon na ranníocaíochtaí íoctha Líon na laethanta ag éileamh SCP Fad uasta an éilimh ar SCP Éifeacht an athraithe
260 nó níos mó 156 nó níos mó (6 mhí nó níos mó) 312 lá ( 12 mhí) Gan athrú
260 nó níos mó Níos lú ná 156 (níos lú ná 6 mhí) 234 lá (9 mhí) Laghdaíonn fad an éilimh 78 lá (3 mhí)
Níos lú ná 260 78 nó níos mó (3 mhí) 234 lá (9 mhí) Gan athrú
Níos lú ná 260 Níos lú ná 78 (níos lú ná 3 mhí) 156 lá (6 mhí) Laghdaíonn fad an éilimh 78 lá (3 mhí)

Sochar Cuardaitheora Poist ar leathráta mar aon le híocaíocht leasa shóisialaigh eile

San am a chuaigh thart, daoine a bhí ag fáil Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó íocaíocht do bhanchéile thréigthe agus a chomhlíon na coinníollacha ar fad maidir le Sochar Cuardaitheora Poist a fháil, bhí siad i dteideal leath an ghnáthráta den Sochar Cuardaitheora Poist. Cuireadh deireadh leis na híocaíochtaí ar leathráta seo ó mhí Feabhra 2012.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024