Sochar Atharthachta

Réamhrá

Íocaíocht is ea Sochar Atharthachta do dhaoine fostaithe agus féinfhostaithe atá ar saoire atharthachta ón obair agus atá cumhdaithe ag árachas sóisialach (ÁSPC). Íoctar an sochar ar feadh coicíse agus tá fáil air d’aon leanbh a shaolaítear nó a uchtaítear an 2 Meán Fómhair 2016 nó ina dhiaidh sin. Féadfaidh tú tús a chur le saoire atharthachta ag tráth ar bith laistigh de na chéad 6 mhí i ndiaidh na breithe nó an tsocrucháin uchtála.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht 4 seachtaine sula mbeartaíonn tú dul ar saoire atharthachta (12 sheachtain má tá tú féinfhostaithe).

Má tá íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil agat cheana féin, b’fhéidir go dtabharfar Sochar Atharthachta ar leathráta duit.

Féadfaidh tú Ceisteanna Coitianta mionsonraithe a léamh faoi Shochar Atharthachta ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Achomhairc

Tá an ceart agat chun an cinneadh a achomharc a rinneadh faoi d’éileamh ar Shochar Atharthachta. Féadfaidh tú faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi achomharc a dhéanamh ón Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.

Rialacha

Caithfidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir go mbeartaíonn tú chun saoire atharthachta a ghlacadh agus chun do dhátaí beartaithe a sholáthar tráth nach déanaí ná 4 seachtaine roimh do shaoire. Caithfidh tú cruthúnas a thabhairt i leith an dáta a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh. Go ginearálta, beidh ort deimhniú a sholáthar ó dhochtúir do chéile nó do pháirtnéara shibhialta ina ndeimhnítear cathain a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh, nó, deimhniú maidir leis an dáta féin breithe má tá iarratas á dhéanamh agat i ndiaidh na breithe.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta ar a laghad 4 seachtaine sula mbíonn sé beartaithe agat dul ar saoire atharthachta. Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh 12 sheachtain roimh ré. Caithfidh tú clárú le haghaidh Cárta Seirbhíse Poiblí (mura bhfuil ceann agat cheana féin) agus clárú le seirbhís mywelfare.ie (féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos chun teacht ar shonraí faoi conas seo a dhéanamh).

Chomh maith leis sin, caithfidh tú coinníollacha na ranníocaíochta ÁSPC a shásamh.

Coinníollacha na ranníocaíochta ÁSPC

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí Sochar Atharthachta le daoine a bhfuil líon áirithe de ranníocaíochtaí íoctha ÁSPC acu ar a dtaifead árachais shóisialaigh. Féadfaidh na ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith ó fhostaíocht agus ó fhéinfhostaíocht araon. Is iad na haicmí ÁSPC a chuirtear san áireamh i dtreo Sochar Atharthachta A, E, H agus S (féinfhostaithe). Níl Sochar Atharthachta iníoctha le comhaltaí atá ag fónamh sna Fórsaí Cosanta a íocann ÁSPC ar Aicme H, áfach.

Más fostaí thú, caithfidh go bhfuil:

  • 39 seachtain de ÁSPC, ar a laghad, íoctha agat i rith na tréimhse 12 mhí roimh an gcéad lá de do shaoire atharthachta.

  • 39 seachtain de ÁSPC, ar a laghad, íoctha agat ó thosaigh tú ag oibriú i dtosach agus 39 seachtain de ÁSPC, ar a laghad, íoctha agat nó curtha do shochar agat sa bhliain ábhartha chánach nó sa bhliain chánach díreach i ndiaidh na bliana ábhartha cánach. Mar shampla, má bheidh tú ag dul ar saoire atharthachta in 2024, is é 2022 an bhliain ábhartha chánach agus is í an bhliain ina dhiaidh sin 2023.

  • 26 seachtain de ÁSPC, ar a laghad, íoctha agat sa bhliain ábhartha chánach agus 26 seachtain de ÁSPC, ar a laghad, íoctha agat sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain ábhartha chánach. Mar shampla, má bheidh tú ag dul ar saoire atharthachta in 2024, is é 2022 an bhliain ábhartha chánach agus is í an bhliain roimhe sin 2021.

Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC seo agus má bhí tú féinfhostaithe sular thosaigh tú ag oibriú mar fhostaí, féadfaidh tú do ranníocaíochtaí Aicme S a úsáid chun cáiliú do Shochar Atharthachta – féach coinníollacha ÁSPC do dhaoine féinfhostaithe thíos.

Bronntar ranníocaíochtaí nó creidmheasanna creidiúnaithe ort go huathoibríoch nuair a bhíonn Sochar Atharthachta á fháil agat. Bronntar creidmheasanna ar an ráta céanna leis an ranníocaíocht deiridh a d’íoc tú. Cabhraíonn na creidmheasanna seo chun do theidlíocht amach anseo do shochair agus pinsin leasa shóisialaigh a chosaint.

Má bhí fostaíocht inárachais agat roimhe seo i dtír atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE, féadfaidh tú do thaifead árachais sa tír sin a chur le do ranníocaíochtaí Éireannacha ÁSPC chun cabhrú leat cáiliú do Shochar Atharthachta in Éirinn. Caithfidh fostaíocht inárachais a bheith agat in Éirinn agus caithfidh gur íoc tú do ranníocaíocht ÁSPC is déanaí in Éirinn. Tá níos mó faisnéise ar fáil inár gcáipéis faoi Ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón gcoigríoch a chomhcheangal..

Má tá tú féinfhostaithe, caithfidh fostaíocht inárachais a bheith agat agus:

  • 52 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ar Aicme S sa bhliain ábhartha chánach. Mar shampla, má bheidh tú ag dul ar saoire atharthachta in 2024, is é 2022 an bhliain ábhartha chánach.

  • 52 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha ar Aicme S sa bhliain ábhartha chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bheidh tú ag dul ar saoire atharthachta in 2024, is é 2021 an bhliain ábhartha chánach díreach roimh an mbliain ábhartha chánach.

  • 52 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ar Aicme S sa bhliain chánach díreach i ndiaidh na bliana ábhartha cánach. Mar shampla, má bheidh tú ag dul ar saoire atharthachta in 2024, is é 2023 an bhliain chánach díreach i ndiaidh na bliana ábhartha cánach.

Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC seo agus má bhí tú i bhfostaíocht inárachais sular thosaigh tús leis an bhféinfhostaíocht, féadfaidh tú do ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme A, E agus H) a úsáid san fhostaíocht sin chun cáiliú do Shochar Atharthachta – féach ranníocaíochtaí ÁSPC do dhaoine fostaithe thuas.

Má tá tú i bhféinfhostaíocht inárachais, ní bhronntar ort ranníocaíochtaí creidiúnaithe ná creidmheasanna go huathoibríoch nuair a bhíonn Sochar Atharthachta á fháil agat. Ní dhéantar duine féinfhostaithe a eisiamh go sonrach ó chreidmheasanna fostaíochta. Féadfaidh tú cáiliú do chreidmheasanna má chomhlíonann tú na coinníollacha. Mar shampla, cháileodh iarratasóir ar Shochar Atharthachta atá féinfhostaithe anois ach a bhí fostaithe in 2021 do chreidmheasanna. Mura mbeidís ach féinfhostaithe, gan a bheith fostaithe, le 3 bliana anuas, ní cháileoidís do chreidmheasanna.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat cheana féin

D’fhéadfadh go mbeadh Sochar Atharthachta ar leathráta iníoctha má bhí aon cheann de na híocaíochtaí a leanas á fháil agat:

Má tá cúram lánaimseartha á sholáthar agat do dhuine eile, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Liúntas Cúramóra ar leathráta in éineacht le do Shochar Atharthachta.

Deimhniúchán saoire

Caithfidh a bhfostóir a saoire atharthachta a dheimhniú do gach fostaí. Má tá tú féinfhostaithe, déanann tú féin do shaoire a fhéindeimhniú.

Caithfidh tú cruthúnas a sholáthar i dtaobh an dáta a bhfuil súil leis go mbéarfaidh do chéile nó do pháirtnéir ar an leanbh. I bhfriotal eile, beidh ort deimhniú a sholáthar ó dhochtúir do chéile nó do pháirtnéara shibhialta ina ndeimhnítear cathain a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh, nó deimhniú maidir leis an dáta féin breithe má tá iarratas á dhéanamh agat i ndiaidh na breithe.

I gcás uchtála, caithfidh tú deimhniú socrúcháin maidir leis an leanbh a sholáthar.

I gcás uchtáil idirthíre a thit amach lasmuigh den Stát, caithfidh tú dearbhú incháilitheachta agus oiriúnachta maidir leis an leanbh agus critéir i scríbhinn a sholáthar a bhaineann le lá an tsocrúcháin nó leis an lá a bhfuil súil leis go ndéanfar an socrúchán.

Má chinneann tú, ag céim ar bith, gan glacadh le do shaoire atharthachta, ní féidir Sochar Atharthachta a íoc leat. Ba cheart duit rannóg Sochar Atharthachta na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas ar aon athruithe a thagann ar do shocruithe maidir le saoire atharthachta.

Fad an tSochair Atharthachta

Íoctar Sochar Atharthachta ar feadh 2 sheachtain agus ní mór an 2 sheachtain a ghlacadh i ndiaidh a chéile.

Rataí

Ráta seachtainiúil an tSochair Atharthachta 2024

Sochar Atharachta

Ráta seachtainiúil

Íocaíocht chaighdeánach

€274

Íocaíochtaí le haghaidh cleithiúnaithe

Má tá cleithiúnaithe agat, cuirtear do ráta Sochar Atharthachta (gan méaduithe do chleithiúnaithe a chur san áireamh) i gcomparáid leis an ráta Sochar Breoiteachta (méaduithe do chleithiúnaithe san áireamh) a d’íocfaí leat dá mbeifeá as láthair ón obair de bharr tinnis. Íoctar an ráta is airde den 2 ráta leat.

Cé go gcuirtear tús leis an ráta Sochar Breoiteachta ó bhunmhéid pearsanta níos ísle (is é €232 an ráta uasta pearsanta de Shochar Breoiteachta), cuireann sé san áireamh íocaíochtaí breise do do theaghlach. Seo an fáth, ag brath ar chúinsí do chéile, páirtnéara shibhialta nó do chomháitritheora agus ar cé mhéid leanaí atá agat, go bhféadfadh a ráta a íoctar leat a bheith níos airde ná an ráta a mbeifeá i dteideal a fháil murach sin.

Mar shampla (Rátaí 2024):

Ta Seán i dteideal Sochar Atharthachta ag an ráta caighdeánach €274. Ta a páirtí dífhostaithe agus ag síniú do chreidmheasanna dífhostaíochta. Tá beirt pháistí acu.

Dá bhfaigheadh sé Sochar Breoiteachta gheobhadh sé (seo ráta pearsanta den sochar breoiteachta + méadú d'aosach incháilithe + méaduithe do 2 pháistí incháilithe faoi 12 blian d'aois) ní féidir leis níos lú sochar atharthachta a fháil is a bhfaigheadh sé dá mbeadh sé tinn agus sochar breoiteachta a fháil aige. Ar an gcúis seo, gheobhaidh sé sochar atharthachta €478.

Má bhíonn íocaíocha leasa shóisialaigh ag do chleithiúnaí aosaigh ní bhfaighidh tú íocaíocht d'aosach incháilithe (MAI) ach d'fhéadfadh go bhfaighfeá méadú leathráta do leanbh incháilithe (MLI)

Beidh tú i dteideal MAI ar an ráta iomlán agus MLI ar an ráta iomlán má bhíonn do chleithiúnaí aoisigh dífhostaithe agus ag saighneáil le haghaidh creidmheasanna nó má thuilleann se níos lú ná €100.01 in aghaidh na seachtaine

Má thuilleann do chleithiúnaí aosaigh idir €100.01 agus €310 in aghaidh na seachtaine gheobhaidh tú ráta barrchaolaithe den MAI agus ráta iomlán MLI. Má thuileann do chleithiúnaí aosaigh idir €310.01 agus €400 in aghaidh na seachtaine ní bhfaighidh tú MAI ach gheobhaidh tú MLI ar leathráta. Má thuilleann do chleithiúnaí níos mó ná €400 in aghaidh na seachtaine ní bhfaighidh tú MAI ná MLI.

Conas a dhéantar an íocaíocht

Íoctar Sochar Atharthachta díreach isteach i do chuntas bainc nó comhar creidmheasa (cuntas reatha nó taisce, seachas cuntas morgáiste) nó féadfaidh tú a roghnú go n-íoctar é go díreach isteach i gcuntas bainc d’fhostóra.

Nóta: Leanfaidh roinnt fostóirí le fostaí a íoc, ina iomláine, fad a bhíonn an fostaí ar saoire atharthachta. Sna cásanna siúd, is gnách go n-iarrfaidh an fostóir ar an bhfostaí go n-íoctar leo aon Sochar Atharthachta a fhaigheann siad. Ba cheart duit do chonradh fostaíochta a sheiceáil féachaint cad a bhaineann leat.

Cáin a Ghearradh ar Shochar Atharthachta

Gearrtar cáin ar Shochar Atharthachta i measc gach éilitheora. Níl Muirear Sóisialta Uilíoch agus ÁSPC le híoc. Féadfaidh tú léamh faoi conas a ghearrtar cáin ar Shochar Atharthachta sa cháipéis, Gearradh cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Conas iarratas a dhéanamh

Caithfidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir ceithre seachtaine, ar a laghad, sula nglacann tú do shaoire atharthachta (12 sheachtain má tá tú féinfhostaithe). Má tá leanbh á uchtú agat, caithfidh tú deimhniú a sholáthar maidir le dáta socrúcháin do linbh.

Is féidir foirm iarratais Sochar Atharthachta ( foirm PB1) a iarraidh ó Rannóg an tSochair Atharthachta trí an fhoirm slán fiosrúcháin a úsáid ( féach ‘ Cá ndéantar iarratas’, thíos).

Má tá tú fostaithe, caithfidh tú cruthúnas a sholáthar do d’fhostóir maidir leis an dáta a bhfuil súil leis go dtabharfaidh do chéile nó páirtnéir an leanbh ar an saol. I bhfriotal eile, beidh ort deimhniú a sholáthar ó dhochtúir do chéile nó do pháirtnéara shibhialta ina ndeimhnítear cathain a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh, nó deimhniú maidir leis an dáta féin breithe má tá iarratas á dhéanamh agat i ndiaidh na breithe.

Fostaithe: Caithfidh d’fhostóir foirm a chomhlánú lena dheimhniú go bhfuil tú i dteideal saoire atharthachta. Foirm PB2: Deimhniú Fostóra do Shochar Atharthachta(pdf) an fhoirm seo. Ansin, beidh ort Foirm Iarratais ar Shochar Atharthachta a chomhlánú.

Daoine féinfhostaithe: Má tá tú féinfhostaithe, caithfidh dochtúir an dáta a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh (nó dáta féin breithe an linbh) a dheimhniú. Teastaíonn seo lena dheimhniú go bhfuil tú i dteideal saoire atharthachta a ghlacadh.

Foirm PB3: Deimhniú Leighis do Shochar Atharthachta (pdf) atá i gceist leis an bhfoirm seo. Ansin, beidh ort Foirm Iarratais ar Shochar Atharthachta a chomhlánú, chomh maith.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Iarratas ar líne

Beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta ar líne ag mywelfare.ie. Uaslódálann tú an fhoirm iarratais (Foirm PB 1) agus na doiciméid tacaíochta (foirm PB2 d’fhostaithe nó foirm PB3 má tá tú féinfhostaithe) agus cuireann tú isteach ar líne iad.

Caithfidh Cárta Seirbhísí Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta (atá nasctha le d’uimhir fón póca ) chomh maith le cuntas MyGovID, a bheith agat, le hiarratas a dhéanamh ar líne. Déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó le d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil, le fáil amach an bhfuil d’uimhir fón póca nasctha le do Chárta Seirbhísí Poiblí. Mura bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat cheana féin, féadfaidh tú coinne a dhéanamh chun ceann a fháil ag mywelfare.ie. Beidh ort clárú leis an láithreán ar dtús. Chun seo a dhéanamh, teastaíonn uimhir ghuthán póca agus dhá sheoladh ríomhphoist uait (príomhsheoaldh ríomhphoist agus seoladh eile ríomhphoist). Nuair a bheidh do choinne déanta, priontáil an fógra agus tabhair leat é chuig do choinne anuas ar na cáipéisí a theastaíonn (a liostaítear san fhógra).

Rannóg an tSochair Atharthachta

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

Tuilleadh eolais

Breitheanna réamhaibí

Má shaolaítear do leanbh go réamhaibí (sula mbíonn do Shaoire Atharthachta agus do Shochar Atharthachta dlite le tosú) agus más mian leat do dhátaí saoire a athrú, ba cheart duit litir a sheoladh ó d’fhostóir ina ndeimhnítear na dátaí nua saoire agus dáta breithe do linbh chuig an Rannóg Sochar Atharthachta den Roinn Sóisialaí. Má tá tú féinfhostaithe, caithfidh tú litir a sheoladh chuig an Rannóg Sochar Atharthachta ina luaitear do dhátaí nua saoire, anuas ar litir ó dhochtúir nó ón ospidéal ina ndeimhnítear dáta breithe do linbh.

Marbh-bhreitheanna agus breitheanna anabaí

Má tharlaíonn marbh-bhreith nó breith anabaí ag aon tráth i ndiaidh an 24ú seachtain de thoircheas (i.e. ó thús an 25ú seachtain) agus má tá tú i dteideal saoire atharthachta a ghlacadh, beidh tú i dteideal 2 sheachtain de Shochar Atharthachta a fháil a fhad agus a shásaíonn tú na riachtanais árachais shóisialaigh (ÁSPC).

Chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta i ndiaidh marbh-bhreithe, is gá duit litir a sheoladh ó do dhochtúir i dteannta na foirme iarratais ar Shochar Atharthachta, ina ndeimhnítear an dáta a bhfuil súil leis go saolófar an leanbh, an dáta féin breithe agus líon seachtainí an toirchis.

Caithfidh d’fhostóir an tsaoire a dheimhniú go fóill nó caithfidh an tsaoire a bheith féindeimhnithe má tá tú féinfhostaithe.

Leanbh a thabhairt chun ospidéil

Má tá do leanbh in ospidéal, féadfaidh tú do shaoire atharthachta agus do Shochar Atharthachta nó pé cuid díobh nár ghlac tú/nach bhfuair tú a chur siar ar feadh 6 mhí, ar a mhéid. Más fostaí thú agus más mian leat do dhátaí saoire a athrú mar gheall gur tugadh do leanbh chun ospidéil, ba cheart duit litir a sheoladh ó d’fhostóir ina ndeimhnítear na dátaí nua saoire chuig an Rannóg Sochar Atharthachta den Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Má tá tú féinfhostaithe agus más mian leat do dhátaí saoire a athrú mar gheall gur tugadh do leanbh chun ospidéil, caithfidh tú litir a sheoladh chuig an Rannóg Sochar Atharthachta ina luaitear do dhátaí nua saoire, anuas ar litir ó dhochtúir nó ón ospidéal ina ndeimhnítear dáta breithe do linbh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024