Conas do dhualgais chánach a chomhlíonadh

Réamhrá

Más fostaí thú, is gnách go n-íocann tú cáin trí Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT). Ciallaíonn sé seo go n-asbhaineann d’fhostóir do cháin ó do thuarastal. Úsáidtear ÍMAT freisin má fhaigheann tú pinsean ceirde á fháil agat.

Más oibrí ÍMAT nó pinsinéir tú agus má tá foinse eile ioncaim agat freisin, mínítear ar an leathanach seo conas an t-ioncam sin a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Má tá an t-ioncam os cionn méid áirithe, déanann tú tuairisceán cánach faoin gcóras féinmheasúnaithe.

Féinmheasúnú do cháiníocóirí ÍMAT

Ciallaíonn féinmheasúnú go bhfuil tú freagrach as do mheasúnú féin a dhéanamh ar an gcáin atá dlite duit.

Cathain a chaithfidh mé mo cháin a fhéinmheasúnú más cáiníocóir ÍMAT mé?

Mura bhfuil agat ach ioncam ÍMAT, ní gá duit do cháin a fhéinmheasúnú.

Má tá ioncam ÍMAT agat ach go bhfuil ioncam agat ó fhoinsí neamh-ÍMAT freisin, ní mór duit tuairisceán cánach a dhéanamh faoi fhéinmheasúnú más ionann an t-ioncam neamh-ÍMAT agus:

  • Glanioncam inchánach (tar éis caillteanais, liúntais chaipitiúla agus faoisimh eile) €5,000 nó níos mó i mbliain.

  • Ioncam comhlán iomlán €30,000 nó níos mó i mbliain. Tá feidhm aige seo fiú mura bhfuil aon cháin dlite ar an ioncam seo toisc go bhfuil sé laghdaithe ag caillteanais, liúntais chaipitiúla nó faoisimh chánach eile.

Má bhíonn ort do cháin a fhéinmheasúnú, tugtar duine inmhuirearaithe ort.

An féidir liom ioncam neamh-ÍMAT a thuilleamh gan úsáid a bhaint as féinmheasúnú?

Más cáiníocóir ÍMAT tú agus má tá ioncam neamh-ÍMAT agat freisin, ní gá féinmheasúnú a úsáid má bhaineann na pointí seo a leanas leis an ioncam sin:

  • Glanioncam inchánach faoi €5,000 (tar éis caillteanais, liúntais chaipitiúla agus faoisimh eile) agus
  • Códaithe isteach in aghaidh creidmheasanna cánach ÍMAT (féach thíos) nó gearrtar cáin iomlán orthu ag an bhfoinse agus
  • Ioncam comhlán níos lú ná €30,000

Cé nach duine inmhuirearaithe tú le haghaidh féinmheasúnaithe, caithfidh tú fós na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin ioncam seo. Féach thíos chun eolas a fháil maidir le Conas tuairisceán cánach a dhéanamh mura bhfuil ort féinmheasúnú a úsáid.

Códú isteach

I gcásanna áirithe, is féidir ioncam ó fhoinsí eile a chódú isteach i gcoinne do chreidmheasanna cánach agus an scoithphointe ráta chaighdeánaigh. Ciallaíonn códú isteach go laghdóidh na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach agus do scoithphointe ráta caighdeánaigh araon chun an cháin atá dlite ar d’ioncam eile a mheaitseáil. Ciallaíonn sé seo go mbailítear faoi ÍMAT an cháin atá dlite ar d’ioncam eile. Tarlaíonn sé seo i gcás cánachas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, mar shampla.

Conas tuairisceán cánach féinmheasúnaithe a dhéanamh

Más duine inmhuirearaithe tú, ní mór duit do thuairisceán cánach ioncaim a dhéanamh agus féinmheasúnú a dhéanamh ar do chúrsaí cánach. Is féidir:

treoir maidir fhéinmheasúnú a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá treoracha faisnéise agus físe ar fáil ann freisin maidir le do thuairisceán cánach a chomhdú.

Má úsáideann tú ROS chun do thuairisceán cánach a dhéanamh ar líne, ríomhfaidh sé d’fhéinmheasúnú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil. Féadfaidh tú glacadh leis an ríomh seo nó is féidir d’fhéinmheasúnú féin a chur isteach.

Má úsáideann tú cóip chrua d’Fhoirm 11, tá mír san fhoirm a bhaineann le féinmheasúnaithe ann beidh ort (nó ar do ghníomhaire) é sin a chomhlánú agus a shíniú. Má chomhdaíonn tú an chóip chrua den tuairisceán cánach go luath, roimh an 31 Lúnasa, comhlánóidh na Coimisinéirí Ioncaim an chuid féinmheasúnaithe ar do shon.

An Córas Íoc agus Tuairiscigh

Faoi fhéinmheasúnú, tá dáta coitianta le haghaidh cáin a íoc agus tuairisceáin chánach a chomhdú. Is é seo an 31 Deireadh Fómhair gach aon bhliain. Ligeann an córas seo, ar a dtugtar Íoc agus Tuairiscigh duit (nó do do ghníomhaire) do thuairisceán a chomhdú agus iarmhéid na cánach atá gan íoc don bhliain roimhe sin a íoc ag an am céanna. Faoin gcóras seo ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Réamhcháin a íoc don bhliain chánach reatha ar an 31 Deireadh Fómhair, nó roimhe sin gach bliain – is gnách go mbíonn an spriocdháta do dhaoine a chomhdaíonn ar líne tríd an tSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) beagán níos déanaí ná sin.
  • Do thuairisceán cánach a dhéanamh tar éis dheireadh na bliana cánach ach tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin.
  • Iarmhéid cánach ar bith atá dlite don bhliain chánach roimhe sin a íoc ar an 31 Deireadh Fómhair, nó roimhe sin.

Mar shampla, faoin 31 Deireadh Fómhair 2023 ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Do réamhcháin don bhliain 2023 a íoc
  • Do thuairisceán cánach féinmheasúnaithe do 2022 a chomhdú
  • Iarmhéid cánach ioncaim ar bith atá ann don bhliain 2022 a íoc

Conas tuairisceán cánach a dhéanamh mura bhfuil ort féinmheasúnú a dhéanamh

Má tá ioncam neamh-ÍMAT agat nach gá duit féinmheasúnú a dhéanamh air, is féidir an Fhoirm 12 a úsáid chun an t-ioncam sin a dhearbhú. Is féidir leat:

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Tá uimhreacha gutháin íosghlao agus sonraí teagmhála oifigí réigiúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil ar leathanach teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is féidir ceisteanna a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim freisin trí M'Fhiosruithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Meán Fómhair 2023