Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)

Réamhrá

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) iníoctha le baintreach, le baintreach fir nó le páirtnéir sibhialta marthanach nach bhfuil incháilithe d’Íochaíocht Bhaintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Rannaíoch). Tugadh an Pinsean Baintrí/Baintrí Fir (Neamh-Ranníocach) ar an íocaíocht seo roimhe seo.

Is é pinsean do bhaintreacha, do bhaintreacha fir nó do pháirtnéirí sibhialta marthanacha nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Ba cheart do dhaoine a bhfuil páistí cleithiúnacha acu cur isteach ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

Ní íoctar Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) le daoine atá 66 bliain d’aois agus níos sine, ach is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Pinsean Stáit (Neamh-Rannaíocach).

Rialacha

Chun cáiliú ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir nó do pháirtnéir sibhialta a mhaireann, agus ní féidir leat a bheith in aontíos le duine eile. Coinníonn tú do theidlíocht an pinsean seo a fháil má tá tú colscartha nó má tá do pháirtíocht sibhialta tar éis díscaoileadh, agus dá mbeadh tú i dteideal an phinsean a fháil dá bhfanfá pósta nó sa pháirtíocht shibhialta.

Beidh tú i dteideal:

  • Má éiríonn leat sa scrúdú maoine agus
  • Má sásaíonn tú na coinníollacha a bhaineann le gnáthchónaí.

An tástáil acmhainne

Is ionann do chuid acmhainní agus ioncam nó réadmhaoin ar bith atá agat (seachas do theach féin) nó sócmhainn ar bith a d'fhéadfadh airgead a thabhairt isteach nó ioncam a sholáthar duit.

Meastar acmhainní de réir rialacha sonracha faoi na cinnteidil a leanas:

  • Ioncam airgead tirim agus ioncam ó fhostaíocht
  • Luach caipitil agus maoine nach bhfuil úsáid phearsanta á baint as
  • Luach maoine a bhfuil úsáid phearsanta á baint as (m.sh., ,coigiltis, infheistiochtai airgead tiruin seachas, do theach cónaithe)

Ioncam airgead tirim agus ioncan ó fhostaíocht

Déantar measúnú sa scrúdú maoine ar gach ioncam i bhfoirm airgid atá agat. I measc na míreanna d’ioncam airgid a dhéantar a mheasúnú tá aon ioncam ó phinsean slándála sóisialaí ó thír eile.

Tá míreanna áirithe den ioncam airgid nach gcuirtear san áireamh, áfach. Ní chuirtear san áireamh, mar shampla, airgead suas go €100 in aghaidh na seachtaine a thuilltear de thoradh fostaíochta (ach ní de thoradh féinfhostaíochta). Is mar mhaoin a áirítear gach ioncaim os a chionn sin. Ní chuirtear íocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Scoir Feirmeoireachta san áireamh. Tá tuilleadh faoi conas measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó airgead tirim.

Ioncam Cúntóra Bhaile: Ó Eanáir 2012 cuirtear aon ioncam a fhaigheann tú ó obair mar chúntóir baile le FSS san áireamh don tástáil acmhainne.

Caipiteal agus maoin nach bhfuil úsáidte go pearsanta

Déantar measúnacht ar choigilteas, infheistíochtaí, airgead ar láimh agus réadmhaoin ar bith ar leat í (ach nach é do bhaile féin é) mar chaipiteal. Cuirtear do chuid caipitil ar fad ó fhoinsí éagsúla le cheile agus baintear úsáid as foirmle speisialta ansin le do chuid acmhainní seachtainiúla ó chaipiteal a aimsiú.

Áirítear leis an réadmhaoin agus na hinfheistíochtaí a bhféadfaí a mheas faoi réir na ceannscríbhinne seo coigilteas i gcuntas bainc (nó áit ar bith eile), teach atá ligthe amach ar cíos agat agus scaireanna. Is féidir go mbeidh tú ag fáil ioncaim ón réadmhaoin nó ón infheistíocht nó nach mbeidh. Ní dhéantar measúnacht ar ioncam ó réadmhaoin atá measúnaithe cheana féin ar a luach caipitil sa tástáil mhaoine - féach ioncam airgid thuas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir leis an dóigh a ndéantar réadmhaoin a mheas mar acmhainn.

Ioncam ó d’áit chónaithe (cosúil le cíos)

Ní chuirtear luach an tí ina gcónaíonn tú san áireamh sa tástáil mhaoine. Is féidir ioncam atá á fháil agat ó d’áit chónaithe (mar shampla, seomra a ligean ar cíos) a chur san áireamh. Bíonn na heisceachtaí seo a leanas i gceist, áfach:

•Tá tú ag cónaí leat féin: Mura mbeifeá ag cónaí leat féin dá ligfeá an seomra ar cíos, ní chuirtear d’ioncam ó chíos san áireamh.

•Níl tú ag cónaí leat féin: Is féidir leat a mhéid le €269.23 sa tseachtain (€14,000 sa bhliain) a thuilleamh ó sheomra i d’áit chónaithe a ligean ar cíos gan difear a dhéanamh do do Phinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach). Caithfidh an duine a fhaigheann seomra ar cíos i d’áit chónaithe an seomra a úsáid ar feadh 28 lá i ndiaidh a chéile, ar a laghad, agus níor cheart gurbh fhostaí nó duine muinteartha den neasteaghlach é/í.

Ba cheart duit a sheiceáil má dhéanfaidh seomra a ligean ar cíos i d'áit chónaithe difear do do Liúntas Breosla.

Ní dhéantar measúnú ar an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta a íoctar as cóiríocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin sa tástáil mhaoine don Phinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach).

Acmhainní iomlána

Suimítear d'acmhainní faoi na cinnteidil éagsúla chun méid aon phinsin ar féidir leat a fháil a mheas.

Ní bhíonn aon tionchar ar ráta an phinsin ag an gcéad €7.60 de mhaoin in aghaidh na seachtaine faoi mar a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú uirthi. Ina dhiaidh sin déantar laghdú €2.50 in aghaidh na seachtaine ar an bpinsean in aghaidh gach €2.50 maoine.

Rataí

Ráta do Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) 2024

Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)

Uasráta seachtainiúil

Baintreach, baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach (faoi 66)

€232

Tá an pinsean seo inchánach ach má tá tú gan aon ioncam eile, ní miste cáin a ghearradh air.

Conas iarratas a dhéanamh

Íoslódail agus comhlánaigh foirm iarratais WP1 (pdf). Tá foirmeacha iarratais ar fáil ag oifig an phoist.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Oifig Sheirbhísí Pinsin

Oifig Sheirbhísí Pinsin
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Sligo
Ireland

Teil: 0818 200 400

Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil, Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024