Sochar Cúramora

Cad é Sochar Cúramóra?

Íoctar Sochar Cúramóra le daoine a fhágann an obair nó a laghdaíonn a gcuid uaireanta chun aire a thabhairt do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi.

Chun Sochar Cúramóra a fháil ní mór duit a bheith faoi 66 agus go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith agat – féach ‘Conas cáiliú le haghaidh Sochair Chúramóra’ thíos.

Féadfaidh tú Sochar Cúramóra a fháil ar feadh 2 bhliain (104 seachtaine) i dtaca le gach duine dá dtugann tú aire.

Féadfaidh tú 104 seachtaine ar fad a thógáil le chéile nó i dtréimhsí ar leith ar feadh suas le 104 seachtaine. Ach má éilíonn tú Sochar Cúramóra ar feadh tréimhse is lú ná sé seachtaine as a chéile, caithfidh tú fanacht go ceann tréimhse sé seachtaine eile sula mbeidh tú in ann Sochar Cúramóra a éileamh chun aire a thabhairt don duine céanna arís.

Má thugann tú aire do níos mó ná duine amháin, féadfaidh tú íocaíocht i dtaca le 104 seachtaine a fháil i leith gach duine dá dtugann tú aire. Má thagann na tréimhsí cúraim trasna ar a chéile nó má tharlaíonn siad ag an am céanna, gheobhaidh tú méadú ar do Shochar Cúramóra chun cúram a thabhairt do níos mó ná duine amháin - féach ‘Ráta an tSochair Chúramóra’ thíos.

Má fhaigheann tú Sochar Cúramóra, féadfaidh tú Cárta cuairte dochtúra a fháil chomh maith.

D'fhéadfá Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a fháil freisin. Is íocaíocht í a dhéantar uair sa bhliain le cúramóirí. Íoctar í ar an gcéad Déardaoin i mí an Mheithimh gach bliain.

Saoire Chúramóra

Ligeann saoire cúramóra duit d’fhostaíocht a fhágáil ar feadh suas le 104 seachtaine chun cúram lánaimseartha a sholáthar do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi. Tá an tsaoire gan phá, ach ní mór do phost a choinneáil le go bhfillfidh tú air ag deireadh do shaoire cúramóra. Ní gá duit cáiliú do Shochar Cúramóra chun saoire chúramóra a fháil.

Conas cáiliú le haghaidh Sochair Chúramóra

Féadfaidh tú Sochar Cúramóra a fháil:

  • Má tá tú 16 nó níos sine
  • Má tá go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) agat - féach thíos.
  • Má bhí tú fostaithe ar feadh 8 seachtaine ar a laghad sna 26 seachtaine roimhe sin ar feadh 16 uair sa tseachtain ar a laghad nó 32 uair sa choicís. Ní chaithfidh tú an riail seo a chomhlíonadh má bhí Sochar Cúramóra á fháil agat sna 26 seachtaine roimhe sin.
  • Mura bhfuil tú i do chónaí in ospidéal, i dteach téarnaimh nó in institiúid eile den chineál céanna.
  • Má tá cúram lánaimseartha de dhíth ar an té atá faoi chúram agus mura bhfuil sé/sí ina chónaí in ospidéal, i dteach téarnaimh nó in institiúid den chineál céanna – féach 'Cad is cúram lánaimseartha ann?' thíos.
  • Mura bhfuil tú fostaithe, féinfhostaithe, ag déanamh obair dheonach, oiliúna nó aon chúrsaí oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain – féach ‘Obair agus Sochar Cúramóra’ thíos.
  • Is ionann an t-uasmhéid is féidir leat a thuilleamh agus €350 in aghaidh na seachtaine tar éis cánach.

Ranníocaíochtaí ÁSPC

Chun Sochar Cúramóra a fháil ní mór duit ar a laghad 156 ranníocaíocht a bheith íoctha agat ag aon am ó thosaigh tú ag obair (ó chuaigh tú isteach sa chóras árachais shóisialaigh ÁSPC). Ní mór duit freisin:

  • 39 ranníocaíocht a bheith íoctha sa bhliain chánach ábhartha nó
  • 39 ranníocaíocht a bheith íoctha sna 12 mhí roimh thús do Shochar Cúramóra nó
  • 26 ranníocaíocht a bheith íoctha sa bhliain chánach ábhartha agus 26 ranníocaíocht íoctha sa bhliain roimhe sin.

Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán dheireanach roimh an mbliain ina ndéanann tú d’éileamh ar Shochar Cúramóra. Mar sin, i gcás éileamh a rinneadh in 2024, is é 2022 an bhliain chánach ábhartha.

Ní áirítear ach ranníocaíochtaí in Aicme A, B, C, D, H agus E i dtreo an tSochair Chúramóra. Ní áirítear Aicme S (ranníocaíochtaí féinfhostaithe).

Féadfar árachas sóisialta i mballstát eile den AE agus sa RA a úsáid chun na rialacha ranníocaíochta ÁSPC a chomhlíonadh. Ní mór do ranníocaíocht árachais shóisialaigh don tseachtain dheiridh a bheith íoctha in Éirinn.

Dámhtar ranníocaíochtaí creidiúnaithe nó creidmheasanna ort go huathoibríoch nuair a bhíonn Sochar Cúramóra á fháil agat. Bronntar creidmheasanna ag an ráta céanna le do ranníocaíocht íoctha dheireanach. Cuidíonn na creidmheasanna seo le do theidlíocht ar shochair leasa shóisialaigh agus pinsin a chosaint amach anseo.

Obair agus Sochar Cúramóra

Má tá Sochar Cúramóra á fháil agat, ní féidir leat oibriú (áirítear féinfhostaíocht agus obair dheonach san áireamh) ná páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna nó oideachais ar feadh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain.

Is ionann an t-uasmhéid is féidir leat a thuilleamh agus Sochar Cúramóra a fháil agus €350 in aghaidh na seachtaine. Seo é do ghlanioncam tar éis duit aon cheann díobh seo a leanas a bhaint as do phá iomlán; cáin ioncaim, an Muirear Sóisialta Uilíoch, ÁSPC, aoisliúntas (íocaíochtaí pinsin), tobhach pinsin, dleachtanna ceardchumainn, síntiúis le Cara-Chumainn agus aon phréimh chonartha árachais sláinte.

Cad is cúram lánaimseartha ann?

Chun Sochar Cúramóra a fháil ní mór duit cúram lánaimseartha a sholáthar do dhuine a bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth air/uirthi.

Meastar go bhfuil cúram agus aire lánaimseartha de dhíth ar dhuine:

  • Nuair atá gá aige/aici le maoirseacht leanúnach chun contúirt dó/di féin a sheachaint

  • Nuair atá gá aige/aici le maoirseacht leanúnach agus cúnamh go minic i gcaitheamh an lae i dtaca le gnáthfheidhmeanna coirp. Mar shampla, cabhrú le siúl agus bogadh thart, ithe nó ól, a bheith nite nó cóirithe.

Cinnfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí cibé an bhfuil cúram lánaimseartha de dhíth ar an duine.

Caithfidh dochtúir an té atá faoi chúram Tuairisc Leighis atá mar chuid den fhoirm iarratais ar Shochar Cúramóra a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil – féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Níl an Tuairisc Leighis seo ag teastáil más leanbh é an té a bhfuil an an Liúntas Cúraim Baile á fháil aige/aici. Féadfaidh tú Sochar Cúramóra a fháil fiú mura tusa an duine a bhfuil an Liúntas Cúraim Baile á fháil agat don leanbh.

Dul chuig an ospidéal, cúram faoisimh nó cúram lae

Níor cheart go mbeadh cónaí ort féin nó ag an duine a bhfuil cúram de dhíth air/uirthi in ospidéal nó in institiúid. Mar sin féin, is féidir leanúint le bheith á meas mar dhuine a sholáthraíonn cúram lánaimseartha má tá tú nó an té faoi chúram ag fáil cóir leighis nó cóireáil eile in ospidéal nó in institiúid ar feadh tréimhse nach faide ná 13 seachtaine.

Is féidir leanúint de bheith á meas mar dhuine a sholáthraíonn cúram lánaimseartha freisin má tá an duine atá faoi chúram ag freastal ar oiliúint athshlánúcháin neamhchónaitheach nó ar ionad cúram lae.

Má tá tú as baile

Má tá tú as baile, caithfidh tú a bheith in ann cúram lánaimseartha a shocrú don duine a dtugann tú aire dó/di.

Íocaíocht tar éis báis

Má fhaigheann an duine dá dtugann tú aire bás, leanfaidh d’íocaíocht Sochar Cúramóra ar feadh 6 seachtaine tar éis an bháis.

Rátaí

Rátaí Sochar Cúramora 2024

Cúramór

Uasráta seachtainiúil

Méadú do leanbh cáilithe

Ag tabhairt aire do dhuine amháin

€249

Leanbh faoi 12 blian d'aois

€46 (ráta iomlán) ,€23 (leath-ráta)

Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine

€54 (ráta iomlán), €27 (leath-ráta)

Ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin

€373.50

D’fhéadfá méadú a fháil ar d’íocaíocht Sochar Cúramóra má tá cleithiúnaí linbh agat. Má tá do leanbh in oideachas lánaimseartha, féadfaidh tú an méadú seo a fháil go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann an leanbh 22.

Tá Sochar Cúramóra inchánach.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Cúramóra

Chun iarratas a dhéanamh comhlánaigh foirm iarratais ar Shochar Cúramóra (pdf). Is féidir leat an fhoirm seo (CARB1) a fháil ó d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó ón Rannóg Sochar Cúramóra - féach ‘Cá háit le iarratas a dhéanamh’ thíos.

Molann an Roinn Coimirce Sóisialaí go ndéanann tú iarratas ar Shochar Cúramóra 10 seachtaine sula bhfágann tú an fhostaíocht, más féidir.

Ba cheart duit Codanna 1, 2, 3, 5, 6, 7 agus 8 den fhoirm Sochar Cúramóra a chomhlánú. Ba cheart do d’fhostóir Cuid 4 a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil. Ba chóir don duine atá ag fáil cúraim uait Cuid 10 a chomhlánú agus ba chóir dá ndochtúir an Tuairisc Leighis a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Shochar Cúramóra don dara duine, ba cheart duit úsáid a bhaint as foirm iarratais CARB2 (pdf).

Má cheapann tú gur diúltaíodh Sochar Cúramóra duit go héagórach, is féidir leat achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh seo.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Chun tuilleadh eolais faoi Shochar Chúramóra a fháil téigh i dteagmháil le d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Rannóg an tSochair Cúramóra

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha an Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770

Tá tuilleadh eolais faoi shaoire churamóra ó fhostaíocht ar fáil ó:

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90

Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre - Seirbhísí Idir-réitigh agus Idirghabhála

Teach Lansdún
Bóthar Lansdún
Baile Átha Cliath 4
D04 A3A8

Teil: (01) 613 6700
Lóghlao: 0818 80 80 90
Facs: (01) 613 6701
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024