Uimhreacha PSP d'eisimircigh Éireannacha atá ag filleadh agus a dteaghlaigh

Cad is uimhir PSP (UPSP) ann?

Nuair a fhilleann tú ar Éirinn, beidh uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) uait chun rochtain a fháil ar shochair leasa shóisialaigh agus ar sheirbhíí poiblí in Éirinn.

Is uimhir thagartha uathúil í uimhir PSP a ligeann duit:

  • Cláraigh leis na Coimisinéirí Ioncam le haghaidh cánach (má tá tú ag obair in Éirinn)
  • Déan iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh (Sochar Linbh san áireamh)
  • Déan iarratas ar cheadúnas tiomána

Bíonn 7 uimhir i PSP i gcónaí, agus 1 nó 2 litir ina ndiadh.

An bhfuil PSP agam cheana féin?

Má tá tú ag filleadh abhaile go hÉirinn, b'fhéidir go bhfuil uimhir PSP agat cheana féin.

Tá uimhir PSP agat cheana féin má:

  • Rugadh in Éirinn thú ó 1971 ar aghaidh
  • Thosaigh tú ag obair in Éirinn tar éis Aibreán 1979
  • Ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh Éireannach

Ma tá uimhir PSP agat cheana féin, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar cheann nua.

Cá bhfaighidh mé m'uimhir PSP?

Bíonn 7 uimhir i PSP i gcónaí, agus 1 nó 2 litir ina ndiadh.

Is féidir leat d'uimhir PSP a fháil ar do:

Chaill mé m'uimhir PSP

Mura bhfuil tú in ann d'uimhir PSP a aimsiú, déan teagmháil le Seirbhísí Aitheantais Cliant sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Is féidir leat:

  • Sheol ríomhphost chuig cis@welfare.ie
  • Glaoigh +353 (0) 71 967 2616, má tá tú ag glaoch ó lasmuigh d'Éirinn
  • Glaoigh 0818 927 999, má tá tú ag glaoch ó laistigh d'Éirinn

Deán iarratas ar uimhir PSP mar dhuine fásta

Sula ndéanann tú iarratas ar uimhir PSP, seiceáil an bhfuil ceann agat cheana féin (féach 'An bhfuil uimhir PSP agam cheana?' thuas).

Doiciméad tacaíochta

Nuair a dhéanann tú iarratas ar uimhir PSP, ní mór duit na nithe seo a leanas a thaispeáint:

  1. Cruthúnas ar an bhfáth go bhfuil uimhir PSP ag teastáil uait, mar shampla, toisc go bhfuil tú ag tosú ar phost nua agus go bhfuil ort clárú le haghaidh cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó toisc go bhfuil ort iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóísialaigh.
  2. Cruthúnas ar d'aitheantas, lena n-áirítear do theastas breithe aus aitheantas grianghraf. Léigh tuilleadh faoin méid a nglactar leis mar chruthúnas aitheantais chun uimhir PSP a fháil ar Gov.ie.
  3. Cruthúnas ar do sheoladh, mar bhille fóntais nó ráiteas bainc. Toisc go bhfuil tú ag filleadh abhaile ó thar lear, b'fhéidir nach bfhuil bille áirgiúlachta agat a bhfuil d'ainm air. Sa chás seo, glacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí le cruthúas neamhchaighdeánach seolta. Mar shampla, ma tá tú i do chónaí go sealadach le cairde nó le teaghlach, is féidir leat iarraidh ar an íocóir bille ainmnithe scríobh ar a bhille fóntais seolta chun a dheimhni go bhfuil tú ag fanacht ag a sheoladh. Is féidir leat freisin iarraidh ar bhainisteoir óstáin nó brú a dheimhniú go bhfuil tú ag fanacht leo.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit fanacht go dtí go mbeidh tú ar ais in Éirinn chun iarratas a dhéanamh ar d'uimhir PSP. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP ar líne má chláraigh tú do bhunchuntas MyGovID.

Tá seirbhís ann a ligeann do dhaoine iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP nuair a bhíonn cónaí orthu lasmuigh d'Éirinn, chun teagmháil a dhéanamh le comhlacht sonraithe in Éirinn (mar shample, an Oifig Phrobháide), ach níl an tseirbhís seo ar fáíl do dhaoine atá ag athlonnú go hÉirinn.

Léigh tuilleadh faoi iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP.

Déan iarratas ar uimhir PSP do leanbh a rugadh thar lear

Má tá tú ag filleadh abhaile go hÉirinn le leanbh a rugadh thar lear, d'fhéadfadh go mbeadh uimhir PSP ag teastáil uait don leanbh sin.

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar uimhreacha PSP do leanaí go dtí go mbeidh tú ar ais in Éirinn. Is féidir leat, áfach, an fhoirm iarratais ar uimhir PSP linbh (REG1M) (pdf) a íoslódáil agus a chomhlánú ionas go mbeidh sé réidh le cur isteach chuig an Ionad Leithdháilte Uimhir PSP is gaire duit nuair a thagann tú isteach.

Beidh ort foirm ar leith a chomhlánú do gach leanbh.

Teastaíonn cruthúnas ar:

  • Do chéannacht féin
  • Féiniúlacht an linbh
  • An chúis go dteastaíónn uimhir PSP uathu (mar shampla, chun rochtain a fháil ar sheirbhísí leighis)
  • Do chaidreamh leis an leanbh
  • Do sheoladh. Má tá tú i do chónaí go sealadach le cairde nó le teaghlach, is féidir leat iarraidh ar an íocóir bille ainmnithe scríobh ar a bhille fóntais seolta chun a dheimhniú go bhfuil tú ag fanacht ag a sheoladh. Is féidir leat freisin iarraidh ar bhainisteoir óstáin nó brú a dheimhniú go bhfuil tú ag fanacht leo.

Féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil a dhéanamh leat chun do chaidreamh leis an leanbh a dhearbhú.

Léigh tuilleadh faoi uimhir PSP a fháil do leanbh.

Tuilleadh faisnéise

Léígh ár leathanach faoi Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP).

Is féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhísí Aitheantais Cliant sa Roinn Coimirce Sóisialaí má tá cabhair uait chun d'uimhir PSP cailte a aimsiú, aus chun d'iarratas ar uimhir PSP nua a chur isteach:

Seirbhísí Aitheantas Cliant

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Contae Liatroma

Teil: (071) 967 2616 or 0818 927 999
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Samhain 2023