Taisteal timpeall nuair a fhilleann tú ar Éirinn

Réamhrá

Mínítear ar an leathanach seo conas taisteal thart nuair a fhilleann tú ar Éirinn. Cuirtear eolas ar fáil ar iompar poiblí, tiomáint, rothaíocht, tacsaithe agus feithicil a iompórtáil ó áit thar lear.

Iompar poiblí

iompar poiblí ar cheann de na bealaí is éasca agus is inacmhainne le dul timpeall na hÉireann agus cuimsíonn sé seirbhísí bus, traenach agus tram.

Pleanálaí Turais úsáideach dhoras go doras ag Transport for Ireland (TFI). Cuimsíonn sé eolas seirbhíse, treoracha, agus meastacháin ama chun turas a dhéanamh ar iompar poiblí ar fud na hÉireann.

Má beidh tú ag taisteal go laethúil chun oibre, léigh faoi TaxSaver an Scéim Ticéad Comaitéireachta. Féadfaidh tú an scéim coigiltis cánach a úsáid chun ticéid taistil níos saoire a cheannach trí d’fhostóir.

Braithfidh na seirbhísí iompair phoiblí atá ar fáil duit ar cá háit a bhfuil tú sa tír.

Busanna

Soláthraíonn Bus Átha Cliath seirbhísí bus i mBaile Átha Cliath agus sna ceantair máguaird. I measc na seirbhísí seo tá seirbhísí rialta bus cathrach, an Airlink (seirbhís nasctha laethúil ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí roinnt áiteanna i lár na cathrach), agus an Nitelink (seirbhís bus déanach san oíche ó lár na cathrach go dtí na bruachbhailte oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn ar fud na bliana). Le haghaidh tuilleadh eolais ar Bhus Bhaile Átha Cliath léigh ár ndoiciméad faoi sheirbhísí Bus in Éirinn.

Soláthraíonn Bus Éireann seirbhísí Luasbhealaigh (intercity), comaitéara, busanna áitiúla agus scoile ar fud na hÉireann. Oibríonn siad seirbhísí cóiste go dtí an Bhreatain agus an Eoraip freisin ó chalafoirt Bhaile Átha Cliath agus Europort Ros Láir i gcomhar le Eurolines. Le haghaidh tuilleadh eolais ar bhealaí, ar thráthchláir agus ar thicéid Bhus Éireann, léigh ár ndoiciméad ar sheirbhísí Bus in Éirinn.

Soláthraíonn Local Link seirbhísí bus poiblí i gceantair áitiúla agus i gceantair thuaithe in Éirinn. Tá 15 oifig Local Link ann. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do sheirbhís Local Link ag locallink.ie.

Traenacha

Ritheann an DART (Mearlíne Átha Cliath) feadh an chósta thoir ó Mhullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí na Clocha Lia i gContae Chill Mhantáin. Is féidir eolas maidir le ticéid agus le tráthchláir a fháil ar Láithreán Gréasáin Iarnród Éireann.

Is é Iarnród Éireann oibritheoir líonra iarnróid náisiúnta na hÉireann. Tugtar ‘Irish Rail’ air freisin agus tá naisc iarnróid aige idir príomhbhailte agus cathracha, lena n-áirítear:

  • Seirbhísí comaitéireachta i gceantar Bhaile Átha Cliath idir Dún Dealgan, Dún Búinne, an Longfort, Port Laoise agus Guaire.
  • Seirbhísí Idirchathracha (InterCity) ó Stáisiúin Heuston agus Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath agus a fhreastalaíonn ar na cinn scríbe seo a leanas: Béal Feirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir
  • An tseirbhís Enterpriser idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus atá á reáchtáil i gcomhpháirt ag Iarnród Éireann agus Iarnród Thuaisceart Éireann

Tramanna

Gréasán iarnróid éadroim é Luas a cheanglaíonn lár na cathrach le ceantair bhruachbhailteacha i mBaile Átha Cliath. Tá dhá thramlíne aige, an líne uaine agus an líne dhearg. Aimsigh eolas ar thicéid, bealaí agus amchláir Luas ar luas.ie.

Ticéad Comaitéireachta Lacáiste Cánach

Má bheidh tú ag comaitéireacht chuig an obair, is féidir leat úsáid a bhaint as an Scéim Ticéid Chomaitéireachta Lacáiste Cánach le ticéid taistil níos saoire a cheannach trí d’fhostóir.

Cárta Leap

Úsáid cárta Leap le táille laghdaithe a íoc ar iompar poiblí in Éirinn. Cárta réamhíoctha taistil é ar féidir é a úsáid ar an mbus, an traein, DART+ agus ar sheirbhísí Luas sna háiteanna a leanas:

  • Athlone
  • Corcaigh
  • Baile Átha Cliath
  • Gaillimh
  • Cill Chainnigh
  • Luimneach
  • Sligeach
  • Port Láirge
  • Loch Garman

An Scéim Saorthaistil

Ceadaíonn an Scéim Saorthaistil duit taisteal, saor in aisce, ar iompar poiblí agus ar roinnt seirbhísí bus agus bád farantóireachta príobháideacha. Tá gach duine atá 66 bliain d’aois agus níos sine agus a chónaíonn in Éirinn go buan i dteideal bheith rannpháirteach sa Scéim Saorthaistil. B’fhéidir go gcáileoidh tú freisin má tá tú níos óige ná 66 bliain d’aois agus má tá tú faoi mhíchumas nó má tá cúramóir agat.

Iompar poiblí inrochtana

Is féidir leat léamh faoi iompar poiblí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil luaineacht laghdaithe acu

Tacsaithe

Ceadúnaithe agus rialaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, tá tacsaithe, haicnithe agus limisíní ar fáil ar fud na hÉireann.

Is féidir an Aip Seiceála Tiománaithe TFI a íoslódáil saor in aisce ó Google Play agus ó shiopa iTunes. Ligeann an aip duit a sheiceáil go bhfuil do tiománaí ceadúnaithe.

Ligeann an Meastóir Táille Tacsaí duit buiséad a dhéanamh dod’ thuras. Tá is garbhmheastacháin iad na táillí a ríomhtar agus braitheann siad ar bhrú tráchta.

Conas a íocaim as tacsaí in Éirinn?

Ní mór do thacsaithe in Éirinn glacadh le híocaíochtaí cárta creidmheasa agus dochair (mar shampla Visa, Mastercard, American Express) chomh maith le hairgead tirim. Is féidir leat a roghnú conas ba mhaith leat a íoc. Ní féidir le tiománaithe tacsaí formhuirear a chur ar aon íocaíochtaí cárta.

Tiomáint

Ceadúnais tiomána

Caithfidh ceadúnas tiomána bailí a bheith agat chun tiomáint in Éirinn.

Má tá ceadúnas tiomána bailí eachtrach iomlán agat, féadfaidh tú tiomáint air seo ar feadh suas le 12 mhí agus tú ag tabhairt cuairte ar Éirinn.

Má fhilleann tú ar Éirinn ar bhonn buan, ba cheart duit do cheadúnas tiomána eachtrach a aistrú go ceadúnas tiomána Éireannach nó tús a chur leis an bpróiseas tástála tiomána anseo in Éirinn (lena n-áirítear tástáil teoirice, 12 cheacht Oiliúna Riachtanach Tiománaithe (EDT), agus scrúdú tiomána).

Ní féidir ach ceadúnais tiomána eisithe ag tíortha AE/LEE agus stáit aitheanta áirithe eile a aistrú go ceadúnas tiomána Éireannach. Léigh ár ndoiciméad maidir le do cheadúnas tiomána eachtraigh a aistriú.

Mura féidir leat do cheadúnas tiomána eachtracha aistriú, b’fhéidir nach mbeidh ort ach 6 cheacht EDT a dhéanamh mar chuid den Chlár Oiliúna Riachtanach Tiománaithe Laghdaithe (EDT) má dhéanann má tá:

  • Ceadúnas tiomána eachtrach iomlán agat
  • Do cheadúnas agat le dhá bhliain ar a laghad
  • Ceadúnas agat a ndeachaigh in éag níos lú ná sé mhí ó shin
  • Cónaí ort in Éirinn

Nó má bhí

Cead foghlaimeora Éireannach agat

Íoslódáil an treoir seo ar an gClár Oiliúna Riachtanach Tiománaithe Laghdaithe (EDT) do Shealbhóirí Iomlán Ceadúnais Eachtraigh(.pdf) chun eolas a fháil maidir conas iarratas a dhéanamh.

Árachas Gluaisteáin, Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) agus Cáin

Caithfear árachas agus cáin a chur ar fheithiclí sular féidir iad a thiomáint in Éirinn. Caithfidh Tástáil Náisiúnta Gluaisteán bailí (NCT) a bheith ag mórchuid na ngluaisteán atá 4 bliana nó níos sine.

Ó 2017, cuirfidh árachóirí taithí thiomána thar lear san áireamh más féidir leat a chruthú go raibh tú ag tiomáint agus nach raibh tú páirteach in aon timpistí nó éilimh thar lear. Cuirfidh árachóirí mótarfheithiclí do stair cheal éilimh ón LEE agus ón Eilvéis, an RA, an Astráil, an Nua-Shéalainn, an tSeapáin, Ceanada, an Afraic Theas, agus SAM san áireamh, i bhformhór na gcásanna.

Is féidir leat tuilleadh eolais faoi mhótarcháin in Éirinn a léamh, inár ndoiciméad freisin.

Fruiliú Carranna agus Comhroinnt

Is bealach iontach é carr a fhruiliú chun taisteal timpeall na hÉireann nó tíre eile seachas infheistíocht a dhéanamh in úinéireacht bhuan. Tá comhairle úsáideach sa doiciméad seo maidir le carr a ghlacadh ar cíos in Éirinn.

Tá comhroinnt gluaisteán anois mar mhodh iompair atá ag éirí níos coitianta i gcathracha Éireannacha le blianta beaga anuas, agus roghnaíonn go leor comaitéirí feithiclí a fháil ar cíos ar bhonn íoc mar a úsáidtear ó sholáthraithe ar nós Go Car agus Yuko.

Feithicil a iompórtáil

Chun carr nó aon chineál eile feithicle a iompórtáil go hÉirinn, beidh ort ceanglais dhlíthiúla áirithe a chomhlíonadh. Léigh tuilleadh faoi charr a iompórtáil go hÉirinn inár ndoiciméad. Is féidir leat ár gcuid eolais maidir le carr nua nó athláimhe a cheannach in Éirinn a léamh freisin.

Rothaíocht

Tá suim sa rothaíocht mar mhodh iompair inacmhainne, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ag méadú i gcónaí in Éirinn. Léigh ár ndoiciméad ar rothaíocht chun tuilleadh eolais a fháil.

Ó 2009, tá buntáiste cánach ar fáil d’fhostaithe a cheannaíonn rothair agus trealamh nua faoin an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre. Ina theannta sin, seoladh roinnt scéimeanna roinnte rothar nua le blianta beaga anuas, ag cur ar chumas daoine iompar poiblí a nascadh le fruiliú rothair agus iad ag taisteal.

Ar fhilleadh duit go hÉirinn, áfach, tá sé tábhachtach go dtógfaidh tú an t-am na dlíthe maidir le rothaíocht a thuiscint agus na rialacha maidir le soilsiú rothar a thabhairt faoi deara.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Meán Fómhair 2022