Na dlíthe maidir le rothaíocht in Éirinn

Réamhrá

Ar mhaithe le sábháilteacht, tá sé tábhachtach go gcloíonn rothaithe le rialacha an bhóthair. Mar rothaí, tá tú thar a bheith leochaileach agus tá baol dáiríre ann go dtarlóidh gortú tromchúiseach nó bás má bhíonn timpiste agat.

Tá dualgas dlíthiúil ort do rothar a choinneáil i ndea-riocht oibre. Ní mór duit rothaíocht a dhéanamh le breithniú réasúnach, agus a bheith sách sóbráilte chun smacht a choinneáil ar do rothar.

Má tá tú ag baint úsáide as rothar ar bhóthar poiblí in Éirinn ní mór frithchaiteoirí agus soilse a fheistiú chun a chinntiú go bhfuil tú feiceáil. Ní mór do gach rothar ar bhóithre poiblí cloí leis na Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí), 1963 arna leasú. Leagtar síos sa dlí seo an cineál frithchaiteoirí agus soilse a chaithfidh a bheith ar do rothar agus cén uair a chaithfidh tú do shoilse rothar a úsáid. Féach ar ár gcáipéis maidir le Soilse rothair le haghaidh tuilleadh eolais.

Chomh maith le soilse, ní mór go mbeadh na nithe seo a leanas ar do rothar freisin:

  • Cloigín, a fhéadtar a chloisteáil ó achar réasúnta
  • Coscáin tosaigh agus cúil (mura bhfuil roth seasta amháin aige, nuair nach gá ach coscán amháin a bheith aige)
  • Frithchaiteoir cúil atá le feiceáil ó achar réasúnta

Rialacha

Cad iad na rialacha bóthair eile a bhaineann le rothaithe?

Sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961-2018 leagtar amach na príomhfhorálacha maidir le gluaisteánaíocht agus reáchtáil do rothair. Tá reachtaíocht thánaisteach ann freisin lena n-áirítear an na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre agus na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) 1997-2019, lena rialaítear iompar tiománaithe agus rothaithe.

Nuair a bhíonn tú ag rothaíocht caithfidh tú:

  • Stopadh ag soilse tráchta nuair is gá
  • Stopadh ag trasrianta coisithe agus trasrianta síogacha
  • Stopadh ag soilse tráchta rothar nuair is gá
  • Stopadh ag comharthaí stad agus géilleadh ceart slí ag comharthaí géill slí.
  • Seachain rothaíocht ar mhótarbhealaí

De réir Alt 100 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 is cion é rothar a thiomáint agus tú ag gabháil d’fheithicil eile atá ag gluaiseacht (seachas rothar eile nach bhfuil aon duine air).

An gcaithfidh mé clogad rothaíochta nó éadaí sofheicthe a chaitheamh?

Níl aon oibleagáid dhlíthiúil ort clogad nó éadaí sofheicthe a chaitheamh agus tú ag rothaíocht in Éirinn ach molann Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann do rothaithe an dá cheann a chaitheamh ar mhaithe le sábháilteacht.

An bhfuil sé dleathach do bheirt a bheith ag rothaíocht taobh le taobh in Éirinn?

Is féidir le rothaithe rothaíocht taobh le taobh ach faoi Airteagal 47 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) 1997 (arna ionadú ag Rialacháin 2012), ní féidir le níos mó ná beirt bheith ag rothaíocht taobh le taobh, ach amháin nuair a bhíonn tú ag scoitheadh agus nach gcuireann sé trácht eile i mbaol nó nach gcuireann sé bac air.

An féidir liom feithicil a scoitheadh ar an taobh istigh?

Is féidir le rothaí feithicil a scoitheadh ar thaobh na láimhe clé (nó taobh istigh den sreabhadh tráchta) má tá na feithiclí ar dheis ina stad nó ag gluaiseacht níos moille ná an rothaí.

Mar rothaí, áfach, ní féidir leat scoitheadh ar an taobh istigh má tá an fheithicil a bhfuil sé beartaithe agat scoitheadh:

  • Ag tabhairt comhartha go bhfuil sé chun casadh ar chlé agus go mbogfaidh sé ar chlé sula scoithfidh tú é
  • Ina stad chun ligean do phaisinéir tuirlingt nó dul ar bord na feithicle
  • Ina stad chun críocha luchtaithe nó díluchtaithe

Cad iad na rialacha maidir le rothaithe a scoitheadh?

Nuair a bhíonn tú ag scoitheadh, moltar do thiománaithe 1.5 méadar a fhágáil idir iad féin agus do rothar in áiteanna a bhfuil teorainneacha luais os cionn 50km/u. I gceantair le teorainneacha luais níos ísle, ba chóir go gceadódh tiománaithe méadar amháin agus iad ag scoitheadh.

Ón 12 Samhain 2019, is cion ar leith é rothaithe a scoitheadh go contúirteach. Dlitear táille sheasta de €120 ar thiománaithe a scoitheann go contúirteach thú agus tú ag rothaíocht, agus d’fhéadfadh go gcuirfí 3 pointe pionóis le do cheadúnas.

An bhfuil dualgas dlíthiúil orm lánaí rothar a úsáid?

Ní mór duit lána rothar a úsáid i limistéar coisithe ina soláthraítear ceann oiriúnach.

Nuair is lána rothar in aghaidh an tsrutha é an lána rothar (a ligeann do rothaithe dul sa treo eile don trácht ar shráid aontreo), ní féidir leat rothaíocht ach sa treo in aghaidh an tsrutha.

Tá an rialachán maidir le lánaí rothar san áireamh in Airteagal 14 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) (Leasú), 1997, arna leasú.

Cad is cionta muirear seasta ann?

Ó 2015 i leith tá sé de chumhacht ag Gardaí rothaithe a stopadh agus fíneáil a ghearradh orthu mar gheall ar chionta rothaíochta muirear seasta ar leith. Is féidir le Gardaí fíneáil a chur ar rothaithe as na cionta seo a leanas:

  • Gan solas tosaigh nó cúil le linn uaireanta soilsithe
  • Rothaíocht ar rothar gan breithniú réasúnach
  • Mainneachtain stopadh le haghaidh comhartha maor scoile
  • Mainneachtain stopadh ag soilse tráchta nuair a bhíonn an solas dearg lasta
  • Mainneachtain stopadh ag soilse tráchta rothar nuair a bhíonn an solas dearg lasta
  • Mainneachtain stopadh ag líne stad, bacainn nó leath bhacainn ag trasrian comhréidh iarnróid, droichead lúdrach nó droichead ardaithe, nuair a bhíonn na lampaí dearga ag splancadh
  • Rothaíocht i sráid nó i limistéar do choisithe

Is é an fhíneáil do na cionta seo ná €40. Má fhaigheann tú fógra muirear seasta, tá 28 lá agat ó dháta eisiúna an fhógra muirear seasta chun an fhíneáil a íoc. Mura n-íoctar é laistigh de 28 lá, méadaítear an muirear le 50%. Mura n-íoctar é laistigh de 56 lá tionscnaítear imeachtaí cúirte (agus ní ghlacfar le híocaíocht a thuilleadh).

Má dhéanann tú do fhógra muirir sheasta a chur amú, a chailleadh nó a dhamáistiú, ba cheart duit dul i dteagmháil le hOifig Próiseála Muirear Seasta an Gharda Síochána (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos). Seolfar athphriontáil den fhógra chugat sa phost. Ní chuireann d’iarratas ar athphriontáil an tréimhse ama a cheadaítear le haghaidh íocaíochta a shíneadh, áfach.

Má íocann tú an fógra muirear seasta laistigh de na teorainneacha ama dlíthiúla agus mura gcuirtear tús le himeachtaí cúirte, ní bheidh taifead coiriúil agat maidir leis an gcion.

Tá tuilleadh eolais ar fhógraí muirear seasta ar fáil ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána. Má fhaigheann tú fógra muirear seasta ón nGarda Síochána, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun é a chur ar ceal mar gheall ar imthosca eisceachtúla. Féach ar an treoir maidir le fógraí muirear seasta a chealú.

An bhfuil sé dleathach bheith ag rothaíocht ar chosán?

Níl cead agat rothaíocht ar chosán ach amháin má tá lána rothar ainmnithe ar an gcosán nó má tá tú ag dul isteach nó ag imeacht as maoin. Ní cion muirear seasta ar leith é rothaíocht ar chosán áfach. D’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort, áfach, as é sin a dhéanamh má mheasann garda go raibh do chuid rothaíocht gan ‘breithniú réasúnta'.

Mar an gcéanna, ní féidir leat rothaíocht i limistéar coisithe ag na hamanna sainithe mura bhfuil lána rothar ann.

An bhfuil teorainn dhlíthiúil alcóil ann do rothaíocht?

Má tá amhras ar Gharda go bhfuil tú ag rothaíocht faoi thionchar alcóil nó drugaí go dtí an pointe nach bhfuil smacht ceart agat ar an rothar, is féidir tú a ghabháil gan barántas. Is amhlaidh an cás freisin má tá cúis réasúnach ag Garda le bheith in amhras go bhfuil tú ag úsáid rothar goidte.

Do rothar a dhaingniú

Cad iad na céimeanna is féidir liom a ghlacadh chun cosc a chur ar dhuine éigin mo rothar a ghoid?

Molann na Gardaí do dhaoine d’íosmhéid 10 faoin gcéad de chostas a gcuid rothar a chaitheamh ar dhá ghlas rothar. Molann siad freisin gur chóir duit:

  • Do rothar a chur faoi ghlas go docht le hábhar dochorraithe cosúil le seastán rothair nó cuaille lampa
  • Coinnigh an glas as an talamh
  • Cuir do rothar faoi ghlas i limistéar poiblí dea-shoilsithe
  • Tóg grianghraf agus coimeád nóta de shraithuimhir do rothair
  • Cuir in iúl do na Gardaí i gcónaí nuair a goideadh rothar

De réir figiúirí na nGardaí, is é an t-am is coitianta le rothar a ghoid ná le linn solas an lae idir 8rn agus 5in.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig Próiseála Muirear Seasta an Gharda Síochána

Sráid Parnell
Durlas
Co Thiobraid Árann
Éire

Teil: +353 504 59800
Lóghlao: 0818 50 60 80
R-phost: npo@garda.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Bealtaine 2022