Eolas suas chun dáta ar na dlithe fostaíochta

Réamhrá

Tugtar cuntas ar an leathanach seo ar na príomhphíosaí reachtaíochta fostaíochta in Éirinn. Is féidir leat teacht ar na hAchtanna agus na hIonstraimí Reachtúla iomlána ar irishstatutebook.ie agus oireachtas.ie.

Eolas faoi do phost

Luaitear sna hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994-2014 gur gá d’fhostóirí eolas áirithe a thabhairt d’fhostaithe faoina bhfostaíocht, cosúil le conradh fostaíochta, sainchuntas poist, ráta pá agus uaireanta oibre.

Bronntar i bhfad níos mó smachta ort sa Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) 2018 ar do shonraí pearsanta. Leagtar amach ann freisin na freagrachtaí atá ar chuideachtaí a dhéanann do shonraí a shrianadh agus a phróiseáil.

Cuirtear toirmeasc san Acht Fostaíochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2018 ar chonarthaí náid uaireanta i bhformhór na gcásanna. Déantar foráil ann seo d’íocaíochtaí íosta agus d’uaireanta bandáilte. Luaitear san Acht gur gá d’fhostóirí eolas a thabhairt d’fhostaithe ar na 5 chroíthéarma laistigh de 5 lá tar éis dóibh obair a thosú.

Daoine óga ag an obair

Rialaítear san Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 fostaíocht agus coinníollacha oibre leanaí agus daoine óga. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi chearta oibrithe óga.

Téarmaí agus coinníollachafostaíochta

Déantar foráil san Acht um Pá Íosta Náisiúnta, 2000 don phá náisiúnta íosta.

Bronntar ceart ar fhostaithe san Acht um Íoc Pá, 1991 duillín pá a fháil ar a dtaispeántar a n-ollphá (an pá iomlán roimh asbhaintí) agus sonraí faoi aon asbhaintí.

Leagtar amach sna hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973-2005 an méid fógra atá tú i dteideal a fháil sula gcuirtear deireadh le fostaíocht.

Cuirtear creat ar fáil san Acht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2015 d’oibrithe atá ag súil le feabhas a chur ar a dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta, nuair nach n-aithníonn a bhfostóir cómhargáil. Déantar foráil san Acht freisin do Chomhaontuithe Fostaíochta Cláraithe (CFCanna) agus Orduithe Fostaíochta Earnála (ORF).

Uaireanta oibre, saoire bhliantúilagus saoire laethanta saoire

Cuimsítear san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 roinnt coinníollacha fostaíochta, uaireanta oibre uasta, obair oíche, saoire bhliantúil agus saoire ar shaoirí poiblí san áireamh.

Ceanglaítear sna Rialacháin um Eagrú Ama Oibre (Taifid) (Foirm Fhorordaithe agus Díolúintí), 2001 ar fhostóirí taifid den mhéid seo a leanas a choimeád:

  • An líon uaireanta an chloig a d’oibrigh fostaithe ar bhonn laethúil agus seachtainiúil
  • An méid saoire a thugtar d’fhostaithe i ngach seachtain mar shaoire bhliantúil nó mar shaoirí poiblí
  • Sonraí faoi na híocaíochtaí maidir leis an tsaoire seo
  • Amanna tosaigh agus críochnaithe fostaithe.

Saoire reachtúil

Is í saoire reachtúil an méid íosta saoire íoctha ón obair atá tú i dteideal a fháil de réir an dlí. Tá saghsanna éagsúla de shaoire reachtúil ann, an méid seo a leanas ina measc:

Saoire mháithreachais

Déantar foráil san Acht um Chosaint Máithreachais (Leasú), 2004 d’am saor íoctha ón obair chun freastal ar ranganna réamhbhreithe, saoire mháithreachais bhreise a ghlacadh, agus cothú cíche a dhéanamh.

Cuimsítear saoire mháithreachais, an ceart chun filleadh ar an obair i ndiaidh saoire mháithreachais, anuas ar shláinte agus sábháilteacht i rith toirchis agus láithreach i ndiaidh toirchis san Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994.

Saoire atharthachta

Foráiltear san Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 do shaoire atharthachta reachtúil 2 sheachtain. Caithfear seo a ghlacadh sna chéad 6 mhí i ndiaidh leanbh a thabhairt ar an saol nó a uchtáil.

Saoire uchtaíoch

Leasaíonn an tAcht um Shaoire Uchtaíoch, 2005 an tAcht um Shaoire Uchtaíoch, 1995, a fhorálann do shaoire uchtaíoch ó fhostaíocht agus don cheart chun filleadh ar an obair tar éis na saoire sin.

Ceadaítear san Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2021 do lánúineacha uchtaíocha a roghnú cén duine díobh ar cheart dóibh saoire agus sochar uchtaíoch a ghlacadh. Tá an tuismitheoir nach mbaineann leas as saoire uchtaíoch i dteideal saoire atharthachta a ghlacadh.

Saoire thuismitheoireachta

Foráiltear sna hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998-2019 gur féidir le tuismitheoirí tréimhse shaoire thuismitheoireachta neamhíoctha a ghlacadh chun cúram a thabhairt dá leanaí. Foráiltear sna hAchtanna freisin do cheart teoranta i leith saoire íoctha i gcásanna ina bhfuil breoiteacht thromchúiseach ar dhuine muinteartha (tugtar ‘force majeure’ air seo).

Saoire thuismitheora

Leasaíonn an tAcht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2021 an tAcht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019 agus déantar foráil ann do shaoire thuismitheora íoctha 5 seachtaine a ghlacadh do leanbh a rugadh nó a uchtaíodh an 1 Samhain 2019 nó ina dhiaidh sin. Tá de chuspóir aige cead a thabhairt do thuismitheoirí oibre níos mó ama a chaitheamh lena naíonán nó lena leanbh uchtaithe i rith na chéad 2 bhliain.

Saoire chúramóra

Bronntar an ceart an Acht um Shaoire Chúramóra, 2001 ar fhostaithe saoire chúramóra shealadach neamhíoctha a ghlacadh chun gur féidir leo cúram a thabhairt do dhuine éigin óna dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha.

Saoire bhreoiteachta

Leagtar amach an dlí maidir le saoire bhreoiteachta agus pá breoiteachta san Acht um Shaoire Bhreoiteachta, 2022. Tá an ceart agat pá breoiteachta 5 lá sa bhliain a fháil. Íocann d’fhostóir pá breoiteachta ag 70% de do ghnáthphá a mhéid le €110 sa lá.

Sábháilteacht ag an obair

Tháinig an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 (arna leasú) in ionad fhorálacha an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989. Déanann sé an dlí reatha um shláinte agus sábháilteacht a chomhdhlúthú agus a nuashonrú. I measc na n-athruithe, tá an fhoráil d’fhíneálacha níos airde ar sháruithe ar an reachtaíocht sábháilteachta.

Comhionannas san ionad oibre

Cuirtear toirmeasc sna Achtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015 ar idirdhealú i réimse limistéar, inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, cineál, creideamh, míchumas, gnéaschlaonadh nó ballraíocht de phobal an lucht siúil san áireamh. Leagtar oibleagáid san Acht chomh maith ar fhostóirí cosc a chur ar chiapadh san ionad oibre.

Déantar leasuithe suntasacha san Acht um Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2015 ar an Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 sna limistéir seo a leanas:

  • Scor agus idirdhealú i leith aoise
  • Idirdhealú ar bhunúis reiligiúnacha, leighis agus institiúidí oideachais ar bhunúis reiligiúnacha
  • Idirdhealú indíreach

Oibrithe páirtaimseartha, téarmasheasta, gníomhaireachta, agus féinfhostaithe

Fostaithe páirtaimseartha

Cuirtear cosc san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001 ar idirdhealú in aghaidh oibrithe páirtaimseartha. Tá de chuspóir aige feabhas a chur ar chaighdeán na hoibre páirtaimseartha, forbairt oibre páirtaimseartha a éascú ar bhonn deonach agus cur le ham oibre a eagrú go solúbtha ina gcuirtear san áireamh riachtanais fostóirí agus oibrithe. Cinntítear ann go gcaitear le hoibrithe páirtaimseartha chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le hoibrithe lánaimseartha.

Fostaithe téarma sheasta

Cosnaítear fostaithe téarma sheasta san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Théarma Shocraithe), 2003 trína chinntiú gur gá caitheamh leo chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le hoibrithe buana inchomparáide, agus nach féidir le fostóirí conarthaí téarma sheasta a athnuachan go leanúnach. Faoin Acht, ní féidir le fostaithe ach oibriú agus conradh téarma sheasta amháin nó níos mó acu ar feadh tréimhse leanúnach 4 bliana. Ina dhiaidh seo, meastar go bhfuil conradh tréimhse éiginnte ag an bhfostaí (e.g. conradh buan).

Oibrithe gníomhaireachta

Foráiltear san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012 nach mór caitheamh le gach oibrí gníomhaireachta go cothrom (faoi mar a d’earcaigh an fruilitheoir go díreach iad) maidir le fad a n-ama oibre, tréimhsí scíthe, obair oíche, saoire bhliantúil, saoirí poiblí agus pá.

Féinfhostaíocht

Cuimsítear critéir sa Chód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta nó Féinfhostaíochta Daoine a Chinntiú (pdf) is féidir a úsáid chun soiléiriú a thabhairt ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil duine fostaithe nó féinfhostaithe.

Sceithireacht

Cosnaítear fostaithe san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 ó phionósú má dhéanann siad nochtadh faoi éagóir san ionad oibre.

Táthcheangail ghnó

Baineann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Fostaithe ar Ghnóthais a Aistriú), 2003 le haon aistriú ar ghnóthas, gnólacht nó mar chuid de ghnólacht ó fhostóir amháin go fostóir eile, mar thoradh ar aistriú dlíthiúil (léas a shannadh nó a fhorghéilleadh) nó cumasc. Cosnaítear cearta agus teidlíochtaí fostaithe i rith an aistrithe seo.

Bunaítear riachtanais íosta don cheart atá ag fostaithe eolas agus comhairliúchán a fháil faoi fhorbairt struchtúr agus ghníomhaíochtaí a bhfostaíochta fad a bhíonn gnóthais á n-aistriú san Acht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar), 2006. Baineann sé le fostóirí a bhfuil ar a laghad 50 fostaí acu.

Iomarcaíocht agus dífhostú

Bronntar teidlíocht íosta sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967-2014 d’íocaíocht iomarcaíochta d’fhostaithe a bhfuil tréimhse shocraithe sheirbhíse acu. Níl gach fostaí i dteideal íocaíocht iomarcaíochta reachtúla a fháil, fiú nuair a bhíonn cás iomarcaíochta i gceist.

Bhunaigh an tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara), 2007 painéal iomarcaíochta le breithniú a dhéanamh ar chomhiomarcaíochtaí beartaithe áirithe a bhreithniú. Baineadh an uasteorainn aoise san Acht freisin do theidlíocht d’íocaíochtaí iomarcaíochta.

Dífhostú

Faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977-2015, is féidir le dífhostú éagórach titim amach sna cásanna seo a leanas:

  • Cuireann d’fhostóir deireadh le do chonradh fostaíochta, i ndiaidh nó gan fógra a thabhairt.
  • Cuireann tú deireadh le do chonradh fostaíochta, i ndiaidh nó gan fógra a thabhairt, mar gheall ar iompar d’fhostóra. Tugtar dífhostú inchiallaithe air seo.

Is féidir leat eolas breise a fháil ar na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015 agus ar na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000-2015 ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Ceadanna oibre

Déantar foráil sna hAchtanna um Cheadanna Fostaíochta, 2003-2014 do 8 saghas éagsúla de cheadanna fostaíochta.

Is féidir leat léamh faoi rialacháin a ritheadh le déanaí maidir le ceadanna fostaíochta ar láithreán gréasáin na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Gearáin faoi shárú ar cheartafostaíochta

Bhunaigh an tAcht um Chaidreamh san Áit Oibre 2015 an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC), a tháinig in ionad an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta, an Binse Comhionannais, agus an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.

Is féidir leat gearáin, díospóidí nó casaoidí maidir le sáruithe ar chearta fostaíochta faoi reachtaíocht áirithe a tharchur chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre trí úsáid a bhaint as a fhoirm ghearáin ar líne. Sula ndéanann tú iarratas chuig an WRC, ní mór duit a chur in iúl do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Ba cheart duit iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach le d’fhostóir go díreach sula gcuireann tú gearán faoi bhráid an WRC.

Éistfidh breithneoir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre leis an dá thaobh roimh imscrúdú ar an ngearán a chur i gcrích agus cinneadh a eisiúint.

Léigh tuilleadh inár leathanach faoi gearán a dhéanamh leis an WRC, lena n-áirítear cad ba cheart a bheith ag súil leis ag an éisteacht.

Idirghabháil

Go minic, is féidir díospóidí idir fostóirí agus fostaithe a réiteach trí úsáid a bhaint as idirghabháil san ionad oibre.

Is próiseas rúnda é an idirghabháil, a bhfuil sé mar aidhm aige díospóidí agus easaontais san ionad oibre a réiteach, go háirithe idir daoine aonair nó grúpaí beaga. Oibreoidh idirghabhálaí le fostaithe agus fostóirí chun teacht ar réiteach comhaontaithe ar an bhfadhb.

Ceadaíonn an tAcht Idirghabhála 2017 d’fhostaithe idirghabháil a úsáid le haghaidh éileamh sibhialta áirithe, mar shampla, gníomhartha díobhálacha pearsanta. Ní bhaineann an reachtaíocht seo le díospóidí fostaíochta a thugtar faoi bhráid an WRC, lena n-áirítear díospóidí a ndéileálann oifigigh idirghabhála an WRC leo.

Eolas breise

Cuireann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) Treoir maidir le Dlí Fostaíochta, Saothair agus Comhionannais (pdf) agus leabhrán, Míniú ar an Dlí Fostaíochta (pdf) ar fáil.

Is féidir leat eolas breise a fháil ar an reachtaíocht um chosaint fostaíochta ó Sheirbhís Faisnéise agus do Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Cén áit is féidir iarratas a dhéanamh

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre - Seirbhís Faisnéise agus Seirbhís do Chustaiméirí

Information and Customer Service

O'Brien Road

Carlow

R93 W7W2

Opening Hours: Mon. to Fri. 9.30am to 5pm

Tel: (059) 917 8990

Locall: 1890 80 80 90

Homepage: https://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024