Céimeanna chun tiomáint a fhoghlaim

Réamhrá

Is éacht pearsanta tábhachtach é foghlaim conas tiomáint agus pas a fháil i do thástáil.

Tá sé mar aidhm ag an doiciméad seo treoir agus comhairle phraiticiúil a thabhairt maidir le foghlaim conas tiomáint in Éirinn. Cuimsíonn sé eolas faoi na 4 phríomhchéim a chaithfidh tú a chur i gcrích chun ceadúnas tiomána iomlán Éireannach a fháil. Is iad seo:

  1. Pas a fháil sa tástáil teoirice tiománaí
  2. Ceadúnas foghlaimeora a fháil
  3. Cleachtadh tiomána
  4. Pas a fháil sa tástáil tiomána

Is é an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) a dhéanann tástáil ar thiománaithe in Éirinn. Is í an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána (NDLS) an comhlacht atá freagrach as ceadúnais foghlaimeora agus ceadúnais tiomána a eisiúint.

Céim 1:Pas a fháil sa tástáil teoiricetiománaí

Is é an chéad chéim chun foghlaim conas tiomáint in Éirinn ná pas a fháil sa tástáil teoirice tiománaí.

Is éard atá sa tástáil teoirice ná scrúdú ríomhaire-bhunaithe ar theoiric ghluaisteánaíochta a oireann don chatagóir feithicle is mian leat ceadúnas tiomána a fháil.

Seiceálann an tástáil teoirice tiománaí d'eolas ar:

3 rud nach mór duit a dhéanamh chun an chéim seo a chur i gcrích:

  1. Ábhar oifigiúil RSA a athstaidéar. Ba cheart duit na hábhair athstaidéir oifigiúla a úsáid chun an dóchúlacht go bhfaighidh tú pas sa tástáil ar an gcéad iarracht. Is féidir leat síntiúis tairsí foghlama, leabhair agus CD-ROManna a cheannach ar láithreán gréasáin na tástála teoirice.
  2. Tástáil a chur in áirithe. Is féidir leat do thástáil teoirice tiomána a chur in áirithe agus a íoc ar líne. Is féidir leat tabhairt faoin tástáil ag ionaid ar fud na hÉireann (pdf) nó is féidir leat an tástáil a dhéanamh ar líne. Tá an tástáil ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus déantar freastal ar iarrthóirí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
  3. Aitheantas iomchuí a thaispeáint. D’fhoilsigh an RSA liosta d’fhoirmeacha aitheantais inghlactha a chaithfidh tú a thaispeáint ar lá do thástála teoirice le go mbeidh tú in ann an scrúdú a dhéanamh. Ní cheadófar duit do scrúdú a dhéanamh agus caillfidh tú do tháille tástála mura bhfuil an t-aitheantas ceart agat.

Is féidir leat mioneolas a léamh maidir lena bhfuil i gceist leis an tástáil teoirice, conas tástáil a chur in áirithe agus conas ullmhú dó inár ndoiciméad ‘Tástáil teoirice tiománaí’.

Costas

Is é costas tástála teoirice tiománaí:

  • BW (carr/tarracóir & feithiclí oibre) nó AM (gluaisrothar/móipéid) - € 45
  • C (trucail) nó D (bus) - € 72
  • C (trucail) agus D (bus) le chéile - € 84

Is é €15 an táille chun achomharc a dhéanamh a aisíoctar má éiríonn leis.

Céim 2:Ceadúnas foghlaimeora afháil

Nuair a fhaigheann tú pas i do thástáil teoirice, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an NDLS ar cheadúnas foghlaimeora. Ligeann ceadúnas foghlaimeora duit foghlaim conas thiomáint ar bhóithre poiblí in Éirinn agus caithfidh sé a bheith agat i gcónaí agus tú ag tiomáint.

Ní féidir leat ceachtanna tiomána a dhéanamh gan ceadúnas bailí foghlaimeora agus, i bhformhór na gcásanna, ní féidir leat tástáil tiomána a dhéanamh go dtí go mbeidh do chéad cheadúnas foghlaimeora agat ar feadh 6 mhí ar a laghad.

Conas iarratas a dhéanamh

Sula ndéanann tú iarratas ar cheadúnas foghlaimeora, ní mór duit a chinntiú go bhfuil tú incháilithe chun foghlaim conas tiomáint in Éirinn agus go bhfuil an cháipéisíocht a theastaíonn uait agat. Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora le haghaidh aon fheithicle, ní mór duit:

Le hiarratas a dhéanamh ar do chéad cheadúnas foghlaimeora, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne nó i bpearsan ag ionad an SNCT. Caithfidh tú coinne a dhéanamh ar dtús má tá iarratas á dhéanamh agat i bpearsan. Is féidir leat a dheimhniú cén cháipéisíocht a theastóidh uait le hiarratas a dhéanamh ar láithreán gréasáin an SNCT.

Costas

Iarratais nua ar cheadúnas foghlaimeora agus ar athnuachan - € 35

Catagóir curtha leis nó bainte - € 35

Rialacha

Ní ceadúnas tiomána iomlán é ceadúnas foghlaimeora agus caithfidh tú cloí le roinnt srianta tábhachtacha agus tú ag tiomáint ar cheadúnas foghlaimeora in aon chineál feithicle.

  • Caithfidh duine a bheith in éineacht leat agus tú ag tiomáint. Má tá ceadúnas foghlaimeora agat le haghaidh cairr, trucaile nó bus, caithfidh tiománaí cáilithe a bheith in éineacht leat agus tú a mhaoirsiú i gcónaí. Is tiománaí cáilithe é duine a bhfuil ceadúnas tiomána iomlán aige/aici sa chatagóir chéanna ar feadh tréimhse leanúnach 2 bhliain. Má tá ceadúnas foghlaimeora agat do ghluaisrothar, ní mór duit d’Oiliúint Bhunúsach Tosaigh (IBT) a chur i gcrích sula mbeidh tú in ann tiomáint gan mhaoirsiú do theagascóra IBT (féach ‘Cleachtadh tiomána’ thíos chun tuilleadh eolais fháil).
  • Ní mór duit L Phlátaí a thaispeáint. Caithfidh sealbhóirí ceadúnais foghlaimeora do gach catagóir (seachas feithiclí oibre) ‘L’ phlátaí a thaispeáint agus iad ag tiomáint. Caithfidh sealbhóirí ceadúnais foghlaimeora do ghluaisrothair ‘L’ phlátaí a thaispeáint ar ar veist shofheicthe fluaraiseach buí ar thosach agus ar chúl cholainn an tiománaí.
  • Fan amach ó mhótarbhealaí. Mar shealbhóir ceadúnais foghlaimeora, níl cead agat tiomáint ar mhótarbhealach.
  • Ná tarraing leantóirí. Ní féidir le sealbhóirí ceadúnais foghlaimeora atá ag tiomáint gluaisteáin, trucailí nó busanna leantóir a tharraingt. Léigh tuilleadh eolais faoi cheadúnais foghlaimeora do leantóirí.
  • Ná hiompair paisinéirí le haghaidh íocaíochta. Mar shealbhóir ceadúnais foghlaimeora, ní mór duit gan paisinéir ar bith a iompar le haghaidh íocaíochta nó luaíochta. Má tá cead foghlaimeora agat do ghluaisrothar, ní féidir leat paisinéirí ar bith a iompar go dtí go ndéanfaidh tú do thástáil.
  • Cloí le tairseacha dícháiliúcháin. Mar shealbhóir ceadúnais foghlaimeora atá ag tiomáint aon chineál feithicle, ní mór duit cloí le teorainn laghdaithe alcóil tiomána agus tairseach laghdaithe dícháiliúcháin pointe pionóis.

Céim 3:Cleachtadh tiomána

Faoin scéim um Cheadúnú Céimithe Tiománaithe (GDL) an RSA, iarrtar ort ceachtanna éigeantacha a dhéanamh le Teagascóir Tiomána Faofa RSA (ADI) sular féidir leat tástáil a dhéanamh.

Mar sin féin, ní ullmhóidh na ceachtanna éigeantacha seo tú féin do do thástáil. Is léir ó threoir an RSA (pdf) gur cheart duit cleachtadh tiomána a dhéanamh a oiread agus is féidir ar gach cineál bóthair agus i ngach cineál cúinsí tráchta le ADI sula ndéanann tú tástáil a eagrú. Is féidir leat sonraí faoi ADIanna atá lonnaithe ar fud na tíre a aimsiú.

Níl aon chostas socraithe ar cheachtanna EDT nó IBT agus socraíonn gach teagascóir tiomána a bpraghas féin. Ba cheart duit féachaint timpeall agus comparáid a dhéanamh idir na praghsanna agus na seirbhísí a ofrálann ADIanna éagsúla chun an pacáiste is fearr duitse a fháil.

Oiliúint Riachtanach do Thiománaithe (EDT)

Is cúrsa oiliúna é EDT lena múintear bunscileanna tiomána do thiománaithe foghlaimeora gluaisteáin. D’fhoilsigh an RSA treoir mhionsonraithe (pdf) ar EDT. Cuimsíonn an cúrsa 12 sheisiún aonair 1 uair an chloig.

Ag gach seisiún EDT, seiceálfaidh do ADI do cheadúnas foghlaimeora agus déanfaidh sé taifead ar an seisiún le stampa agus le síniú i do logleabhar oifigiúil EDT. Iarrfar ort do logleabhar EDT comhlánaithe a thaispeáint ar lá na tástála tiomána.

Féadfaidh tú urraitheoir a ainmniú chun dul in éineacht leat le linn do sheisiúin EDT. Ba chóir go mbeadh ceadúnas iomlán agus taithí ag d’urraitheoir agus go bhféadfaidh sé/sí tacú leat agus tú ag ullmhú do do thástáil.

Má tá ceadúnas tiomána iomlán agat ó thír nach bhfuil comhaontú malairte ceadúnais aici le hÉirinn, ní iarrfar ort ach 6 sheisiún EDT a dhéanamh sula ndéanfaidh tú tástáil tiomána na hÉireann. D’fhoilsigh an RSA lámhleabhar mionsonraithe ar EDT Laghdaithe (pdf).

Oiliúint Bhunúsach Tosaigh(IBT)

Nuair a bheidh do pas sa tástáil teoirice agat agus ceadúnas foghlaimeora gluaisrothair faighte agat, ní cheadaítear duit tiomáint ar bhóthar poiblí go dtí go mbeidh do Oiliúint Bhunúsach Tosaigh (IBT) críochnaithe agat.

Is cúrsa oiliúna éigeantach 16 uair an chloig í IBT, roinnte ina 4 mhodúl ar leithligh, agus a mhúineann bunscileanna marcaíochta do ghluaisrothaithe foghlaimeora. Níl cúrsaí IBT ar fáil ach ag ionaid oiliúna IBT atá faofa ag RSA agus ní fhéadfaidh ach teagascóirí IBT atá faofa ag an RSA iad a chur ar fáil.

Féadfaidh tú faisnéis mhionsonraithe (pdf) a léamh faoina bhfuil i gceist le IBT, lena n-áirítear an siollabas iomlán (pdf), agus conas clárú ar chúrsa cóngarach duit ar leathanach gréasáin tiomnaithe an RSA.

Céim 4:Pas a fháil sa tástáiltiomána

Nuair a bheidh do oiliúint éigeantach déanta agat agus tar éis duit foghlaim conas tiomáint go sábháilte agus go muiníneach, is í an chéad chéim eile ná iarratas a dhéanamh ar do thástáil tiomána.

Féadfaidh tú mioneolas maidir le tástáil tiománaithe in Éirinn a léamh inár ndoiciméad Tástálacha tiomána.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh agus do tháillí a íoc as do thástáil ar líne ag RSA.ie. Teastóidh cárta dochair nó creidmheasa agus seoladh ríomhphoist bailí uait.

Nó de rogha air sin is féidir leat foirm iarratais le haghaidh tástáil tiomána (pdf) a íoslódáil agus iarratas a dhéanamh tríd an bpost. Is féidir leat cóip den fhoirm ábhartha a fháil freisin ó d’Oifig Mhótarchánach áitiúil.

Faigh tuilleadh eolais maidir le tástáil a chur in áirithe.

Costas

Tá achoimre sa tábla seo a leanas ar chostas tástála tiomána do chatagóirí éagsúla feithicle:

 
Catagóir Feithicle Táille
Catagóirí A, A2, A1, B, BE, AM agus W €85
Gach catagóir eile €120
Tástáil Tiomána CPC (Catagóir Bus agus Trucaile) Cuid 1 - €120

Cuid 2 - €32

Cad atá i gceist leis an tástáil

Tá tástáil tiomána deartha chun a chinntiú:

  • Go bhfuil tú eolach ar Rialacha an Bhóthair
  • Go bhfuil an t-eolas agus an scil agat chun tiomáint go hinniúil de réir na rialacha sin
  • Go bhfuil tú in ann tiomáint agus aird cheart á dtabhairt agat ar shábháilteacht agus ar áisiúlacht úsáideoirí eile bóithre

Mairfidh an tástáil idir 65 agus 100 nóiméad, ag brath ar an trácht agus ar chatagóir na feithicle. Ag tús na tástála, cuirfear ceisteanna teicniúla ort faoi rialacha an bhóthair, faoi fheidhmiúlacht do chairr, agus b’fhéidir go n-iarrfar ort codanna éagsúla a chur in iúl faoin mboinéid, mar shampla conas leibhéil ola a sheiceáil, nó cén chuid é an t-inneall.

Ansin tiomáinfidh tú timpeall cúig mhíle faoi choinníollacha éagsúla bóthair agus tráchta agus scrúdófar tú ar do scileanna praiticiúla.

Tá an tástáil gluaisrothair cosúil leis an tástáil gluaisteán agus feithiclí oibre. Léigh tuilleadh faoi ullmhúchán do thástáil agus é a dhéanamh.

Do thoradh a fháil

Nuair a fhillfidh tú ar an ionad tástála, tabharfaidh do scrúdaitheoir tú ar ais isteach sa seomra scrúdaithe chun an toradh a thabhairt duit. Má éiríonn leat, tabharfar Deimhniú Inniúlachta duit, atá bailí ar feadh 2 bhliain. Nuair a bheidh an deimhniú seo agat, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána iomlán. Tá achoimre sa tábla seo a leanas ar chostas iarratas ar cheadúnais tiomána:

 
Cineál Ceadúnais Táille
Ceadúnais Tiomána Nua agus Athnuachan €55
Ceadúnas Trí Bliana (Forais Aoise nó Leighis) €35
Ceadúnas Bliana (Forais Leighis) Free
Ceadúnas a Athsholáthair nó Dúblach €35
Ceadúnas Eachtrach a Mhalartú €55

Má theipeann ort i do thástáil tiomána, tabharfar liosta mionsonraithe duit de na botúin a rinne tú. Beidh ort iarratas a dhéanamh ar thástáil nua tríd an tairseach chustaiméirí ar líne MyRoadSafety. A luaithe a rinne tú iarratas eile ar do thástáil tiomána gluaisteáin, seolfar cuireadh chugat go huathoibríoch le tástáil a chur in áirithe idir 6 agus 8 seachtaine i ndiaidh gur theip ort sa tástáil. Mura bhfuil tú sásta le torthaí do thástála tiomána, is féidir leat achomharc a dhéanamh.

Chun oibriú mar thiománaí trucaile nó bus gairmiúil, teastaíonn Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla Tiomána (CPC) uait. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi conas CPC Tiománaí a fháil.

Tuilleadh Eolais

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar do thástáil tiomána ar líne (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thuas) nó trí d’fhoirm iarratais chomhlánaithe agus do tháille a sheoladh chuig an Rannóg Tástála Tiománaithe den RSA ag an seoladh thíos.

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2024