Cionta maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil

Réamhrá

Is cion é tiomáint in áit phoiblí in Éirinn má tá tú chomh mór sin faoi thionchar ábhair mheisciúla le smacht ceart a bheith agat ar d’fheithicil nó má tá tú tar éis níos mó ná an méid ábhair mheisciúla atá ceadaithe a ól/a thógáil Is féidir alcól nó drugaí, nó an dá rud, a bheith ina n-ábhair mheisciúla .

Déanann na Gardaí tástáil anála cois bóthair chun leibhéil alcóil a thástáil, agus tástáil seile chun leibhéil drugaí a thástáil. Is cion é diúltú do thástáil.

Má chiontaítear as tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí tú, gearrfar fíneáil uathoibríoch ort agus dícháileofar ó thiomáint tú ar feadh tréimhse áirithe ama. D’fhéadfadh go ngearrfar pianbhreith príosúnachta ort má sháraítear arís agus arís eile tú, nó má sháraítear go mór é.

Leagtar amach sa doiciméad seo na rialacha maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil agus drugaí in Éirinn. Áirítear ann faisnéis faoi na rudaí seo a leanas:

  • An reachtaíocht a rialaíonn tiomáint faoi thionchar alcóil agus drugaí
  • Cineálacha cionta maidir le tiomáint faoi thionchar óil
  • Pionóis mar gheall ar chionta a bhaineann le tiomáint faoi thionchar óil
  • Forfheidhmiú rialacha maidir le tiomáint faoi thionchar óil
  • Cionta maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil a ionchúiseamh; agus
  • Tiomáint faoi thionchar drugaí

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chionta tiomána agus córas na bpointí pionóis. Is féidir léamh anseo faoin bpróiseas a bhaineann le duine a dhícháiliú ó thiomáint.

Reachtaíocht

Is í an phríomhreachtaíocht a dhéileálann le sábháilteacht ar bhóithre ná an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961. Tugadh an dlí seo cothrom le dáta agus rinneadh é a nua-aoisiú go rialta thar na blianta agus tar éis an Achta um Thrácht ar Bhóithre 2006 a thabhairt isteach, tá cumhachtaí leathana ag an nGarda Síochána chun an cion a bhaineann le tiomáint faoi thionchar alcóil a laghdú, agus deireadh a chur leis.

Le tabhairt isteach an Achta um Thrácht ar Bhóithre 2006, bhí an chumhacht ag an nGarda Síochána tabhairt ar thiománaí ar bith a stoptar ag seicphointe éigeantach alcóil séideadh isteach san anáileadán, gan aon ghá le tuairim a thabhairt maidir le tiománaí na feithicle. Tugtar tástáil randamach anála de ghnáth ar an gcumhacht seo tabhairt ar thiománaí ar bith séideadh isteach san anáileadán.

Faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre (Uimh.2) 2011, ní mór don Gharda Síochána réamhthástáil anála a dhéanamh sa chás go gceapann siad gur ól tiománaí alcól nó ag láthair thimpiste inar gortaíodh duine éigin agus go bhfuil cóireáil leighis de dhíth orthu.

Faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2014, is féidir sampla fola a ghlacadh ó thiománaí atá faoi éagumas tar éis imbhualadh bóthair tromchúiseach agus an sampla sin a thástáil le haghaidh ábhair mheisciúla. Iarrtar ar an tiománaí, tar éis dó/di teacht chucu féin arís, an dtoilíonn sé go n-eiseofar deimhniú ar thoradh na tástála, bunaithe ar an sampla sin. Is cion é diúltú dó sin a dhéanamh.

Faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2016, is féidir leis an nGarda Síochána réamhthástálacha drugaí a dhéanamh ar thaobh an bhóthair nó i stáisiúin de chuid an Gharda Síochána.

Ón 26 Deireadh Fómhair 2018, faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 2018, in ionad 3 phointe pionóis a thabhairt do thiománaithe as cionta áirithe tiomáint faoi thionchar alcóil, mar a rinneadh roimhe seo, déanfar iad a dhícháiliú ó thiomáint anois ar feadh 3 mhí ina ionad.

Cineálacha cionta maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil

Faoi Alt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010, tá 4 chion faoi leith a bhaineann le tiomáint faoi thionchar óil. Déanann na cionta seo idirdhealú idir tiománaithe a bhfuil taithí acu agus tiománaithe nua. Is éard is tiománaithe nua ann ná tiománaithe a bhfuil ceadúnais foghlaimeora acu nó tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána acu ar feadh 2 bhliain nó níos lú, nó iad siúd nach bhfuil aon cheadúnas/ceadúnas bailí acu. Baineann teorainneacha alcóil níos ísle le tiománaithe nua. Baineann na teorainneacha alcóil níos ísle seo freisin le tiománaithe busanna, tiománaithe leoraí, tiománaithe leantóirí, tiománaithe feithiclí oibre, tiománaithe tacsaí agus tiománaithe feithiclí seirbhíse poiblí eile.

Is iad seo a leanas na 4 chion:

  • Cion maidir le feithicil inneallghluaiste a thiomáint, nó iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí agus é/í an oiread sin faoi thionchar ábhair mheisciúla nach féidir leis/léi an fheithicil a smachtú i gceart.
  • Cion maidir le feithicil inneallghluaiste a thiomáint, nó iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí fad a bheidh ina c(h)olainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de 3 huaire an chloig tar éis dó/di tiomáint, nó iarracht a thabhairt ar thiomáint, amhlaidh, an cion alcóil ina c(h)uid fola ná cion:- 50 milleagram alcóil in aghaidh 100 millilítear fola do thiománaithe a bhfuil taithí acu- 20 milleagram alcóil in aghaidh 100 millilítear fola do thiománaithe eile
  • Cion maidir le feithicil inneallghluaiste a thiomáint, nó iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí fad a bheidh ina c(h)olainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de 3 huaire an chloig tar éis dó/di tiomáint, nó iarracht a thabhairt ar thiomáint, amhlaidh, an cion alcóil ina c(h)uid fuail ná cion:- 67 milleagram alcóil in aghaidh 100 millilítear fual do thiománaithe a bhfuil taithí acu- 27 milleagram alcóil in aghaidh 100 millilítear fuail do thiománaithe eile
  • Cion maidir le feithicil inneallghluaiste a thiomáint, nó iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí fad a bheidh ina c(h)olainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de 3 huaire an chloig tar éis dó/di tiomáint, nó iarracht a thabhairt ar thiomáint, amhlaidh, an cion alcóil ina c(h)uid an duine ná cion:- 22 milleagram (µg ) alcóil in aghaidh 100 millilítear fola do thiománaithe a bhfuil taithí acu- 9 milleagram (µg ) alcóil in aghaidh 100 millilítear fola do thiománaithe eile

Pionóis mar gheall ar chionta a bhaineann le tiomáint faoi thionchar alcóil

Braitheann na pionóis ar chiontú as tiomáint faoi thionchar alcóil ar an méid alcóil a braitheadh i do chóras. Cuirfidh an chúirt san áireamh cibé an ndearna tú cion roimhe seo nó an é seo do chéad chion. Faoi na pionóis a tugadh isteach leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006, bíonn dícháiliú éigeantach ó thiomáint mar thoradh ar gach ciontú as tiomáint faoi thionchar alcóil.

Córas pionóis riaracháin

Má tá ceadúnas nó cead bailí agat tráth an chiona agus má tá do leibhéal alcóil faoi theorainn áirithe, tabharfar fógra um pionós socraithe duit. Má íocann tú an fhíneáil atá luaite ar an bhfógra laistigh de 28 lá, gearrfar an pionós breise atá luaite ar an bhfógra ach ní bheidh ort dul os comhair na cúirte. Níl tú incháilithe le haghaidh fógra um pionós socraithe maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil má tá fógra comhchosúil faighte agat sna 3 bliana roimhe sin. Tá na teorainneacha alcóil agus na pionóis a chuirtear i bhfeidhm faoin scéim fógra um pionós socraithe leagtha amach thíos:

Cineál an tiománaí Concentration of alcohol Cion alcóil Fíneáil
Pionós breise a) 50+mg to 80mg of alcohol per 100ml of blood

(b) 67+mg to 107mg of alcohol per 100ml of urine

(c) 22+µg to 35µg of alcohol per 100ml of breath

Tiománaithe agus taithí acu 3 months disqualification

(with effect from 26 October 2018)

Pionós breise (a) 80+mg to 100mg of alcohol per 100ml of blood

(b) 107+mg to 135mg of alcohol per 100ml of urine

(c) 35+µg to 44µg of alcohol per 100ml of breath

(a) 50+mg go 80mg alcóil in aghaidh 100ml fola(b) 67+mg go 107mg alcóil in aghaidh 100ml fuail(c) 22+µg go 35µg alcóil in aghaidh 100ml anála € 200
Dícháiliú 3 mhí(le héifeacht ón 26 Deireadh Fómhair 2018) (a) 21mg to 80mg of alcohol per 100ml of blood

(b) 27+mg to 107mg of alcohol per 100ml of urine

(c) 9+µg to 35µg of alcohol per 100ml of breath

Tiománaithe agus taithí acu (a) 80+mg go 100mg alcóil in aghaidh 100ml fola(b) 107+mg go 135mg alcóil in aghaidh 100ml fuail(c) 35+µg go 44µg alcóil in aghaidh 100ml anála

Córas cúirte

Más gá duit dul chun na cúirte, is iad seo a leanas na tréimhsí dícháilithe do chiontuithe maidir le tiomáint faoi thionchar óil:

Concentration of alcohol Cion alcóil An chéad chion (tréimhse dícháilithe)
(a) 50+mg to 80mg of alcohol per 100ml of blood

(b) 67+mg to 107mg of alcohol per 100ml of urine

(c) 22+µg to 35µg of alcohol per 100ml of breath

An dara cion (tréimhse dícháilithe) (a) 50+mg go 80mg alcóil in aghaidh 100ml fola(b) 67+mg go 107mg alcóil in aghaidh 100ml fuail(c) 22+µg go 35µg alcóil in aghaidh 100ml anála
a) 80+mg to 100mg of alcohol per 100ml of blood

(b) 107+mg to 135mg of alcohol per 100ml of urine

(c) 35+µg to 44µg of alcohol per 100ml of breath

(a) 50+mg go 80mg alcóil in aghaidh 100ml fola(b) 67+mg go 107mg alcóil in aghaidh 100ml fuail(c) 22+µg go 35µg alcóil in aghaidh 100ml anála 6 mhí
(a) 100+mg to 150mg of alcohol per 100ml of blood

(b) 135+mg to 200mg of alcohol per 100ml of urine

(c) 44+µg to 66µg of alcohol per 100ml of breath

6 mhí 1 bhliain
(a) Exceeding 150mg of alcohol per 100ml of blood
(b) Exceeding 200mg of alcohol per 100ml of urine
(c) Exceeding 66µg of alcohol per 100ml of breath
(a) 80+mg go 100mg alcóil in aghaidh 100ml fola(b) 107+mg go 135mg alcóil in aghaidh 100ml fuail(c) 35+µg go 44µg alcóil in aghaidh 100ml anála 2 bhliain

Má chiontaítear tú as a bheith chomh mór sin faoi thionchar ábhair mheisciúla le smacht ceart a bheith agat ar d’fheithicil, is é an dícháiliú íosta ar an gcéad chion ná 4 bliana, agus 6 bliana ar an dara cion nó cion ar bith eile ina dhiaidh sin.

Is pionóis íosta na pionóis seo agus tá sé de rogha ag an mbreitheamh cur leo.

Is é an pionós uasta a bhaineann le tiomáint faoi thionchar alcóil amháin ná €5,000 nó 6 mhí sa phríosún nó an dá rud.

Forfheidhmiú rialacha maidir le tiomáint faoi thionchar óil

Tástáil Alcóil Shainordaitheach

Is ionann tástáil alcóil shainordaitheach agus tástáil randamach anála. Ligeann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2010 don Gharda Síochána (i gcúinsí áirithe) tabhairt ar thiománaithe feithiclí séideadh isteach san anáileadán, gan aon ghá le tuairim a thabhairt maidir le tiománaí na feithicle.

Ní féidir an chumhacht a fheidhmiú, áfach, ach amháin ag seicphointí atá údaraithe ag Cigire Garda. Tá na seicphointí seo deartha go sonrach d’fhonn tástáil alcóil shainordaitheach a dhéanamh. Ní mór don Chigire an t-údarú a thabhairt i scríbhinn agus ligeann sé seo don Gharda Síochána seicphointe a bhunú in áit phoiblí (nó in áit eile).

Is féidir leis an nGarda Síochána feithiclí inneallghluaiste a stopadh (lena n-áirítear gluaisrothair, scútair, rothair leictreacha, cathaoireacha rothaí, srl.) agus féadfaidh siad iarraidh ar thiománaí na feithicle na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Sampla dá n-anáil a chur ar fáil trí easanálú isteach i dtrealamh a úsáidtear chun láithreacht alcóil san anáil a léiriú, nó
  • Sampla dá seile a thabhairt, nó
  • Dul in éineacht leis an nGarda (nó Garda eile) chuig áit (lena n-áirítear feithicil) ag an seicphointe nó in aice leis, chun sampla anála nó seile a chur ar fáil, nó
  • An fheithicil a fhágáil san áit ar stopadh í.

Duine ar bith a dhiúltaíonn nó a dteipeann air/uirthi cloí láithreach leis an méid thuasluaite nó ar bhealach ar bith a éilíonn an Garda Síochána, tá siad ciontach i gcion. Féadfaidh Garda iarraidh ar an tiománaí a f(h)eithicil a bhogadh go dtí áit in aice leis an seicphointe agus í a fhágáil ann go dtí go mbeidh siad tar éis cloí le ceanglas ar bith a chuirtear orthu.

I gcás duine a bhfuil cion á dhéanamh nó déanta acu, dar leis an nGarda Síochána, maidir le mainneachtain nó diúltú cloí le hiarratas ó Gharda, is féidir leis an nGarda Síochána an duine sin a ghabháil (gan bharántas).

An féidir le Garda mé a stopadh go randamach agus mé sa trácht agus a thabhairt orm séideadh isteach san anáileadán?

Ní féidir. Ní thugann an dlí um thrácht ar bhóithre an chumhacht don Gharda Síochána gluaisteáin a tharraingt isteach agus iad sa trácht agus a thabhairt ar an tiománaí séideadh isteach san anáileadán go randamach. Ní thugann sé ach amháin an chumhacht do na Gardaí seicphointí a chur ar bun d’fhonn tástáil anála randamach a dhéanamh.

Tá sé de cheart ag Garda feithicil ar bith a stopadh, áfach, agus nuair a stoptar í, féadfaidh sé/sí tabhairt ar an tiománaí séideadh isteach san anáileadán má tá an Garda den tuairim go bhfuil aon chion tráchta bóthair déanta ag an tiománaí, nó go raibh an tiománaí páirteach i dtimpiste bóthair, nó má tá an Garda den tuairim go bhfuil an tiománaí ar meisce.

An féidir leis na Gardaí seicphointe éigeantach um thástáil alcóil a bhunú áit ar bith?

Is féidir. Ar choinníoll go bhfuil sé in áit phoiblí agus go bhfuil sé údaraithe ag Cigire Garda. Is é an chúis ar tugadh cumhachtaí don Gharda Síochána na seicphointí seo a bhunú ná chun laghdú a dhéanamh ar thimpistí a tharlaíonn de bharr tiomáint faoi thionchar alcóil in áiteanna ina mbeidh an éifeacht is mó acu.

Mar sin, go bunúsach, is féidir leo seicphointí a chur ar bun ar phríomhbhóithre, lasmuigh de thithe tábhairne nó de chlubanna oíche nó áit ar bith eile dar leo a laghdóidh líon na dtiománaithe ar meisce ar an mbóthar. Tá sé de dhualgas ar an nGarda Síochána, áfach, na cumhachtaí seo a fheidhmiú ar bhealach comhréireach.

Cad é an nós imeachta má dhéantar mé a ghabháil as a bheith ag tiomáint faoi thionchar alcóil?

Má ghabhtar thú ar thaobh an bhóthair mar gheall ar thiomáint faoi thionchar alcóil, tá sé de dhualgas ar an nGarda a chur in iúl duit i ngnáth-theanga shoiléir go bhfuil tú á ghabháil mar gheall ar an gcion tiomána faoi thionchar alcóil. Tabharfar chuig Stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána tú, áit a gcuirfidh Garda atá i bhfeighil an stáisiúin ar an eolas tú faoi do chearta. Áirítear ar na cearta seo dul i gcomhairle le haturnae. Mar sin féin, mura ndéantar teagmháil le d’aturnae, ní ligfear é sin as do dhualgas cloí le hiarratas an Gharda sampla fola, fuail nó anála a chur ar fáil.

Má chuireann tú sampla fola nó fuail ar fáil, roinnfear an sampla ina dhá choimeádán i do láthair agus déanfar na coimeádáin a shéalú. Ansin cuirfear sampla de do rogha coimeádán ar fáil duit agus seolfar an sampla eile chuig an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre lena anailísiú. Seolfar torthaí na tástála chugat féin agus chuig an nGarda lena mbaineann. Is féidir go ndéanfaí anailís neamhspleách ar do shampla féin más mian leat.

Ar an dul céanna, má thugann tú sampla de d’anáil, cuirfidh an t-anáileadán asphrionta ar fáil láithreach maidir leis an leibhéal alcóil i d’anáil. Tabharfar rogha duit maidir le ceachtar asphrionta ar mhaith leat a choinneáil agus féadfaidh an Garda an ceann eile a úsáid sa chúirt mar chruthúnas go raibh tú os cionn na teorann dlíthiúla.

Má léirítear go bhfuil an leibhéal alcóil os cionn an mhéid dhlíthiúil, eiseoidh an Garda fógra um pionós socraithe nó cuirfidh sé/sí toghairm ort a bheith i láthair sa Chúirt Dúiche chun an cúiseamh a bhaineann le tiomáint faoi thionchar alcóil a fhreagairt. Ar ndóigh, má tá tú faoi bhun na teorann dlíthiúla, is é sin deireadh an scéil.

Cionta maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil a ionchúiseamh

Cén cruthúnas atá ag teastáil i gcásanna tiomáint faoi thionchar alcóil?

Nuair a chinneann Garda duine a ionchúiseamh as tiomáint faoi thionchar alcóil, caithfidh siad cruthúnais áirithe a sholáthar don chúirt chun ciontú a fháil. Tá na cruthúnais a éilítear faoi Alt 4(2), (3) agus (4) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010 (i.e. tástáil fola, fuail agus anála) beagán difriúil leis an gceann i Roinn 4(1) (tiomáint agus tú faoi thionchar ábha meisciúil).

Is iondúil gur fearr an cúiseamh seo sa chás nár chuir duine gafa sampla fola, fuail nó anála ar fáil agus é mar thoradh air sin nach féidir cás a thabhairt faoi Alt 4(2), (3) nó (4).

I gcás ciona faoi Alt 4(1), ní mór na heilimintí nó na cruthúnais seo a leanas a chur ar fáil don chúirt:

  • Gur thiomáin tú nó go ndearna tú iarracht feithicil inneallghluaiste a thiomáint
  • Gur tharla do thiomáint nó d’iarracht ar thiomáint in áit phoiblí
  • Go raibh tú faoi thionchar ábhar meisciúil chomh mór sin nach bhféadfá smacht ceart a choinneáil ar an bhfeithicil

De ghnáth, tabharfaidh an Garda fianaise maidir leis na barúlacha agus an tuairim a bhí acu dá bharr. Is féidir le Gardaí nó dochtúirí eile a dhéileáil leis an duine agus é i Stáisiún na nGardaí fianaise a thabhairt mar thaca leis seo.

I measc na fianaise eile a d’fhéadfadh an Garda a thabhairt, tá neamhábaltacht an chosantóra tástálacha simplí comhordaithe a dhéanamh nuair a iarrtar orthu. Mar shampla, ní raibh tú in ann líne dhíreach a siúl nó ní raibh tú in ann an eochair a chur isteach i nglas an dorais. Tacóidh fianaise dá leithéid leis an tuairim nach raibh tú in ann smacht ceart a bheith agat ar d’fheithicil.

Cionta faoi Alt 4(2), 4(3) agus 4(4)

Is é an cineál ionchúisimh is coitianta maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil ná tiomáint agus an tiománaí os cionn na dteorainneacha forordaithe le haghaidh fola/alcól, fual/alcól nó anáil/alcól.

Soláthrófar cruthúnas ar chion alcóil i gcás alt 4(2) (fuil/alcól) agus 4(3) (fual/alcól) trí dheimhniú anailíse ón Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre. I gcás ionchúisimh faoi alt 4(4) (anáil/alcól) déantar an cion alcóil a chruthú le ráiteas a phriontáiltear ó anáileadán, meaisín atá deartha chun an cion alcóil san anáil a thomhas.

An próiseas achomhairc

Má ciontaíodh as tiomáint faoi thionchar alcóil tú sa Chúirt Dúiche féadfaidh tú an ciontú a achomharc chuig an gCúirt Chuarda. Ní mór an t-achomharc a chur isteach in Oifig na Cúirte Dúiche laistigh de 14 lá ó dháta do chiontaithe.

Cabhróidh cléireach na cúirte i do Chúirt Dúiche áitiúil leat tabhairt faoin bpróiseas seo. Nó is féidir le d’aturnae cabhrú leat. Tá sé saor in aisce achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun ciontú as tiomáint faoi thionchar alcóil a aisiompú.

Má tá tú tar éis a bheith dícháilithe ó thiomáint, is féidir iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athbhunú.

Déanann tú an t-iarratas chuig an gCúirt Dúiche ina ndearnadh an t-ordú chun tú a dhícháiliú. Cosnaíonn iarratas €55. Ní mór duit a bheith níos mó ná leath bealaigh trí do thréimhse dícháilithe sular féidir iarratas a dhéanamh.

Ní dhéanfar do cheadúnas tiomána a athbhunú sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá tréimhse lamháltais 2 bliain luaite leis an dícháiliú.
  • Tugadh dícháiliú eile duit le 10 mbliana anuas

Is féidir leis an gcúirt an tréimhse dícháilithe a laghdú go dhá thrian den tréimhse dhícháilithe bhunaidh nó go 2 bhliain, cibé acu is mó.

Nuair a bhíonn iarratas ar cheadúnas tiomána á bhreithniú ag cúirt breathnóidh sí ar nádúr an chiona, ar charachtar an iarratasóra agus ar iompar an iarratasóra tar éis a c(h)iontaithe.

Is féidir tuilleadh a léamh anseo faoi bheith dícháilithe ó thiomáint.

Tiomáint faoi thionchar drugaí

Ar an 13 Aibreán 2017, tháinig forálacha an Achta um Thrácht ar Bhóithre 2016 maidir le tiomáint faoi thionchar drugaí i bhfeidhm. Tugann siad seo an chumhacht don Gharda Síochána réamhthástálacha drugaí a dhéanamh ar thaobh an bhóthair nó i stáisiúin de chuid an Gharda Síochána.

Déanann feistí tástála drugaí tástáil ar sheile le haghaidh cannabais, cócaoin, codlaidínigh (mar shampla hearóin agus moirfín) agus beinsidhé-asaipíní (mar shampla, valium). Is cion é diúltú do shampla seile a chur ar fáil. Féadfaidh an Garda Síochána tástáil mallachair a dhéanamh freisin.

I gcúinsí áirithe, d’fhéadfaí tú a thabhairt go stáisiún de chuid an Gharda Síochána chun sampla fola a thabhairt.

Tá sé mídhleathach tiomáint faoi thionchar drugaí (lena n-áirítear drugaí ar oideas) má tá lagú chomh mór sin ar do thiomáint nach bhfuil smacht ceart agat ar an bhfeithicil. Má chiontaítear tú sa chion seo tú, is é an dícháiliú íosta ar an gcéad chion ná 4 bliana, agus 6 bliana ar an dara cion nó cion ar bith eile ina dhiaidh sin.

I gcás drugaí áirithe – cannabas, cócaon agus hearóin – tá sé mídhleathach tiomáint má tá tú os cionn na teorann sonraithe, fiú mura bhfuil lagú ar do thiomáint. Má chiontaítear tú as a bheith os cionn na teorann sonraithe, dícháileofar tú ar feadh bliana ar a laghad ar an gcéad chion agus ar feadh 2 bhliain ar a laghad don dara cion nó cion ar bith eile ina dhiaidh sin. Féadfaidh cion tiomána faoi thionchar alcóil nó drugaí a bheith ina chéad chion.

Tá tuilleadh eolais curtha ar fáil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faoi thiomáint faoi dhrugaí, lena n-áirítear Tiomáint faoi thionchar (pdf) agus bileog eolais ar Leigheas agus Tiomáint (pdf).

Tuilleadh eolais

Garda Síochána

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
D08 HN3X
Éireann

Teil: 01 6660000; Garda Confidential: 1800 666 111
Láithreán Gréasáin: https://www.garda.ie/en/

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Lúnasa 2023