Tiománaí dícháilithe chun tiomána

Réamhrá

Tá cionta tiomána na hÉireann sonraithe in Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 - 2018.

Bíonn éagsúlacht le tabhairt faoi deara i bpionóis i gcás ciontú agus déantar a leithéid a chinneadh go príomha bunaithe ar dhéine an chionta agus líon na gcionta arna ndéanamh ag duine roimhe seo. D’fhéadfaí go n-áireofaí ina measc fíneálacha airgid, do cheadúnas a dhroimscríobh le pointí pionóis, dícháiliú chun tiomána agus, sna cásanna is tromchúisí, príosúnacht.

Déantar cur síos sa doiciméad seo ar na rialacha lena rialaítear sealbhóirí ceadúnais tiomána a dhícháiliú chun tiomána in Éirinn. Áirítear ina measc faisnéis faoin méid seo a leanas:

  • Oibriú orduithe dícháiliúcháin
  • Na cineálacha orduithe dícháiliúcháin éagsúla; agus
  • Conas iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas a athbhunú i ndiaidh a bheith dícháilithe chun tiomána.

Tá an fhreagracht as dícháiliú tiománaithe chun tiomána agus as forfheidhmiú na bhforálacha éagsúla á roinnt idir An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (DTTAS), An tSeirbhís Chúirteanna agus An Garda Síochána.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na cineálacha cionta tiomána difriúla agus na pionóis a bhaineann leo le fáil inár ndoiciméad tiomnaithe. Chomh maith leis sin, is féidir leat faisnéis mhionsonraithe a rochtain maidir le pointí pionóis le haghaidh cionta tiomána.

Oibriú orduithe dícháiliúcháin

Go ginearálta, tá 2 bhealach ann ina bhféadfaí tiománaí a dhícháiliú chun tiomána. Ceann amháin de na bealaí seo a leanas:

  • Faigheann tú an iomarca pointí pionóis (droimscríobhanna) ar do cheadúnas nó ar do cheadúnas foghlaimeora laistigh de thréimhse ama sonraithe; nó
  • Tá tú ciontaithe i gcion tiomána a gceanglaíonn an pionós a fhorchuirtear lena aghaidh go mbeidh tú á dhícháiliú chun tiomána.

Dícháiliú trí phointí pionóis

Is ionann pointe pionóis go bunúsach agus iomardú foirmiúil ó An Garda Síochána atá droimscríofa ar thaifead do cheadúnais tiomána a thugann le fios go bhfuil tú ciontach i gcion sonrach tiomána. Taifeadtar pointí pionóis ar do cheadúnas tiomána sna cásanna seo a leanas:

  • Má chiontaítear i gcion tiomána sa chúirt thú, cion a bhfuil pointí pionóis luaite leis, nó
  • Íocann tú fógra muirir sheasta a eisíodh chugat i ndáil le cion lena mbaineann pointí pionóis freisin

Má fhaigheann tú 12 phointe pionóis in aon tréimhse 3 bliana déantar tú a dhícháiliú chun tiomána go huathoibríoch le haghaidh 6 mhí.

Ar an gcuma chéanna, déantar tiománaithe ag a bhfuil ceadúnas foghlaimeora agus tiománaithe nua a fuair a gcéad láncheadúnas tiomána le dhá bhliain anuas a dhícháiliú má fhaigheann siad 7 bpointe pionóis.

Má sháraíonn tú do thairseach pointí pionóis, gheobhaidh tú litir ón tSeirbhís Chúirteanna nó ón RSA ar a thaispeánfar an dáta a thosóidh do thréimhse dícháilithe agus iarrfar ort do cheadúnas a thabhairt ar láimh laistigh de 14 lá ón dáta sin (má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait féach ar, ‘Do cheadúnas a thabhairt ar láimh’).

Dícháiliú trí chiontú

Ní cheanglaítear ar dhaoine freastal ar an gcúirt i ndáil le gach ciontú tiomána a mbíonn dícháiliú uathoibríoch dá thoradh. I bhformhór na gcásanna, eiseoidh Garda fógra muirir sheasta ina sonrófar an fhíneáil iníoctha agus tá an rogha agat an muirear seasta a íoc agus glacadh leis an tréimhse ghaolmhar dícháilithe nó cead a thabhairt an ní a thabhairt os comhair na cúirte.

Mar shampla, má tá ceadúnas nó ceadúnas foghlaimeora agat tráth déanta ciona a bhaineann le tiomáint ar meisce agus má tá do leibhéal alcóil faoi theorainn áirithe, d’fhéadfaí muirear seasta a éisiúint. Má íocann tú an fhíneáil atá sonraithe ar an bhfógra laistigh de 28 lá, déanfar an t-ordú dícháiliúcháin a bhaineann leis an gcion a fhorchur ach ní bheidh ort dul chun na cúirte.

Tá an chumhacht ag na Gardaí, áfach, tú a ghabháil le haghaidh cionta áirithe, cosúil le tiomáint ar meisce nó tiomáint chontúirteach, agus bíonn gairm uathoibríoch láithriú i gcúirt mar thoradh ar líon beag cionta an-dáiríre agus ní bhíonn an rogha ag duine muirear seasta a íoc.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le conas a oibríonn trialacha coiriúla le fáil inár ndoiciméad tiomnaithe. Chomh maith leis sin, is féidir leat faisnéis mhionsonraithe faoi chúnamh dlíthiúil coiriúil a léamh agus comhairle dlí saor in aisce a fháil ó Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) ar fud na tíre.

Do cheadúnas a thabhairt ar láimh

Ag brath ar an gcineál ordaithe dícháiliúcháin déanta ag an gcúirt (má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, féach 'Cineálacha orduithe dícháiliúcháin'), ceanglófar ort do cheadúnas a thabhairt ar láimh don tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána (NDLS) laistigh de 10 nó 14 lá ó dháta tosaithe an ordaithe.

Nuair a fhaightear do cheadúnas, nuashonraíonn NDLS do thaifead tiomána lena léiriú go bhfuil do cheadúnas faighte. Mura bhfaightear do cheadúnas, ní dhéantar aon leasú. Nuair a dhícháilítear ó thiomáint tú, déanfar do thaifead a nuashonrú ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF) freisin. Coimeádann NDLS do cheadúnas tiomána go dtí go mbíonn do thréimhse dícháilithe imithe in éag, nó go dtí go mbaintear d’ordú dícháiliúcháin, agus go seoltar ar ais chugat é.

Is cion é gan do cheadúnas a thabhairt ar láimh, cion lena mbaineann fíneáil uasta de €1,000 i ndáil leis an gcéad chiontú agus suas le €2,000 i ndáil leis an dara ciontú nó aon chiontú eile ina dhiaidh sin.

Is é an pionós atá luaite le tiomáint fad is atá tú dícháilithe fíneáil suas le €5,000 agus/nó téarma príosúin 6 mhí.

Achomharc a dhéanamh

Má chiontaítear i gcion tiomána tú agus má dhícháilítear ó thiomáint tú, tá 14 lá agat chun an cinneadh a achomharc chuig an gCúirt Chuarda.

Chun achomharc a thionscnamh, ba cheart duit achomharc a thaisceadh i dteannta le dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála le Cléireach na Cúirte Dúiche sa cheantar cúirte ina ndearnadh an cinneadh tú a dhícháiliú. Má chinneann tú an ciontú a achomharc, cuirfear do dhícháiliú ar fionraí ar feitheamh toradh d’achomhairc.

Cineálacha orduithe dícháiliúcháin

Tá 3 chineál ordú dícháiliúcháin tiománaí in Éirinn. Braitheann an cineál ordú dícháiliúcháin a fhaigheann tú ar nádúr an chiona is cúis le do dhícháiliú.

1. Dícháiliú Iarmhartach

Bíonn dícháiliú iarmhartach i gceist mar chúrsa gnáthaimh má chiontaítear tú i gcion a shainordaítear dícháiliú uathoibríoch lena aghaidh sa dlí. Níl rogha ag an gcúirt i ndáil le cionta sa chatagóir seo.

Mar shampla, tá na pionóis i gcás ciontú le haghaidh tiomáint chontúirteach is trúig bháis cosúil leis na pionóis le haghaidh dúnmharaithe agus tá dícháiliú sainordaitheach ó thiomáint le haghaidh 4 bliana, ar a laghad, luaite leo. Ar an gcuma chéanna, ó Dheireadh Fómhair 2011, baineann dícháiliú sainordaitheach ó thiomáint le haghaidh 6 mhí, ar a laghad, le gach cion sa Chúirt Dúiche le haghaidh cionta a bhaineann le tiomáint ar meisce.

Má dhéanann cúirt ordú dícháiliúcháin iarmhartaigh, go ginearálta tá 10 lá ag tiománaí chun a c(h)eadúnas a thabhairt ar láimh. Má leanann an dícháiliú ó an iomarca pointí pionóis a bheith ag tiománaí, áfach, tá 14 lá ag an tiománaí chun a c(h)eadúnas a thabhairt ar láimh.

2. Dícháiliú Teagmhasach

Tá rogha ag an gcúirt dícháiliú teagmhasach a chur i bhfeidhm agus féadfar é a fhorchur mar phionós le haghaidh aon chiona faoi Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 nach sainordaíonn le haghaidh dícháiliú iarmhartach. Cinnfidh an chúirt fad na tréimhse dícháilithe bunaithe ar dhéine an chiona agus ar an dóchúlacht a mheastar go ndéanfaidh déantóir an chiona cion arís.

Mar shampla, má chiontaítear tú i dtiomáint gan aire chuí agus cúram cuí, ní cheanglaítear sa dlí go ndícháileofar ó thiomáint thú (dícháiliú iarmhartach). Ach má tá taifead de chionta tiomána agat, féadfaidh an chúirt a chinneadh go bhfuil sé comhréireach ordú dícháiliúcháin theagmhasaigh a fhorchur.

Má dhéanann cúirt ordú dícháiliúcháin theagmhasaigh, go ginearálta tá 10 lá ag tiománaí chun a c(h)eadúnas a thabhairt ar láimh.

3. Dícháiliú speisialta

Tá an rogha ag an gCúirt Dúiche tiománaí a dhícháiliú de dhroim iarratais curtha faoina bráid ag comhalta de An Garda Síochána a chuireann in iúl go bhfuil an duine neamhchumasach ar mhótarfheithicil a thiomáint mar gheall ar:

  • Galar fisiciúil;
  • Míchumas fisiciúil nó meabhrach; nó
  • Neamhinniúlacht

Ní eisítear orduithe dícháiliúcháin speisialta go minic, agus ní bhíonn ach dornán cásanna den chineál seo i gceist gach bliain. Má eisíonn cúirt ordú dícháiliúcháin speisialta, go ginearálta tá 14 lá ag tiománaí chun a c(h)eadúnas a thabhairt ar láimh nó achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda.

Céard a tharlaíonn má dhéanaim cion tiomána thar lear?

Ní aistrítear pointí pionóis agus droimscríobhanna ar cheadúnas tiomána a fhaightear i dtíortha eile (lena n-áirítear ballstáit AE/LEE) idir stáit. Ciallaíonn sé seo má fuair tú pointí pionóis thar lear nó má tá droimscríobhanna agat ar do cheadúnas tiomána roimh theacht go hÉirinn, nach n-aistreofar na pointí pionóis nó na droimscríobhanna seo chuig ceadúnas tiomána Éireannach.

Má tá tú dícháilithe ó thiomáint i dtír eile, áfach, agus má bhí sé seo i gceist sa bhreis ar théarma príosúnachta le haghaidh cionta tiomána b’fhéidir nach mbeidh tú in ann do láncheadúnas tiomána eachtraigh a mhalartú le haghaidh láncheadúnas tiomána anseo in Éirinn.

Ní hionann an cás in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) chomh fada is a bhaineann le dícháilithe tiomána le haghaidh cionta sonraithe. Foráiltear lena aghaidh seo in Alt 40 d’Acht um Thrácht ar Bhóithre 2016, a tháinig i ngníomh ón 1 Lúnasa 2017.

Faoin gcomhaontú seo idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, má tá ceadúnas Éireannach i do sheilbh agus má tá tú dícháilithe ó thiomáint mar gheall ar chion tromaí a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe, d’fhéadfá a bheith dícháilithe ó thiomáint in Éirinn chomh maith.

Is féidir leis an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh chun tú a dhícháiliú ó thiomáint in Éirinn i ndáil leis an gcion a rinneadh sa Ríocht Aontaithe. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm más ag tiomáint in Éirinn atá tú agus más ceadúnas de chuid na Ríochta Aontaithe atá agat, ainneoin gur féidir le húdaráis na Ríochta Aontaithe tú a dhícháiliú gan caingean chúirte a dhéanamh.

Conas iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas a athbhunú

Má tá tú dícháilithe ó thiomáint, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun do cheadúnas tiomána a athbhunú.

Cuireann tú an t-iarratas faoi bhráid na Cúirte Dúiche ina ndearnadh an t-ordú chun tú a dhícháiliú. Cosnaíonn sé €55 iarratas a dhéanamh. Ní mór go mbeifeá leath bealaigh tríd do thréimhse dícháilithe sular féidir leat iarratas a dhéanamh.

Ní athbhunófar do cheadúnas tiomána sna cásanna seo a leanas:

  • Maireann an tréimhse dícháilithe 2 bhliain nó níos lú
  • Tá dícháiliú eile faighte agat le 10 mbliana anuas

Is féidir leis an gcúirt an tréimhse dícháilithe a laghdú go dtí dhá thrian den tréimhse bhunaidh dícháilithe nó go dtí 2 bhliain, cibé acu is faide.

Nuair a bhíonn iarratas chun ceadúnas tiomána a athbhunú á bhreithniú ag cúirt cuirfear nádúr an chiona san áireamh, carachtar an iarratasóra agus iompar an iarratasóra nuair a ciontaíodh é/í.

Tá tuilleadh faisnéise agus na foirmeacha a bheidh ag teastáil uait le fáil ó chléireach na Cúirte Dúiche.

Further information

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Páirc Ghnó Ghleann na Muaidhe
Cnoc an tSabhaircín
Béal an Átha
Maigh Eo
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.rsa.ie

Seirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána

Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre

Po Box 858
Southside Delivery Office
Corcaigh
Éire

Teil: 0818 700 800
Láithreán Gréasáin: https://www.ndls.ie/
R-phost: info@ndls.ie

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/

Garda Síochána

Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8
D08 HN3X
Éireann

Teil: 01 6660000; Garda Confidential: 1800 666 111
Láithreán Gréasáin: https://www.garda.ie/en/

Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí Rannán

An Roinn Iompair

Lár Bhaile na Sionna
Sionainn
An Clár
Éire

Teil: 0818 411 412
Láithreán Gréasáin: http://www.gov.ie/transport
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Feabhra 2022