Soilsiú rothar in Éirinn

Intreoir

Más mian leat rothar a úsáid ar bhóthar poiblí in Éirinn, ní mór frithchaiteoirí agus soilse a fheistiú ar do rothar chun a chinntiú go bhfeicfidh úsáideoirí eile bóthair tú. Ceanglaítear ar gach rothar a úsáidtear ar bhóithre poiblí cloí leis na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithiclí) 1963 arna leasú. Leagtar síos sa dlí seo an cineál frithchaiteoirí agus soilse nach mór do rothar a fheistiú iontu agus cathain a chaithfidh tú iad a úsáid.

Rialacha

Ní mór do gach rothar a úsáidtear ar bhóithre poiblí in Éirinn frithchaiteoir cúil a thaispeáint i gcónaí. Ciallaíonn frithchaiteoir cúil frithchaiteoir dearg is féidir a fheiceáil go soiléir ar feadh achar 99 méadar nuair a sholas ceannlampa feithicle go díreach air. Is é an t-aon eisceacht a bhaineann leis an riail seo ná rothar linbh áit a n-úsáidtear an rothar sin i rith an lae.

Cathain a chaithfear mo shoilse rothara chasadh ar aghaidh?

Ní mór do shoilse rothar a chasadh ar aghaidh le linn 'uaireanta soilsithe'. Is é seo an tréimhse dar tosach leath uair an chloig tar éis luí na gréine agus dar críoch leath uair an chloig roimh éirí gréine an mhaidin dár gcionn. I rith na n-uaireanta seo, ceanglaítear ar gach rothaí na nithe seo a leanas a fheistiú (agus úsáid a bhaint astu):

  • Solas tosaigh amháin, ag taispeáint solas bán nó buí don taobh tosaigh le feiceáil ar feadh achar réasúnta
  • Solas cúil amháin, atá feistithe ar chúl do rothair a thaispeánann solas dearg atá infheicthe ar feadh achar réasúnta

Ní gá soilse a lasadh nuair a stoptar iad sa trácht nó nuair a rothaíonn duine an rothar ar shiúl na gcos chomh gar agus is féidir ar imeall clé an bhóthair.

An féidir liom soilse tosaigh aguscúil splanctha a úsáid?

Is féidir, faoi IR 487 de 2009, tá sé dleathach soilse tosaigh agus cúil splanctha a úsáid.

Cad é an pionós as gan soilse rothara bheith agat?

Is cion é mainneachtain soilsiú cuí a úsáid ar rothar. Má stopann ball de na Gardaí tú, is féidir leis an nGarda d'ainm agus do sheoladh, sonraí faoi do rothar agus am agus dáta an chiona a thógáil. D'fhéadfaí fógra muirear seasta a eisiúint duit (Féach ar ár ndoiciméad ar Dhlíthe maidir le rothaíocht in Éirinn le haghaidh tuilleadh eolais). Má theipeann ort an fhíneáil a íoc d'fhéadfadh toghairm a bheith i láthair sa chúirt.

An bhfuil ceart ag Garda stop a churliom má táim ag rothaíocht gan soilse?

Faoi Alt 108 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 arna leasú, féadfaidh comhalta de na Gardaí d'ainm, do sheoladh agus do dháta breithe a éileamh má cheapann siad go bhfuil coir nó cion déanta agat. Féadfaidh siad d'ainm, do sheoladh agus do dháta breithe a éileamh freisin má cheapann siad go raibh tú páirteach in imbhualadh nó go ndearna tú díobháil do mhaoin nó do dhuine eile. Má theipeann ort d'ainm, do sheoladh nó do dháta breithe a thabhairt, nó má thugann tú ainm bréagach, seoladh nó dáta breithe, féadfaidh an Garda do rothar a choinneáil go dtí go bhfuil siad sásta maidir le d'aitheantas.

Cá bhfaighidh mé soilse rothar?

Tá an chuid is mó de rothair a dhíoltar i siopaí feistithe le frithchaiteoirí cheana féin mar chaighdeán. Is féidir leat soilse nó frithchaiteoirí rothair breise a cheannach ag aon siopa rothar creidiúnach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Deireadh Fómhair 2023