Cearta agus dualgais iarrthóirí tearmainn in Éirinn

Réamhrá

Cé go bhfuil d'iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á phróiseáil in Éirinn, tá earta agus dualgais áirithe agat faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015.

Cearta iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta

Ní mór an deis a thabhairT duit do chás a chur i láthair go hiomlán, ach amháin má tá d'iarratas neamh-inghlactha nó go ndéileáiltear leis faoi Rialachán bhaile Átha Cliath III.

Ní mór d'iarratas a mheasúnú go cothrom agus ba chóir caitheamh leat le dínit agus le meas ar feadh an phróisis.

Ag fanacht in Éirinn agus lóistín

Féadfaidh tú fanacht in Éirinn fad is atá d'iarratas á phróiseáil.

Tabharfaidh na Seirbhísí Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS) áit éigin duit le fanacht, agus cuirfear do bhéilí ar fáil duit. Tá tú i dteideal liúntas speansais laethúil a fháil fad is atá tú ag fanacht le d'iarratas a thabhairt chun críche.

Ateangairí

Socróidh an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta (IPO) ateangaire má theastaíonn ceann uait le linn d'agallaimh. Is féidir leat ateangaire a iarraidh freisin má tá tú faoi choinneáil mar gheall ar chion faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta (féach 'Cionta faoin Acht um Chosaint idirnáisúnta' thíos).

Comhairle dlí

Is féidir leat comhairle dlí agus ionadaíocht a fháil tríd an mBord um Chúnamh Dlíthúil. Is féidir leis an mBord cabhrú le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta chuig an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta agus achomhairc chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisúnta. Ní mór duit sonraí d'ionadaí dlíthúil a chur in iúl don IPO.

Solathraíonn an tIonad Dlí Neamhspleách Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann comhairle dlí agus ionadaíocht do dhaoine sna céimeanna tosaigh den phróiseas tearmainn.

Tá tú i dteideal dul i gcomhairle le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) a bhfuil oifig aige i mBaile Átha Cliath.

Fógra faoi agallaimh agus faoi chinntí

Ní mór duit a chur ar an eolas i scríbhinn maidir le haon cheapacháin nach mór duit a choinneáil agus aon chintí a ghlactar maidir le d'iarratas.

Rúndacht

déileáil leat, lena n-áirítear ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Tá sé de cheart agat aon sonraí a bhaineann leat atá á gcoimeád ar chóras Eurodac a fheiceáil agus a cheartú

Do dhualgais le linn an phróisis iarratais

Do dhualgas chun comhoibriú

Ní mór duit comhoibriú leis an measúnú ar d'iarratas ar chosaint idirnáisúnta. Mura gcomhoibríonn tú, déanfar d'iarratas a mheas bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir tú ar fáil sular chinn an IPO nach raibh tú ag comhoibriú a thuilleadh. Ag céim an achomhairc, d'fhéadfaí d'iarratas a tharraingt siar mura gcomhoibríonn tú.

Ní mór duit aon fhaisnéis a iarrtar ort a chur isteach chomh luath agus is féidir, agus ní mór duit a bheith macánta i d'iarratas. Ní mór duit freastal ar agallaimh leis an IPO. Má tá cúis agat nach féidir leat a bheith i láthair, ba cheart duit é sin a chur in iúl don IPO nó IPAT chomh luath agus is féidir.

Ní mór duit cloí de dlíthe na hÉireann, agus ní mór duit aon treoracha a thugann an IPO nó an tAire Dlí agus Cirt a leanúint. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis seo ceanglas fanacht i limistéar ar leith nó tuairisc a thabhairt d'oifigeach inimirce nó do stáisiún Gardaí.

Coinnigh do sheoladh cothrom le dáta

I ngach comhfhreagras leis an Oifig um Chosaint Idirnáisúnta nó leis an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta, ba chóir duit d'ainm, do sheoladh, do náisiúntacht agus an uimhir thagartha a thaispeántar ar do theastas cónaithe sealadach a chur in iúl go sóiléir.

Luaigh sonraí d'iarratais

I ngach comhfhreagras leis an Oifig um Chosaint Idirnáisúnta nó leis an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta, ba chóir duit d'ainm, do sheoladh, do náisiúntacht agus an uimhir thagartha a thaispeántar ar do theastas cónaithe sealadach a chur in iúl go sóiléir.

Éire a fhágáil

Ní ceadmhach duit Éire a fhagáil ná iarracht a dhéanamh Éire a fhágáil gan toilliú an Áire díli agus Cirt fad atá d'iarratas á bhreithniú.

Ag lorg oibre

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead oibre mura bhfuil cinneadh faighte agat ar d'iarratas laistigh de 5 mhí. Níl cead agat oibriú gan chead.

Coinnigh taifid

Ní mór duit nó d'aturnae gach cóip den doiciméadú a thugann an IPO agus an Binse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta duit a choinneáil.

Cionta faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015

Le linn d'iarratas ar choisaint idirnáisiúnta, tá cion dhéanamh agat má dhéanann tú aon cheann díobh seo a leanas:

  • Fág nó iarracht a dhéanamh Éire a fhágáil gan cead an Aire Dlí agus Cirt
  • Teip ar chur in iúl don IPO do sheoladh nó aon athrú ar do sheoladh
  • Mainneachtain déanamh de réir ceanglas chun cónaí nó fanacht i gceantair nó áiteanna áirithe nó tuairisc a thabhairt ag eatraimh shonraithe d'oifigeach inimirce nó do chomhalta den Gharda Síochána
  • Deimhniú Cónaithe Sealadach a bhrionnú nó a athrú go calaoiseach
  • Tabhair faisnéis bhréagach nó mhíthreorach maidir le d'iarratas

Tá fhaightear ciontach tú i gcion faoin Acht um Chosaint Idirnáisúnta 2015 d'fhéadfaí fíneáil agus/nó príosúnacht a ghearradh ort ar chiontú achomair.

Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a bhfuil amhras réasúnach ann go bhfuil cion nó go ndearna sé nó sí cion a ghabháil gan bharántas.

An féidir mé a choinneáil le linn m'iarratais?

Leagann an tAcht um Chosaint idirnáisiúnta 2015 amach na cúinsí ina bhféadfadh oifigeach inimirce nó Garda tú a choinneáil. D'fhéadfaí tú a choinneáil má:

  • Bagairt don tslándáil náisiúnta nó don bheartas poiblí
  • A bhfuil coir thromchúiseach neamhpholaitiúil déanta acu lasmuigh d'Éirinn
  • Nach bhfuil iarrachtaí réasúnta déanta agat chun d'aitheantas a shuíomh, nó má dhiúltaíonn tú cead a thabhairt do mhéarloirg a thógáil
  • Tá sé ar intinn agat aistriú ón stát a sheachaint, i gcás go n-asitrítear d'iarratas chuig tír de chuig Rialachán Bhaile Átha Cliath III
  • Tá sé ar intinn agat aistriú ón Stát a sheachaint, i gcás nach n-éiríonn le d'iarratas
  • Tá sé ar intinn aige an Stáit a fhágáil agus dul isteach i gceann eile gan údarás dleathach
  • Gan chúis réasúnach, scrios tú doiciméid aitheantais nó tasitil nó má tá doiciméid aitheantais bhrionnaithe ina seilbh agat
  • Go bhfuil siad tar éis gníomhú nó go bhfuil sé ar intinn acu gníomhú ar bhealach a bhainfidh an bonn den chóras cosanta idirnáisiúnta sa Stát nó den socrú um Chomhlimistéar Taistil

Teagmhálaithe

Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

78-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath
D02 ND99
Éire

Uaireanta Oscailte: Lu-hAo 9.30rn-1in, 2-4.30in
Teil: +353 1 602 8000
Facs: +353 1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.ipo.gov.ie/

Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Theifigh (UNHCR)

102 Bóthar Pheambróg
Baile Átha Cliath 4
Ireland

Teil: +353 (0)1 631 4510
Láithreán Gréasáin: https://www.unhcr.org/en-ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Deireadh Fómhair 2023