Cearta cónaithe shaoránaigh na RA

Réamhrá

D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Tá comhaontú tarraingthe siar déanta ag rialtas na Breataine leis an AE a choinneoidh cearta shaoránaigh na Breataine i dtíortha eile an AE (agus shaoránaigh an AE sa RA) go dtí deireadh 2020, agus tháinig sé seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

Tugtar an idirthréimhse ar an tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go 31 Nollaig 2020.

Tugann an comhaontú tarraingthe siar an ceart céanna do shaoránaigh na Breataine agus a dteaghlaigh maireachtáil, obair, sochair a éileamh, agus rochtain a fháil ar chúram sláinte san AE le linn na hidirthréimhse agus a tugadh roimhe seo.

Tá cosaint bhreise ag saoránaigh na Breataine leis an gComhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Chomhaontaigh rialtais na Breataine agus na hÉireann go leanfar d’fhorálacha an chomhaontaithe seo tar éis don RA an AE a fhágáil.

Cearta shaoránaigh na RA in Éirinn taréis an 31 Eanáir 2020

Más saoránach na Breataine tú atá i do chónaí in Éirinn, tá go leor de na cearta agus na teidlíochtaí céanna agat agus atá ag saoránach Éireannach. Is féidir le saoránaigh na Breataine:

  • Teacht isteach in Éirinn gan víosa
  • Taisteal idir an RA agus Éire
  • Oibriú gan chead fostaíochta
  • Rochtain a fháil ar an gcóras cúraim sláinte poiblí
  • Vóta in olltoghcháin

Tá na cearta seo bunaithe ar shraith comhaontuithe déthaobhacha idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a thosaigh in 1922. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gComhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

I mí na Bealtaine 2019, d’athdhearbhaigh rialtais na hÉireann agus na Breataine a dtiomantas don Comhlimistéar Taistil a choinneáil.

Tá an Comhlimistéar Taistil deighilte ó dhlí an AE, agus tá sé fós i bhfeidhm ó d’fhág an RA an AE an 31 Eanáir 2020.

Cad mar gheall ar mo theaghlach neamh-LEE?

Le linn na hidirthréimhse, tá an ceart céanna ag baill teaghlaigh neamh-LEE de shaoránaigh na RA maireachtáil agus obair in Éirinn agus a bhí acu roimh an 31 Eanáir 2020.

Má tá do chónaí in Éirinn bunaithe ar Chearta Conartha AE saoránaigh de chuid na RA (ciallaíonn sé seo go bhfuil Stampa 4 FAM AE agat), ba cheart go mbeadh comhfhreagras faighte agat ón Rannán Seirbhísí Inimirce (INIS roimhe seo) i mí Lúnasa 2019 ag leagan amach a phleananna i gcás Brexit gan chomhaontú.

Faoin gComhaontú tarraingthe siar beidh saoránaigh na RA agus a dteaghlaigh, a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i dtír AE (Éire san áireamh) roimh dheireadh na hidirthréimhse, in ann leanúint ar aghaidh ag cónaí sa tír sin tar éis an 31 Nollaig 2020.

Foilseofar eolas faoi stádas ball teaghlaigh neamh-LEE de shaoránaigh na RA a bhfuil súil acu teacht go hÉirinn tar éis don idirthréimhse a bheith thart (31 Nollaig 2020) ar Citizensinformation.ie nuair a bheidh sé ar fáil.

Saoránaigh agus seirbhísí sláinte na RA in Éirinn

Tá saoránaigh na RA a bhfuil cónaí orthu in Éirinn i dteideal seirbhísí sláinte ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu anseo. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidís leas a bhaint as seirbhísí sláinte poiblí má tá siad “ina ngnáthchónaí” anseo. Is comhaontú é seo idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, agus ní athróidh sé le himeacht na RA ón Aontas Eorpach.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte go gclúdófar cuairteoirí go hÉirinn ón RA le haghaidh cúram sláinte le linn na hidirthréimhse agus dá héis.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn

Tá saoránaigh na RA atá ina gcónaí in Éirinn incháilithe d'iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an mbealach céanna le saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí in Éirinn.

Le gach íocaíocht leasa shóisialaigh in Éirinn, ní mór duit na rialacha do gach scéim a chomhlíonadh chun go gcáileoidh tú. Mar shampla, caithfidh tú a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn chun cáiliú don chuid is mó d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh de réir tástála mhaoine.

Caitear le cónaí sa Chomhlimistéar Taistil ar an mbealach céanna is a gcaitear le cónaí in Éirinn chun críocha choinníll an ghnáthcónaithe (HRC). Mar sin féin, b’fhéidir go mbeadh sé níos deacra ar shaoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhog go hÉirinn le déanaí cruthú gurb i Éire a lárionad príomhleasa.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat in Éirinn faoi láthair, leanfar leis a íocaíocht tar éis don RA an AE a fhágáil, fad a leanfaidh tú de na critéir cháilitheacha don íocaíocht a chomhlíonadh. D’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta treoir maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus Brexit.

Má tá íocaíocht á fáil agat ón RA (pinsean na Breataine mar shampla) leanfaidh tú de é a fháil tar éis don RA an AE a fhágáil.

Leanfar le ranníocaíochtaí sóisialta (ÁSPC in Éirinn, agus Árachas Náisiúnta sa RA) a íoctar sa RA a mheas i dtreo phinsin na hÉireann agus sochar leasa shóisialaigh eile.

An féidir liom mo cheadúnas tiomána RA a úsáid?

Féadfaidh tú leanúint de do cheadúnas tiomána RA a úsáid chun tiomáint in Éirinn le linn na hidirthréimhse, a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020.

Tar éis an ama seo, beidh stádas ceadúnais na RA in Éirinn ag brath ar chomhaontuithe amach anseo. Molann an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnú Tiománaithe (NDLS) duit do cheadúnas RA a mhalartú roimh dheireadh 2020.

Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi do cheadúnas a mhalartú.

An féidir liom vótáil in Éirinn?

Leanann Saoránaigh na RA de bheith i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin náisiúnta agus i dtoghcháin áitiúla má chomhlíonann siad na riachtanais ghinearálta maidir le vótáil (mar shampla, bheith os cionn 18 mbliana d’aois). Níl tú i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Uachtaráin nó i reifrinn.

Tar éis don RA an tAontas Eorpach a fhágáil, ní bheidh tú incháilithe vóta a chaitheamh a thuilleadh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.

Tuilleadh faisnéise agus teagmhálacha

Féadfaidh tú do sheoladh ríomhphoist a chlárú le haghaidh nuashonruithe ar Brexit ó rialtas na Breataine, agus ó rialtas na hÉireann.

Tá treoir ag Gov.uk maidir le maireachtáil in Éirinn do shaoránaigh na Breataine.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Nollaig 2020