Cárta Árachais Sláinte na hEorpa

Cad é Cárta Árachais Sláinte nahEorpa?

Ceadaíonn Cárta Árachais Sláinte na hEorpa (EHIC) duit rochtain a fháil ar shláinte phoiblí i stát eile an AE/LEE saor in aisce ar ráta laghdaithe. Is féidir leat é a úsáid agus tú ag taisteal thar lear nó nuair a fhanann tú go sealadach i Stát eile an AE.

Pointí tábhachtacha maidir leis an gcárta

  • Teastaíonn a c(h)árta féin ó gach aon bhall an teaghlaigh.
  • Maireann sé ar feadh suas go dtí 4 bhliana.
  • Beidh ort iarratas a sheoladh chun do chárta a athnuachan agus is féidir leat athnuachan ar líne.
  • Nuair a bhíonn tú thar lear, coinneáil leat do EHIC i gcónaí.
  • Ní chlúdóidh sé cúram sláinte duit lasmuigh den AE, seachas san Íoslainn, Iorua agus Liachtenstein (LEE) agus Eilvéis.
  • Ní chlúdaíonn sé cúram sláinte príobháideach.
  • E111 an t-ainm a bhí air ar dtús.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh:

  • Go pearsanta: in aon oifig sláinte áitiúil seachas Iarthuaisceart Corcaigh Laoi Theas, Bhaile Átha Cliath, Deisceart Bhaile Átha Cliath, Cill Dara agus Cill Mhantáin.
  • Trí phost: Priontáil foirm iarratais amach agus seol é trí phost chuig d’oifig sláinte áitiúil i dteannta le aon cháipéisí a theastaíonn.
  • Ar líne: Cuir isteach trí shuíomh gréasáin FSS má tá cárta leighis nó cárta scéime íocaíochta cógais agat agus tú i do chónaí in Éirinn.

An féidir liom Cárta Árachais Sláinte na hEorpa a fháil?

Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Árachais Sláinte na hEorpa ach:

  • Má chónaíonn tú in Éirinn
  • Má chónaíonn tú i mballstát eile an Aontais Eorpaigh (AE), Limistéar Eorpa Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis

Má chónaíonn tú in Éirinn ach tá nasc agat le Córas Slándála Sóisialaí Stáit eile an AE/LEE, téigh i dteagmháil leis na údaráis sláinte sa tír sin i gcomhair a thuilleadh eolais.

Má chónaíonn tú i dTuaisceart Éireann ach má tá tú fostaithe in Éirinn, is féidir leat an CEÁS a eisítear in Éirinn a fháil.

Is féidir le hoibrithe trasteorann) an CEÁS a eisítear in Éirinn a fháil mar gheall go n-íocann siad ranníocaíochtaí slándála sóisialaí in Éirinn. Caithfidh siad filleadh abhaile uair sa tseachtain, ar a laghad, le cáiliú.

Is féidir le cleithiúnaithe mic léinn le hoibrithe trasteorann an CEÁS a eisítear in Éirinn a fháil. Caithfidh siad bheith idir 18 agus 23 bliain d’aois, caithfidh staidéar a bheith á dhéanamh acu san AE/an LEE nó san Eilvéis agus caithfidh gur líon siad foirm Shonraí Scoile nó Coláiste (pdf).

Má chónaíonn tú i mballstát eile AE/ LEE nó san Eilvéis.

Má chónaíonn tú san AE, LEE nó san Eilvéis, tá tú i dteideal EHIC eisithe ag Éirinn má bhaineann aon cheann dá leanas leat.

  • Faigheann tú pinsean ó Éirinn agus tá Foirm E/S1 eisithe in Éirinn (teastas teidlíochta) cláraithe i do thír chónaithe.
  • Oibríonn tú d’fhostóir in Éirinn agus seoladh thú le oibriú i dtír eile LEE nó san Eilvéis.
  • Is oibrí sa teorainn thú (oibrí trasteorann) i do chónaí sa LEE agus ag obair in Éirinn.
  • Is ball teaghlaigh thú le oibrí seolta thar lear nó le duine ag obair in Éirinn agus ní chlúdaítear thú i do cheart féin ag aon tír LEE ina gcónaíonn tú.

Cónaíonn tú i mballstát eile an AE/LEE, beidh ort foirm iarratais difriúil a chomhlíonadh ar líne, trí r-phoist nó trí phost.

Mura bhfuil tú incháilithe i gcomhair EHIC eisithe in Éirinn, ba chóir duit fiosrú má tá tú incháilithe i gcomhair EHIC sa tír ina gcónaíonn tú faoi láthair.

Cén áit is féidir liom é aúsáid?

AE agus in Eoraip

Is féidir leat do Chárta Árachais Sláinte na hEorpa a úsáid in aon tír an Aontais Eorpaigh nó an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus san Eilvéis. Faoi láthair, comhdhéanann an EEA ballstáit an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an Íoslainn, Liechtenstein agus an Iorua.

Ós rud é nach bhfuil Andóra agus Monacó mar chuid den AE, nó den LEE, ní ghlactar le do EHIC ansin. Ba chóir duit árachas sláinte príobháideach a fháil in ionad sin.

Faigh amach cén áit is féidir leat do EHIC a úsáid, agus conas rochtain a fháil ar chúram sláinte thar lear.

Ríocht Aontaithe

Más saoránach na hÉireann thú, tá rochtain agat ar chúram sláinte faoi réir an Chomhlimistéir Taistil le linn cuairte ar an UK. D’ainneoin sin, ba chóir do shaoránaigh eile an AE a gcuid EHIC a úsáid, ó ghlactar leis san UK fós.

Lasmuigh den AE

Má bhíonn tú ag taisteal lasmuigh den AE/LEE, ba chóir duit árachas sláinte príobháideach a fháil in ionad sin.

Cad a chlúdaíonn sé?

 
Cad a chlúdaíonn sé Cad nach gcludaíonn sé
Cúram sláinte saor in aisce nó laghdaithe in aon tír san AE agus LEE Cúram sláinte príobháideach
Cuairt shealadach suas go dtí 3 mhí Costas eitilte ar ais go hÉirinn
Coinníollacha liachta a bhí ann roimhe Cúram sláinte leanúnach nó buan
Cúram máithreachais gnáthaimh - mura bhfuil tú ag dul ann chun páiste a shaolú Costais liachta, má bhaineann do chúis taistil thar lear le cóireáil liachta a fháil
Más mac léinn thú ag staidéar thar lear, beidh tú clúdaithe i gcomhair suas go dtí bliain acadúil.  

An mbeidh orm aon rud a íocadh i gcomhair cúraim sláinte le mo EHIC?

I mballstáit áirithe an AE d’fhéadfá íocaíocht áirithe a dhéanamh i dtreo costais na seirbhísí a fhaigheann tú, mar a dhéantar sa stát. Ní bhfaighfidh tú aisíocaíocht don méid sin nó don chúram sláinte príobháideach.

Conas is féidir liom aisíocaíocht a fháil ón HSE má íoc mé cúram sláinte agus mé thar lear?

B’fhéidir go mbeidh tú in ann aisíocaíocht a fháil má bhí ort íoc mar gheall nach raibh do chárta CEÁS agat nó mar gheall gur ghearr na soláthraithe cúraim sláinte táille ort de thimpiste.

Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ar ríomhphost. Seol d’fháltais chuig E126.Refunds@hse.ie. nó seol ar ríomhphost iad chuig overseas.medservices@hse.ie má chónaíonn tú i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin nó Cill Dara.

D’fhéadfá a bheith in ann aisíocaíocht a fháil má bhí ort íocadh toisc nach raibh do chárta EHIC agat nó toisc gur ghearr soláthraithe chúram sláinte trí thimpiste ort é.

Seol iarratas aisíocaíochta chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil FSS. Tabhair aon admhálacha atá agat.

Seolfaidh an FSS foirm E126 chuig na údaráis sláinte sa stát eile le fáil amach:

  • Ar úsáid tú seirbhís sláinte poiblí
  • Cé mhéad aisíocaíochta atá dlite

Nuair a fhaigheann an FSS an fhoirm E126 comhlíonta sa stát eile, is féidir leis an FSS féachaint má tá aisíocaíocht dlite. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin FSS.

Cad a tharlaíonn mura bhfuil mo EHIC agam roimh thaisteal?

Mura bhfuil do Chárta Árachais Sláinte na hEorpa agat ar aon chúis, is féidir leat Teastas Athchurtha Sealadach a fháil. Tugann an Teastas sin an teidlíocht chéanna duit mar an gCárta, ach ar tréimhse níos giorra.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar Theastas, go pearsanta nó trí phost chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil. Ní féidir leat Teastas Athchurtha Sealadach a fháil ach duit féin.

Ar chóir dom árachas sláinte príobháideach a fháil chomh maith?

Ba chóir duit smaoineamh air. Ní chlúdaíonn do EHIC ach costais liachta. Is féidir le árachas taistil clúdú don chealú agus bagáiste ar strae agus seirbhísí bhreise amhail clúdach do spóirt geimhridh.

Cé mhéad a chosnaíonn Cárta Árachais Sláinte na hEorpa?

Níl aon táille ann do Chárta Árachais Sláinte na hEorpa nó Teastas Athchurtha Sealadach. Is féidir Cárta Árachais Sláinte na hEorpa a athnuachan saor in aisce freisin.

Conas iarratas a dhéanamh

Sula dtéann tú ag taisteal, cuir iarratas don EHIC i bhfad roimh do thuras.

Má chónaíonn tú in Éirinn

Más saoránach na hÉireann thú, pinsinéir na hÉireann nó saoránach an AE i do chónaí in Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh do EHIC:

  • Go pearsanta ag d’oifig sláinte áitiúil
  • Ar phost
  • Ar líne - má tá cárta leighis nó cárta scéime íocaíochta cógais agat agus tú i do chónaí in Éirinn

Iarrfar ort cruthúnas a thabhairt go gcónaíonn tú in Éirinn. Seolfar do chárta chugat laistigh timpeall 10 lá oibre.

Iarratas trí phost

Tá dhá chéim ann:

1.Íoslódáil agus comhlíon foirm iarratais do Chárta Árachais Sláinte na hEorpa (pdf).

2.Seol an fhoirm chomhlíonta chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil. Mura féidir leat an fhoirm a íoslódáil, is féidir leat iarratas a fháil ó d’Oifig Sláinte Áitiúil. Ba chóir duit d’iarratas a sheoladh i bhfad roimh do thuras.

Conas is féidir liom mo chárta aathnuachan?

Ní mór duit do chárta a athnuachan toisc nach ndéantar iad a eisiúint go huathoibríoch nuair a théann siad in éag. Beidh do sheanuimhir EHIC agus d’uimhir PPS ag teastáil uait.

Má tá tú tar éis do sheoladh nó d’ainm a athrú, beidh ort dul i dteagmháil le d’Oifig Sláinte Áitiúil. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh i bhfad roimh dháta do thurais.

Seol iarratas chun do Chárta Árachais Sláinte na hEorpa a athnuachan ar líne.

1.Roghnaigh Athnuaigh Cárta Reatha ag barr an scáileáin.

2.Cuir isteach an uimhir aitheantais 10 digit ar do chárta Éagtha. An uimhir seo chun tosaigh sa chárta ag an mbun ar chlé.

3.Deimhnigh an seoladh a mbeidh an Cárta seolta ann. Ba chóir dó a dheimhniú gur éirigh le d’iarratas agus go bhfuiltear ag seoladh cárta chugat.

Má tá tú ar cuairt ar Éirinn agusteastaíonn cúram sláinte uait

Má tá EHIC agat agus tú ar cuairt ar Éirinn, is féidir leat:

  • Seirbhísí dochtúra teaghlaigh riachtanacha (GP) a fháil
  • Cóireáil éigeandála a fháil um fhaoiseamh ar phian agus deisiúcháin fiacla práinneacha

Is féidir leat glaoch a chur ar na seirbhísí éigeandála ar 999 nó 112 saor in aisce.

Téigh go dtí suíomh gréasáin FSS i gcomhair a thuilleadh eolais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Bealtaine 2023