Mótarcháin

Cad is mótarcháin ann?

Tá dualgas dlíthiúil ort mótarcháin a íoc agus do dhiosca mótarchánach a thaispeáint más mian leat d’fheithicil a thiomáint in áit phoiblí. Is muirear é mótarcháin a ghearrann an Rialtas ar fhormhór na mótarfheithiclí sa tír, agus is iad na húdaráis áitiúla a bhailíonn í.

Chun mótarcháin a íoc, is féidir mótarcháin a íoc ar líne, cuairt a thabhairt ar d’oifig mótarchánach áitiúil nó na foirmeacha a iarraidh, iad a chomhlánú agus a chur isteach tríd an bpost. Eisítear diosca mótarchánach ar feadh 3 mhí, 6 mhí nó 12 mhí agus braitheann an ráta ar chineál d’feithicle.

Ba cheart meabhrúchán a fháil tuairim is mí roimh ré má tá tú chun do mhótarcháin a athnuachan, agus mura bhfuil aon athrú ar úinéireacht nó ar shonraí an chairr i gceist.

Mura bhfaigheann tú meabhrúchán, is féidir do stádas a sheiceáil ar líne ar motortax.ie.

Mótarcháin a chur ar do ghluaisteán den chéad uair

Má tá tú ag cur cánach ar do ghluaisteán den chéad uair, ní mór duit a chinntiú go bhfuil d’ainm ar an Deimhniú Clárúcháin Feithicle. Déanfaidh déileálaí cláraithe é seo, ach más díolachán príobháideach é, cinntigh go gcomhlánaíonn agus go síníonn an díoltóir an mhír um athrú úinéireachta ionas gur féidir Deimhniú Clárúcháin Feithicle nua a sheoladh chugat. Gan Deimhniú Clárúcháin Feithicle, ní féidir leat cáin a chur ar do charr nua.

Conas iarratas ar mhótarcháin a dhéanamh

Is féidir mótarcháin a íoc:

Tá roinnt difríochtaí i gceist má tá tú ag cur cánach ar fheithicil den chéad uair nó má tá tú ag iarraidh do mhótarcháin a athnuachan.

Beidh cáipéisí breise ag teastáil freisin má tá tú ag cur cánach ar fheithicil earraí nó tráchtála, féach an mhír thíos maidir le ‘Feithiclí tráchtála’.

Déan iarratas ar líne

Ag motortax.ie, is féidir leat cáin a chur ar fheithicil nua nó do mhótarcháin a athnuachan ar líne.

Agus cáin á cur ar fheithicil nua, beidh Foirm RF100 (ar fáil ó do dhéileálaí mótair) ag teastáil.

Agus mótarcháin á hathnuachan, beidh Foirm RF100B (foirm meabhrúcháin ríomhairithe) ag teastáil. Is féidir an mhótarcháin a athnuachan ar fheithicil athláimhe arna ceannach le déanaí, ach is riachtanach gur tusa úinéir cláraithe na feithicle.

Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil chun do mhótarcháin a athnuachan ar líne:

  • Cláruimhir na feithicle
  • Uimhir aitheantais phearsanta
  • Seoladh ríomhphoist
  • Sonraí árachais na feithicle
  • Sonraí cárta creidmheasa/dochair agus sonraí billeála

Mura bhfuil uimhir aitheantais phearsanta agat, téigh chuig motortax.ie chun eolas a fháil faoi conas í a fháil.

Cuirfear do dhiosca cánach amach chugat sa phost laistigh de 4 lá oibre.

Is féidir cáin a chur agus a athnuachan ar na cineálacha feithiclí seo a leanas ar líne:

  • Gluaisteáin phríobháideacha
  • Gluaisrothair
  • Tarracóirí talmhaíochta, tochaltóirí agus comhbhuainteoirí
  • Tarracóirí tarlaithe ginearálta
  • Dumpairí, dumpairí easbhóthair agus forcardaitheoirí
  • Eileatraim
  • Feithiclí seanré
  • Feithiclí atá oiriúnaithe lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas
  • Feithiclí FBSP (Feithicilí Beaga Seirbhíse Poiblí, e.g. Tacsaí/Hacnaí/Limisín)

Is féidir na feithiclí seo a leanas a athnuachan ar líne ach caithfidh tú a bheith i láthair go pearsanta i d’oifig mótarchánach áitiúil an chéad uair:

  • Mótarcharbháin
  • Meaisíní soghluaiste
  • Feithiclí tráchtála
  • Feithiclí Stáit atá díolmhaithe ó mhótarcháin
  • Feithiclí Seirbhísí Éigeandála atá díolmhaithe ó mhótarcháin
  • Feithiclí Taidhleoireachta atá díolmhaithe ó mhótarcháin
  • Feithicil Tarrthála Éigeandála
  • Bus Pobail don Óige

Iarratas aghaidh ar aghaidh a dhéanamh

Má tá iarratas á dhéanamh agat chuig d’oifig mótarchánach áitiúil agus tú i láthair go pearsanta, bíodh an fhoirm agus an táille chuí agat.

Má tá tú ag cur isteach ar mhótarcháin den chéad uair, beidh an fhoirm iarratais RF100 ‘Céad Iarratas ar Mhótarcháin’ de dhíth ort. Tá sé seo ar fáil ón déileálaí mótair nó ón duine ar cheannaigh tú d’fheithicil uaidh.

Má tá do mhótarcháin á hathnuachan nuair nach bhfuil aon athrú ar shonraí an úinéara nó na feithicle, tá dhá fhoirm ar fáil chun do mhótarcháin a athnuachan:

Tá Foirm RF100A ar fáil ó:

  • Oifigí Mótarchánach
  • Leabharlanna poiblí
  • Stáisiúin an Gharda Síochána

Is é an t-aon difríocht idir an dá fhoirm seo ná gur foirm phriontáilte ó ríomhaire í Foirm RF100B. Déantar é a sheoladh chugat sa phost go huathoibríoch thart ar mhí sula mbíonn do cháin le dul in éag.

Ní fhaigheann gach duine foirm sa phost, mar sin is fútsa atá sé súil a choinneáil ar dháta éaga do mhótarchánach. Seol d'fhoirm chomhlánaithe ar ais chuig d'oifig mótarchánach áitiúil tríd an bpost, nó tóg isteach go pearsanta í.

Má dhéanann tú iarratas agus tú i láthair go pearsanta, gheobhaidh tú do dhiosca cánach nua ag an am sin.

Má dhéanann tú iarratas poist, tabhair suas le 3 seachtaine chun do dhiosca nua a fháil.

Ní mór an táille chuí a chur isteach le d’fhoirm athnuachana. Teastaíonn deimhniú ceadaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim do thiománaí nó paisinéir faoi mhíchumas freisin má tá an fheithicil díolmhaithe ó mhótarcháin.

Athrú ar úinéireacht feithicle agus mótarcháin

Má dhíolann tú d’fheithicil nó má thrádálann tú isteach í le haghaidh feithicil nua, ní mór an t-athrú úinéireachta a chlárú. Ní féidir cáin a chur ar d’fheithicil nua go dtí go mbeidh an t-athrú úinéireachta cláraithe. Is féidir stádas na feithicle a sheiceáil ar motortax.ie.

Ansin, is féidir an mhótarcháin a athnuachan le Foirm RF100A, nó ar líne mar a mhínítear in ‘Conas iarratas ar mhótarcháin a dhéanamh’. Má tá an mhótarcháin ar d’fheithicil nua imithe in éag cheana féin, ní bheidh na riaráistí ó dhul in éag an diosca cánach deiridh go dtí deireadh na míosa díreach roimh an dáta a cheannaigh tú an fheithicil le híoc agatsa.

Is cion é tiomáint gan mótarcháin a íoc, mar sin níor chóir duit tiomáint go dtí go bhfuil deimhniú faighte agat go bhfuil an clárúchán déanta agus go bhfuil an mhótarcháin íoctha agat.

Athrú ar shonraí an úinéara

  • Chun do mhótarcháin a athnuachan i gcás ina bhfuil athrú ar shonraí an úinéara (mar shampla, ainm/seoladh (m.sh. mar thoradh ar phósadh), úsáid Foirm RF100A.

Athrú ar shonraí na feithicle

  • Chun do mhótarcháin a athnuachan i gcás go bhfuil athrú ar shonraí na feithicle (mar shampla, méid an innill), bain úsáid as Foirm Athrú Sonraí RF111 (pdf)

Diosca cánach caillte a athsholáthar

Féadfaidh tú doiciméid ionaid a fháil maidir le mótarcháin agus doiciméid feithicle eile.

Replacement documents 
Doiciméad:

 

Replacement cost

 

Costas athsholáthair Diosca cánach
€6 Leabhar clárúcháin
€12 €12

Chun doiciméid ionaid a fháil, ní mór duit:

Díolúintí ar mhótarcháin

Tá feithiclí áirithe díolmhaithe ón gceanglas mótarcháin a íoc. Mar sin féin, má úsáidtear na feithiclí sin in áit phoiblí ní mór diosca cánach reatha a thaispeáint.

I measc na bhfeithiclí atá díolmhaithe ón gceanglas mótarcháin a íoc tá:

Faigh tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh ar dhíolúine sa doiciméad seo a leanas: faoiseamh cánach do thiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas.

Conas iarratas ar aisíocaíocht mhótarchánach a dhéanamh

I gcásanna áirithe, is féidir aisíocaíocht mhótarchánach a éileamh. Déan iarratas ar aisíocaíocht díreach chuig d’oifig mótarchánach áitiúil ar Fhoirm RF120 (pdf), mar aon le doiciméid tacaíochta. Caithfidh comhalta den Gharda Síochána an fhoirm a fhianú agus a stampáil.

Is féidir aisíocaíocht ar mhótarcháin a éileamh sna cásanna seo a leanas:

  • Má táthar tar éis na feithicle a scrapáil, a scriosadh nó a chur amach as an Stát ar bhonn buan
  • Más rud é gur goideadh í agus nach bhfuair an t-úinéir ar ais í
  • Más rud é nár tógadh amach nó nár úsáideadh in áit phoiblí í ag am ar bith ó eisíodh an diosca reatha

Mar an t-úinéir, is féidir aisíocaíocht a éileamh má stop tú den fheithicil a úsáid:

  • Mar thoradh ar bhreoiteacht, gortú nó míchumas eile coirp
  • Toisc go bhfuil tú as láthair ón tír chun críocha gnó nó oideachais
  • Toisc go bhfuil tú ag fónamh thar lear le hÓglaigh na hÉireann

Ní mór do dhioscaí cánach a sheoladh ar ais láithreach mar is gnách go ríomhtar aisíocaíochtaí ón gcéad lá den mhí tar éis don diosca a thabhairt isteach. Ní mór 3 mhí féilire iomlána neamhchaite ar a laghad a bheith fágtha ar an diosca.

Má tá an fheithicil scrapáilte, teastaíonn deimhniú um scriosadh ó Shaoráid Chóireála Údaraithe d’Fheithiclí Ré Caite (FRC).

Feithicil nach bhfuil á tiomáint ar an mbóthar

Mura bhfuil d’fheithicil á tiomáint ar an mbóthar ar bhonn sealadach, ní gá duit mótarcháin a íoc don tréimhse sin. Ní mór duit a dhearbhú roimh ré nach mbeidh d’fheithicil á tiomáint ar an mbóthar agus nach mbeidh sí in úsáid ar feadh tréimhse idir 3 mhí agus 12 mhí.

Chun seo a dhéanamh, ní mór duit:

Ní mór dearbhú um neamhúsáid a dhéanamh sa mhí chéanna a théann do dhiosca mótarchánach reatha in éag. Má tá riaráistí mótarchánach dlite, ní mór iad seo a íoc ina n-iomláine agus ní mór duit freisin ar a laghad 3 mhí de mhótarcháin a íoc sular féidir dearbhú um neamhúsáid a dhéanamh.

Úsáid feithicle a athrú

Chun úsáid feithicle a athrú ó úsáid tráchtála go húsáid phríobháideach nó ó úsáid phríobháideach go húsáid tráchtála, déan teagmháil le d’oifig mótarchánach áitiúil féachaint an nglacfaidh siad le hathrú ar aicme na feithicle agus cad iad na doiciméid a theastaíonn uathu.

D’fhéadfadh athrú ar aicme na feithicle athrú a dhéanamh ar an méid mótarchánach a chaithfidh tú a íoc. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le d’oifig mótarchánach áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin.

Feithiclí ar oileáin

Má choinnítear agus má úsáidtear d’fheithicil go heisiach ar oileán amach ón gcósta, féadfaidh tú cáin a íoc uirthi ag ráta laghdaithe. Ní féidir cáin a íoc ar fheithiclí ó oileáin ar líne, ní mór dul chuig d’oifig mótarchánach áitiúil chun cáin a chur orthu. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil, lena n-áirítear sonraí na ndoiciméad a theastaíonn uait.

Rátaí

Eisítear diosca mótarchánach ar feadh 3 mhí, 6 mhí nó 12 mhí agus braitheann an ráta ar chineál na feithicle.

Is féidir na rátaí mótarchánach a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair. Is féidir eolas a fháil ar conas a ríomhtar rátaí mótarchánach (astaíochtaí CO2 srl.) ar motortax.ie.

Ar shuíomh gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) - Power of One, is féidir na leibhéil astaíochtaí CO2 do mhúnlaí éagsúla gluaisteáin.

Feithiclí Leictreacha

Is é an ráta bliantúil d’fheithicil leictreach ná €120 in aghaidh na bliana d’Fheithicil Cheallra-Leictreach. Is iad feithiclí leictreacha an banda cánach is ísle le haghaidh mótarchánach.

Feithiclí tráchtála

Laghdaítear an ráta mótarchánach do gach feithicil earraí tráchtála os cionn 4,000kg. Is é an ráta bliantúil d’fheithicil idir 4,000kg agus 12,000kg ná €500, agus €900 d’fheithiclí os cionn 12,000kg.

Feithiclí seanré

Is éard is feithicil ‘seanré’ ann chun críocha mótarchánach ná feithicil atá 30 bliain d’aois nó níos sine. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil an fheithicil cáilithe do stádas ‘seanré’, ní mór go bhfuil aois na feithicle léirithe go soiléir ar uimhir fonnaidh agus ar leabhar clárúcháin nó ar dheimhniú clárúcháin na feithicle.

Athrú Úinéireachta ar Fheithicil

Nuair a cheannaítear feithicil nua nó athláimhe, ní ghearrtar táille ar bith ar shonraí um athrú úinéireachta a chlárú ag oifigí mótarchánach nó ag an Aonad Clárúcháin Feithicle.

Mótarcháin ar fheithiclí tráchtála

Má tá mótarcháin á cur ar fheithicil earraí nó feithicil tráchtála den chéad uair, tá doiciméid bhreise ann a d’fhéadfadh a bheith uait.

Taxing a goods or commercial vehicle for the first time  
Meáchan gan ualach Doiciméad riachtanach
Over 1,524 kg

(3,500 kg Gross Vehicle Weight)

 

Níos mó ná 1,524 kg(Ollmheáchan Feithicle 3,500 kg)
Under 1,524 kg

(3,500 kg Gross Vehicle Weight)

 

A goods declaration form RF111A (pdf) from motor tax office.

This must be witnessed in a Garda station

Seans go mbeidh cruthúnas breise ag teastáil uait freisin a léiríonn go bhfuil cáin chuí ar an bhfeithicil. I measc an eolais seo, tá

  • Deimhniú árachais tráchtála reatha don fheithicil
  • Fianaise ar chlárú le haghaidh CBL
  • Deimhniu Imréitigh Cánach
  • Foirm d’Fhógra um Chlárú Cánach

Más fostaí tú agus mura n-úsáideann tú d’fheithicil ach amháin chun earraí a iompar le linn d’fhostaíochta, beidh litir ag teastáil ó d’fhostóir ina luaitear é sin. Ba cheart go luaitear eolas faoi d’fhostóir sa litir seo, amhail cineál an ghnó agus Uimhir Chlárúcháin Chánach.

Má tá an fheithicil bliain d'aois nó níos sine (mar shampla, feithicil iompórtáilte), beidh deimhniú ródacmhainneachta/ráiteas pas (ó thástálaí údaraithe) ag teastáil. Más feithicil iompórtáilte atá i gceist, beidh duillín meáchain (ó dhroichead meáchain údaraithe) ag teastáil.

Feithiclí eile amhail tacsaithe agus busanna

Má tá do mhótarcháin á hathnuachan ar fheithicil earraí nó feithicil eile, seans go mbeidh na nithe seo a leanas ag teastáil freisin:

Renewing your motor tax for a goods or other vehicle 
Cineál na feithicle Ceanglas breise
Feithiclí seirbhíse poiblí, idir bheag agus mhór Ceadúnas um Fheithicil Seirbhíse Poiblí (FSP).
Busanna scoile Ceadúnas Airteagal 60.
Feithiclí móra seirbhíse poiblí agus otharchairr atá 1 bhliain d’aois nó níos sine Deimhniú ródacmhainneachta/ráiteas pas eisithe ag tástálaí údaraithe
Feithiclí tarrthála Foirm dearbhaithe um fheithicil tarrthála RF111B (ó oifig mótarchánach)

Conas teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair

Tá an tAonad Clárúcháin Feithicle sa Roinn Iompair freagrach as úinéireacht feithicle a chlárú. Déan teagmháil leo mar seo a leanas:

Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí Rannán

An Roinn Iompair

Lár Bhaile na Sionna
Sionainn
An Clár
Éire

Teil: 0818 411 412
Láithreán Gréasáin: http://www.gov.ie/transport
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Lúnasa 2023