Aisíocaíochtaí CBL ar áiseanna agus trealamh in úsáid ag daoine le míchumais

Réamhrá

Má tá cónaí ort in Éirinn agus má tá míchumas coirp nó meabhrach ort, d’fhéadfá aisíocaíocht Cáin Bhreisluacha (CBL) a fháil ar áiseanna agus fearais speisialta áirithe a dteastaíonn uait.

D’fhéadfadh aisíocaíocht a bheith ar fáil freisin do dhuine a íocann as áiseanna agus fearais atá le húsáid go heisiach ag duine eile atá faoi mhíchumas.

Is féidir leis an scéim aisíocaíochtaí CBL seo ar áiseanna agus fearais a bheith i bhfeidhm ar obair oiriúnaithe agus suiteála atá á déanamh chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí do dhuine scothaosta nó do dhuine faoi mhíchumas – féach ‘Oiriúnaithe tithíochta’ thíos.

Níl feidhm ag an scéim mura ngearrtar CBL ort ar do cheannach. Mar shampla, tá ráta nialasach CBL i bhfeidhm do chathaoireacha rothaí.

Rialacha

Faoin Ordú Cánach Breisluacha (Aisíoc Cánach) (Uimh. 15), 1981, is féidir leat aisíocaíocht CBL a éileamh ar áiseanna agus fearais a chuidíonn leat gníomhaíochtaí laethúla a dhéanamh sa bhaile nó ag an obair. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise leighis ar do mhíchumas a iarraidh.

cheadaítear aisíocaíochtaí CBL ar sheirbhísí nó ar chíos áiseanna agus fearais.

Chun aisíocaíocht CBL a éileamh ní mór duit:

  • Bheith i do chónaí in Éirinn
  • Bheith faoi mhíchumas
  • Bheith áiseanna agus trealaimh de dhíth ort chun cabhrú leat le gníomhaíochtaí laethúla

Caithfidh an cúnamh nó an fearas a bheith faoi úinéireacht an duine faoi mhíchumas agus a bheith dá n-úsáid eisiach. Má tá an aisíocaíocht CBL á lorg ag duine eile seachas úsáideoir na háise nó an fhearais, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise a iarraidh gur leis an duine faoi mhíchumas amháin an cúnamh agus gur chun a úsáide amháin é. Sa chás seo, ní fhéadfaidh an ceannaitheoir na hearraí a fháil óna ghnó féin.

I measc samplaí d’áiseanna agus d’fhearais incháilithe tá:

  • Áiseanna baile, mar shampla, áiseanna itheacháin agus óil
  • Folcadáin siúil isteach
  • Cathaoireacha leithris
  • Suíocháin ardaithe agus cathaoireacha sonraithe
  • Leabhair Braille
  • Gléasanna ardaithe agus ardaitheoirí, lena n-áirítear ardaitheoirí staighre
  • Áiseanna cumarsáide

Tá tuilleadh eolais ag na Coimisinéirí Ioncaim ar conas CBL a éileamh ar ais ar áiseanna agus fearais do dhaoine faoi mhíchumas. Oiriúnú tithíochta

Má tá do theach á fheabhsú nó á oiriúnú agat chun é a dhéanamh níos inrochtana, is féidir go mbeidh tú in ann aisíocaíocht CBL a éileamh ar chostas na hoibre suiteála agus oiriúnaithe. Féadfaidh tú cáiliú freisin do dheontas, mar shampla an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, an Scéim Deontais Áiseanna Soghluaisteachta nó an Scéim Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta. Léigh tuilleadh faoi deontais agus scéimeanna tithíochta.

Feithicil a cheannach agus a oiriúnú

Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar loghadh nó ar aisíocaíocht cánach clárúcháin feithicle (CCF), aisíocaíocht CBL ar fheithicil a cheannach agus aisíocaíocht CBL ar an gcostas a bhaineann le feithicil a oiriúnú, suas go huasmhéid. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil inár ndoiciméad ar Fhaoiseamh cánach do thiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ag baint úsáide as r-Aisíocaíochtaí i seirbhís mo Chuntais nó ROS de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin tríd an bhFoirm VAT61a (pdf) a chomhlánú agus é a chur ar ais chuig Lár-Oifig Aisíocaíochtaí na gCoimisinéirí Ioncaim (féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos).

Ní mór duit doiciméid tacaíochta a cheangal le d’éileamh - mar shampla, sonraisc bhunaidh do na hearraí go léir san éileamh nó, i gcás earraí allmhairithe, admhálacha CBL a íocadh tráth iompórtála. I gcás comhaontú fruilcheannaigh, beidh ort cóip den chomhaontú agus den sonrasc a chur ar fáil.

Ní mór duit d’éileamh a dhéanamh laistigh de 4 bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach inar cheannaigh tú an áis nó an fearas. Is iad na tréimhsí inchánach laistigh de gach bliain:

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun aisíocaíocht a éileamh ar chúnamh nó ar fhearas déan teagmháil le:

  • Eanáir/Feabhra
  • Márta/Aibreán
  • Bealtaine/Meitheamh
  • Iúil/Lúnasa
  • Meán Fómhair/Deireadh Fómhair
  • Samhain/Nollaig

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun aisíocaíocht a éileamh ar chúnamh nó ar fhearas déan teagmháil le:

Oifig Lárnach na nAisíocaíochtaí

Na Coimisinéirí Ioncaim

Foirgneamh M: TEK II
Bóthar Ard Mhacha
Muineachán
H18 YH59
Éire

Teil: 047 62 100
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Eanáir 2020