Saoire atharthachta

Réamhrá

Ón 1 Meán Fómhair 2016 ar aghaidh, tá aithreacha i dteideal saoire atharthachta a ghlacadh ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht i ndiaidh go saolaítear a leanbh nó a uchtaítear leanbh. Foráiltear san Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 do shaoire reachtúil atharthachta 2 sheachtain a ghlacadh. Baineann na forálacha le breitheanna agus le huchtáil a tharla an 1 Meán Fómhair 2016 nó ina dhiaidh sin. Féadfaidh tú tús a chur le saoire atharthachta ag tráth ar bith laistigh de na chéad 6 mhí i ndiaidh na breithe nó an tsocrucháin uchtála.

Íocaíocht i rith saoire atharthachta

Braitheann do theidlíocht do phá agus d’aoisliúntas i rith saoire atharthachta ar théarmaí do chonartha fostaíochta. Níl dualgas ar fhostóirí fostaithe a íoc atá ar shaoire atharthachta. B’fhéidir go gcáileoidh tú do Shochar Atharthachta ón Roinn Coimirce Sóisialaí má bhíonn ranníocaíochtaí leordhóthanacha ÁSPC agat. D’fhéadfadh go bhforálfaí i gconradh fostaí do chearta breise maidir le híocaíocht ag an bhfostóir i rith thréimhse na saoire, mar sin, mar shampla, d’fhéadfadh an fostaí pá iomlán a fháil, lúide méid an tSochair Atharthachta atá iníoctha.

Rialacha

Cé atá incháilithe?

Faoin Acht, airítear le “tuismitheoir ábhartha” ar mhaithe le cuspóirí na teidlíochta do shaoire atharthachta:

  • Athair an linbh
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir mháthair an linbh
  • Tuismitheoir linbh a ghin deontóir

I gcás linbh a uchtaíodh, áirítear leis an tuismitheoir ábhartha:

  • An tuismitheoir ainmnithe i gcás lánúin phósta chomhghnéis, nó
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir na máthar uchtála nó an uchtaitheora aonair fhirinn

Tá gach fostaí i dteideal saoire atharthachta 2 sheachtain a fháil ón bhfostaíocht (oibrithe ócáideacha san áireamh), gan aird ar cé chomh fada atá tú ag oibriú don eagraíocht nó an líon uaireanta a oibríodh sa tseachtain. Má dhéantar breis agus leanbh amháin a shaolú nó a uchtáil ag an tráth céanna, mar shampla, cúpla, ní bhíonn tú i dteideal ach saoire atharthachta 2 sheachtain a ghlacadh.

Saoire atharthachta a ghlacadh

Féadfaidh tú a roghnú chun saoire atharthachta a ghlacadh ag tráth ar bith laistigh de na 26 seachtain i ndiaidh na breithe nó na huchtála. Caithfidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir i scríbhinn go mbeartaíonn tú chun saoire atharthachta a ghlacadh agus chun do dhátaí beartaithe a sholáthar tráth nach déanaí ná 4 seachtaine roimh do shaoire. Beidh ort deimhniú a sholáthar ó dhochtúir do chéile nó do pháirtnéara shibhialta ina ndeimhnítear cathain a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh, nó deimhniú maidir le dáta féin breithe an linbh má tá iarratas á dhéanamh agat i ndiaidh na breithe.

I gcás uchtála, caithfidh tú deimhniú socrúcháin maidir leis an leanbh a sholáthar.

Saoire atharthachta a chur siar

Foráiltear san Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 do shaoire atharthachta a chur siar. Mar shampla, má thagann an leanbh ar an saol níos déanaí ná mar a raibh súil leis nó má chuirtear dáta socrúcháin linbh uchtaithe siar, féadfaidh tú dáta na saoire a chur siar.

Faoi Alt 11, má tá tú breoite sula dtosaíonn do shaoire atharthachta, féadfaidh tú an tsaoire atharthachta a chur siar go dtí go dtagann biseach ort. Ba cheart duit d’fhostóir a chur ar an eolas i scríbhinn agus fianaise a sholáthar maidir le do bhreoiteacht.

Má thugtar do leanbh chun ospidéil, féadfaidh tú iarraidh ar d’fhostóir i scríbhinn an féidir leat cuid de shaoire atharthachta nó an tsaoire go léir a chur siar.

Saoirí poiblí agus saoire bhliantúil

Seachas pá agus aoisliúntas, caitear leis an am a chaitear ar saoire atharthachta amhail go raibh tú fostaithe, agus féadtar an t-am seo a chur san áireamh chun teidlíocht do shaoire bhliantúil agus do shaoire phoiblí a ghlacadh.

Bás tuismitheora

Faoi chúinsí áirithe, bíonn aithreacha i dteideal saoire mháithreachais nó uchtaíoch má fhaigheann an mháthair bás. Braitheann fad na tréimhse seo ar dháta iarbhír bhás na máthar. Cuirtear tús leis an tsaoire seo laistigh de 7 lá i ndiaidh bhás na máthar.

Murar ghlac an t-athair le saoire atharthachta cheana féin, féadfaidh sé glacadh léi ag deireadh na saoire máithreachais nó uchtaíoch seo.

Má fhaigheann an tuismitheoir atá i dteideal saoire atharthachta a ghlacadh bás, féadtar a saoire atharthachta a aistriú chuig an tuismitheoir fostaithe marthanach.

Fostóirí

Caithfidh fostóirí taifid a choimeád ar shaoire atharthachta a ghlacann a bhfostaithe. Caithfear a chur san áireamh sna taifid seo tréimhse fostaíochta gach fostaí agus dátaí agus amanna na saoire a glacadh. Ní mór d’fhostóirí na taifid seo a choimeád ar feadh 8 mbliana.

Filleadh ar obair

Faoin Acht, tá tú i dteideal filleadh ar obair agus ar an bpost céanna leis an gconradh céanna fostaíochta. Luaitear in Alt 23 den Acht, mura bhfuil sé indéanta go réasúnta go ligfidh d’fhostóir duit filleadh ar do phost, caithfidh siad obair oiriúnach eile a sholáthar duit. Ba cheart nach mbainfeadh téarmaí leis an bpost nua seo atá i bhfad níos mífhabhraí ná na téarmaí a bhain leis an bpost a bhí agat roimhe seo.

Déantar thú a chosaint in aghaidh pionóis agus dífhostú éagórach i ngeall ar do chearta a éileamh faoin reachtaíocht um shaoire atharthachta – féach 'Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Saoire reachtúil eile

B’fhéidir go bhfuil fostaithe i dteideal saoire thuismitheoireachta.

D’fhéadfadh uchtaitheoirí agus máithreacha uchtála a bheith i dteideal saoire uchtaíoch a ghlacadh.

Más gá duit am a ghlacadh saor ón obair go práinneach mar gheall ar ghortú nó breoiteacht duine mhuinteartha, d’fhéadfadh go mbeifeá i dteideal saoire force majeure a ghlacadh.

Más gá duit cúram lánaimseartha a ghlacadh do dhuine éigin óna dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha ar feadh tréimhse áirithe ama, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar shaoire chúramóra ó d’fhostaíocht.

Saoire neamhreachtúil atharthachta

Tá socruithe ina soláthraíonn fostóirí an saghas seo de shaoire íoctha i ndiaidh breith nó uchtáil linbh mar thoradh ar idirbheartaíocht agus comhaontú a baineadh amach idir an fostóir agus an fostaí. Ní chumhdaítear na socruithe seo faoin dlí fostaíochta, mar sin, má chomhaontaíonn fostóir chun am saor a sholáthar d’fhostaí mar shaoire atharthachta do thréimhse shonraithe (cé acu le pá nó gan phá), is faoi lánrogha an fhostóra a bhíonn sin. Is gnách go ndéanann an fostaí iarratas ar an tsaoire seo i scríbhinn roimh an mbreith nó an uchtáil sin.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh le d’fhostóir i scríbhinn ar a laghad 4 seachtaine sula mbíonn sé beartaithe agat dul ar saoire atharthachta. Má tá leanbh á uchtú agat, caithfidh tú deimhniú a sholáthar maidir le dáta socrúcháin do linbh.

Caithfidh tú cruthúnas a sholáthar do d’fhostóir maidir leis an dáta a bhfuil súil leis go dtabharfaidh do chéile nó páirtnéir an leanbh ar an saol. I bhfriotal eile, beidh ort deimhniú a sholáthar ó dhochtúir do chéile nó do pháirtnéara shibhialta ina ndeimhnítear cathain a bhfuil súil leis go saolófar do leanbh, nó deimhniú maidir leis an dáta féin breithe má tá iarratas á dhéanamh agat i ndiaidh na breithe.

Má theastaíonn breis faisnéise uait faoi shaoire atharthachta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise agus do Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre.

Má bhíonn díospóid agat le d’fhostóir faoi shaoire atharthachta, nó má rinneadh thú a dhífhostú i ngeall ar do chearta faoin reachtaíocht um shaoire atharthachta a éileamh, féadfaidh tú gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur thit an díospóid nó an t-ábhar gearáin amach. Caithfidh tú an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid atá ar fáil ag workplacerelations.ie. Féadtar síneadh ama a fhad le 6 mhí a chur leis an teorainn ama, ach amháin sa chás go bhfuil údar réasúnta ann a chuir cosc ar an ngearán a dhéanamh laistigh den ghnáth-theorainn ama.

Sochar Atharthachta: Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta ar a laghad 4 seachtaine sula mbíonn sé beartaithe agat tús a chur le do shaoire atharthachta. Má tá tú féinfhostaithe, ba cheart duit iarratas a dhéanamh 12 sheachtain roimh ré. Beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta ar líne ag mywelfare.ie. Caithfidh Cárta Seirbhísí Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90

Rannóg an tSochair Atharthachta

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
F93 CH79

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Meán Fómhair 2019