Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh

Réamhrá

Is íocaíocht glan é an Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh seo a thugtar do bhaintrí , baintrí fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páistí cleithiúnacha acu.

Rialacha

Níl an deontas seo ar fáil ach do bhaintrí, baintrí fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páiste cleithiúnach amháin nó níos mó ag maireachtáil in éineacht leo nó a saolaítear a leanbh laistigh de 10 mí o dha ta báis a céile nó páirtnéir sibhialta. Caithfidh tú bheith i dteideal ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:

Rátaí

Is íocaíocht aonuaire de €8,000 é an deontas seo.

Is féidir an Deontas Baintrí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoc le seic nó go díreach isteach i do chuntas in institiúid airgeadais.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit an fhoirm iarratais WPG 1 (pdf) a íoslódáil anseo.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Rannóg an Phinsin Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Mharthanaigh

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig Sheirbhísí na bPinsean
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil: (071) 915 7100 or 0818 200 400

Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil, oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó ionad Intreo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Iúil 2024