Ag oscailt cuntas bainc agus ag athrú cuntas bainc

Réamhrá

Tugtar eolas ar an leathanach seo duit ar na príomhshaghsanna cuntas bainc atá ann agus ar an méid ba cheart duit a chur san áireamh nuair a bhíonn cuntas á roghnú agat. Déantar cur síos freisin ar an dóigh le cuntas a oscailt agus do chuntas a aistriú chuig banc eile.

Dúnfaidh Banc Uladh agus Banc KBC a seirbhísí in Éirinn i rith 2022. Má tá cuntas agat leis na bainc seo, tabharfar fógra 6 mhí duit le do chuntas a dhúnadh.

Má aistríonn tú go dtí cuntas nua, is féidir leat iarraidh ar na bainc an t-aistriú a bhainistiú nó is féidir leat a roghnú é seo a dhéanamh tú féin agus do dhochair dhíreacha agus do bhuanorduithe nua a shocrú.

Saghsanna cuntas

Is iad an dá phríomhshaghas cuntas bainc ná cuntais taisce agus reatha. Áirítear leis na difríochtaí idir cineálacha cuntais na seirbhísí atá ar fáil, an méid úis a íoctar agus an teacht a bhíonn agat ar an gcuntas.

Cuntas reatha

Cuireann bainc, comhair chreidmheasa agus An Post cuntais reatha ar fáil. Is féidir leat úsáid a bhaint as cuntas reatha le d’airgead a bhainistiú go laethúil. Ligeann cuntas reatha duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Do billí a íoc trí Dhochar Díreach nó Buanordú
  • Íocaíochtaí uathoibrithe a fháil, cosúil le tuarastal, pá nó sochair
  • Airgead a aistriú i mbrainse, ar an nguthán nó trí sheirbhís baincéireachta mhóibíleach nó ar líne
  • Íoc as rudaí le cárta dochair nó le sparán digiteach
  • Airgead a aistarraingt ó mheaisíní UMB (uathmheaisín bainc)
  • Súil a choimeád ar do chaiteachas
  • Teacht ar rótharraingt (iasachtú gearrthéarmach trí do chuntas reatha)

Cuntas reatha mic léinn

Cuireann go leor banc cuntas mic léinn ar leith ar tairiscint agus cuireann roinnt banc rótharraingt saor ó ús ar fáil a mhéid le suim lena gcomhaontaítear.

Is féidir úsáid a bhaint as uirlis comparáidí airgeadais an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (an CICT) le comparáid a dhéanamh idir cuntais reatha mhic léinn.

Cuntas bainc bunúsach

Mura bhfuil cuntas bainc agat, is féidir leat cuntas bainc bunúsach a oscailt. Is cineál cuntais reatha é cuntas bainc bunúsach nuair nach n-íocann tú aon mhuirir as baincéireacht laethúil don chéad bhliain. Is féidir níos mó a léamh faoi chuntais bainc bhunúsacha.

Cuntas taisce

Ceadaíonn cuntas taisce duit coigilteas a charnadh agus is féidir leat ús a thuilleamh ar an airgead seo. Cuireann bainc agus comhair chreidmheasa cuntais taisce ar tairiscint. Tugtar cuntais choigiltis orthu, amanna.

I gcás cuntais áirithe, déanann tú taiscí ag amanna rialta, gach mí, de ghnáth, agus tugtar gnáthchuntais choigiltis orthu seo.

Ba cheart gurb eol duit cén ráta úis is féidir leat a thuilleamh ar do choigilteas sula n-osclaíonn tú cuntas taisce. Má thuilleann tú ús ar choigilteas b’fhéidir go mbeidh ort cáin a íoc ar an ús ansin, ar a dtugtar Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT).

Ba chóir duit a fháil amach freisin conas is féidir leat teacht ar do chuid airgid, más gá. D’fhéadfadh srianta a bheith ar roinnt cuntais taisce maidir le cé chomh luath nó chomh minic is féidir leat airgead a aistarraingt.

Ní hé cuntas taisce an t-aon rogha atá agat - is féidir leat airgead a chur i dtaisce ar bhealaí eile, mar shampla, trí Choigilteas Stáit.

Conas cuntas bainc a roghnú

Sula n-osclaíonn tú cuntas bainc, ba cheart duit smaoineamh faoi conas do chuntas a úsáid agus cén gnéithe a theastaíonn uait:

  • Do nósanna baincéireachta a athbhreithniú. Caith súil siar ar do thaifid agus comhair cá mhéad uair a dhéanann tú gach ceann de na hidirbhearta seo a leanas: aistarraingtí airgid, íocaíochtaí bille, ceannacháin cártaí dochair, íocaíochtaí gan tadhall, aistrithe airgid, idirbhearta airgid sa bhrainse agus idirbhearta neamh-AE.
  • Bíodh a fhios agat conas a dhéanann tú do chuid idirbheart: Seiceáil an ndéanann tú an chuid is mó de na hidirbhearta baincéireachta ag baint úsáide as UMBanna, ar líne, ar an nguthán nó i mbrainse.
  • Deán cinneadh ar conas is mian leat déileáil le do bhanc. B'fhéidir gur mhaith leat déileáil le duine i mbrainse, agus mar sin beidh sé tábhachtach banc a roghnú ar féidir leat taisteal chuige gan stró. Más fearr leat áis na baincéireachta idirlín agus móibílí, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil tú sásta le seirbhísí ar líne agus móibíleacha an bhainc a roghnaigh tú.

Cinntigh go dtuigean tú téarmaí, coinníollacha agus táillí an chuntais sula gcuireann tú d’ainm leis. Is féidir leat uirlis jargon buster an CICT a sheiceáil chun teacht ar mhíniú ar théarmaí nach dtuigeann tú.

Táillí cuntais

Caith súil ar cén táillí a ghearrtar. B’fhéidir go ngearrtar táillí cothabhála go rialta leis an gcuntas a choimeád ar oscailt. I measc na dtáillí cothabhála, d’fhéadfadh saghsanna áirithe, nó líon áirithe, idirbheart a bheith le déanamh gach mí.

D’fhéadfadh go ngearrfar táillí freisin ar sheirbhísí nó ar idirbhearta ar leith, mar shampla:

  • Táillí aistarraingthe UMB
  • Táillí ceannaigh cárta dochair (a ghearrtar nuair a úsáideann tú do chárta dochair le híoc as earraí i siopa nó nuair a fhaigheann tú aisairgead)
  • Aistrithe creidmheasa
  • Dochar díreach a shocrú nó a chealú
  • Buanordú a shocrú, a leasú nó a chealú
  • Táillí rótharraingthe
  • Táillí idirbhirt neamh-euro (táillí a ghearrtar ar do chárta dochair a úsáid i dtíortha lasmuigh de limistéar an Euro)
  • Táillí ar chárta caillte
  • Táillí ar ráiteas dúblach
  • Táillí a ghearrtar ar Dhochair Dhíreacha agus ar orduithe seasta a diúltaíodh

Sula n-osclaíonn tú do chuntas, ba cheart don bhanc cáipéis eolais ar tháillí a thabhairt duit. Taispeántar ar an gcáipéis seo seo na seirbhísí is tábhachtaí a thairgtear ar an gcuntas agus aon táillí gaolmhara a d'fhéadfadh a bheith le híoc agat.

Caithfidh do bhanc ráiteas táillí a thabhairt duit freisin uair sa bhliain, ar a laghad. Mínítear ar an ráiteas seo na táillí a gearradh ar do chuntas bainc agus tugann sé eolas ar na rátaí úis a chuirtear i bhfeidhm ar do chuntas.

Cuntais a chur i gcomparáid le chéile

Cuireann an CICT Uirlisí Airgid ar líne ar fáil is féidir leat a úsáid leis na cuntais atá ar fáil a chur i gcomparáid le chéile:

  • Cuntais reatha a chur i gcomparáid le chéile
  • Gnáthchuntais choigiltis a chur i gcomparáid le chéile
  • Cuntais taisce a chur i gcomparáid le chéile

Conas cuntas bainc a oscailt

Chun cuntas bainc a oscailt ní mór duit iarratas a dhéanamh i mbrainse nó ar líne, de ghnáth.

Sula n-osclaíonn tú cuntas bainc, tá ort cruthúnas i leith d’aitheantais a sholáthar agus do sheoladh a dheimhniú. Má tá comhchuntas á oscailt agat, tá ort an t-iarratas a líonadh agus 2 shraith cáipéisí a thaispeáint ar mhaithe le d’aitheantais agus do sheoladh a chruthú.

Má déanann tú iarratas ar líne, tá ort do cháipéisí a sholáthar go fóill. Teastaíonn ó fhormhór na mbanc go soláthraítear foirmeacha cruachóipe sa bhrainse nó sa phost tar éis gur líon tú d’iarratas ar líne.

Cuireann an CICT roinnt leideanna áisiúla ar fáil ar chuntas bainc a oscailt.

Conas do chuntas a aistriú chuigbanc eile

Is féidir leat an cinneadh a dhéanamh do chuntas bainc a aistriú le seirbhísí níos fearr nó táillí níos ísle a fháil nó mar gheall go bhfuil cuntas agat le banc a bhfuil a chuid seirbhísí á ndúnadh aige.

Is féidir leat do dhochair dhíreacha agus do bhuanorduithe a shocrú don chuntas nua tú féin nó is féidir leat iarraidh ar na bainc iad a aistriú chuig do chuntas nua.

Tá Cód Iompair maidir le Cuntais Íocaíochta a Aistriú le Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta (pdf) ag Banc Ceannais na hÉireann. Tá an Cód Aistrithe in ainm is é a dhéanamh níos éasca le cuntais a aistriú.

Faoin gCód, cuireann bainc pacáiste aistrithe ar fáil dá gcustaiméirí. Tá cur síos ann seo ar na cuntais reatha atá ar fáil, chomh maith le treoir céim ar chéim maidir leis an méid is gá duit a dhéanamh nuair a bhíonn cuntas á aistriú agat.

Comhaontaíonn tú le dáta le do bhanc nua leis an bpróiseas a thosú agus caithfidh an banc do chuntas nua a shocrú agus a chur chun feidhme laistigh de 10 lá oibre ón dáta aistrithe seo. Tabharfar an rogha duit do sheanchuntas a choimeád, nó é a dhúnadh.

Má choimeádann tú do sheanchuntas ar oscailt, b’fhéidir go mbeidh ort táillí ar an gcuntas seo agus dleacht stampála a íoc ar do chártaí, fiú mura n-úsáideann tú an cuntas sin a thuilleadh.

Cuireann an CICT eolas mionsonraithe ar fáil ar chuntais a aistriú, conas a oibríonn an próiseas aistrithe agus an méid is gá duit a dhéanamh más fearr leat an t-athrú a bhainistiú tú féin san áireamh.

Eolas breise

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Uaireanta Oscailte: Línte oscailte Luan-Aoine, 9rn - 6in
Teil: (01) 402 5555 and (01) 402 5500
Láithreán Gréasáin: http://www.ccpc.ie

Banc Ceannais na hÉireann

Rialachán Airgeadais

Boisce Phoist 559
Baile Átha Cliath 1
D01 F7X3
Éire

Teil: (01) 224 5800
Lóghlao: 1890 777 777
Facs: (01) 671 6561
Láithreán Gréasáin: http://www.centralbank.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Meitheamh 2022