Rialúchán na soláthraithe seirbhísí chúram leanaí réamhscoile

Cúram leanaí réamhscoile

Leanaí réamhscoile iad leanaí atá níos óige ná 6 bliana d’aois, nach bhfuil ag freastal ar bhunscoil ná a comhionann.

Áirítear le seirbhísí réamhscoile réamhscoileanna, grúpaí súgartha, naíonraí, naíolanna, feighlithe leanaí agus a mhacasamhail de sheirbhísí a thugann aire do bhreis agus 3 leanbh réamhscoile.

Tá ar Tusla seirbhísí cúraim leanaí a iniúchadh agus a rialáil agus d’fhoilsigh sé liosta leideanna ar réamhscoil a roghnú.

Leagtar amach seirbhísí cúraim leanaí réamhscoile a rialáil i Rialacháin an Achta um Chúram Leanaí, 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta), 2016. Déantar cur síos sna Rialacháin ar na caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus leasa nach mór a bheith i bhfeidhm sular féidir na seirbhísí siúd a sholáthar.

Príomhreachtaíocht eile do chúram leanaí é an tAcht um Chúram Leanaí, 1991 arna leasú ag an Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, 2013 agus Rialacháin an Achta um Chúram Leanaí, (Seirbhísí Luathbhlianta) (Leasuithe), 2016.

Tá Tusla freagrach as sláinte, sábháilteacht agus leas leanaí a fhreastalaíonn ar sheirbhísí cúraim leanaí réamhscoile a chinntiú. Tá freagracht fhoriomlán ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (an RLCMLÓ) as beartas agus rialacháin a fhorbairt sa limistéar seo.

Soláthraithe cúraim leanaí achlárú

Tá ar Tusla seirbhísí cúraim leanaí réamhscoile a iniúchadh agus a rialáil. Ciallaíonn seo go gcaithfidh soláthraithe cúraim leanaí réamhscoile Tusla a chur ar an eolas go bhfuil seirbhís á cur ar fáil acu.

Seirbhísí cúraim leanaí réamhscoile nach mór dóibh clárú le Tusla

Déantar cur síos sna Rialacháin ar na saghsanna éagsúla de sheirbhísí cúraim leanaí réamhscoile nach mór dóibh clárú le Tusla. Is iad seo:

  • Seirbhísí seisiúnacha
  • Cúram lae páirtaimseartha:
  • Cúram lae iomláin
  • Feighlithe leanaí a sholáthraíonn cúram do bhreis agus 3 leanbh – féach ‘Feighlithe Leanaí’ thíos
  • Seirbhís réamhscoile in ionad buail isteach

Seirbhísí seisiúnacha

Cuireann grúpaí súgartha, naíolanna, grúpaí Montessori, naíonraí agus feighlithe leanaí a thugann aire do bhreis agus 3 leanbh seirbhís réamhscoile sheisiúnach ar fáil. Is iad na seirbhísí a chuirtear ar fáil de ghnáth cláir phleanáilte a chuireann seal a fhaide le 3.5 uair an chloig ar fáil (mar shampla, maidin nó tráthnóna). Freastalaíonn siad go ginearálta ar leanaí réamhscoile san aoisghrúpa 3-5 bliana.

Cúram lae páirtaimseartha

Cuireann seo seirbhís struchtúrach cúraim lae ar fáil do leanaí réamhscoile ar feadh níos faide ná 3.5 uair an chloig ach níos giorra ná 5 huaire an chloig sa lá.

Cúram lae iomláin

Seirbhís struchtúrach cúraim lae é seo a chuirtear ar fáil ar feadh níos faide ná 5 huaire an chloig sa lá. I measc na soláthraithe tá naíonraí agus naíolanna.

Feighlithe Leanaí

Tugann feighlithe leanaí cúram do leanaí in áit chónaithe féin an fheighlí leanaí. I gcaitheamh na bliana, cuireann siad an tseirbhís seo ar fáil don lá oibre iomlán nó ar feadh tréimhsí éagsúla i rith an lae. Déanann tuismitheoirí agus feighlithe leanaí idirbheartaíocht ar a dtéarmaí féin cosúil le huaireanta, rátaí agus dualgais. Mar chuid den Tionscnamh Náisiúnta Feighlíochta Leanaí, d’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige treoirlínte d’fheighlithe leanaí (pdf).. B’fhéidir go mbeidh ort ÁSPC a íoc más mó do thuilleamh ná suim áirithe.

Ní féidir le feighlí leanaí aire a thabhairt do bhreis agus 5 leanbh réamhscoile ag aon tráth amháin, leanaí réamhscoile féin an fheighlí leanaí san áireamh. Níl feighlithe leanaí a sholáthraíonn cúram do bhreis agus 3 leanbh cumhdaithe ag an Acht um Chúram Leanaí, 1991.

Faigheann daoine a thugann aire do 3 leanbh, ar a mhéid, in áit chónaithe féin an fheighlí faoiseamh cánach d’fheighlíocht leanaí. Níl ar an bhfeighlí leanaí cáin a íoc más lú a dtuilleamh ná €15,000 sa bhliain. Más mó a dtuilleamh ná an tsuim seo, tá cáin le híoc ar an méid iomlán. Caithfidh feighlithe leanaí a n-ioncam ó fheighlíocht leanaí a chur san áireamh ina dtuairisceán cánach bliantúil. Caithfidh siad fógra a thabhairt freisin dá gCoiste Contae nó Cathrach i gCúram Leanaí go bhfuil seirbhís feighlíochta leanaí á soláthar acu

Seirbhís réamhscoile in ionad buail isteach

Is éard is seirbhís réamhscoile in ionad buail isteach ann nuair a thugtar aire do leanbh réamhscoile ar feadh tréimhse nach faide ná dhá uair an chloig fad a chuirtear seirbhís ar fáil don tuismitheoir nó don chaomhnóir nó fad a fhreastalaíonn siad ar imeacht. Is minice go mbíonn na seirbhísí siúd in áiteanna cosúil le hionaid siopadóireachta nó ionaid fóillíochta.

Cé nach gá dóibh clárú le Tusla?

Ní ga do sholáthraithe cúraim réamhscoile Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a chur ar an eolas. Áirítear leo seo:

  • Gaol leis an leanbh nó céile an ghaoil siúd (is é sin, deartháir, deirfiúr, aintín, uncail, seantuismitheoir nó leastuismitheoir an linbh)
  • Má tá aire á tabhairt agat do 1 leanbh réamhscoile nó níos mó den teaghlach céanna do leanaí eile (seachas do leanaí féin) i do theach féin
  • Má tá aire á tabhairt agat do 3 leanbh réamhscoile, ar a mhéid, ó theaghlaigh éagsúla (seachas do leanaí féin) i d’áit chónaithe féin

Rialacháin agus cigireachtaícúraim leanaí

Caithfidh aon duine a sholáthraíonn cúram leanaí réamhscoile a chinntiú go sásaíonn an tseirbhís na bearta a leagtar amach i Rialacháin 2016 (pdf).

D’fhoilsigh Tusla Creat Cáilíochta agus Rialála (CCR), chun cabhrú le seirbhísí cúraim leanaí na Rialacháin a chomhlíonadh.

Áirítear leis na Rialacháin do sholáthraithe cúraim leanaí an méid seo a leanas:

Sláinte, leas agus forbairt an linbh

Ba cheart go gcinnteodh duine a thugann faoi sheirbhís réamhscoile a chur ar bun go n-éascaítear foghlaim, forbairt agus folláine gach linbh laistigh de shaol laethúil na seirbhíse réamhscoile trí idirghníomhú, ábhair agus trealamh cuí a sholáthar, agus aird ar aois agus céim forbartha an linbh agus ar chleachtais oiriúnacha chúraim.

Garchabhair agus cúnamh leighis

Ba cheart go mbeadh bosca garchabhrach ina bhfuil an trealamh oiriúnach do leanaí agus socruithe i bhfeidhm chun fios a chur ar chabhair éigeandála leighis. Caithfidh duine ar cuireadh oiliúint air/uirthi i ngarchabhair do leanaí a bheith ar fáil ag gach tráth.

Bainistíocht agus soláthar foirne

Caithfidh duine a thugann faoi sheirbhís réamhscoile a chinntiú go bhfuil líon dóthanach de dhaoine fásta oiriúnacha ag gach tráth inniúla ag oibriú go díreach leis na leanaí ag gach tráth. D’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (an RLCMLÓ) liosta cáilíochtaí aitheanta ar mhaithe le cláir chúraim leanaí na Roinne.

Caithfidh go ndearna aon duine a oibríonn le leanaí réamhscoile na cáilíochtaí cuí a bhaint amach nó go bhfuil sé ar intinn acu na cáilíochtaí siúd a bhaint amach.

Ba chóir go ndéanfaí grinnfhiosrúchán Garda mar is cuí ar gach ball foirne, mac léinn agus oibrí deonach a bhfuil rochtain acu ar leanbh.

Cóimheasa aosach/leanbh agus spáis

Seirbhís réamhscoile Aois Leanaí Líon Aoiseach Líon Leanaí Achar urláir gach leanbh
Seirbhísí seisiúnacha 0-1 bliain 1 3 1.818 mhéadar cearnach, uasmhéid de 22 gach seomra
  1-2.5 bliana 1 5 1.818 mhéadar cearnach, uasmhéid de 22 gach seomra
  2.5-6 bliana 1 11 1.818 mhéadar cearnach, uasmhéid de 22 gach seomra
Cúram lánlae/ páirtlae* 0-1 bliain 1 3 3.5 mhéadar cearnach
  1-2 bliana 1 5 2.8 mhéadar cearnach
  2-3 bliana 1 6 2.35 mhéadar cearnach
  3-6 bliana 1 8 2.3 mhéadar cearnach
Ionaid 'Buail Isteach' 0-6 bliana 1 4 (2 amháin nó líos lú faoin aois 15 mhí) 1.818 mhéadar cearnach, uasmhéid de 24 gach seomra
Feighlithe 0-6 bliana 1 5 (ina n-áirítear a chuid /a cuid féin) Nach mó ná 2 leanbh faoin aois 15 mhí
Seirbhís réamhscoile thar oíche 0-1 bliain 1 3  
  1-6 bliana 1 5  

*Bíonn líonta daoine fásta i seirbhís sheisiúnach i gceist nuair a ghlacann seirbhís cúraim lae iomláin le leanaí freisin nach ar bhonn lá iomlán é. Bíonn an t-achar íosta urláir do sheirbhís sheisiúnach do gach leanbh i gceist freisin don seisiún sin.

Is féidir le Tusla teorainn a chur ar an líon uasta leanaí réamhscoile ar féidir cúram a sholáthar dóibh ag an am céanna. Déantar seo le cosc a chur ar phlódú i seirbhísí réamhscoile. Má bheartaíonn Tusla líonta a theorannú, cuirfidh siad an soláthraí ar an eolas agus is féidir leo achomharc nó uiríll a dhéanamh faoin gcinneadh seo.

Bainistiú iompraíochta

Caithfidh aon duine a sholáthraíonn seirbhís cúraim leanaí a chinntiú nach ngearrtar aon phionós corpartha ar aon leanbh a fhreastalaíonn ar an tseirbhís. Ba cheart go mbeadh beartais agus nósanna imeachta scríofa ag an soláthraí le hiompraíocht dhúshlánach linbh a bhainistiú agus chun cabhrú leis an leanbh a (h)iompar a bhainistiú.

Clár na leanaí réamhscoile

Caithfidh soláthraí cúraim leanaí clár a choimeád ina bhfuil sonraí faoi gach leanbh a fhreastalaíonn ar an tseirbhís, ainm, dáta breithe, uimhreacha teagmhála do thuismitheoirí agus dochtúirí linbh san áireamh.

Eolas do thuismitheoirí

Caithfear eolas a thabhairt do thuismitheoirí faoin tseirbhís, sonraí an duine i gceannas agus na foirne eile, na cóimheasa idir daoine fásta/leanaí, raon aoise na leanaí, an saghas cúraim, saoráidí, uaireanta oscailte agus táillí san áireamh.

Áitreabh agus saoráidí

Caithfidh seirbhísí réamhscoile (feighlithe leanaí, ionaid buail isteach, naíolanna etc. ina measc) a chinntiú go mbaineann a n-áitreabh caighdeáin áirithe amach agus go gcuireann siad áiseanna áirithe ar fáil. Áirítear leis na rialacha seo an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Struchtúr slán agus cobhsaí atá san áitreabh agus tá sé oiriúnach do sheirbhísí réamhscoile a sholáthar
  • Cuirtear spás leordhóthanach in aghaidh an linbh ar fáil san áitreabh
  • Coimeádtar bail cheart agus ghlan agus shláinteach ar na daingneáin, an t-áitreabh agus na feistis.
  • Caithfidh dóthain troscán, trealamh agus ábhair shúgartha agus oibre a bheith ar fáil in áitreabh na seirbhíse réamhscoile.
  • Tá saoráidí leordhóthanacha agus oiriúnacha ann do leanbh réamhscoile chun sos a ghlacadh agus súgradh taobh istigh agus taobh amuigh i rith an lae.

Caithfidh soláthraithe cúraim leanaí réamhscoile a chinntiú go bhfuil téamh, aerú agus soilsiú agus saoráidí oiriúnacha agus leordhóthanacha sláintíochta san fhoirgneamh.

Bearta sábháilteachta

Caithfear tabhairt faoi na bearta réasúnta go léir chun sláinte, sábháilteacht agus leas leanbh réamhscoile a chosaint a fhreastalaíonn ar an tseirbhís agus a chinntiú go bhfuil timpeallacht na seirbhíse sábháilte.

Caithfidh ráiteas agus beartais sábháilteachta a bheith ag soláthraithe cúraim leanaí cláraithe maidir le limistéir áirithe, iompar a bhainistiú, cógas a dháileadh, rialú ionfhabhtuithe agus codladh sábháilteacht ina measc.

Bia agus deoch

Ba cheart do sheirbhís réamhscoile a chinntiú go bhfuil bia cothaitheach agus go sásaíonn sé riachtanais chothaithe agus reiligiúnacha.

D'fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige Caighdeáin Chothaithe do Sheirbhísí Luathfhoghlama agus Luathchúraim. Moltar an caighdean gur cheart ar a laghad 2 shneaic agus 2 bhéile, béile te amháin san áireamh, a thairiscint do leanaí i gcúram lae ar feadh níos faide ná 5 huaire an chloig in aghaidh an tseisiúin (cúram lae iomláin).

Árachas

Ba cheart don soláthraí a chinntiú go mbíonn árachas leordhóthanach ag na leanaí réamhscoile in aghaidh gortú fad a bhíonn siad ag freastal ar an tseirbhís.

Eolas breise

Má theastaíonn breis faisnéise uait faoi chaighdeáin agus rialáil seirbhísí cúraim leanaí do leanaí réamhscoile, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gcigire luathbhlianta/réamhscoile.

Má theastaíonn eolas uait ar sheirbhísí cúraim leanaí áitiúla do do leanbh nó faoi shaincheisteanna eile a bhaineann le cúram a thabhairt do leanaí óga, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do Choiste Contae/Cathrach i gCúram Leanaí (CCCCL) áitiúil, Má theastaíonn eolas uait ar sheirbhísí cúraim leanaí áitiúla do do leanbh.

Déan teagmháil le do Choiste Contae nó Cathrach i gCúram Leanaí.

Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Brunel Tógála
Heuston Ráithe Theas
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: (01) 771 8500
Láithreán Gréasáin: https://www.tusla.ie/
R-phost: info@tusla.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Bealtaine 2023