Seoladh corp as Éirinn le haghaidh adhlactha nó créamtha thar lear

Faisnéis

Nuair a faigheann duine ó thír eile bás in Éirinn, tá roinnt rudaí foirmiúla ann nach mór cloí leo sular féidir an corp a sheoladh as Éirinn le haghaidh adhlactha nó créamtha in áit eile. Tugtar aisdiúchiú ar chorp duine éigin a thabhairt ar ais chuig a dtír dhúchais. Leagtar amach san fhaisnéis seo a leanas an próiseas agus na rialacha ginearálta a bhíonn i gceist.

D’fhéadfadh sé a bheith an-chostasach corp a aisdiúchiú ó thír amháin go tír eile agus b’fhéidir gur mian leat machnamh ar an gcorp a chréamadh in Éirinn agus an luaithreach a sheoladh chuig tír an duine mhairbh. Aimsigh níos mó faisnéise faoi chréamadh in Éirinn.

Cé ar féidir liom cabhair a lorg uaidh maidir le haisdiúchiú?

  • Is féidir le hadhlacóir in Éirinn cabhrú leat déileáil leis na foirmiúlachtaí agus leis na socruithe is gá le haghaidh aisdúichiú. (Féach ‘Conas a ullmhaítear corp d’aisdiúchiú?’ thíos.)
  • B’fhéidir go mbeidh adhlacóir ó thír dhúchais an duine a fuair bás in ann aisdiúchiú a shocrú, chomh maith.
  • Tá cúnamh ar fáil ón ambasáid ábhartha a dhéanann ionadaíocht do thír an duine in Éirinn.
  • Má tharla an bás le linn saoire phacáiste in Éirinn, ba cheart go mbeadh oibreoir an turais in ann cabhrú leat le socruithe.

An gá an bás a chlárú?

Is gá. Chun bás a chlárú, teastaíonn Foirm Fógra Báis uait atá sínithe ag dochtúir. Nuair atá an fhoirm shínithe seo agat, caithfidh tú an bás a chlárú a luaithe agus is féidir leis an gCláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí áitiúil. Eiseoidh an cláraitheoir deimhniú báis.

Má d’iarr cróinéir ar scrúdú iarbháis, áfach, (scrúdú leighis le cúis an bháis a dheimhniú), socróidh siad go gclárófar an bás. D’fhéadfadh moill a bheith ar an deimhniú báis a fháil go dtí gur dheimhnigh an scrúdú iarbháis cúis an bháis.

Aimsigh níos mó faisnéise faoi bhás a chlárú.

An gá an bás a thabhairt le fios don chróinéir?

  • Ní gá duit an bás a thabhairt le fios do chróinéir má fuair an duine bás i ngeall ar ghalar nó breaoiteacht nádúrtha agus má bhí cóir leighis a cur air/uirthi don riocht sa tréimhse mhíosa sula bhfuair siad bás. Sa chás seo, eiseoidh dochtúir an Fhoirm Fógra Báis, a theastóidh uait chun an bás a chlárú agus deimhniú báis a fháil.
  • Má tá an bás tobann, mínádúrtha nó foréigneach, caithfear é a thabhairt le fios don chróinéir don cheantar inar tharla an bás.

Sa chás seo, is ar an dochtúir, cláraitheoir na mbásanna, an t-adhlacóir, an sealbhóir tí nó úinéir nó bainisteoir na háite ina raibh cónaí ar an duine ag tráth a mbáis, atá an fhreagracht dhlíthiúil chun an cróinéir a chur ar an eolas. Socróidh an cróinéir go n-aistrítear an corp chuig marbhlann agus socróidh sé scrúdú iarbháis le cúis an bháis a dheimhniú.

Is féidir leat an bás a thabhairt le fios do chomhalta sinsearach den Gharda Síochána (céim sháirsint, ar a laghad), a chuirfidh an cróinéir ar an eolas. Is féidir leis an nGarda Síochána socrú a dhéanamh, chomh maith, go ndéanfaidh duine muinteartha an corp a aithint go foirmiúil.

Is féidir níos mó a léamh faoin gcróinéir in Éirinn anseo

Conas a ullmhaítear corp d’aisdiúchiú?

Caithfear an corp a aithint go foirmiúil. I gcásanna áirithe, is féidir le compánach taistil nó comhghleacaí gnó an duine a fuair bás é seo a dhéanamh. I gcásanna eile, b’fhéidir gur gá do dhuine muinteartha teacht go hÉirinn le haitheantas an duine a dheimhniú.

Má cheapann tú adhlacóir in Éirinn, is féidir leo an corp a bhalsamú agus a ullmhú d’aisdiúchiú. Cabhraíonn balsamú chun an corp a chaomhnú. Má cuireadh scrúdú iarbháis ar bun, is féidir leis an adhlacóir a iarraidh go scaoileann an cróinéir an corp chun gur féidir é a ullmhú.

Ceanglaítear sa dlí idirnáisiúnta go ndéantar gach cónra a thrasnaíonn teorainneacha a líneáil le sinc nó luaidhe agus a shéalú (Airteagal 3 de Rialacháin Idirnáisiúnta Chonradh na Náisiún a bhaineann le hiompar marbhán, 1937 agus Comhaontas Comhairle na hEorpa ar Aistriú Marbhán, 1973). Níl na cónraí seo oiriúnach do chréamadh. Má tá an corp le créamadh, ní mór an líneáil a bhaint, nó cónra eile a sholáthar i dtír an chinn scríbe.

Cáipéisíocht

Sular féidir corp a bhaint ó Éirinn, teastaíonn uait na cáipéisí seo a leanas:

  • Ordú aistrithe an chróinéara /nóta neamhthógálach
  • Deimhniú balsamaithe
  • Cárta pas nó aitheantais an duine mhairbh
  • Dearbhú an adhlacóra
  • Cead ambasáide
  • Nótaireacht nó deimhniú a dhéanamh ar cháipéisí, más infheidhme, (nuair a dheimhníonn dlíodóir a bhfuil saincheadúnas aige/aici cáipéisí dlí lena chinntiú go bhfuil siad bailí go hidirnáisiúnta)

Ní mór duit a dheimhniú ón ambasáid cad iad na foirmiúlachtaí agus na cáipéisí atá riachtanach. Is féidir leis an adhlacóir cabhrú leis seo. Is féidir leo ordú aistrithe a fháil, chomh maith, ón gcróinéir agus an deimhniú báis (má tá fáil air) ón gCláraitheoir.

Socruithe taistil

Ní mór duit a shocrú go n-aistreofar an corp ó Éirinn chuig tír dhúchais an duine a fuair bás. Is féidir le d’adhlacóir é seo a dhéanamh duit. Is féidir an corp a iompar abhaile ar eitleán nó is féidir leis taisteal ar bhád farantóireachta agus ar talamh. Cé go bhfuil taisteal ar talamh níos saoire, glacann sé níos faide.

Ba cheart duitse nó an t-adhlacóir an ambasáid a chur ar an eolas ar na socruithe taistil ionas gur féidir na húdaráis sa tír dhúchais a chur ar an eolas.

Chomh maith leis sin, tá ort féin nó an t-adhlacóir teagmháil a dhéanamh le hadhlacóir i dtír an duine mhairbh, ar féidir leis idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis ábhartha ansin agus socrú a dhéanamh go gcuirfear nó go gcréamfar an corp nuair a bhaineann sé an tír dhúchais amach.

Costais

Is féidir le haisdúichiú a bheith costasach, ag brath ar an bhfad atá le taisteal agus conas a iompraítear an corp. Seiceáil cé acu an raibh árachas taistil nó cumhdach árachais leighis ag an duine a d’fhéadfadh cabhrú le híoc as na costais. Má tá siad cumhdaithe, déan teagmháil leis an gcomhlacht árachais a luaithe agus is féidir.

Amhail i dtíortha eile, ní thugann Rialtas na hÉireann cúnamh airgeadais don chostas a bhíonn ar dhuine marbh a aisdiúichiú.

Má bhí cónaí ar an duine marbh in Éirinn, b’fhéidir go dteastaíonn eolas uait ar rochtain a fháil ar airgead i ndiaidh báis.

Teagmhálacha

Faisnéis teagmhála d’ambasáidí agus consalachtaí eachtracha atá freagrach as Éirinn.

In Éirinn tá roinnt scéimeanna i bhfeidhm chun cabhrú leis an gcostas le freastal ar scoil

Cumann Stiúrthóirí Sochraide na hÉireann

Teach Mesbil
Aonad Gnó Mespil
Bóthar Sussex
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: 0818 935 000
Láithreán Gréasáin: http://www.iafd.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Meitheamh 2022