Fógra fianán

Réamhrá

Úsáideann an suíomh gréasáin seo, citizensinformation.ie, fianáin atá riachtanach lena chinntiú go n-oibríonn an suíomh gréasáin. Is féidir leat fianáin roghnacha a úsáid freisin.

Cabhraíonn fianáin linn úsáid agus feidhmiúlacht an tsuímh gréasáin a fheabhsú agus tuiscint a fháil ar conas a úsáideann cuairteoirí an suíomh gréasáin. Tá na fianáin seo roghnaithe againn mar nach mbíonn tusa á shainaithint go pearsanta againne ná ag soláthraithe na bhfianán eile (tríú páirtithe).

Is féidir leat do shainroghanna fianán a athrú am ar bith trí chliceáil ar an nasc 'Bainistigh Sainroghanna Fianán' sa bhuntásc ar gach leathanach den suíomh gréasáin seo.

Ba cheart duit an fógra Fianán seo a léamh lenár Ráiteas príobháideachais ar a bhfuil breis eolais maidir le conas a bhailímid agus a úsáidimid do shonraí pearsanta nuair a úsáideann tú citizensinformation.ie.

Céard iad fianáin?

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i dtéacschomhaid shimplí, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó gléas móibíleach. Déanann fianáin rudaí cosúil le deis a thabhairt duit nascleanúint a dhéanamh idir leathanaigh go héifeachtach, smaoineamh ar do shainroghanna nó sonraí logála isteach agus d’eispéireas a fheabhsú go ginearálta.

Is fianáin fhíor-riachtanacha iad cuid de na fianáin a úsáidtear ar citizensinformation.ie nach mór a cheadú ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin feidhmiú i gceart. Is féidir leat na fianáin seo a dhíchumasú trí do shocruithe brabhsálaí a athrú ach d’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar conas a fheidhmíonn an suíomh gréasáin seo duit.

Chomh maith leis sin, is féidir leat fianáin roghnacha a rialú nuair a úsáideann tú citizensinformation.ie. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcnaipe “Bainistigh Sainroghanna Fianán” ag bun gach leathanaigh ar citzensinformation.ie.

Tá faisnéis le fáil faoi na fianáin roghnacha a úsáidimid in ‘Céard iad na fianáin atá in úsáid againn?’ anseo thíos

Cén fáth a úsáidtear fianáin?

Seo a leanas na cúiseanna a bhfuil fianáin in úsáid againn:

  • Do thoiliú chun fianáin a úsáid a thaifeadadh – tá na fianáin seo á rangú mar fhianáin ‘fhíor-riachtanacha’
  • Teacht ar thuiscint ar conas a idirghníomhaíonn cuairteoir le hinneachar ar an suíomh gréasáin - ‘fianáin anailísíochta’ a thugtar orthu seo

Céard iad na fianáin atá in úsáid againn?

Tá fianáin in úsáid ag citizensinformation.ie i roinnt áiteanna éagsúla:

Nuair a thugann tú cuairt ar citizensinformation.ie den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht maidir le fianáin. Is féidir leat rogha a dhéanamh glacadh le gach fianán nó d’fhianáin a bhainistiú tríd an nasc 'Bainistigh Sainroghanna Fianán' a úsáid ag bun gach leathanaigh ar an suíomh gréasáin. Socraítear fianán chun do shainroghanna a thaifeadadh.

Úsáideann citizensinformation.ie Google Analytics chun faisnéis a bhailiú faoi conas a úsáideann cuairteoirí chuig citizensinformation.ie an suíomh gréasáin. Socraíonn Google roinnt fianán lena chinntiú go n-oibríonn Google Analytics. Áirítear sa chineál faisnéise a bhailítear conas a aimsíonn úsáideoirí citizensinformation.ie, cén cineál gléasanna atá in úsáid, cén fhad a chaitheann úsáideoirí ar leathanaigh áirithe, cé mhéad úsáideoirí a thugann cuairt ar an suíomh agus cé mhéad úsáideoirí a thugann cuairt ar leathanaigh áirithe. Cabhraíonn sé seo linn an suíomh a fheabhsú; cabhraíonn sé linn a chinntiú go bhfuil sé éasca faisnéis a aimsiú, mar shampla.

Ní shainaithníonn an fhaisnéis seo cuairteoir aonair chuig an suíomh gréasáin de bhrí go bhfuil an fhaisnéis a bhailíonn na fianáin seo comhiomlán agus anaithnid, dá réir sin, agus déantar seoltaí IP a anaithnidiú lena chinntiú nach féidir úsáideoirí aonair a shainaithint.

Tá polasaí príobháideachais Google ar fáil mar aon le faisnéis shonrach maidir le cleachtais phríobháideachais le haghaidh Google Analytics.

Is féidir leat diúltú d’fhianáin Google Analytics ar an suíomh gréasáin seo trí úsáid a bhaint as ‘Bainistigh Sainroghanna Fianán’ nó tríd an uirlis seo a úsáid: tools.google.com/dlpage/gaoptout. Féach freisin "Conas a úsáideann Google sonraí nuair a úsáideann tú suíomhanna nó aipeanna ár gcomhpháirtithe": google.com/policies/privacy/partners/.

Fianáin ar citizensinformation.ie
Ainm an fhianáin As Feidhm Tuairisc
Cookies.js.preferences 180 lá Fianáin céad pháirtí a thaifeadann do thoiliú fianáin a cheadú
Rangaithe mar fhíor-riachtanach
_ga 12 mhí ón gcuairt deiridh Fianán céad pháirtí a úsáideann Google Analytics chun staitisticí anaithnide a stóráil
Fianán roghnach
_gid 24 uair ón gcuairt deiridh (1 lá) Fianán céad pháirtí a úsáideann Google Analytics chun amharc leathanaigh a chomhaireamh agus a rianú
Fianán roghnach
_gat_UA-105083256 1 nóiméad Fianán céad pháirtí a úsáideann Google Analytics chun an ráta iarratais a scóigeadh agus iarratais ó bots a scagadh. Úsáidte ar shuíomhanna gréasáin ar a bhfuil ar ardleibhéil tráchta.
Fianán roghnach

Fianáin a bhainistiú

Tabharfaidh formhór na mbrabhsálaithe cead duit fianáin a chasadh as nó do shocruithe a shaincheapadh le haghaidh fianán. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, féach ar na naisc thíos a bhaineann le socruithe fianáin le haghaidh na mbrabhsálaithe is coitianta a úsáidtear.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Bealtaine 2021