Tréimhsí fógra na hiomarcaíochta

Cé mhéad ama ba cheart a bheith i dtréimhse m'fhógra?

Má tá tú le dul ar iomarcaíocht, ní thiocfaidh deireadh le do phost láithreach bonn. De réir an dlí, tá tú i dteideal íostréimhse íoctha an fhógra a fháil..

Téann tréimhse d'fhógra i méad ag brath ar cé chomh fada agus a bhí tú ag obair le d’fhostóir – do thréimhse seirbhíse.

Tréimhsí an fhógra le haghaidh iomarcaíochta

Tréimhse seirbhíse Fógra íosta
Idir 13 sheachtain and 2 bhliain 1 seachtain
Idir 2-5 bhliain 2 seachtain
Idir 5-10 mbliain 4 seachtain
Idir 10-15 bhliain 6 seachtain
Os cionn15 bhliain 8 seachtain

Mar shampla, má bhí tú ag obair ar feadh 5 bhliain agus 3 mhí do d'fhostóir, gheobhaidh tú fógra 4 sheachtain.

Conas ba chóir do m’fhostóir fógra a thabhairt dom

Ba cheart do d’fhostóir fógra an iomarcaíochta a thabhairt duit i scríbhinn nuair a insíonn sé duit go bhfuil tú le dul ar iomarcaíocht.

Caithfidh an fógra an dáta a dtiocfaidh deireadh le do chuid fostaíochta (dáta an fhoirceanta) a thabhairt duit.

Ní thosaíonn tréimhse d'fhógra ach amháin nuair a thugann d’fhostóir an fógra seo agus dáta deiridh leis duit. Ní thosaíonn tréimhse d'fhógra ón uair a insíonn d’fhostóir duit go bhfuil tú i mbaol iomarcaíochta.

Deir m’fhostóir nach gcaithfidh mé oibriú trí thréimhse m’fhógra

Gheobhaidh tú fó tréimhse íoctha céanna an fógra má deir d’fhostóir nach gcaithfidh tú tréimhse d'fhógra a oibriú.

Muna bhfuil ort tréimhse d'fhógra a oibriú, d’fhéadfadh go gciallódh sé seo a leanas:

  • Íocfar tú mar is gnách go dtí deireadh tréimhse d'fógra, ach ní gá duit a bheith ag obair
  • Gheobhaidh tú do phá uile an fhógra láithreach bonn agus tiocfaidh deireadh le do chuid fostaíochta láithreach bonn (ar a dtugtar ‘pá in ionad fógra’)

Inseoidh d’fhostóir duit má tá sé ag tabhairt pá duit in ionad fógra nó go bhfuil sé ag íoc mar is gnách duit go dtí deireadh tréimhse d'fhógra.

An féidir liom mo phost a fhágáil roimh dheireadh tréimhse an fhógra?

B’fhéidir gur mhaith leat do phost a fhágáil roimh dheireadh tréimhse an fhógra, m.sh. má bhaineann tú post eile amach.

Más mian leat do phost a fhágáil roimh dheireadh tréimhse d'fhógra, ní mór duit foirm RP6 (pdf) a chríochnú agus á tabhairt do d’fhostóir.

Is féidir le d’fhostóir cinneadh a dhéanamh cibé an gceadóidh nó nach gceadóidh sé duit imeacht le linn tréimhse an fhógra.

Muna n-aontaíonn d’fhostóir agus má fhágann tú an post le linn tréimhse an fhógra, is féidir a leithéid cur isteach ar do theidlíocht ar íocaíocht na hiomarcaíochta.

Am saor á thógail agam chun post nua a chuardach

Má tá tú le dul ar iomarcaíocht, tá tú i dteideal de réir dlí am saor íoctha le linn na 2 sheachtain deiridh d’fhógra chun post nua a chuardach. Is féidir le d’fhostóir fianais a iarraidh ort go bhfuil tú ag baint úsáide as an am saor chun post nua a fháil..

Laethanta saoire a ghlacadh le linn thréimhse m'fhógra

Tá tú i dteideal aon laethanta saoire (saoire bhliantúil) atá fágtha agat a thógáil.

Muna féidir leat do laethanta saoire a ghlacadh le linn tréimhse an fhógra, tá tú i dteideal íocaíochta in lieu (in ionad) saoire.

Fógra a fháil tar éis asleagain nó tar éis obair ar ghearr-ama

Má leagadh as tú nó má cuireadh ar obair ghearr-ama thú, ciallaíonn sé seo go cuireadh do chonradh fostaíochta ar fionraí go sealadach.

Má chinneann d’fhostóir ansin tú a chur ar iomarcaíocht, ní mór dó do chonradh a athghníomhú sula gcuireann sé tú ar iomarcaíocht. Nuair a thugann d’fhostóir fógra na hiomarcaíochta duit, tá tú i dteideal tréimhse iomlán an fhógra.

Conas gearán a dhéanamh faoi fhógra nó faoi phá

Má tá gearán nó díospóid agat faoi d’fhógra nó faoi do phá le linn tréimhse d'fógra, ba chóir duit tosú trí iarracht a dhéanamh á réiteach go neamhfhoirmeálta le d’fhostóir.

Muna bhfuil tú in ann an gearán a réiteach go neamhfhoirmeálta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).

Ní mór duit an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid. Ní mór gach gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí. Is féidir an teorainn ama seo a mhéadú suas go dtí 12 mhí más féidir leat a thaispeáint go raibh “cúis réasúnach” leis an moill.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh faisnéise faoi do chearta fostaíochta ar fáil ón gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Chun dul i dteagmháil lena rannóg Faisnéise agus Sheirbhísí na gCustaiméirí - féach thíos.

Dlithe na hIomarcaíochta

Tá na dlíthe maidir leis an iomarcaíocht leagtha amach sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967–2014.

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Meitheamh 2022