Orduithe Urchoisc, Sábháilteachta agus Cosanta

Cad é foréigean teaghlaigh?

Tagraíonn foréigean teaghlaigh d’fhórsa fisiciúil nó mothúchánach nó bagairt ar fhórsa fisiciúil, foréigean gnéasach san áireamh, a úsáid i ndlúthchaidreamh. Anuas ar fhoréigean fisiciúil, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le foréigean teaghlaigh:

  • Mí-úsáid mhothúchánach
  • Réadmhaoin a mhilleadh
  • Iompar smachtaithe, cosúil le haonrú ó chairde agus ó dhaoine muinteartha agus foinsí eile féideartha tacaíochta
  • Bagairtí ar dhaoine eile, leanaí ina measc
  • Stalcaireacht
  • Smacht ar theacht ar airgead, earraí pearsanta, bia, iompar agus cumarsáid.

Tháinig an tAcht um Fhoréigean Baile, 2018 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019. Déanann sé an dlí maidir le foréigean teaghlaigh a nuashonrú agus déanann sé foráil do chosaintí breise a sholáthar d’íospartaigh foréigin teaghlaigh, a ndéantar cur síos orthu thíos.

Tháinig cion nua smachta chomhéignigh ar chéile, páirtnéir sibhialta nó páirtnéir collaí i bhfeidhm freisin faoi Acht 2018. Patrún d’iompar imeaglaithe, náirithe agus smachtaithe é smacht comhéigneach is cúis le heagla i leith foréigin nó suaitheadh tromchúiseach a imríonn tionchar substainteach ar ghníomhaíochtaí laethúla an íospartaigh.

Faoin reachtaíocht um fhoréigean teaghlaigh, is iad na príomhchineálacha cosanta atá ar fáil orduithe sábháilteachta agus orduithe urchoisc. Mínítear iad seo thíos.

D’fhoilsigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil treoir freisin ina mínítear na horduithe éagsúla atá ar fáil ó chúirt le thú a chosaint ó dhrochíde sa teaghlach agus conas is féidir leat iarratas a dhéanamh.

Cad é ordú sábháilteachta?

Ordú é ordú sábháilteachta ón gcúirt a chuireann cosc ar an duine foréigneach (an freagróir) ó fhoréigean breise nó bagairtí ar fhoréigean a dhéanamh. Ní gá don fhreagróir an baile a fhágáil. Mura gcónaíonn an duine leat, cuireann an t-ordú sábháilteachta cosc (toirmeasc) orthu ó bheith ag faire ar do theach nó bheith i ngar dó, nó cumarsáid a dhéanamh (cumarsáid leictreonach ina measc) leat nó le duine cleithiúnach, cosúil le leanbh. Is féidir le hordú sábháilteachta maireachtáil a fhaide le 5 bliana.

Ón 1 Eanáir 2019, is féidir le daoine i gcaidreamh collaí iarratas a dhéanamh freisin ar ordú sábháilteachta. Roimhe seo, bhí ar lánúineacha comhchónaí (cónaí le chéile) le bheith in ann ordú sábháilteachta a fháil, ach ní hamhlaidh an cás a thuilleadh. Is féidir leis na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar ordú sábháilteachta:

  • Céilí agus páirtnéirí sibhialta
  • Tuismitheoirí a bhfuil leanbh i gcoitinne acu
  • Páirtnéirí i gcaidreamh collaí, comháitritheoirí san áireamh (lánúin a chónaíonn le chéile) agus páirtnéirí atá ag siúl amach lena chéile (lánúin nach bhfuil ag cónaí le chéile)
  • Tuismitheoirí le leanbh drochídeach má tá an leanbh sin níos sine ná 18 mbliana d’aois
  • Daoine a chónaíonn leis an bhfreagróir i gcaidreamh neamhchonartha, ar nós beirt ghaolta ag cónaí le chéile

Is féidir le hiarpháirtnéirí iarratas a dhéanamh freisin, mar shampla, iarchéile nó iar-chomháitritheoir.

Cad é ordú cosanta?

D’fhéadfadh forais réasúnta a bheith ann idir an t-am a dhéantar iarratas ar ordú sábháilteachta (nó ordú urchoisc) agus cinntiúchán (cinneadh) na cúirte lena chreidiúint go bhfuil do shábháilteacht agus do leas nó sábháilteacht agus leas duine chleithiúnaigh i mbaol. Má tá, is féidir leis an gcúirt ordú cosanta a dheonú le toirmeasc a chur ar an bhfreagróir ó na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Foréigean a úsáid nó bagairt ar fhoréigean a úsáid
  • Mura bhfuil an duine ag cónaí leat, cuireann an t-ordú cosanta cosc orthu ó bheith ag faire ar do theach nó bheith i ngar dó
  • Thú a leanúint nó cumarsáid a dhéanamh leat nó le duine cleithiúnach

Tá ordú urchoisc sealadach agus ní bhíonn sé éifeachtach go dtí go gcuirtear an éisteacht chúirte ar siúl don iarratas ar ordú sábháilteachta (nó ar ordú urchoisc).

Cad é ordú urchoisc?

Is ordú urchoisc ordú a éilíonn ar an duine foréigneach an áit chónaithe a fhágáil agus cuireann sé toirmeasc (cosc) ar an duine ón áit chónaithe a iontráil. Cuireann an t-ordú toirmeasc ar an duine an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

  • Foréigean breise nó bagairtí ar fhoréigean a dhéanamh
  • Bheith ag faire ar do theach nó bheith i ngar dó, nó
  • Thú nó duine cleithiúnach a leanúint nó cumarsáid (cumarsáid leictreonach san áireamh) a dhéanamh leat nó le duine cleithiúnach

Is féidir le hordú urchoisc maireachtáil a fhaide le 3 bliana.

Is féidir leis na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar ordú urchoisc:

  • Céilí agus páirtnéirí sibhialta
  • Comháitritheoirí a chónaíonn i gcaidreamh collaí (caithfidh an t-iarratasóir an tástáil réadmhaoine a shásamh, is é sin, caithfidh go bhfuil leas comhionann nó níos mó acu sa réadmhaoin ná mar atá ag an bhfreagróir)
  • Tuismitheoirí, nuair is leanbh neamhchleithiúnach é an mí-úsáideoir

Cad é ordú urchoisc eatramhach?

D’fhéadfadh forais réasúnta a bheith ann idir an t-am a dhéantar iarratas ar ordú urchoisc agus cinntiúchán (cinneadh) na cúirte lena chreidiúint go bhfuil do shábháilteacht agus do leas nó sábháilteacht agus leas duine chleithiúnaigh i mbaol. Má tá, is féidir leis an gcúirt ordú cosanta (féach thuas) nó ordú urchoisc eatramhach a dheonú. Ordú láithreach é ordú urchoisc eatramhach. Iarrann sé ar an duine foréigneach an áit chónaithe a fhágáil nuair a bhíonn baol láithreach ann i leith díobháil shuntasach duit nó do dhuine cleithiúnach agus nuair nach gcuirfeadh ordú cosanta cosaint dhóthanach ar fáil.

Cad é ordú urchoisc éigeandála?

Foráiltear san Acht um Fhoréigean Baile, 2018 d’ordú nua ar a dtugtar ordú urchoisc éigeandála. Is ordú urchoisc éigeandála ordú a éilíonn ar an duine foréigneach an áit chónaithe a fhágáil agus cuireann sé toirmeasc ar an duine ón áit chónaithe a iontráil. Ordú láithreach é seo nuair a bhíonn forais réasúnta ann lena chreidiúint go bhfuil baol láithreach ann i leith díobháil shuntasach duit nó do dhuine cleithiúnach.

Murab ionann agus ordú urchoisc eatramhach, níl ar an iarratasóir an tástáil réadmhaoine a shásamh go mbeidh siad in ann ordú urchoisc éigeandála a fháil. Ciallaíonn seo nach gá don iarratasóir úinéireacht ná comhúinéireacht a bheith acu ar an réadmhaoin ná ní gá dá n-ainm a bheith ar léas na réadmhaoine. Is féidir le hordú urchoisc éigeandála maireachtáil ar feadh 8 lá oibre, ar a fhaide. Cuireann sé toirmeasc ar an iompar céanna a chuireann ordú urchoisc.

Iarratas a dhéanamh ar ordú

Le hordú sábháilteachta nó urchoisc a fháil, caithfidh tú freastal ar éisteacht sa Chúirt Dúiche. Fad a bhíonn tú ag feitheamh leis an gcúirt éisteacht le d’iarratas, is féidir leis an gcúirt ordú láithreach a thabhairt duit.

I gcás éigeandála, ceadaítear in Acht 2018 do chomhalta den Gharda Síochána iarraidh ar an tSeirbhís Chúirteanna suí speisialta lasmuigh d’uaireanta a chur ar siúl sa Chúirt Dúiche do dhuine a lorgaíonn ordú urchoisc eatramhach, ordú cosanta nó ordú urchoisc éigeandála.

Is féidir ordú sábháilteachta nó ordú urchoisc a athnuachan trí iarratas a dhéanamh ar ordú breise sula n-éagfaidh an ceann deireanach.

Tugtar liosta tosca isteach in Acht 2018 ar féidir leis an gcúirt breithniú a dhéanamh orthu nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi iarratas ar ordú foréigin teaghlaigh (ordú sábháilteachta, cosanta nó urchoisc). Áirítear leis an liosta seo:

  • Stair foréigin ag an bhfreagróir i dtreo an iarratasóra nó aon duine chleithiúnaigh
  • Méadú ar thromchúise nó ar mhinicíocht an fhoréigin i dtreo an iarratasóra nó a leanaí
  • Leanaí a nochtadh d’fhoréigean a dhéanann an freagróir in aghaidh an iarratasóra nó leanbh eile
  • Stair chruálachta in aghaidh ainmhithe
  • Mí-úsáid substaintí (alcól san áireamh), ag an bhfreagróir, an t-iarratasóir nó duine cleithiúnach
  • Aois agus dóigh shláinte (toircheas san áireamh) an iarratasóra nó aon duine chleithiúnaigh

Cathain is ceart ordú urchoisc nósábháilteachta a fháil?

Céilí agus páirtnéirí sibhialta

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, agus más féidir leat a thaispeáint don chúirt go bhfuil do chéile nó páirtnéir sibhialta foréigneach ar bhealach ar bith i do leith féin nó i leith na leanaí, is féidir leat ordú urchoisc nó sábháilteachta a fháil ina n-aghaidh, is cuma cé chomh fada a chónaigh sibh le chéile agus fiú má tá úinéireacht acu ar fhormhór an tí nó ar an teach go léir.

Lánúineacha comhchónaithe

Má chónaigh sibh le chéile i gcaidreamh collaí, is féidir leat ordú sábháilteachta a fháil in aghaidh páirtnéir foréigneach. Is féidir leat ordú sábháilteachta a fháil freisin in aghaidh duine a raibh leanbh agat leo ach nach bhfuil tú ag cónaí leo nó nár chónaigh tú riamh leo.

Is féidir leat ordú urchoisc a fháil in aghaidh páirtnéir foréigneach má bhí sibh ag cónaí le chéile i gcaidreamh collaí agus mura bhfuil úinéireacht ag do pháirtnéir ar an gcuid is mó den teach nó ar an teach iomlán ina bhfuil tú ag cónaí. Níl aon tréimhse íosta chomhchónaithe ag teastáil.

Is féidir leat ordú urchoisc éigeandála a fháil nuair a bhíonn forais réasúnta ann lena chreidiúint go bhfuil baol láithreach ann i leith díobháil shuntasach duit nó do dhuine cleithiúnach, fiú mura bhfuil úinéireacht ná comhúinéireacht agat ar an réadmhaoin nó mura bhfuil d’ainm ar an léas.

Tuismitheoirí

Is féidir le tuismitheoir iarratas a dhéanamh ar ordú urchoisc nó sábháilteachta in aghaidh foréigean teaghlaigh óna leanbh féin má tá a leanbh níos sine ná 18 mbliana d’aois. Ní féidir leat ordú urchoisc a fháil má tá úinéireacht ag do leanbh ar fhormhór an tí ina bhfuil cónaí ort.

Daoine eile a chónaíonn le chéile

Is féidir le daoine eile a chónaíonn le chéile, mar shampla, beirt ghaolta, iarratas a dhéanamh ar ordú sábháilteachta.

Leanaí

Cuimsítear forálacha ar leith san Acht um Fhoréigean Baile, 2018 chun leanaí a chosaint, an méid seo a leanas ina measc:

  • Is féidir le leanaí a ndearcthaí a chur in iúl don chúirt nuair a lorgaítear ordú sábháilteachta nó urchoisc thar ceann linbh, nó a bhainfidh go páirteach le leanbh. Is féidir leis an gcúirt saineolaí a cheapadh chun cabhrú leis an gcúirt dearcthaí an linbh a fháil, ag brath ar aois agus aibíocht an linbh.
  • Nuair a thugtar fianaise in iarratas ar ordú foréigin teaghlaigh, ní féidir leanbh a chroscheistiú i bpearsan ag an bhfreagróir ná ag an iarratasóir.
  • Leanann orduithe foréigin teaghlaigh a bhaineann le leanaí de bheith i bhfeidhm go dtí go n-éagfaidh an t-ordú, fiú tar éis dóibh aois 18 mbliana a bhaint amach. D’éag siad roimhe seo nuair a bhain an leanbh 18 mbliana d’aois amach.

Díolúine phósta

Leasaíonn an tAcht um Fhoréigean Baile, 2018 an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004 freisin leis an díolúine do phósadh faoi aois a bhaint. Ón 1 Eanáir 2019, is í an riachtanas aoise dlíthiúil do phósadh 18 mbliana. Ní féidir Ordú Díolúine Cúirte a fháil a thuilleadh a cheadaíonn pósadh leanúint ar aghaidh má tá páirtí amháin nó an dá pháirtí níos óige ná 18 mbliana d’aois.

Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Is féidir le Tusla - an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach iarratas a dhéanamh ar ordú sábháilteachta nó urchoisc in aghaidh duine fásta foréigneach thar ceann linbh, cibé acu má tá nó mura bhfuil an duine fásta foréigneach sin pósta le tuismitheoir an linbh.

Cad a tharlaíonn má sháraítear ordú?

Tá aon duine a sháraíonn ordú cúirte (ordú sábháilteachta, ordú cosanta, ordú urchoisc, ordú urchoisc eatramhach nó ordú urchoisc éigeandála) ciontach i gcion. Is cion é freisin má chuireann an freagróir (an mí-úsáideoir) cosc ort nó ar do chleithiúnaithe ón áit chónaithe lena mbaineann an t-ordú a iontráil nó fanacht ann (fad a bhíonn an t-ordú éifeachtach).

Is féidir pionós a ghearradh ar na cionta thuas faoi Alt 33 den Acht um Fhoréigean Baile, 2018 trí fhíneáil aicme B, téarma príosúin mhí, nó an dá rud, a ghearradh.

Meastar anois gurb imthoisc ghéaraitheach é nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh ag an gcúirt ar an bpianbhreith a ghearrfar ar chionta áirithe, cosúil le foréigean síceolaíoch, fisiciúil, gnéasach, smachtú comhéigneach agus stalcaireacht, más céile nó páirtnéir sibhialta atá nó a bhí san íospartach nó bhí siad i gcaidreamh collaí leis an gciontóir. Ciallaíonn seo gur ngearrfaidh an chúirt pianbhreith atá níos tromchúisí ná mar a ghearrfaí mar gheall ar an gcaoi go raibh an t-íospartach agus an déantóir (an mí-úsáideoir) i gcaidreamh collaí. Tugadh seo isteach in Alt 40 den Acht um Fhoréigean Baile, 2018.

Conas ordú sábháilteachta nóurchoisc a fháil

Déantar formhór na n-iarratas ar orduithe foréigin teaghlaigh sa Chúirt Dúiche. Is féidir leat aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh thar do cheann nó is féidir leat an t-iarratas a dhéanamh tú féin. B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal cúnamh dlí a fháil.

Inseoidh foireann Oifig na Cúirte Dúiche duit na foirmeacha a theastaíonn uait le d’iarratas a dhéanamh. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar ordú urchoisc nó ar ordú sábháilteachta, socróidh cléireach na cúirte dáta cúirte d’éisteacht chúirte. Tabharfar do thoghairm duit don éisteacht chúirte ag tráth d’iarratais. Seolfar na foirmeacha chuig an bhfreagróir chun gur féidir leis an bhfreagróir freastal ar an gcúirt ar lá na héisteachta. Ní theastaíonn aturnae uait chun iarratas a dhéanamh, ach moltar go mbíonn ionadaíocht dhlíthiúil agat i gcás éisteacht chúirte iomlán.

Má bhíonn cás éigeandála ann nó fad a bhíonn tú ag feitheamh le dul go dtí an chúirt le hordú urchoisc nó ordú sábháilteachta a fháil, is féidir leat ordú cosanta, nó ordú urchoisc eatramhach, nó ordú urchoisc éigeandála a fháil má tá baol láithreach romhat nó roimh leanbh cleithiúnach i leith díobháil shuntasach. Mura suífidh an Chúirt Dúiche ag an am is mian leat iarratas den saghas sin a dhéanamh, is féidir le comhalta den Gharda Síochána a iarraidh go socraíonn an tSeirbhís Chúirteanna suí speisialta na Cúirte Dúiche. Mura dteastaíonn ordú cosanta nó ordú urchoisc eatramhach uait láithreach, is féidir leat ceann a lorg ag aon tráth sula n-éistfear le do chás d’ordú sábháilteachta nó ordú urchoisc.

Déantar cinneadh na cúirte a tháirgeadh i bhfoirm cáipéis scríofa ar a dtugtar 'ordú'. Má tá an freagróir i gcúirt nuair a dhéantar an t-ordú, meastar go bhfuil fógra tugtha don fhreagróir agus seolann oifig na cúirte é chuig an bhfreagróir sa ghnáthphost. i gcás ordú cosanta, ordú urchoisc eatramhach nó ordú urchoisc éigeandála, áfach, is gnách go n-ordaíonn an chúirt go ndéanann comhalta den Gharda Síochána an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

Cuirfidh oifig na cúirte na Gardaí ar an eolas go ndearnadh an t-ordú trí chóip a sheoladh chuig an stáisiún Gardaí áitiúil sa phost. Le haon mhoill ar na Gardaí a chur ar an eolas a sheachaint, ba cheart duit glaoch ar an stáisiún Gardaí láithreach i ndiaidh go ndearnadh an t-ordú, agus iad a chur ar an eolas ar an ordú agus cóip a fhágáil leo (is féidir leat a cheadú dóibh fótachóip de a dhéanamh). Seolfar cóip de d’ordú chuig ceannfort do stáisiúin Ghardaí áitiúil sa phost cláraithe an lá dar gcionn.

Tá fáil ar eolas breise ar iarratas a dhéanamh agus ullmhú d’éisteacht chúirte ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Seirbhísí tacaíochta

Má tá tú buartha faoi fhoréigean i do theach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Gardaí áitiúil. Cuirtear sainoiliúint ar chomhaltaí an Gharda Síochána chun déileáil leis na cásanna seo agus is féidir leo comhairle, eolas agus cúnamh a chur ar fáil. Má bhraitheann tú go bhfuil tú i mbaol láithreach bonn, cuir glaoch ar 112 nó 999.

Cúnamh do Mhná

Cuireann Cúnamh do Mhná tacaíocht saor in aisce agus rúnda ar fáil do mhná atá thíos le foréigean teaghlaigh, do dhaoine muinteartha agus cairde, agus do ghairmithe a thacaíonn le híospartaigh na mí-úsáide. I measc na dtacaíochtaí atá ar fáil, tá an méid seo a leanas:

  • Is é an Líne Chabhrach Saorghlao Náisiúnta 1800 341 900 agus tá sé ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain
  • Is é an tSeirbhís Ateangaireachta Gutháin 1800 341 900 agus tá sé ar fáil ó 8am go 8pm, 7 lá sa tseachtain
  • seirbhís comhrá ar fáil ar fáil 7 n-oíche sa tseachtain, ó 7pm go 10pm ag womensaid.ie. Áirítear leis na huaireanta breise an chloig i rith COVID-19 ó Luan go hAoine, ó 10am go 1pm agus an Satharn, ó 12pm go 3pm agus an Domhnach, ó 11am go 1pm.
  • seirbhís teachtaireacht téacs do mhná Bodhra agus a bhfuil Moill Éistigh orthu ar fáil go laethúil ar 087 959 7980
  • seirbhís tacaíochta agus atreoraithe do mhná a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar orduithe foréigin teaghlaigh ar fáil ar 089 221 4636, ó Luan go hAoine, ó 9.30am go 4.30pm. Tá seirbhís buail isteach ar fáil freisin i gCúirt Dlí Teaghlaigh Theach an Charnáin i mBaile Átha Cliath, ó Luan go hAoine, ó 9.30am go 12.30pm.

Ionad Éigeandála um Éigniú

Cuireann Cabhair Éigeandála um Éigniú seirbhís saor in aisce, rúnda éisteachta agus tacaíochta ar fáil do mhná agus d’fhir a ndearnadh éigniú, ionsaí gnéis nó ciapadh gnéis orthu nó ar baineadh mí-úsáid ghnéasach astu ag aon tráth ina saol. I measc na dtacaíochtaí, tá an méid seo a leanas:

  • Is é an Líne Chabhrach Náisiúnta 1800 778 888 agus tá sé ar fáil 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain
  • Líonra Ionaid Éigeandála um Éigniú (Tá na hionaid dúnta faoi láthair mar gheall ar COVID-19 ach leanann gach seirbhís le comhairleoireacht agus tacaíocht ar an nguthán nó ar líne a sholáthar.)
  • seirbhís teachtaireacht téacs do dhaoine Bodhra agus a bhfuil Moill Éistigh orthu ar fáil go laethúil ar 086 823 8443, ó 8am go 6.30pm, ó Luan go hAoine
  • Cuirtear comhrá gréasáin ar líne ar fáil trí láithreán gréasáin Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath, atá ar fáil ó Luan go hAoine, ó 10am go 2pm

Éire Shábháilte

Cuireann Éire Shábháilte eolas cothrom le dáta ar fáil ar láthair seirbhísí tacaíochta agus tearmainn áitiúla foréigin teaghlaigh in Éirinn, chomh maith lena sonraí teagmhála.

Líonra Forbartha na bhFear

Oibríonn Líonra Forbartha na bhFear an Líne Comhairle Náisiúnta d’Fhir ar 1800 816 588 d’fhir atá nó a bhí thíos le foréigean teaghlaigh. Bíonn sé ar fáil 7 lá sa tseachtain: An Luan agus an Chéadaoin, ó 10am go 6pm, an Mháirt agus Déardaoin, ó 12pm go 8pm, ón Aoine go dtí an Domhnach, ó 2pm go 6pm.

Cúnamh d’Fhir

Cuireann Cúnamh d’Fhir Éireann (tugadh Amen air roimhe seo) líne chabhrach rúnda, seirbhís tacaíochta agus eolas ar fáil d’fhir agus a dteaghlaigh atá thíos le foréigean teaghlaigh.

•Glaoigh ar (01) 554 3811, ó Luan go hAoine, ó 9am go 5pm

•Seol ríomhphost chun tacaíocht rúnda a fháil, chuig hello@mensaid.ie

CARI (Leanaí i mBaol in Éirinn)

Cuireann CARI líne chabhrach ar fáil a sholáthraíonn saintacaíocht d’aon duine a n-imríonn drochúsáid ghnéasach leanaí tionchar orthu. Tacaíonn CARI le tuismitheoirí, marthanóirí fásta, gairmithe, agus an pobal i gcoitinne.

  • Glaoigh ar 1890 924 567, ó Luan go hAoine, ó 9.30am go 5.30pm
  • Is féidir leat iarraidh ar aisghlaoch trí fhoirm ghearr a líonadh ag Cari.ie

Stillhere.ie

Sheol an Rialtas feachtas um fheasacht phoiblí ar dhrochíde sa teaghlach i rith COVID-19 agus cuireadh láithreán gréasáin nua, Stillhere.ie, ar fáil. Cuirtear sonraí ar fáil ann faoi sheirbhísí tacaíochta d’aon duine a bhíonn thíos le drochíde sa teaghlach ina n-áit chónaithe. Cuireann sé eolas ar fáil d’aon duine a bhfuil eagla orthu roimh dhrochíde sa teaghlach ina n-áit chónaithe. Cuirtear eolas ar fáil freisin faoi:

  • Na cúirteanna agus cúnamh dlí
  • Tacaíochtaí do leanaí
  • Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine breacaosta
  • Sábháilteacht dhigiteach agus ar líne

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 F95Y
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/

Oifig um Dlí Teaghlaigh Limistéar Bhaile Átha Cliath

Urlár na Talún
Teach Dolphin
Sráid Essex Thoir
Baile Áthe Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6348
Láithreán Gréasáin: https://bit.ly/2MvAKhW

None

5 Plás Wilton
Baile Átha Cliath
Éire

Teil: +353 (0)1 678 8858
Lóghlao: 24hr FreePhone 1800 341 900
Láithreán Gréasáin: https://www.womensaid.ie

None

Ionad Acmhainní Naomh Áine
Sráid an Iarnróid
An Uaimh
An Mhí
Éire

Teil: +353 (0)1 554 3811
Láithreán Gréasáin: https://www.mensaid.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Feabhra 2022