Dlí timpeallachta na hEorpa

Réamhrá

Tá raon an-leathan reachtaíochta AE curtha i bhfeidhm i ndáil le cúrsaí timpeallachta. Is iad na príomhréimsí a chlúdaítear ná:

Tá go leor de reachtaíocht an AE um chosaint an chomhshaoil sách teicniúil, sa mhéid agus go leagtar amach cáilíochtaí teicniúla agus eolaíochta mionsonraithe. Is iondúil go gcuireann an reachtaíocht dualgas ar bhallstáit freisin faisnéis a sholáthar don Choimisiún Eorpach faoi mbealach a chuirtear na rialacha i bhfeidhm agus ar éifeachtacht na rialacha sin.

Lena chois sin, tá roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta ann ar chosaint an chomhshaoil. Go ginearálta, bíonn siad seo daingnithe ag an AE agus curtha i bhfeidhm trí reachtaíocht an AE.

Reachtaíocht an AE a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú

Is iad an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, na húdaráis áitiúla agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil na príomhfhorais atá freagrach as reachtaíocht chomhshaoil a chur i bhfeidhm in Éirinn. Is iad na hAchtanna comhshaoil is tábhachtaí ná:

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992
An tAcht um Bainistiú Dramhaíola 2001
An tAcht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) 2001
An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 agus An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) (Leasú) 1990
An tAcht um Thruailliú Aeir 1997
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000
An tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003

Lena chois sin, tá raon ionstraimí reachtúla ann a chuireann reachtaíocht i bhfeidhm a bhaineann le Treoracha áirithe. Tá faisnéis maidir leis na hionstraimí reachtúla seo le fáil ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Forfheidhmiú an AE ar reachtaíocht chomhshaoil

Déantar reachtaíocht chomhshaoil an AE a fhorfheidhmiú ar an mbealach céanna le reachtaíocht eile an AE. Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht ar an bhforfheidhmiú agus féadfaidh siad ballstáit aonair a thabhairt chuig An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach mura ndéantar reachtaíocht a fhorfheidhmiú i gceart.

Cuimsíonn coireacht chomhshaoil gníomhartha a sháraíonn reachtaíocht chomhshaoil agus is cúis leis díobháil a dhéanamh nó baol a chruthú don chomhshaol agus do shláinte dhaoine. Áirítear leo astaíochtaí nó scaoileadh neamhdhleathacha san aer, an t-uisce nó an ithir, trádáil neamhdhleathach a dhéanamh i bhfiadhúlra, trádáil neamhdhleathach a dhéanamh i substaintí a dhéanann an t-ózón a ídiú agus dramhaíl a sheoladh nó a dhumpáil go neamhdhleathach.

Glacadh le Treoir 2008/99/CE maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil an 28 Deireadh Fómhair 2008.

Beartas an AE i leith an chomhshaoil

Léirítear beartas an AE i leith an chomhshaoil ina chuid reachtaíochta agus faigheann sé tacaíocht trí chláir airgeadais. Tá beartas reatha an AE i leith an chomhshaoil leagtha amach sa 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an AE, dar teideal Living well, within the limits of our planet. Leanann an Clár seo go dtí 2020 agus díríonn sé ar 3 phríomhréimse tosaíochta.

  • Chun caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú
  • Geilleagar ísealcharbóin a dhéanamh den Aontas atá éifeachtúil i dtaobh acmhainní, atá glas agus atá iomaíoch
  • Saoránaigh an Aontais a chosaint ó bhrúnna agus ó rioscaí i leith sláinte agus folláine a bhaineann leis an gcomhshaol

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

Díríonn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (GEC) ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cabhrú chun an comhshaol a fheabhsú trí fhaisnéis a sholáthar do lucht déanta beartas agus don phobal i gcoitinne.

Tacaíocht airgeadais do thionscadail comhshaoil

Is clár cómhaoinithe AE é LIFE 2014-2020 a dhíríonn ar chúrsaí forbartha, forfheidhmithe agus nuashonraithe maidir le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an AE. Lena chois sin, díríonn LIFE ar chomhtháthú an chomhshaoil i mbeartais eile a éascú, agus forbairt inbhuanaithe san AE a bhaint amach. Tháinig an Rialachán a rialaíonn LIFE 2014-2020 (pdf) i bhfeidhm i mí na Nollag 2013.

Tá 2 fho-chlár sa chlár LIFE: Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide. Cuimsíonn fochlár an Chomhshaoil éifeachtúlacht an chomhshaoil agus acmhainní; an dúlra agus bithéagsúlacht; agus rialachas agus faisnéis chomhshaoil. Cuimsíonn Gníomh Aeráide athrú aeráide a mhaolú; athrú aeráide a oiriúnú; rialachas agus faisnéis aeráide.

Rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil

Mura bhfuil faisnéis a theastaíonn uait ar fáil go poiblí, féadfaidh tú Treoir 2003/4/CE a úsáid chun rochtain a fháil uirthi. Forálann an Treoir maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil (RFS) go bhfuil ceart rochtana ag daoine aonair maidir le faisnéis chomhshaoil atá ag údaráis phoiblí. Caithfidh an t-údarás poiblí freagra a thobhairt laistigh de mhí amháin ó dhéantar an t-iarratas. Léigh tuilleadh faoi rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil.

Pléann Treoir 2003/35/CE le rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí cinnteoireachta. Forálann sí go gcaithfidh ballstáit a chinntiú go bhfuil meicníochtaí i bhfeidhm chun rannpháirtíocht an phobail i gcinntí comhshaoil a éascú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Samhain 2016