Truailliú aeir

Réamhrá

Is féidir le truailleáin san aer a bheith dochar a dheanamh do shláinte daoine agus don chomhshaol. Tugtar truailleáin phríomha ar thruailleáin aeir a scaoiltear ó thrácht, ó ghiniúint cumhachta nó ó thionscal. Is féidir leis na thruailleáin phríomha seo fadhbanna tromchúiseacha a chruthú sa gharchóngaracht, ach is féidir leo taisteal achair fhada agus imoibriú san atmaisféar chun truailleáin thánaisteacha mar shampla báisteach aigéadach a tháirgeadh. Is féidir le truailleáin áirithe cur leis an athrú aeráide.

Tá caighdeáin cháilíochta aeir leagtha amach i reachtaíocht an AE agus na hÉireann. Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) monatóireacht ar thruailleáin aeir éagsúla in Éirinn lena chinntiú go gcomhlíonaimid na caighdeáin seo. Tá Éire tiomanta do Threoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta an AE, ina bhfuil spriocanna laghdaithe astaíochtaí do 2020 agus 2030 do na cúig phríomh-thruailleán aeir leagtha amach.

Cé a dhéanann monatóireacht ar thruailliú aeir?

Faoin Acht um Thruailliú Aeir 1987, ní mór d’údaráis áitiúla cibé bearta a ghlacadh a mheasann siad a bheith riachtanach chun truailliú aeir ina gceantar a chosc nó a theorannú.

Áirítear leis seo:

  • Monatóireacht ar astaíochtaí nó ar an aer comhthimpeallach sa cheantar
  • Comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha a mheas
  • Déileáil le gearáin faoi thruailliú aeir
  • Déileáil le hiarratais ar cheadúnais astaíochtaí aeir do chatagóirí áirithe tionscail
  • An toirmeasc breosla áirithe a mhargú, a dháileadh, a dhíol agus a dhó (gual biotúmanach de ghnáth) a fhorfheidhmiú.
  • Taighde ar thruailliú aeir a eagrú agus a dhéanamh
  • Cláir oideachais faoi thruailliú agus conas é a chosc a eagrú agus a reáchtáil
  • Tacú le duine ar bith atá i mbun taighde ar thruailliú aeir

Caithfidh úinéirí gléasraí tionsclaíocha áirithe ceadúnas truaillithe aeir a fháil óna n-údarás áitiúil nó ón GCC má tá astaíochaí mar thoradh ar a gcuid oibre. Tá socruithe ceadúnaithe ar leithligh ag an GCC agus údaráis áitiúla agus ní gá duit iarratas a dhéanamh leis an da cheann. Féach ‘Ceadúnais astaíochtaí aeir’ agus ‘Ceadúnais chomhshaoil do mhórthionscail thíos chun tuilleadh eolais a fháil.

Forfheidhmiú

Má sháraíonn tú na rialacha atá leagtha amach san Acht um Thruailliú Aeir 1987 tá tú ciontach i gcion agus féadfar fíneáil agus príosúnacht a ghearradh ort. Tá údaráis áitiúla freagrach as an Acht a fhorfheidhmiú ina gceantar féin agus is féidir leo áitribh atá ag truailliú an cheantair a ionchúiseamh. Féadfaidh siad é seo a dhéanamh fiú má tá an truailliú ag teacht ó fhoinse lasmuigh dá gceantar.

Faoin Acht tá cuideachtaí freagrach as truailliú óna n-áitribh a theorannú nó a chosc. Má cheapann údarás áitiúil go bhfuil cuideachta ag sárú na rialacha seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta. Sonróidh an fógra seo na céimeanna a chaithfidh an chuideachta a ghlacadh chun truailliú aeir a chosc chomh maith le teorainn ama chun go gcuirfidh siad an céimeanna seo i bhfeidhm.

Má dhéanann an chuideachta neamhaird ar rabhaidh agus moltaí an údaráis áitiúil, is féidir leis an údarás áitiúil cás a thabhairt go díreach chuig an Ard-Chúirt. Féadfaidh an Chúirt seo urghaire a eisiúint, rud a ligeann don údarás áitiúil déileáil leis an gcás láithreach. Is féidir an rogha seo a úsáid má mheasann an t-údarás áitiúil go bhfuil riosca tromchúiseach ann do shláinte an phobail nó don chomhshaol.

Limistéir rialaithe speisialta agus toirmeasc ar bhreosla toiteach

Féadfaidh údarás áitiúil a dhearbhú gur atá i limistéar d’fhonn truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

Tá cosc ar dhíol, margaíocht, dáileadh agus dó guail ata toiteach (biotúmanach) i ngach cathair agus baile a bhfuil daonra níos mó ná 10,000 duine aige. Ní mór gach táirge breosla sholadaigh gan toit a lipéadú go soiléir mar “breosla gan toit”. Déanann údaráis áitiúla spotseiceálacha ar mhiondíoltóirí breosla chun comhlíonadh an toirmisc ar bhreosla toiteach a mhargú, a dhíol agus a dháileadh a chinntiú.

Dramhaíl a dhó

Tá sé in aghaidh an dlí dramhaíl tí nó ghairdín a dhó, cibé acu sa bhaile nó i do ghairdín. Is féidir leat níos mó a léamh faoi seo inár gcáipéis ar dhramhaíl tí a dhó.

Ceadúnais astaíochaí aeir

Toisc go bhféadfadh roinnt próiseas tionsclaíoch astaíochtaí móra a chruthú, d’fhéadfadh go mbeadh ceadúnas astaíochtaí aeir ag teastáil uait. Tá an fhoirm iarratais ar cheadúnas astaíochtaí aeir ar fáil ar láithreán gréasáin d’údaráis áitiúil.

Iarrfar ort eolas a sholáthar faoin áit a dtarlóidh na hastaíochtaí agus fógra a chur i nuachtán áitiúil chun cónaitheoirí áitiúla a chur ar an eolas.

Tá na sonraí truaillithe aeir go léir a choinníonn údaráis áitiúla ar fáil don phobal.

Ceadúnais chomhshaoil do mhórthionscail

Faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992, caithfidh mórthionscail nó tionscail chasta a bhfuil cumas suntasach truaillithe acu iarratas a dhéanamh chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar cheadúnas um Rialú Comhtháite Truaillithe (RCT).

Ní cheadóidh an GCC ceadúnas ach sa chás go bhfuil siad sásta go ndéanfaidh sealbhóir an cheadúnais gach iarracht chun aon astuithe ón ngléasra a chosc nó a theorannú. Ní mór go mbeidh gach astú laistigh de theorainneacha socraithe agus ní mór nach sáróidh siad aon chaighdeán ábhartha truaillithe aeir. Tá fáil phoiblí ar chlár na gceadúnas RCT.

Déanann an GCC monatóireacht ar astaíochtaí ó na tionscail seo agus cinntíonn sí go gcomhlíonann siad téarmaí a gceadúnais. Féadfaidh an GCC ceadúnas cuideachta a chúlghairm agus iad a thabhairt chun na cúirte má bhriseann siad téarmaí an cheadúnais. Féadfaidh an chúirt fíneálacha agus pianbhreitheanna príosúin a ghearradh.

Is féidir leat foirm iarratais ar cheadúnas RCT a íoslódáil anseo.

Conas a dhéanaim gearán maidir le truailliú aeir?

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil má tá gearán agat maidir le:

  • Margaíocht, díol nó dáileadh breoslaí toirmiscthe
  • Astaíochtaí toiteacha ó bhreoslaí toirmiscthe i limistéir ata clúdaithe ag an toirmeasc
  • Ábhair neamhúdaraithe atá á ndó

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an GCC má cheapann tú go bhfuil cuideachta ag sárú théarmaí a gceadúnais RCT, nó má tá amhras ort nach bhfuil an ceadúnas ceart acu. Déanfaidh an GCC imscrúdú ar an ngearán agus tabharfaidh sé faoi ghníomh breise, más gá. Nó tá an rogha agat an chuideachta a thabhairt chun na cúirte, ach d’fhéadfadh an rogha seo a bheith costasach.

Léigh tuilleadh eolais faoi ghearán comhshaoil a dhéanamh.

Tuilleadh eolais faoi thruailliú aeir

Is féidir leat níos mó a léamh faoi chaighdeán cháilíocht an aeir agus faoi thruailleáin aeir ar askaboutireland.ie.

Tá faisnéis mhionsonraithe ag láithreán gréasáin an GCC faoi chaighdeáin cháilíocht an aeir agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcáilíocht, lena n-áirítear cuspóirí fadtéarmacha agus spriocluachanna Threoracha ábhartha an AE.

I measc na faisnéise breise atá ar láithreán gréasáin an GCC, tá an tInéacs um Chaighdeán an Aeir don tSláinte (AQIH). Ta eolas tugtha anseo faoi chaighdeán an aeir, mar aon le comhairle sláinte don phobal i gcoitinne agus do dhaoine atá íogair i leith truailliú aeir.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Loch Garman
Éire

Teil: (053) 916 0600
Lóghlao: 0818 33 55 99
Facs: (053) 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie

An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

29-31 Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE

Teil: +353 1 678 2000
Lóghlao: 1890 449 900
Facs: +353 1 678 2449
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Márta 2021