Rochtain ar fhaisnéis comhshaoil

Réamhrá

Tá ceart agat faisnéis chomhshaoil áirithe a fháil ó údarás poiblí.

Chun faisnéis chomhshaoil a fháil, is féidir leat an reachtaíocht maidir le Saoráil Faisnéise (FOI) a úsáid nó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2018 (Rialacháin AIE).

Chomh maith le ceart rochtana ar fhaisnéis chomhshaoil a thabhairt duit, leagann Rialacháin AIE dualgas ar údaráis phoiblí bheith réamhghníomhach maidir le faisnéis chomhshaoil a scaipeadh go poiblí. Ní mór d’údaráis phoiblí an pobal a chur ar an eolas faoina gcuid ceart agus faisnéis agus treoir a chur ar fáil ar na cearta siúd a chleachtadh. Ina theannta sin, ní mór dóibh iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun faisnéis chomhshaoil a choimeád agus í a choinneáil i bhfoirm atá inrochtana agus is féidir a atáirgeadh.

Féadfaidh tú teacht ar thuilleadh faisnéise faoi na Rialacháin AIE anseo agus an cúlra reachtaíochta a léamh.

Rialacha

Céard is údarás poiblí ann?

Údarás poiblí is ea comhlacht nó eagraíocht ar bith a bhfuil ról acu i riarachán poiblí agus a bhfuil faisnéis chomhshaoil acu. Tá sainmhíniú ar údaráis phoiblí faoi Rialacháin AIE níos fairsinge ná mar atá sé faoin reachtaíocht FOI. Ciallaíonn seo, mura bhfuil údarás cumhdaithe ag FOI, d’fhéadfadh go mbeifeá fós in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil trí leas a bhaint as Rialacháin AIE. I measc na n-údarás poiblí, chun críocha Rialachán AIE, tá ranna rialtais, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit tráchtála agus neamhthráchtála agus comhlachtaí rialála.

Má shéanann comhlacht nó eagraíocht d’iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil ar an mbonn nach údarás poiblí iad, féadfaidh tú an cinneadh seo a fhiosrú, tríd na bearta a shonraítear thíos a leanúint – féach ‘Céard is féidir liom a dhéanamh má dhiúltaítear rochtain dom ar fhaisnéis?’

Cén fhaisnéis ar féidir liom rochtain a fháil uirthi?

Ceadaíonn na Rialacháin AIE duit rochtain a fháil ar réimse fairsing faisnéise. Ceadaíonn siad rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil a chuir údarás poiblí le chéile, a fuair údarás poiblí agus a coimeádadh in áit eile thar ceann an údaráis.

Áirítear le faisnéis chomhshaoil, faisnéis ar an méid a leanas:

  • Staid eilimintí an chomhshaoil, cosúil le haer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreacha nádúrtha, lena n-áirítear bogaigh, ceantair chósta agus mhara, bithéagsúlacht agus a hairíonna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht idir na heilimintí seo
  • Tosca, ar nós substaintí, fuinnimh, torainn, radaíochta nó dramhaíola, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astuithe, sceitheadh agus scaoileadh eile sa chomhshaol, a imríonn tionchar nó ar dócha go n-imreoidh siad tionchar ar eilimintí an chomhshaoil
  • Bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), ar nós beartas, reachtaíochta, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a imríonn tionchar nó ar dócha go n-imreoidh siad tionchar ar na heilimintí agus na tosca a shonraítear thuas, mar aon le bearta nó gníomhaíochtaí atá in ainm is na heiliminti siúd a chosaint
  • Anailís costas tairbhe agus anailís agus toimhdí eile geilleagracha a úsáidtear maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a shonraítear thuas
  • Staid sláinte agus sábháilteachta daonna, lena n-áirítear éilliú an tslabhra bia, nuair is cuí, coinníollacha beatha an duine, láithreacha cultúrtha agus struchtúir thógtha a bhféadfadh eilimintí an chomhshaoil tionchar a imirt orthu
  • Tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíocht chomhshaoil

Conas a láimhseálfar le m’iarratas?

Ní mór don údarás poiblí freagra a thabhairt ar d’iarratas a luaithe is féidir, ar a laghad laistigh de mhí amháin tar éis an t-iarratas a fháil. Ba cheart dóibh cúnamh a thairiscint lena chur ar do chumas iarratas a dhéanamh, go háirithe má tá deacrachtaí litearthachta agat nó má tá tú faoi mhíchumas.

Más casta don iarratas, nó má theastaíonn mórmhéid faisnéise, ní mór don údarás scríobh chugat laistigh de mhí amháin agus thú a chur ar an eolas faoin deacracht atá acu le d'iarratas a phróiseáil. Ní mór dóibh dáta a lua faoina dtabharfaidh siad freagra duit – tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis go bhfuair siad do bhuniarratas.

Ceanglaíonn na Rialacháin AIE ar údaráis phoiblí chun oifigigh faisnéise a shannadh chun cláir nó liostaí a choimeád den fhaisnéis chomhshaoil a coimeádadh, nó pointe faisnéise a sholáthar lena léiriú go soiléir cén áit a bhféadfaí teacht ar an bhfaisnéis sin. Ina theannta sin, ní mór d’údaráis phoiblí gach iarratas a chlárú agus a phróiseáil don fhaisnéis chomhshaoil atá á coimeád acu.

Céard a tharlaíonn mura bhfuil an fhaisnéis ag an údarás poiblí?

Mura bhfuil an fhaisnéis ag an údarás a ndéanann tú iarratas orthu, d’fhéadfaidís d’iarratas a aistriú chuig an údarás a bhfuil an fhaisnéis sin acu, agus thú a chur ar an eolas ina thaobh seo. Ar a shon sin, in ionad d’iarratas a aistriú, d’fhéadfaidís faisnéis a thabhairt duit faoi cén áit a bhféadfá d’iarratas a sheoladh.

An féidir rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil a dhiúltú duit?

D’fhéadfadh go ndiúltófaí rochtain duit ar roinnt saghsanna faisnéise. Mar shampla, d’fhéadfaí faisnéis a dhiúltú duit faoi láthair speicis atá i mbaol, dá gcuirfeadh nochtadh na faisnéise seo an speiceas i mbaol. Ina theannta sin, d’fhéadfaí rochtain a dhiúltú duit ar dhréachtcháipéisí nó ar cháipéisí neamhiomlána, cumarsáid inmheánach (ar nós ríomhphoist inmheánacha) nó ábhar atá íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de. Tá fáil ar bhreis sonraí ar dhíolúintí sna nótaí treorach (pdf). Go ginearálta, ní féidir faisnéis faoi astuithe sa chomhshaol a dhiúltú duit.

Diúltófar iarratas ar fhaisnéis trí leas a bhaint as Rialacháin AIE más gá an fhaisnéis a chur ar fáil faoi aon fhoráil reachtúil eile – mar shampla, sa chás go gceanglaítear ar údarás pleanála an fhaisnéis a fhoilsiú nó chun comhad pleanála a chur ar fáil.

Céard is féidir liom a dhéanamh má dhiúltaítear rochtain dom ar fhaisnéis?

Ní mór don údarás poiblí fógra a thabhairt duit faoi thoradh an iarratais laistigh de mhí amháin. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh den tréimhse seo, is féidir leat glacadh leis gur diúltaíodh don iarratas.

Tá cúiseanna ann gur féidir rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil a dhiúltú duit go dlíthiúil. Ar a shon sin, má dhiúltaíonn údarás poiblí d’iarratas ar fhaisnéis duit nó murar dhéileáil siad le d’iarratas go cuí, féadfaidh tú athbhreithniú ag an údarás poiblí a lorg.

Má theastaíonn athbhreithniú inmheánach uait, ní mór duit é a lorg laistigh de mhí amháin tar éis an cinneadh a fháil.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (CFC). Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin tar éis an cinneadh athbhreithnithe a fháil ón údarás poiblí. Féadfaidh an CFC an teorainn ama a shíneadh má chreideann sé/sí gur réasúnach amhlaidh a dhéanamh.

Ní mór d’údaráis phoiblí cinntí an CFC a chomhlíonadh agus, más gá, féadfaidh an CFC iarratas a dhéanamh ar an Ard-Chúirt go seasfar le cinneadh. Foilsítear cinntí an CFC ar ocei.gov.ie.

Féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos chun teacht ar bhreis sonraí ar athbhreithniú inmheánach a lorg nó ar achomharc a dhéanamh.

Rataí

Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis chomhshaoil faoi na Rialacháin AIE. Ina theannta sin, d’fhéadfá an fhaisnéis a fháil saor in aisce mura mbíonn costais shuntasacha i gceist.

D’fhéadfadh go mbeadh ort táille réasúnta a íoc, áfach, a chuireann san áireamh na costais atá i gceist leis an bhfaisnéis a sholáthar, mar shampla, an costas lena mbaineann an fhaisnéis a chur i dtoll a chéile agus a chóipeáil.

Ní mór d’údaráis phoiblí liosta táillí a chur ar fáil go poiblí, más ann dóibh, a ghearrtar ar an bhfaisnéis chomhshaoil a sholáthar.

Athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinneadh

Ní ghearrtar aon táille ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinneadh ag údarás poiblí. Má chinneann an t-athbhreithniú inmheánach gur cheart an fhaisnéis a lorg tú a thabhairt duit, d’fhéadfaí táille a ghearradh ort as fótachóipeáil etc.

Cinneadh a achomharc leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil

Cosnaíonn sé €50 chun achomharc a ghlacadh leis an CFC, nó €15 má tá cárta leighis agat.

Murar pháirtí thú leis an mbuniarratas agus má tá cinneadh á achomharc agat le faisnéis a scaoileadh a bhraitheann tú a dhéanfadh thú a ionchoiriú, is ionann an táille agus €15.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit d’iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil a dhéanamh i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach. Ba cheart duit súil a chaitheamh ar láithreán gréasáin an údaráis phoiblí nó ar an Aonad Faisnéise chun treoir a fháil. Nuair a bhíonn d’iarratas á sheoladh agat, ní mór duit an méid a leanas a dhéanamh:

  • Na Rialacháin AIE a lua
  • An fhaisnéis chomhshaoil a theastaíonn uait a lua go soiléir Bheith chomh sonrach agus is féidir - cabhróidh seo le próiseáil níos tapúla d’iarratais agus d’fhéadfadh sé do chuid costas a laghdú (más ann dóibh)
  • Do chuid sonraí teagmhála a sholáthar

Má theastaíonn an fhaisnéis uait i bhformáid ar leith (ar nós ríomhphoist nó litreach), ba cheart duit a shonrú cén fhormáid a theastaíonn uait i d’iarratas.

Ní gá duit an leas a lua atá agat leis an iarratas a dhéanamh.

Athbhreithniú inmheánach agus achomharc

Má theastaíonn athbhreithniú inmheánach uait ar chinneadh, déan iarratas laistigh de mhí amháin tar éis an cinneadh a fháil, leis an údarás poiblí a ndearna tú d’iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil orthu.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil laistigh de mhí amháin, cibé acu ar líne nó trí leas a bhaint as an bhfoirm achomhairc (pdf). Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar conas achomharc a dhéanamh ar láithreán gréasáin an Choimisinéara.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil

Ba cheart go seolfar d’iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil chuig an údarás poiblí a choimeádann an fhaisnéis a theastaíonn uait.

Ba cheart aon iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh chuig an údarás poiblí céanna.

Féadtar achomhairc a dhéanamh ar líne (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thuas) nó iad a sheoladh chuig:

Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Ireland
D02 HE97

Teil: (01) 639 5689
Lóghlao: 1890 253 238
Facs: (01) 639 5674
Láithreán Gréasáin: http://www.ocei.ie/
R-phost: info@ocei.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Lúnasa 2018