Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta

Measúnacht Tionchair Timpeallachta

Ceanglaíonn an Treoir um Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Treoir 85/337/CEE ón gComhairle arna leasú le Treoir 97/11/CE agus 2003/35/EC maidir le measúnacht ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol) ar bhallstáit an AE measúnachtaí a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil a bheidh ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha sula gceadaítear iad. Cuirtear an Treoir i bhfeidhm in Éirinn trí na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 go 2002 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 1989-2006.

Is é aidhm phróiseas na Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta ná cinntiú go ndéantar measúnacht roimh ré ar thionscadail ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol, ionas go dtuigfeadh daoine céard a bheadh i gceist leis an tionchar sin. Ní mór an mheasúnacht a dhéanamh i gcásanna áirithe. Mar shampla, bíonn Measúnacht Tionchair Timpeallachta de dhíth sna cásanna seo a leanas: mótarbhealaí, forbairtí ar mhórscála i dtalmhaíocht, i dtionscal an bhia, i dtionscal na gceimiceán, agus forbairtí bonneagair agus uirbeacha. Nuair cuireadh iarratas pleanála le haghaidh forbartha den sórt sin iad isteach, caithfidh an t-iarratasóir Ráiteas Tionchair Timpeallachta a chur isteach. Leagtar amach sna Rialacháin na tairsí a mbíonn Measúnacht Tionchair Timpeallachta ag teastáil os a gcionn.

Féadfaidh an t údarás áitiúil (nó An Bord Pleanála) éileamh go n ullmhaítear Ráiteas Tionchair Timpeallachta, fiú má bhíonn an fhorbairt faoi bhun na tairsí, más dócha go mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt sin ar an gcomhshaol. Leagtar amach liosta iomlán na dtionscadal agus na dtairseach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt.

Is é an forbróir a dhréachtaíonn an Ráiteas Tionchair Timpeallachta, agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith ann: anailís ar thionchair (na tionchair mhaithe agus drochthionchair) na forbartha molta ar an gcomhshaol, lena n áirítear daoine, flóra, fána, ithir, uisce, aer, tírdhreach agus oidhreacht chultúrtha. Leagtar amach ann conas a bheartaíonn an forbróir dul i ngleic le drochthionchair. Ní mór achoimre neamhtheicniúil a bheith sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta. Tá Treoirlínte ar an bhfaisnéis a chuimsítear i Ráiteas Tionchair Timpeallachta (pdf) foilsithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).

Ní féidir cead imlíneach pleanála a fháil le haghaidh forbairtí atá cuimsithe ag an Measúnacht Tionchair Timpeallachta. Sna fógraí maidir leis an iarratas ar chead pleanála, ní mór a thabhairt le fios go bhfuil Ráiteas Tionchair Timpeallachta ar fáil. Ní mór na hiarratais a mbíonn Ráiteas Tionchair Timpeallachta i gceist leo a aithint freisin i liosta seachtainiúil na n iarratas pleanála de chuid na n údarás áitiúil.

Is féidir cóip a fháil de Ráiteas Tionchair Timpeallachta ar bith a úsáideadh in iarratas pleanála ón údarás áitiúil nó ón mBord Pleanála. Is féidir tuairim a thabhairt ar Ráiteas Tionchair Timpeallachta faoi mar is féidir tuairim a thabhairt ar ghné ar bith eile d’iarratas pleanála.

Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus an córas ceadúnaithe

Más gá Ráiteas Tionchair Timpeallachta a cheangal leis an iarratas pleanála don fhorbairt i gceist, ní mór an Ráiteas Tionchair Timpeallachta a chur san iarratas ar cheadúnas um Rialú Comhtháite ar Thruailliú ón GCC freisin. Ní mór don údarás áitiúil fógra a thabhairt don GCC maidir le hiarratas pleanála ar bith ina bhfuil forbairt i gceist a mbíonn ceadúnas ón GCC de dhíth air. Tá 5 seachtaine ag an GCC tuairim a thabhairt ar an iarratas ina dhiaidh sin. Má chinneann an t údarás áitiúil cead pleanála a dheonú le haghaidh a leithéid d’fhorbairt, ní féidir leis coinníollacha a bhaineann le rialú astaíochtaí a fhorchur. Is faoin GCC sin a dhéanamh. Féadfaidh sé diúltú don iarratas, áfach, ar chúinsí comhshaoil (fiú má bhíonn an GCC sásta ceadúnas a dheonú).

Measúnachtaí Straitéiseacha Timpeallachta

Is Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta é an próiseas a éilíonn go gcomhtháthaítear iomlán breithnithe timpeallachta san ullmhú pleananna agus cláir agus roimh a nglacadh deireanach. Baineann Treoir an AE maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta le roinnt earnálacha lena n áirítear talmhaíocht, foraoiseacht, iascaigh, fuinneamh, tionsclaíocht, iompar, bainistíocht dramhaíola, bainistíocht uisce, teileachumarsáid, turasóireacht agus pleanáil maidir le húsáid talún. Ciallaíonn measúnachtaí straitéiseacha timpeallachta go gcaithfear pleananna agus cláir a mheasúnú ó thaobh a dtionchar ar an gcomhshaol sula nglacfar leo.

Cuirtear an Treoir maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta i bhfeidhm in Éirinn ag na Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) 2004 (SI 435/2004) agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 (SI 436/2004) arna leasú le SI 200/2011 agus le SI 201/2011.

Cuireann na píosaí reachtaíochta thuasluaite na gnéithe seo a leanas den Treoir maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta i bhfeidhm:

  • Athbhreithniú, ullmhú agus malairt leaganacha de phlean forbartha
  • Ullmhú nó leasú plean limistéir áitiúil
  • Treoirlínte réigiúnacha pleanála a athbhreithniú nó a dhéanamh
  • Scéim pleanála a dhéanamh maidir le cuid de Chrios Forbartha Straitéisí nó maidir leis an gcrios ar fad.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Lúnasa 2019