Cosaint chomhshaoil an dúlra agus na bithéagsúlachta

Réamhrá

Is éard is bithéagsúlacht ann ná éagsúlacht na bplandaí difriúla, na n ainmhithe difriúla agus na miocrorgánach difriúil, mar aon lena ngéinte agus na héiceachórais a bhfuil siad mar chuid díobh. Tá an bhithéagsúlacht tábhachtach dár marthanas agus dár bhforbairt gheilleagrach. Cuirtear slándáil bhia agus aimsiú leigheasanna nua i mbaol trí bhithéagsúlacht a chailleadh. Bíonn earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a ndéantar talamh slán dóibh go minic, mar shampla aer glan agus uisce úr, faoi bhagairt de bharr éiceachórais ag dul i léig.

Tá reachtaíocht in Éirinn agus san AE a bhfuil sé mar aidhm aici an bhithéagsúlacht a chinntiú trí ghnáthóga nádúrtha, agus fána agus flóra fiáin a chaomhnú.

Treoir maidir le hÉin

Tá 3 phríomhghné sa Treoir maidir le hÉin (is é sin Treoir 2009/147/CE maidir le héin fhiáine a chaomhnú):

  • Déantar foráil ann do chaomhnú gnáthóg, lena n áirítear ceanglas chun Limistéir faoi Chosaint Speisialta a ainmniú le haghaidh speicis imirceacha agus leochaileacha d’éin fhiáine
  • Cuirtear cosc ar ghníomhaíochtaí a bhagraíonn d’éin (amhail neadacha a scriosadh d’aon turas agus uibheacha a thógáil) agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara amhail éin bheo nó mharbha a thrádáil
  • Bunaítear rialacha a chuireann teorainn le líon na speiceas is féidir a sheilg, leis na tréimhsí inar féidir iad a sheilg, agus leis na modhanna seilgthe atá ceadaithe.

Treoir maidir le Gnáthóga

Déantar foráil sa Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus flóra agus fána fiáin a chaomhnú) do ghréasán láithreán faoi chosaint a chruthú ar a dtugtar Natura 2000. I measc na láithreán seo, áirítear Limistéir faoi Chosaint Speisialta (faoin Treoir maidir le hÉin Fhiáine) agus láithreáin eile a mholann ballstáit an AE a chomhlíonann critéir shonraithe eolaíochta. Ní mór na láithreáin ainmnithe sin a riar de réir na gcosaintí atá leagtha amach sa Treoir. Ciallaíonn seo go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist:

  • Réamh-mheasúnacht ar phleananna agus ar thionscadail a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh
  • Ceanglas nach ndéanfar na pleananna agus na tionscadail seo a fhaomhadh ach amháin más leas sáraitheach atá iontu agus mura bhfuil réiteach ar bith eile ann
  • Bearta chun gnáthóga cúiteacha a chur ar fáil má dhéantar dochar do ghnáthóga.

Déantar foráil sa Treoir freisin do chosc ar íosghrádú áiteanna síolrúcháin agus láithreacha scíthe le haghaidh speicis áirithe ainmhithe. Cuirtear an reachtaíocht seo i bhfeidhm in Éirinn leis an Acht um Fhiadhúlra 1976, leis an Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000 agus le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011.

Láithreáin chosanta

Foilsíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (an SPNF) liostaí de láithreáin atá á gcosaint faoin reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta. Áirítear leo seo Limistéir faoi Chosaint Speisialta faoin Treoir maidir le hÉin, Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LONanna) a ainmnítear faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú), 2000.

Tá sonraí faoin bpróiseas ainmniúcháin láithreán cosanta ar fáil ar láithreán gréasáin an SPNF, ina measc faisnéis ar chur in aghaidh ainmniúchán beartaithe; achomharc a dhéanamh má theipeann ar an gcur in aghaidh sin; agus forálacha cúitimh do dhaoine a bhíonn thíos le caillteanas airgeadais mar thoradh ar ainmniú an láithreáin.

Ainmníodh roinnt portaigh ardaithe mar LCSanna nó mar LONanna. Féadfaidh úinéirí talún agus sealbhóirí móincheart a ndéanann an srian ar bhaint móna ar na portaigh seo difear dóibh iarratas a dhéanamh ar chúiteamh faoin Scéim Cúitimh um Scor ó Bhaint Móna.

An Bhithéagsúlacht

Ghlac an Coimisiún Eorpach le Straitéis Bhithéagsúlachta an AE a fhad le 2020. Cuimsíonn 6 sprioc na Straitéise an méid a leanas:

  • Cur i bhfeidhm iomlán reachtaíocht dúlra an AE chun an bhithéagsúlacht a chosaint
  • Cosaint níos fearr d’éiceachórais, agus úsáid níos mó a bhaint as bonneagar glas
  • Talmhaíocht agus foraoiseacht níos inmharthana
  • Bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar stoic éisc
  • Rialuithe níos daingne ar speicis choimhthíocha ionracha
  • Iarracht níos mó ag an AE chun caillteanas domhanda bithéagsúlachta a sheachaint

Tá an AE ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. I measc nithe eile, tiomnaíonn an coinbhinsiún seo na páirtithe do ghréasán a chruthú de limistéir chosanta agus chaomhnaithe an dúlra chun an bhithéagsúlacht a chosaint. Tá an AE ina pháirtí i roinnt Coinbhinsiún eile lena n áirítear an Coinbhinsiún maidir le Speicis Imirceacha (Coinbhinsiún Bonn), an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Berne) agus an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Deireadh Fómhair 2016